Cártaí leighis
Eolas
Má tá cárta leighis agat beidh tú i dteideal seirbhísí áirithe sláinte a fháil saor in aisce. De ghnáth bíonn a c(h)éile cleithiúnach agus a leanaí i dteideal an réimse céanna seirbhísí sláinte a fháil.
Is éard atá i gcártaí leighis ná cártaí beaga plaisteacha (ar chomh-mhéid le cárta creidmheasa). Bíonn ainm do dhochtúra air. Eisítear iad de ghnáth ar feadh bliana agus déantar athbhreithniú orthu ansin.
Seirbhísí sláinte a chlúdaítear
Má tá cárta leighis agat tá tú i dteideal:
- Seirbhísí dochtúra ginearálta (dochtúir teaghlaigh) a fháil saor in aisce
- Cógais agus leigheasanna orduithe* (cé go bhfuil roinnt eisceachtaí ann)
- Seirbhísí d’othair chónaitheacha in ospidéil phoiblí, seirbhísí d’othair sheachtracha agus fearais mhíochaine
- Seirbhísí fiacla, optúla agus cluas
- Seirbhísí máithreachais agus cúram naíonán
- Roinnt seirbhísí pearsanta agus cúraim shóisialta, mar shampla, seirbhís altranais sláinte phobail, seirbhísí oibre sóisialta chomh maith le seirbhísí cúraim don phobal
- Deontas máithreachais de €10.16 ar bhreith gach linbh
Buiséad 2010
*Tá táille 50 cent sa mhír oidis ag teacht isteach do shealbhóirí chártaí leighis agus sealbhóirí chártaí cuairte LG. Tá teorainn mhíosúil €10 na teaghlaigh. Tá reachtaíocht nua riachtanach chun é seo a chur i bhfeidhm; is 1 Aibreán 2010 é an dáta ionchais.
Bíonn díolúine acu siúd a bhfuil cártaí leighis acu agus a bhfuil ag obair freisin ón dleacht sláinte a íoc mar chuid dá n-árachas sóisialta agus ón tobhach ioncaim, atá tugtha isteach i 2009. D’fhéadfadh siad díolúine a bheith acu freisin ó tháillí iompair scoile do bhunscoileanna, agus scoileanna dara-leibhéal agus táillí na scrúduithe Stáit a íoc i scoileanna dara leibhéal atá maoinithe go poiblí. D’fhéadfaidís cúnamh airgid a fháil chun leabhair scoile a cheannach i scoileanna áirithe.
Mura bhfuil tú incháilithe cárta leighis a bheith agat
Mura bhfuil tú incháilithe cárta leighis a bheith agat de bharr d’ioncam d’fhéadfá a bheith incháilithe Cárta Cuairte Dochtúra a fháil. Tugann an Cárta Cuairte Dochtúra cead duit dul chuig an liachleachtóir ginearálta saor in aisce. Déantar tástáil mhaoine sula dtugtar é ach ní bhíonn an teorainn ioncaim chomh hard is a bhíonn sé i gcás an chárta leighis.
Rialacha
Treoracha ioncaim
Chun cárta leighis a fháil caithfidh tú d’ioncam bheith níos lú ná leibhéil áirithe.
Chun d’ioncam seachtainiúil a fháil, déanfaidh an FSS tástáil mhaoine. Is tástáil mhaoine í nuair a scrúdaíonn an FSS d'fhoinsí ioncaim go léir chun a fháil amach an dtiteann siad faoi leibhéal áirithe. Uaireanta ní thógtar suim áirithe ioncaim nó ioncam ó fhoinsí ar leith san áireamh.
De gnáth, má tá tú ag fáil uasráta íocaíochta árachais shóisialaigh (mar shampla, Sochar an Chuardaitheora Poist) ní gá duit tástáil mhaoine a shásamh chun cárta leighis a fháil.
Teorainn ioncaim sheachtainiúil (Ollthuilleamh, lúide cáin agus ÁSPC)
| Catagóir | Faoi bhun 66 | Idir 66 agus 69 |
| Duine singil ina c(h)ónaí ina (h)aonar | €184 | €201.50 |
| Duine singil ina c(h)ónaí lena t(h)eaghlach | €164 | €173.50 |
| Lánúin phósta/aontuismitheoir le leanaí cleithiúnacha | €266.50 | €298 |
| Liúntas le haghaidh gach duine den chéad bheirt leanaí faoi bhun 16 | €38 | €38 |
| Liúntas le haghaidh an tríú leanbh agus gach leanbh ina dhiaidh sin atá faoi bhun 16 | €41 | €41 |
| Liúntas le haghaidh gach duine den chéad bheirt leanaí atá os cionn 16 (nach bhfuil aon ioncam acu) | €39 | €39 |
| Liúntas le haghaidh an tríú leanbh agus gach leanbh ina dhiaidh sin atá os cionn 16 (nach bhfuil aon ioncam acu) | €42.50 | €42.50 |
| Gach leanbh cleithiúnach os cionn 16 atá i mbun oideachais tríú leibhéal lánaimseartha, is nach bhfuil deontas á fháil aige nó aici | €78 | €65 |
Nuair a dhéantar lánúin a mheas chun cárta leighis a fháil is ar aois an duine is sine acu a dhéantar é sin. Déantar d’ioncam a mheas ar bhealaí éagsúla má tá tú faoi bhun 70 bliana d’aois nó os a chionn.
Déantar tuismitheoirí aonair a bhfuil cleithiúnaithe acu a mheas de réir na dteorainneacha ioncaim sin a bhaineann le daoine pósta.
Tástáil mhaoine
Chun d’ioncam seachtainiúil a fháil, déanfaidh an FSS tástáil mhaoine. Is tástáil mhaoine í nuair a scrúdaíonn an FSS d'fhoinsí ioncaim go léir chun a fháil amach an dtiteann siad faoi leibhéal áirithe.
Asbhaintí ceadaithe ó d’ioncam
Ceadaítear speansais réasúnta a thabhaítear de bharr costais cúram leanaí agus íocaíochtaí cíosa/morgáiste. (Níl aon sainmhíniú cruinn ann áfach faoi cad is ‘speansais réasúnta’ ann ó thaobh costais tithíochta nó cúram leanaí).
Ceadaítear na costais sheachtainiúla a bhaineann le taisteal chun oibre (costas iompair phoiblí nó míleáiste ar ráta 30 cent in aghaidh an mhíle nó 18 cent in aghaidh an chiliméadair).
Caipiteal
Cuirtear gach cineál caipitil (coigilteas agus infheistithe) san áireamh chun críche cárta leighis a thabhairt. Is mar seo a dhéantar é a mheas chun do mhaoin sheachtainiúil a áireamh:
| Caipiteal | Maoin sheachtainiúil measúnaithe |
| An chéad €20,000 (duine singil), €40,000 (lánúin) | Dada |
| An chéad €10,000 eile | €1 in aghaidh gach €1,000 |
| An chéad €10,000 eile | €2 in aghaidh gach €1,000 |
| Iarmhéid (mar shampla caipiteal os cionn €40,000/€60,000) | €4 in aghaidh gach €1,000 |
Ioncam nach dtógtar san áireamh
Ní chuirtear na dámhachtainí cúitimh seo a leanas san áireamh nuair atá ioncam á mheas chun críche cártaí leighis:
- Íocaíochtaí cúitimh a rinne an Bord um Shásamh i leith Foras Cónaithe
- Aisíocaíochtaí a rinneadh faoin Scéim (Aisíoca) Sláinte
- Dámhachtainí a bronnadh ar dhaoine a tholg Heipitíteas C nó VEID ó tháirgí truaillithe fola (ná an t-ioncam a fhaigheann siad ón airgead sin a infheistiú)
Seo roinnt samplaí den bhealach a dhéanfar d’ioncam a áireamh/mheas.
Tuilleadh eolais
Filleadh ar obair
Má tá Sochar an Chuardaitheora Poist nó Liúntas an Chuardaitheora Poist á fháil agat, agus má fhilleann tú ar obair, féadfaidh tú do chárta leighis a choinneáil ar feadh tréimhse suas go dtí 3 bliana.
Má bhogann tú isteach i dteach eile
Féadfaidh tú do chárta leighis a úsáid ar feadh tréimhse suas go dtí 3 mhí má tá tú ag cur fút go sealadach i gceantar eile. Sa chás sin, féadfaidh tú dul chuig aon dochtúir ginearálta (dochtúir teaghlaigh) sa cheantar atá páirteach i scéim na gcartaí leighis.
Ba chóir duit dul chuig Oifig Sláinte Áitiúil an cheantair sin chun cárta leighis a fháil má tá tú le bheith as baile ar feadh tréimhse níos faide ná 3 mhí. Má bhogann tú chuig limistéar difriúil de do Limistéar Riaracháin féin de FSS, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh dochtúir eile a fháil.
Sonraí breise
Tá Treoir maidir le Cártaí Leighis, eisithe ag FSS, ina bhfreagraítear ceisteanna coitianta.
Conas iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh, caithfidh tú foirm iarratais ar chárta leighis a chomhlánú. Féadfaidh tú foirm iarratais agus liosta de na dochtúirí ginearálta atá páirteach sa scéim a fháil ó do ionad sláinte áitiúil nó Oifig Sláinte Áitiúil.
Caithfidh tú dochtúir ón liosta na ndochtúirí ginearálta atá ag glacadh páirte sa scéim a roghnú. Má bhíonn an dochtúir ginearálta a bheith sásta glacadh leat mar othar, caithfidh sé an fhoirm iarratais a síniú freisin.
De ghnáth, caithfidh lialann an dochtúra sin a bheith laistigh de 7 míle ón áit sin ina bhfuil cónaí ort. Caithfidh an dochtúir ginearálta a bheith sásta glacadh leat mar othar. Léigh tuilleadh faoi seirbhísí dochtúirí ginearálta do dhaoine a bhfuil Cártaí Leighis acu.
Má fhaigheann tú íocaíochta leasa shóisialaigh caithfear an fhoirm a stampáil san oifig leasa shóisialaigh áitiúil. Ní mór do dhaoine féinfhostaithe an fhoirm mheasúnaithe chánach, nó an tacar cuntas trádála, is déanaí acu a chur isteach. Má tá tú ag obair, caithfidh d’fhostóir an fhoirm a shíniú agus d’ioncam a dhearbhú freisin.
Ní mór duit an fhoirm iarratais chuig an Oifig Sláinte Áitiúil. Má tá tú d’ioncam os cionn na treoracha beidh tú measúnaithe maidir le Cárta Cuairte Dochtúra Ghinearálta go huathoibríoch.
Achomhairc
Má tharlaíonn sé go ndiúltaítear cárta leighis ort agus mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh sin féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfar athbhreithniú air san Oifig Sláinte Áitiúil.
Má bhíonn tú fós míshásta leis an fothoradh an athbhreithnithe féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig Oifig Achomharc do Cheantar FSS. Déanfaidh an Oifig Achomharc measúnú ar d’iarratas. Foireann FSS nach raibh baint acu le d’iarratas bunaidh a dhéanfaidh é seo.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Tá an cárta leighis eisithe ag an Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Déan teagmháil le d’ionad sláinte áitiúil nó le d’Oifig Sláinte Áitiúil má tá aon cheist agat faoi chártaí leighis nó faoi chúrsaí incháilitheachta.
Is féidir leat dul i dteagmháil leis an líne fhaisnéis FSS: Glao sabhála 1850 24 1850
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.