Forbhreathnú - íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil

Má chailleann tú do phost, má dhéantar tú a leagan as, má tá laethanta oibre laghdaithe agat nó má dhéantar iomarcach tú, d'fhéadfá a bheith i dteideal do Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist.

Má tá tú féinfhostaithe, d'fhéadfá íocaíocht cuardaitheora poist a fháil má dhúnann do ghnó nó má thagann laghdú suntasach ar an méid oibre atá ar fáil. Faigh tuilleadh eolais faoi féinfhostaíocht agus dífhostaíocht.

An difríocht idir Shochar Cuardaitheora Poist agus Liúntas Cuardaitheora Poist

Sochar Cuardaitheora Poist

Caithfidh tú dóthain ranníocaíochta árachais shóisialta (ÁSPC) a bheith agat chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Caithfidh tú a bheith dífhostaithe freisin. Mar sin féin, má tá tú ag obair 3 lá nó níos lú in aghaidh na seachtaine, d'fhéadfadh sé a bheith indéanta oibriú agus Sochar Cuardaitheora Poist a fháil.

Liúntas Cuardaitheora Poist

Chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil, caithfidh tú tástáil mhaoine a phasáil. Tástáil mhaoine ná nuair a ríomhtar ioncam chun fáil amach má thiteann sé faoi leibhéal áirithe. Má thiteann sé faoi leibhéal áirithe, is féidir leat Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil.

Scrúdaíonn an tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist d'fhoinsí ioncaim ar fad. Má tá tú 24 bliana d'aois nó níos lú agus tú i do chónaí le tuismitheoirí, tógfar ioncam do thuismitheoirí san áireamh freisin.

Caithfidh tú a bheith dífhostaithe chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Mar sin féin, má tá tú ag obair 3 lá nó níos lú in aghaidh na seachtaine, d'fhéadfadh sé a bheith indéanta oibriú agus Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Déantar ioncam ón obair a chur san áireamh sa tástáil maoine freisin.

Iarratas ar íocaíocht cuardaitheora poist

Nuair a dhéantar iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist, caithfidh tú doiciméid áirithe a thabhairt leat. Má tá deacracht agat ag fáil ceann ar bith de na doiciméid atá riachtanach, ba chóir duit iarratas a dhéanamh mar sin féin.

Tá tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar íocaíocht cuardaitheora poist agus sochair bhreise go bhféadfá a aimsiú le fáil inár ndoiciméad ag síniú don chéad uair.

Má dhéantar Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist a dhiúltú duit, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an gcinneadh seo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6/7/2009

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh