Cónaí le do thuismitheoirí agus Liúntas Cuardaitheora Poist
Réamhrá
Nuair a dhéanann tú iarratas ar chúnamh sóisialta nó íocaíocht leasa shóisialaigh tástáilte ó thaobh acmhainne, déantar measúnú ar d'ioncam chun fáil amach an mbeidh tú incháilithe. Má tá tú 24 bhliana d'aois nó níos lú agus tú i do chónaí le tuismitheoir nó le leas-tuismitheoir in áras an teaghlaigh, tógfar ioncam do thuismitheoirí san áireamh freisin. Glaonn An Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar an 'leas agus pribhléid'a fhaigheann tú ó bheith i do chónaí le do thuismitheoirí air seo.
Ciallaíonn sé seo, cé gur féidir nach bhfuil aon ioncam agat, gur féidir tionchar a bheith ag ioncam do thuismitheoirí ar méid an íocaíochta leasa shóisialaigh a fhaigheann tú. Más rud é áfach nach bhfuil aon acmhainní agat seachas ón leas ó ioncam do thuismitheoirí agus ríomhtar na hacmhainní sin a bheith níos lú ná ráta pearsanta an Liúntais Cuardaitheora Poist, is é an íocaíocht íosta atá tú i dteideal a fháil ná €40.
Is féidir go mbíonn daoine áirithe fós ag tagairt do 'leas agus pribhléid'mar 'cothú agus iostas'.
Rialacha
Le measúnú a fháil le haghaidh leas agus pribhléid caithfidh tú:
- A bheith 24 bhliana d'aois nó faoina bhun
- A bheith i do chónaí le tuismitheoir nó le leas-tuismitheoir in áras an teaghlaigh
- Iarratas a bheith curtha isteach ar an Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) nó Liúntas Leasa Forlíontach (LLF).
Ní dhéanfar tú a mheasúnú le haghaidh leas agus pribhléid má tá tú faoi bhun 25 bliana d’aois agus pósta nó ag maireachtáil in éineacht le do chéile/do pháirtí agus i do chónaí le do thuismitheoirí.
Is mar €7 a dhéanfar leas agus pribhléid a mheasúnú má bhí tú i do chónaí go neamhspleách ar do thuismitheoirí áit éigin in Éirinn (nó thar lear) ar feadh 3 bliana ar a laghad.
Conas leas agus pribhléid a ríomh
Ó 30 Aibreán 2008 ar aghaidh, úsáidfear bealach nua chun leas agus pribhléid a ríomh i gcás gach éileamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist, bíodh siad sin nua nó ann cheana féin (féach thíos).
An chaoi le leas agus pribhléid a ríomh
Céim 1, cuir ioncam glan do thuismitheoirí óna gcuid foinsí ar fad le chéile. (Is éard atá san ioncam glan ná ioncam comhlán lúide cáin ioncaim, ÁSPC, tobhach ioncaim, árachas sláinte, aoisliúntas agus táillí ceardchumainn).
Mar shampla, áirítear mar ioncam glan do thuismitheoirí ioncam ó:
- Fostaíocht inárachais
- Féinfhostaíocht
- Scéimeanna Fostaíochta Pobail (CE) agus Liúntais Oiliúna FÁS
- Íocaíochtaí Cothabhála
- Pinsean gairme
- Gach íocaíocht leasa shóisialaigh seachas na cinn seo a leanas: Liúntais Breosla idir Náisiúnta agus Gan Toit, Sochar Leanaí agus Deontas Cúraim Faoisimh.
- Gach Íocaíocht ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte seachas na cinn seo a leanas: Liúntas Cúram Baile, Liúntas na Dall, Liúntas Gluaiseachta agus Liúntas um Chúram Altramais.
- Glanioncam ó mhaoin seachas áras an teaghlaigh. Mar sin cuirtear ioncam ó chíos, mar shampla, san áireamh (lúide costais mar íocaíochtaí morgáiste, costais árachais agus deisiúcháin).
Céim 2, bain na nithe seo a leanas ó ioncam glan do thuismitheoirí chun a gcuid ioncaim inmheasúnaithe a fháil:
- Aisíocaíochtaí cíosa nó morgáiste
- Liúntas caighdeánach seachtainiúil €600 i gcás teaghlach le beirt thuismitheoirí nó €470 do theaghlach le tuismitheoir amháin.
- €30 do gach leanbh faoi bhun 18 mbliana d’aois agus do gach leanbh os a chionn sin atá i mbun oideachais lánaimseartha. Ní féidir €30 a asbhaint le haghaidh leanbh atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh dá c(h)eart féin. Mar shampla, má tá duine óg 17 mbliana d’aois sa teaghlach agus Liúntas Míchumais á fháil aige nó aici ní féidir leat €30 a bhaint d’ioncam na dtuismitheoirí i gcás an duine seo. Ní áirítear íocaíocht leasa shóisialaigh an té sin mar ioncam.
Céim 3, nuair a bhíonn ioncaim inmheasúnaithe ríofa agat faigh
34% den ioncam sin. Ní thógtar ach 34% d'ioncam inmheasúnaithe do thuismitheoirí san áireamh agus a mheas mar leas agus pribhléid.
Sampla a léiríonn an chaoi chun leas agus pribhléid a ríomh i ndiaidh 30 Aibreán 2008
Sampla 1
Teaghlach aontuismitheora le ceathrar leanaí. Tá beirt de na leanaí fós ar scoil, tá duine eile acu i bprintíseacht FÁS agus an t-éilitheoir féin ann (sé sin, an duine 24 bliana d'aois nó faoina bhun atá ag cur isteach ar an Liúntas Cuardaitheora Poist).
Ioncam glan seachtainiúil na dtuismitheoirí €600
Lúide asbhaintí ó ghlanioncam* €630
Iomlán -€30
*Lúide íocaíochtaí morgáiste seachtainiúla €100 agus neamhaird seachtainiúil do leanaí €60 (€30 x 2 leanaí) agus liúntas caighdeánach seachtainiúil aontuismitheora €470 (€100 + €60 + €470 = €630).
Sa chás seo is lú ioncam an tuismitheora, €600, ná méid iomlán na n-asbhaintí, €630. Ar an ábhar sin meastar gur DADA é ioncam an tuismitheora agus ní chuirfidh sé isteach ar an éileamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist.
Sampla 2
Glacaimid cás teaghlach aontuismitheora sa chás céanna ach 4 leanaí ann. Tá beirt de na leanaí fós ar scoil, tá duine eile acu i bprintíseacht FÁS agus an t-éilitheoir féin ann (sé sin, an duine 24 bliana d'aois nó faoina bhun atá ag cur isteach ar an Liúntas Cuardaitheora Poist). Déanaimid ioncam an tuismitheora a mhéadú go €800 in aghaidh na seachtaine agus is mar seo a ríomhtar leas agus pribhléid:
Glanioncam seachtainiúil an tuismitheora €800
Lúide asbhaintí ó ghlanioncam* €630
Iomlán €170
*Lúide íocaíochtaí morgáiste seachtainiúla €100 agus neamhaird seachtainiúil do leanaí €60 (€30 x 2 leanaí) agus liúntas caighdeánach seachtainiúil aontuismitheora €470 (€100 + €60 + €470 = €630).
34% den Iomlán (€170) = €57.80 (a shlánaítear go €58)
Uasíocaíocht Sheachtainiúil an Liúntais Cuardaitheora Poist €150 (2010) lúide €58 = €92
Méid an Liúntais Cuardaitheora Poist atá iníoctha don éilitheoir = €92
Nóta: faigheann daoine faoi 25 bliana d'aois ráta Liúntais Chuardaitheora Poist ag brath ar aois. Tá tuilleadh eolais maidir le rátaí LCP do dhaoine faoi 25 bliana d’aois ar fáil inár ndoiciméid faoi Liúntas Chuardaitheora Poist.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.