Conas síniú a dhéanamh
Réamhrá
Má chailleann tú post post, má dhéantar iomarcach tú, má dhéantar tú a leagan as nó má laghdaítear do chuid uaireanta oibre - d'fhéadfá a bheith incháilithe do Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist.
Chun ceachtar de na híocaíochtaí a fháil, caithfidh tú iarratas a dhéanamh i d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil. Nuair a dhéanann tú iarratas, caithfidh tú deimhniú go bhfuil tú dífhostaithe agus gníomhach ag cuardach oibre. Tugtar síniú ar an ngníomh seo freisin.
Chun ceachtar de na híocaíochtaí seo a fháil, caithfidh tú a bheith dífhostaithe nó ag cuardach oibre. Má tharlaíonn sé go bhfuil tú leagtha as nó fós ag obair le huaireanta oibre laghdaithe, d'fhéadfaí a bheith incháilithe do cheann de na híocaíochtaí seo chomh maith.
Má fhágann tú obair go deonach nó mar thoradh ar mhí-iompar, ní féidir leat íocaíocht cuardaitheora poist a fháil ar feadh 9 seachtaine. Mar sin féin, má tá 'cúis mhaith' agat fágáil go deonach, mar shampla athruithe sna coinníollacha oibre cosúil le laghdú pá, ciapadh nó mí-úsáid ón bhfostóir, d'fhéadfá d'íocaíocht a fháil. Déanfaidh Oifigeach Cinnidh i d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil cinneadh an bhfuil cúis mhaith agat fágáil go deonach.
Má tá tú féinfhostaithe, d'fhéadfá íocaíocht cuardaitheora poist a fháil má dhúnann do ghnó nó má thagann laghdú suntasach ar an méid oibre atá ar fáil. Faigh tuilleadh eolais faoi féinfhostaíocht agus dífhostaíocht.
An difríocht idir Sochar Cuardaitheora Poist agus Liúntas Cuardaitheora Poist
Caithfidh tú dóthain ranníocaíochta árachais shóisialta (ÁSPC) a bheith agat chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Tá rátaí Sochair Cuardaitheora Poist grádaithe de réir an méid a thuilltear. Má tá tionchar aige seo ort, d'fhéadfá buntáiste níos fearr a fháil ó Liúntas Cuardaitheora Poist a éileamh.
Caithfear tástáil mhaoine a shásamh chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Tástáil mhaoine ná nuair a ríomhtar ioncam chun fáil amach má thiteann sé faoi leibhéal áirithe. Má thiteann sé faoi leibhéal áirithe, is féidir leat Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil.
Faigh tuilleadh eolais faoin Sochar Cuardaitheora Poist.
Faigh tuilleadh eolais faoin Liúntas Cuardaitheora Poist.
Ag síniú don chéad uair
Caithfidh tú dul chuig d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil chun síniú. Nuair a shroicheann tú an oifig, b'fhéidir go mbeidh gá duit ticéad uimhrithe a thógáil le bheith sa scuaine. Nuair a thagann d'uimhir aníos, téann tú chuig an deasc nó haiste chun labhairt le ball foirne.
B'fhéidir go mbeifeá ábalta coinne a dhéanamh chun freastal ar d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil. Mar sin féin, níl córas coinne sna hOifigí Leasa Shóisialaigh Áitiúla ar fad. Déan teagmháil le d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil chun fáil amach an féidir leat coinne a dhéanamh.
Nuair a dhéantar iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist, caithfidh tú na doiciméid chuí a thabhairt leat. Mura bhfuil an doiciméid chuí ar fad agat, ba chóir duit iarratas a dhéanamh fós agus do dhoiciméid a sheoladh chomh luath agus is féidir. Tá liosta doiciméad atá riachtanach nuair atá iarratas á dhéanamh ar íocaíocht cuardaitheora poist le fáil ar an láithreán gréasáin seo.
Má tá deacrachtaí agat doiciméid áirithe a fháil, abair leis an bhfoireann i d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil le do thoil. B'fhéidir go mbeidís ábalta cabhrú.
Déanfar measúnú i gcónaí ort don Sochar Cuardaitheora Poist ar dtús, murach gurbh amhlaidh ná oibrigh tú riamh. Mura gcáilíonn tú do Shochar Cuardaitheora Poist, déanfar measúnú ort don Liúntas Cuardaitheora Poist. Mar sin féin, ní bheidh gá duit iarratas a dhéanamh don dara uair, mar go hiondúil nuair dhéantar iarratas ar Sochar Cuardaitheora Poist iarrfar ort ar mhaith leat go ndéanfaí measúnú ort don Liúntas Cuardaitheora Poist mura mbíonn rath ar an éileamh do Sochar Cuardaitheora Poist.
Íocaíocht a fháil
Íocann An Roinn Coimirce Sóisialaí d'íocaíocht cuardaitheora poist ar bhonn seachtainiúil. Nuair a fhaigheann tú d'íocaíocht cuardaitheora poist, íocfar méid sheachtainiúil i do chuntas bainc nó is féidir í a bhailiú ó Oifig an Phoist áitiúil.
Síniú gach mí
Caithfear dul chuig d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil gach mí go hiondúil agus deimhniú go bhfuil tú fós dífhostaithe agus ag cuardach oibre. Tabharfaidh d'Oifig Leasa Shóisialaigh dáta agus am duit le síniú gach mí.
I gcásanna áirithe, d'fhéadfá síniú níos rialta nó le níos lú rialtachta. Go hiondúil, má chónaíonn tú suas go dtí 10 míle ón Oifig Leasa Shóisialaigh is cóngaraí, síneoidh tú gach 4 seachtain. Má chónaíonn tú os cionn 10 míle ón Oifig Leasa Shóisialaigh is cóngaraí, síneoidh tú gach 12 seachtain.
D'fhéadfá a bheith incháilithe don Liúntas Leasa Forlíontach nuair atá tú ag feitheamh ar mheasúnú don íocaíocht cuardaitheora poist nó mura gcáilíonn tú don íocaíocht cuardaitheora poist.
Liúntas Leasa Forlíontach
Soláthraíonn an Liúntas Leasa Forlíontach bunliúntas seachtainiúil do dhaoine incháilithe atá ar bheagán ioncaim nó gan ioncam ar bith. Má tá d'ioncam seachtainiúil faoin ráta don Liúntas Leasa Forlíontach do mhéid an teaghlaigh atá agat, is féidir íocaíocht a dhéanamh a thabharfaidh d'ioncam chomh fada le ráta iomchuí Liúntais Leasa Forlíontaigh.
Má tá éileamh déanta agat ar íocaíocht cuardaitheora poist ach nár íocadh rud ar bith fós agus nach bhfuil aon ioncam eile agat, d'fhéadfá a bheith incháilithe don Liúntas Leasa Forlíontach nuair atá tú ag feitheamh ar d'íocaíocht.
Sochair eile
Má fhaigheann tú Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Leasa Forlíontach, d'fhéadfá a bheith incháilithe do shochair leasa shóisialaigh agus sláinte eile freisin.
Sláinte
Má thiteann d'ioncam faoi bhun méid áirithe, d'fhéadfá Cárta Leighis nó Cárta Cuairte DG a fháil.
Tithíocht
D'fhéadfá cúnamh le haisíocaíochtaí úis mhorgáiste a fháil nó cúnamh le cíos a íoc. Má tá tithíocht údaráis áitiúil agat, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil agus iarraidh orthu do chíos a athbhreithniú toisc laghdú ioncaim.
Leanaí ar scoil
D'fhéadfá cúnamh a fháil le costas éadaí agus coisbhirt do leanaí scoile. Feidhmíonn an Scéim Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain.
Riachtanais eisceachtúla agus phráinneacha
Má tá riachtanas eisceachtúil nó práinneach agat, mar shampla cúnamh le bille sochraide, tá raon íocaíochtaí lánroghnacha soláthraithe ag an Oifigeach Leasa Pobail i d' ionad sláinte áitiúil.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.