Sochar Cuardaitheora Poist

Réamhrá

Is éard é Sochar Cuardaitheora Poist ná íocaíocht seachtainiúil ón Roinn Coimirce Sóisialaí dóibh siúd atá faoi árachas, atá as obair agus clúdaithe in aghaidh árachais shóisialta.

Caithfidh tú a bheith dífhostaithe chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Mar sin féin má tá d'uaireanta oibre laghdaithe nó má fhaigheann tú obair pháirtaimseartha nó ócáideach b'fhéidir go gheofá cuid do Shocar Cuardaitheora Poist. Beidh tionchar ag an ioncam a fhaigheann tú ón obair ar mhéid an Shochar Cuardaitheora Poist gur féidir leat a fháil. Faigh amach tuilleadh faoi obair agus Sochar Cuardaitheora Poist.

Mura gcáileoinn tú i gcomhar Sochar Cuardaitheora Poist, b'fhéidir go gcáileófá i gcomhar Liúntas Cuardaitheora Poist.

Má cheapann duine go bhfuil sochar diúltaithe dó/dí go héagórach, is féidir achomharc a chur in aghaidh an chinnidh.

Leath-ráta Sochair Cuardaitheora Poist le híocaiocht leasa shoisialaigh eile

Má tá tú ag tarraingt Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh, nó ag fáil Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó íocaíochtaí do mhná tréigthe ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus go gcomhlíonann tú na coinníollacha go léir maidir le Sochar Cuardaitheora Poist beidh tú i dteideal leath den ráta iomlán a éileamh duit féin. Ní íocfar liúntas i leith cleithiúnaí linbh leat mar go bhfuil an íocaíocht a fháil agat orthu cheanna féin sa phríomh íocaíocht a fhaigheann tú.

Rialacha

Chun a bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist ní mór duit:

  • A bheith dífhostaithe, (caithfidh tú bheith as obair ar feadh 3 lá ar a laghad as 6 lá leanúnach oibre)
  • Do dhóthain ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith déanta agat agus
  • A bheith faoi aois a 66,
  • A bheith ábalta obair a dhéanamh,
  • A bheith ag cuartú oibre agus a bheith ar fáil chun obair a dhéanamh,
  • Do fhostaíocht a bheith caillte agat agus a bheith as obair ar feadh 3 lá ar a laghad as 6 lá

Ranníocaíochtaí ÁSPC

Chun a bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist ní mór duit ranníocaíochtaí rannóg A, H, nó P de ÁSPC a bheith íoctha agat. Baineann d'fhostóir do ranníocaíocht ÁSPC go díreach ó do chuid pá. Faigh amach tuilleadh maidir le dualgas de d'fhostóra árachas sóisialta (ÁSPC) a íoc. Íocann for mhór d'fostaithe sa rannóg phríomháideach ranníocaíochtaí isteach i rannóg A. Íocann saighdiúirí, cúltacaí, agus banaltraí sealadach an airm, nach bhfuil i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist go bhfágann siad an tarm, ranníocaíochtaí isteach i rannóg H.

Tá ort:

  • 104 seachtain de ranníocaíochtaí a bheith íoctha agat ó thosaigh tú ag obair

Agus

  • 39 ranníocaíochtaí a bheith íoctha agat nó a bheith creidiúnaithe duit sa bhliain cánach ábhartha (tá ort 13 den 39 ranníocaíochtaí a bheith íoctha agat*)

  • 26 ranníocaíochtaí a bheith íoctha agat sa bhliain cánach ábhartha agus 26 ranníocaíochtaí a bheith íoctha sa bhliain roimh an bhliain cánach ábhartha

*Mura mbíonn 13 ranníocaíochtaí a bheith íoctha agat sa bhliain cánach ábhartha, is féidir na bliana seo leanas a úsáid:

  • Na 2 bhliain roimh an bhliain cánach ábhartha
  • An bhliain dheireanach cánach iomlán
  • An bhliain cánach reatha

Is éard atá i gceist le bliain chánach ábhartha ná an bhliain dara chánach iomlán roimh an mbliain d'éilimh. Má bhíonn tú ag éileamh Sochar Cuardaitheora Poist 2010, is í 2008 an bhliain chánach ábhartha.

Tógtar san áireamh ranníocaíochtaí atá déanta agat in aon cheann de stáit an AE/LEE chomh maith leo siúd atá déanta in Éirinn agat. Má theastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar Sochar Cuardaitheora Poist agus má tá gá duit do ranníocaíochtaí déanta agat in aon cheann de stáit an AE/LEE, caithfidh na ranníocaíochtaí deireanacha bheith déanta in Éirinn agat.

Ábalta obair a dhéanamh,

Meastar go bhfuil tú ábalta oibriú mura féidir leat fianaise leighis a sholáthar chun cruthú nach bhfuil tú ábalta oibriú. Mura raibh tú ábalta oibriú ar feadh scaithimh, caithfidh tú teastas dochtúra a sholáthar chun cruthú go bhfuil tú ábalta oibriú anois.

Má tá tú breoite agus nach bhfuil tú ábalta oibriú, d'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Breoiteachta a fháil.

Ar fáil agus go fírinneach ag cuardach oibre

Caithfidh tú a bheith ar fáil d'obair agus a bheith gníomhach ag cuardach oibre chun cáiliú don Sochar Cuardaitheora Poist. D'fhéadfaí iarraidh ort fianaise a thaispeáint go bhfuil tú gníomhach ag cuardach oibre. Litreacha a léiríonn iarratais ar phoist nó gur theip ort post a fháil mar shampla.

Níl ar fáil chun obair a dhéanamh

D'fhéadfaí breathnú ort nach bhfuil tú ar fáil chun oibre agus dá bhrí sin nach bhfuil tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist má chuireann tú srianta neamhréasúnacha ar na rudaí seo leanas:

  • Cineál fostaíochta
  • Uaireanta oibre
  • Ráta pá
  • Fad an fhostaiocht
  • Suíomh an fhostaíocht

Má tá tuairim ag an Oifig Cinnidh go bhfuil do srianta neamhréasúnacha, rachaidh tú faoi agallamh agus tabharfaí seans duit chun freagra a chur.

Má tá tú ag déanamh cúraim de duine tinn nó aosta, b'fheidir go mbeadh tú i dteideal chun Liúntas Cúramóra a fháil.

Ag cailleadh fostaíocht

Ní mór duit do fhostaíocht a bheith caillte agat in aon tréimhse sé lá leanúnach chun go mbeidh tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Ciallaíonn sé nach mór duit lá amháin iomlán oibre a bheith caillte agat agus toisc na caille sin bheith dífhostaithe ar feadh 3 lá ar a laghad as 6 lá. Caithfidh do thuarastal a bheith íslithe dá réir an chaillteanas fostaíochta. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi obair agus Sochar Cuardaitheora Poist

Beidh cosc curtha ort Sochar Cuardaitheora Poist a tharraingt go ceann 9 seachtaine má:

  • D'fhág tú an post go deonach agus gan cúis mhaith agat sin a dhéanamh
  • Chaill tú an post toisc do mí-iompar féin
  • Dhiúltaigh tú deis oiriúnach eile fostaíochta nó traenála.
  • Tá tú faoi aois 55 agus gur bhfuair tú íocaíocht scoir níos mó ná luach €50,000. Brathfidh an fhad a bheidh tú gan Sochar Cuardaitheora Poist (suas go 9 seachtainí) go díreach ar an méid íocaíocht scoir a fuair tú ag fágáil an phoist duit.

Iomarcaíocht

Má tá tú faoi bhun 55 agus má fhaigheann tú íocaíocht iomarcaíochta atá os cionn €50,000 dícháileofar tú ó Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh ar feadh na tréimhsí ama seo a leanas.

Méid na hÍocaíochta Iomarcaíochta Tréimhse Dhícháilithe
€50,000.00 - €55,000 Seachtain amháin
€55,000.01 - €60,000 2 Sheachtain
€60,000.01 - €65,000 3 Seachtaine
€65,000.01 - €70,000 4 Seachtaine
€70,000.01 - €75,000 5 Seachtaine
€75,000.01 - €80,000 6 Seachtaine
€80,000.01 - €85,000 7 Seachtaine
€85,000.01 - €90,000 8 Seachtaine
€90,000.01 agus os a chionn 9 Seachtaine

Tréimhse ama a bheith Shocar Cuardaitheora Poist íoctha

Ó 15 Meán Fómhair 2008 d'fheadfadh Sochar Cuardaitheora Poist íoctha go dtí 12 mhí duit, tá eisceachtaí áirithe ann, áfach. Mar shampla, má fhaigheann tú Sochar Cuardaitheora Poist ar feadh 6 mhí ar a laghad roimh 15 Meán Fómhair 2008, is féidir leat éiligh faoi Shocha Cuardaitheora Poist go dtí 15 mhí (65 seachtain)

Fad an Shochar Cuardaitheora Poist

  • Má tá tú faoi 18 ní gheobhaidh tú Sochar Cuardaitheora Poist ach ar feadh 156 lá (26 seachtain)
  • Má tá tú gearrtha amach ar feadh 9 seachtaine ó Sochar Cuardaitheora Poist beidh na 9 seachtaine sin togtha san áireamh maidir leis an tréimhse iomlán go bhfuil tú i dteideal an Sochar Cuardaitheora Poist a tharraingt.
  • Ó 15 Meán Fómhair 2008 má tá 260 ranníocaíocht íoctha agat d'fheadfadh Sochar Cuardaitheora Poist laghdaithe go dtí 12 mhí d'iarratasóirí nua agus do dhaoine ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist ar feadh cuid is lú ná 6 mhí ar an 15 Meán Fómhair 2008
  • Ó 15 Meán Fómhair 2008 má tá is lú ná 260 ranníocaíocht íoctha agat d'fheadfadh Sochar Cuardaitheora Poist laghdaithe go dtí 9 mhí d'iarratasóirí nua agus do dhaoine ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist ar feadh cuid is lú ná 3 mhí ar an 15 Meán Fómhair 2008
  • Má fhaigheann tú Sochar Cuardaitheora Poist ar feadh 6 mhí ar a laghad roimh 15 Meán Fómhair 2008, is féidir leat éiligh faoi Shochar Cuardaitheora Poist go dtí 15 mhí (65 seachtain)

Cáiliú an athuair do Shochar Cuardaitheora Poist

Má tá do theidlíocht ar Shochar Cuardaitheora Poist (SCP) úsáidte agat, is féidir leat cáiliú an athuair trí dhul ag obair agus na ranníocaíochtaí cuí ÁSPC a íoc ar feadh 13 seachtain ar a laghad. Má tá tú ag obair agus ag fáil SCP, mar a bhíonn amhlaidh d'oibrithe gearr-ama córasacha agus roinnt oibrithe páirtaimseartha, féadfaidh na 13 seachtain de ranníocaíochtaí íoctha tosú arís tar éis duit SCP a éileamh ar feadh 156 lá.

Ní mór go mbeifeá tar éis caillteanas suntasach fostaíochta a fhulaingt chun cáiliú an athuair do SCP, sin mura oibrí ócáideach tú. Má chaill tú do phost beidh tú tar éis caillteanas suntasach fostaíochta a fhulaingt. Más oibrí páirtaimseartha nó oibrí gearr-ama córasach tú breathnóidh an RCS ar do phatrún fostaíochta le 13 seachtain anuas nó le haghaidh tréimhse ionadaíche eile chun fáil amach ar fhulaing tú caillteanas suntasach fostaíochta.

Mar shampla, má tá SCP á fháil agat agus má tá tú ag obair ar feadh 3 lá gach seachtain mar oibrí gearr-ama córasach nó oibrí páirtaimseartha agus murar athraigh do phatrún fostaíochta le linn d'éilimh ar SLCF, ní bheidh caillteanas suntasach fostaíochta fulaingthe agat agus ní cháileoidh tú an athuair do Shochar Cuardaitheora Poist. Má thagann deireadh le d'éileamh SCP agus má laghdaítear do sheachtain oibre 3 lá go seachtain 2 lá, áfach, beidh caillteanas suntasach fostaíochta fulaingthe agat agus is féidir go gcáileodh tú an athuair don Sochar Cuardaitheora Poist.

Rataí

Ní íoctar Sochar Cuardaitheora Poist don chéad 3 lá atá tú dífhostaithe (an chéad 3 lá – ní gá dóibh a bheith leanúnach – in aon tréimhse 6 lá leanúnach).

Má tá tú dífhostaithe don dara huair laistigh den 26 seachtain de d'íocaíocht is déanaí ní chaithfear le d'éilimh mar éilimh nua agus chaillfidh tú trí lá eile gan íocaíocht. Chun tuilleadh eolais a fháil féach 'Obair sealadach' sa doiciméad Obair agus Sochar Cuardaitheora Poist

Rátaí Sochair Chuardaitheora Poist i 2011

Meánthuilleamh seachtainiuil Ráta pearsanta Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe
Níos lú ná €150 €84.50 €80.90
Idir €150 agus €219.99 €121.40 €80.90
Idir €220 agus €299.99 €147.30 €80.90
Níos mó ná €300 €188 €124.80

Ráta laghdaithe Sochair Chuardaitheora Poist

Tá rátaí Sochair Cuardaitheora Poist grádaithe de réir tuillimh sa bhliain cánach ábhartha d'éilimh. Ó Eanáir 2009 tá ráta laghdaithe de Sochar Cuardaitheora Poist má bhí do mheánioncam seachtainiúil roimh duit a bheith dífhostaithe níos lú ná €300. Is é atá i do mheántuilleamh seachtainiúil ná d’olltuilleamh bliantúil ó fhostaíocht roinnte faoin líon ranníocaíochtaí A, H nó P atá íoctha sa Bhliain Chánach Ábhartha.

Is éard atá i gceist le bliain chánach ábhartha ná an bhliain dara chánach iomlán roimh an mbliain d'éilimh. Mar shampla, má bhíonn tú ag éileamh Sochar Cuardaitheora Poist 2011, is í 2009 an bhliain chánach ábhartha. Má thagann tú isteach faoin riail seo b'fhéidir gur bhfearr duit iarratas a dhéanamh ar Líuntas Cuardaitheora Poist seachas ar Sochar Cuardaitheora Poist.

Éilimh a cheangal

I gcásanna áirithe, is féidir éileamh ar SCP le héileamh níos sine a cheangal. Sa chás seo, ní bheidh d' éileamh SCP mar éileamh nua, beidh sé ceangailte le d' éileamh roimhe sin.

Éilimh SCP a thosaigh i 2009

Meánthuilleamh seachtainiuil Ráta pearsanta Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe
Níos lú ná €80 €84.50 €80.90
Idir €80 agus €124.99 €121.40 €80.90
Idir €125 agus €149.99 €147.30 €80.90
Níos mó ná €150 €188 €124.80

Iocaíochtaí i leith cleithiúnaí

Má cháilíonn tú i gcomhar Sochar Cuardaitheora Poist, faigheann tú méid duit féin, ar a nglaoitear 'rátá pearsanta íocaíochta'. D'fhéadfá a bheith i dteideal méadú a fháil i d'íocaíocht reatha do dhuine fásta cáilithe agus leanbh cáilithe.

Cleithiúnaí Ráta
Páiste Cáilithe €29.80 (ráta iomlán) €14.90 (leath-ráta)
Duine Fásta Cáilithe €124.80 (ráta iomlán)

Cleithiúnaí linbh

Is leanbh atá i 'gcleithiúnaí linbh' suas go dtí 18 bliana d'aois go hiondúil agus a chónaíonn leat.

Má fhaigheann tú Sochar Cuardaitheora Poist ar feadh 156 lá ar a laghad agud tá do pháiste idir 18 agus 22 bliain d'aois agus in oideachas lánaimseartha, íocfar Méadú do Chleithiúnaí Linbh suas go dtí 22 bliain d'aois nó suas go dtí deireadh na bliana acadúla ina sroicheann sé/sí 22.

Má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir araon ag fáil ioncam seachtainiúil níos mó ná €310 nó íocaíochta leasa shóisialaigh gheobhaidh tú leath-ráta Méadú do Chleithiúnaí Linbh. Gheobhaidh gach duine agaibh leath an Méadú do Chleithiúnaí Linbh. Má tá tú féin agus do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir araon ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh, gheobhaidh gach duine agaibh leath an Méadú do Chleithiúnaí Linbh.

Má tá an ollthuillimh agat nó ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir araon níos mó ná €400, ní gheobhaidh tú an Méadú do Chleithiúnaí Linbh.

Cleithiúnaí aosaigh

D'fhéadfá Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe méid breise a fháil chomh maith do do chleithiúnaí aosaigh (de gnáth do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir). Má tá singil, i do bhaintreach, colscartha, scartha, iarpháirtnéir sibhialta nó nach bhfuil ina c(h)ónaí leis an bpáirtnéir sibhialta eile agus ag cónaí le duine in aois 16 bliana nó os cionn is féidir leat Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe a éileamh dóibh chomh fada agus atá sé/sí ag déanamh cúraim de chleithiúnaí linbh de do chuid.

Má tá tuilleamh ag do cleithiúnaí aosaigh níos lú ná €100 gheobhaidh tú Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe iomlán. Má tá tuilleamh ag do cleithiúnaí aosaigh idir €100 agus €310 gheobhaidh tú Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe laghdaithe. Má tá tuilleamh ag do cleithiúnaí aosaigh níos mó ná €310, ní gheobhaidh tú Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe. Faigh amach tuilleadh faoi rátaí íocaíochta Sochar Cuardaitheora Poist do chleithiúnaí aosaigh.

Olltuilleamh an dhuine fásta Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe Méadú do Leanbh Cáilithe
Níos lú ná €100 Ráta iomlán Ráta iomlán
Idir €100.1 agus €310 Íocaíocht ráta grádaithe Ráta iomlán)
Idir €310.01 agus €400 Níl aon méadú íoctha Leath-ráta
Níos mó ná €400 Níl aon méadú íoctha Níl aon méadú íoctha

Ag fáil d'íocaíocht

Is féidir do Sochar Cuardaitheora Poist a íoc gach seachtain ag oifig an phoist de do rogha féin

Ní mór duit aitheantas fótagrafach bailí a thabhairt leat chun d'íocaíocht a bhailiú Meastar na cáipéisí seo leanas mar aitheantas fótagrafach bailí:

  • Ceadúnas tiomána
  • Pas
  • Cárta BNGSI

Is féidir an fhoireann ag obair san Oifig an Phoist iarr ort d'aitheantas fótagrafach a fheiceáil roimh ag tabhairt d'íocaíocht duit.

Gearradh cánach ar Shochar Cuardaitheora Poist

Tá Sochar Cuardaitheora Poist inchánach. Áfach, má tá tú ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist mar tá do sheachtain oibre giorraithe, ní ghearrfar cáin ar do Shochar Cuardaitheora Poist. Leigh níos mó faoi gearradh cánach ar Shochar Cuardaitheora Poist.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist an chéad lá a bhíonn tú dífhostaithe.

Is den tábhacht é go ndéanann tú iarratas an chéad lá a bhíonn tú dífhostaithe mar ní íocfar tú don chéad trí lá den éileamh.

Tá an fhoirm iarratais ar Shochar Cuardaitheora Poist ar fáil ar líne. Is féidir foirm iarratais a fháil ó d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil freisin.

Ní foláir cáipéisí áirithe a bheith agat chun d'éileamh a chruthú. B'fhéidir go mbeadh an liosta cáipéisí ag teastáil uait chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist úsáideach. Muna bhfuil na cáipéisí seo agat faoi láthair ba choir duit cur isteach agus iad a fháil níos déanaí. Ná dean dearmad má bhíonn tú déarnach ag cuir do iarratas isteach chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil b'fhéidir go gcaillfeadh tú do lántheidlíochtaí.

Cabhróidh d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó d'Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil leat d'fhoirm iarratais a chomhlánú

Má cheapann tú go bhfuil Sochar Cuardaitheora Poist diúltaithe duit go héagórach, is féidir achomharc a chur in aghaidh an chinnidh. Tá tuilleadh eolais faoi iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist a dhéanamh sa doiciméid maidir le siniú don chéad uair

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas?

Ba chóír duit d'iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist a thabhairt isteach ag d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16/2/2011

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh