Féinfhostaíocht agus dífhostaíocht

Réamhrá

Is féidir le daoine féinfhostaithe a bheith dífhostaithe má dhúnann a gcuid gnó. Cé go leanfá de bheith féinfhostaithe, d’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil laghdú chomh mór ar do chuid oibre nach soláthraítear dóthain ioncaim duit níos mó.

Má tharlaíonn go bhfuil tú dífhostaithe nó má thagann laghdú ar do chuid oibre, d'fhéadfá a bheith incháilithe d’íocaíocht leasa shóisialaigh. gá duit díchlárú mar dhuine féinfhostaithe chun íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil.

Mura gcáilíonn tú le haghaidh íocaíochta leasa shóisialaigh, d'fhéadfá cáiligh chun ranníocaíochtaí deonacha a íoc.

Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostiathe)

Íocaíocht sheachtainiúil ón Roinn Sóisialaí (DSP) is ea Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a íoctar le daoine a chailleann a bhféinfhostaíocht.

Chun cáiliú le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) teastaíonn:

  • Ar a laghad 156 seachtain de ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme S nó 104 seachtain ar a laghad de ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme A nó H ó thosaigh tú ag obair den chéad uair
  • 52 seachtain de ranníocaíochtaí Aicme S íoctha sa bhliain chánach ábhartha. Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain chánach iomlán deiridh roimh an mbliain ina ndéantar d'éileamh. Mar sin, i gcás éileamh a rinneadh in 2023, is é 2021 an bhliain chánach ábhartha.

Chun Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) a fháil ní mór duit stop a chur le gach gníomhaíocht féinfhostaíochta. Mar sin féin, is féidir leat oibriú mar fhostaí ar feadh suas le 3 lá sa tseachtain agus leanúint ar aghaidh ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe).

Mura gcáilíonn tú le haghaidh Sochar Cuardaitheora Poist (Féinfhostaithe) d'fhéadfá cáiliú le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist.

Liúntas Cuardaitheora Poist

Íocaíocht sheachtainiúil is ea Liúntas Cuardaitheora Poist (DEA) ó DSP le cuardaitheoirí poist. Chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil ní mór duit gnáthchónaí a bheith ort agus tástáil mhaoine a dhéanamh. Má tá tú féinfhostaithe, d'fhéadfá a bheith i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist ag brath ar do thuilleamh ó do ghnó. Má tá tú féinfhostaithe, d’fhéadfá a bheith i dteideal do Liúntas Cuardaitheora Poist ag brath ar thuillimh an ghnó atá agat. Ní gá duit do ghnó a dhúnadh nó stopadh ag obair mar dhuine féinfhostaithe chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Ní gá duit a bheith dífhostaithe ar feadh 4 as gach 7, mar is amhlaidh Sochar Cuardaitheora Poist. Má thiteann sé faoi leibhéal áirithe, gheobhaidh tú Liúntas Cuardaitheora Poist.

Ioncam féinfhostaíochta agus tástáil mhaoine
Déantar na tuillimh ghnó atá agat a mheasúnú sa tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist. Caithfidh an measúnú tuar réasúnta a thabhairt den ioncam ón ghnó sna chéad 12 mhí amach romhainn. Glacfar le hioncam sna 12 mhí deiridh mar threoir, ach ceadófar do thosca ar bith a dhéanfadh cúrsaí a athrú. Ba chóir duit a bheith réidh leis na tosca seo a phlé nuair atá measúnú á dhéanamh don Liúntas Cuardaitheora Poist.

Déantar na tuillimh a mheasúnú mar ollioncam lúide na costais a bhaineann le hobair thar tréimhse 12 mhí. Déantar do thuillimh bhliantúla tuartha a roinnt faoi 52 chun d’acmhainní seachtainiúla ó fhéinfhostaíocht a fháil.

Níl ‘tarraingtí’ ar bith a bhaintear ón ngnó incheadaithe mar chostas. Má tá do ‘tharraingtí’ ón ghnó níos mó ná an leibhéal ioncaim a ríomhtar, déantar ‘tarraingtí’ a mheasúnú mar ioncam in airgead tirim.

Níl aon liosta uileghabhálacha de chostais uile toisc nádúr agus réim na féinfhostaíochta. Mar sin, is iad na nithe a leanas na príomhchostais incheadaithe sa chuid is mó de chásanna:

  • Ábhair (costais soláthair)
  • Costais coinneála mótair (sciar a bhaineann leis an ngnó)
  • Dímheas innealra nó trealaimh
  • Árachas a bhaineann leis an ngnó
  • Teileafón (sciar a bhaineann leis an ngnó)
  • Soilsiú agus téamh (don ghnó agus ní úsáid sa bhaile)
  • Fógraíocht
  • Táillí bainc
  • Stáiseanóireacht
  • Léasú Veain
  • Costais ar bith eile a bhaineann le bainistiú an ghnó.
  • Níl costais reatha teaghlaigh ceadaithe mar asbhaintí in aghaidh bhrabúis ghnó.

Chun an leibhéal ioncaim ón ghnó atá agat a ríomh caithfidh tú d’admhálacha agus íocaíochtaí (cáipéisíocht a léiríonn airgead ag teacht isteach agus amach ón ghnó atá agat) nó cuntais iniúchta a thabhairt don duine ag déileáil le d’iarratas san Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil.

Nuair a dhéantar iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP)
Go hiondúil, iarrfar d’admhálacha agus íocaíochtaí nó cuntais iniúchta ort don bhliain reatha agus an bhliain roimhe sin. Mar shampla, má dhéantar iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist, iarrfar ort d’admhálacha agus íocaíochtaí ó Eanáir go Meitheamh 2023 agus do 2022 a thabhairt. Mar sin féin, d’fhéadfadh dualgas a bheith ort cuntais iniúchta a thaispeáint do dhá bhliain deiridh nó níos mó. Faigh tuilleadh eolais faoi shíniú d’íocaíocht cuardaitheora poist.

D’fhéadfá a bheith incháilithe don Liúntas Leasa Forlíontach nuair atá tú ag feitheamh ar mheasúnú don íocaíocht cuardaitheora poist nó mura gcáilíonn tú don íocaíocht cuardaitheora poist.

Liúntas Leasa Forlíontach

Soláthraíonn Liúntas Leasa Forlíontach bunliúntas seachtainiúil do dhaoine incháilithe atá ar bheagán ioncaim nó gan ioncam ar bith. Má tá d’ioncam seachtainiúil faoin ráta Liúntais Leasa Fhorlíontaigh do mhéid an teaghlaigh atá agat, is féidir íocaíocht a dhéanamh a thabharfaidh d’ioncam chomh fada le ráta iomchuí Liúntais Leasa Fhorlíontaigh. Ní féidir leat Liúntas Leasa Forlíontach a fháil má tá tú ag obair níos mó na 29 uair in aghaidh na seachtaine.

Má tá éileamh déanta agat ar íocaíocht cuardaitheora poist ach nár íocadh rud ar bith fós agus nach bhfuil aon ioncam eile agat, d’fhéadfá a bheith incháilithe don Liúntas Leasa Forlíontach nuair atá tú ag feitheamh ar d’íocaíocht.

Sochair eile

Sláinte

Má thiteann d’ioncam faoi bhun méid áirithe, d’fhéadfá Cárta LeighisCárta Cuairte DG a fháil.

Tithíocht

D’fhéadfá cúnamh le cíos a íoc. Má tá tithíocht údaráis áitiúil agat, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil agus iarraidh orthu do chíos a athbhreithniú toisc laghdú ioncaim.

Leanaí ar scoil

D’fhéadfá cúnamh a fháil le costas éadaí agus coisbhirt do leanaí scoile. Feidhmíonn an Scéim Liúntais Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair gach bliain.

Riachtanais eisceachtúla agus phráinneacha

Má tá riachtanas eisceachtúil nó práinneach agat, mar shampla cúnamh le bille sochraide, ba chóír duit d'iarratas ar Shochar Cuardaitheora Poist a thabhairt isteach ag d'Ionad Intreo nó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Eanáir 2023