Tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist

Réamhrá

Chun cáiliú don Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP), caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh. Le tástáil mhaoine, scrúdaíonn An Roinn Coimirce Sóisialaí d'fhoinsí ioncaim ar fad chun tástáil an dtiteann tú faoi leibhéal áirithe. Gheobhaidh tú Liúntas Cuardaitheora Poist má thiteann siad faoin leibhéal sin. Braitheann méid an Liúntais Cuardaitheora Poist a fhaigheann tú ar an leibhéal ioncaim atá agat.

Sa tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist, déantar d'ioncam teaghlaigh a mheasúnú. Má tá tú pósta nó ag cónaí le duine eile mar fhear céile agus bean chéile, déantar acmhainní do chéile nó páirtí a thógáil san áireamh chomh maith.

Uaireanta, ní dhéantar méid áirithe ioncaim nó ioncam ó fhoinsí áirithe a thógáil san áireamh. Is minic a thagraítear d'ioncam nach gcuirtear san áireamh mar neamhaird ioncaim.

Is féidir le ríomh na tástála maoine don Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith casta. Breathnaímid anseo ar mhíreanna ginearálta nach dtógtar san áireamh sa tástáil mhaoine.

Scrúdaíonn an tástáil mhaoine na cineálacha ioncaim a leanas:

  • Ioncam in airgead tirim (lena n-áirítear ioncam oibre)
  • Maoin atá úsáidte go pearsanta
  • Caipiteal (coigiltis agus infheistíochtaí) agus maoin nach bhfuil úsáidte go pearsanta
  • Leas agus pribhléid ó bheith i do chónaí le do thuismitheoirí

Ioncam Airgid Thirim

Déantar measúnú sa tástáil mhaoine ar an ioncam ar fad in airgead tirim a thuartar a fháil sa bhliain romhainn. Mura bhfuil sé indéanta d'ioncam don chéad 12 mhí eile a mheas, déantar measúnú ar an bhfigiúr trí mhéid an ioncaim sa bhliain roimhe sin a ríomh.

An t-ioncam in airgead tirim a dhéantar a mheasúnú ná:

Ní chuirtear tromlach na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh ná íocaíochtaí Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte san áireamh. Faigh tuilleadh eolais faoi ioncam in airgead tirim nach gcuirtear san áireamh i dtástáil mhaoine.

Mar sin féin, má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á éileamh agat agus do chéile nó páirtí ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialta thíosluaite, ní féidir leis an méid iomlán a íoctar libh a bheith níos mó ná an t-uasmhéid a íoctar le duine aonair (lena n-áirítear duine fásta agus leanaí cleithiúnacha) ar íocaíocht leasa shóisialaigh amháin.

  • Sochar Breoiteachta
  • Pinsean Míchumais (nuair a íoctar in éineacht le Sochar Breoiteachta nó Forlíonadh Éagumais é)
  • Sochar Díobhála
  • Pinsean Easláinte
  • Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Stáit (Idirthréimhseach)
  • Sochar Cuardaitheora Poist
  • Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Liúntas Réamhscoir (LR)
  • Cúnamh Feirme (CF)

Mar shampla (2010):

Cáilíonn Paul don Liúntas Cuardaitheora Poist. Faigheann a pháirtí Anna Pinsean Easláinte

Roghnaigh Anna agus Paul Pinsean Easláinte Anna mar phríomhíocaíocht seach Liúntas Cuardaitheora Poist Paul mar íoctar an Pinsean Easláinte ag ráta seachtainiúil níos airde.

Éilitheoir faoi 65 bliana ar Phinsean Easláinte (PE) €201.50

Ráta duine fásta cáilithe don IP faoi 65 bliain €143.80

Uasmhéid iníoctha le Anna agus Paul €345.30

Gheobhaidh Paul Liúntas Cuardaitheora Poist de €143.80

Maoin atá úsáidte go pearsanta

Ní áirítear an teach cónaithe atá agat sa mheasúnú acmhainní murach go bhfuil ioncam á fháil uaidh. Má tá seomra ar cíos agat sa teach, déantar measúnú ar an ioncam sin ach ní dhéantar luach an tí a mheasúnú.

Caipiteal agus maoin nach bhfuil úsáidte go pearsanta

Áirítear maoin (seachas do theach féin), coigiltis agus infheistíochtaí mar chaipiteal. Más úinéir maoine tú (seachas do theach) nó má tá infheistíochtaí nó foirm chaipitil eile agat, déantar an luach a mheasúnú ag baint leasa as foirmle caighdeánach (féach thíos) cibé an bhfuil nó nach bhfuil ioncam á fháil agat ón maoin nó infheistíocht.

I measc na maoine agus na n-infheistithe ar féidir measúnú a dhéanamh orthu faoin gceannteideal seo tá coigilteas i gcuntas bainc (nó aon áit eile), teach a ligeann tú ar cíos agus stoic agus scaireanna. Má dhéanann do chéile nó do pháirtí cuid de d'íocaíocht leasa shóisialaigh a choigilt gach seachtain, cuirfear an coigilteas sin agus coigilteas ó bheagnach gach foinse eile san áireamh mar chuid de do mhaoin.

Seo a leanas an fhoirmle maidir luach an chaipitil a mheasúnú lena n-áirítear do theach (seachas do theach), coigiltis agus infheistíochtaí:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe

An chéad €20,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 de réir €1,000
An chéad €10,000 eile €2 de réir €1,000
Iarmhéid (€40,000 +) €4 de réir €1,000

Má tá comhchuntas agat le do chéile nó do pháirtí, tá úinéireacht ag an mbeirt agaibh ar an méid iomlán atá sa chuntas de réir an dlí. Mar sin is féidir measúnú a dhéanamh air ina iomláine i gcoinne na beirte agaibh. Mar sin féin, má tá tú féin agus do chéile nó páirtí ag fáil íocaíochtaí atá tástáilte ó thaobh maoine, déanfar iad a mheasúnú ar bhonn roinnte nó do dhuine amháin.

Mar shampla:

Má tá coigiltis €55,000 agat:

Déantar an chéad €20,000 a mheasúnú mar neamhní, €20,000 go €30,000 a mheasúnú mar €10, €30,000 go €40,000 a mheasúnú mar €20, €40,000 agus €55,000 a mheasúnú mar €60.

€10 + €20 + €60 = €90

Tugann coigiltis €55,000 acmhainní de €90 in aghaidh na seachtaine.

Ag cónaí le do thuismitheoirí

Má tá tú 24 bliana d'aois nó faoina bhun agus má tá tú i do chónaí le tuismitheoir nó le leastuismitheoir in áras an teaghlaigh, cuirfear cuid d'ioncam do thuismitheoirí san áireamh nuair atá measúnú á dhéanamh ó thaobh Liúntais Cuardaitheora Poist.

Tugtar measúnú ar 'leas agus pribhléid' ó bheith i do chónaí le do thuismitheoirí ar an measúnú seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi conas a dhéantar leas agus pribhléid a mheasúnú i dtástáil mhaoine.

Acmhainní Iomlána

Chun d'acmhainní iomlána a fháil, déantar d'acmhainní a shuimiú le chéile faoi cheannteidil éagsúla (mar shampla, ioncam in airgead tirim, fostaíocht, caipiteal, leas agus pribhléid). Más lánúin phósta nó atá ag cónaí i bhfochair a chéile atá i gceist, déanfar d'acmhainní a roinnt faoi leath (féach ‘Lánúin phósta nó atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile' thíos).

Déantar acmhainní iomlána an teaghlaigh agat a asbhaint ón íocaíocht uasta ansin (seo an ráta pearsanta lena n-áirítear méaduithe ar bith do chleithiúnaithe aosaigh agus leanaí cleithiúnacha) chun méid iarbhír an Liúntais Cuardaitheora Poist lena bhfuil tú incháilithe a dhéanamh amach.

Íocaíocht uasta o thaobh do chúinsí

Is íocaíocht uasta o thaobh do chúinsí í an ráta pearsanta Liúntais Cuardaitheora Poist lena n-áirítear méaduithe ar bith do chleithiúnaithe aosaigh agus leanaí cleithiúnacha. Áfach má tá tú pósta nó ag maireachtáil i bhfochair a chéile agus roinntear d’acmhainní faoi leath, ní áirítear an méadú do dhuine fásta cáilithe agus ach amháin leath-ráta an mhéadú do chleithiúnaí linbh san íocaíocht uasta o thaobh do chúinsí.

Is féidir le d'aois an uasráta íocaíochta le haghaidh do chúinsí a chinneadh. Tá tuilleadh eolais maidir le ráta LCP do dhaoine faoi 25 bliana d’aois ar fáil inár ndoiciméid faoi Liúntas Chuardaitheora Poist.

Lánúineacha pósta nó atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile

Roinntear d'acmhainní faoi leath má tá do chéile nó páirtí:

  • Ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh (seachas Sochar Leanaí agus Pinsean Míchumais)
  • Ag fáil íocaíochta FSS
  • Ar chúrsa FÁS nó SDOG agus ag fáil liúntais ina c(h)eart féin.

Tuilleadh eolais

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil i dTreoirlínte Oibriúcháin na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh faoi:

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13/01/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh