Obair agus Liúntas Cuardaitheora Poist
Réamhrá
De gnáth, chun Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil caithfidh tú a bheith dífhostaithe. Mar sin féin, d'fhéadfá ioncam áirithe a thuilleamh ó fhostaíocht faoi chúinsí áirithe agus Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Mar shampla:
- Tá d'uaireanta oibre laghdaithe
- Tugtar tú a asleagan go sealadach
- Tá tú féin-fhostaithe ach tá leibhéal do gnó agus ioncaim laghdaithe
- Ní féidir ach amháin obair pháirtaimseartha nó ócáideach a fháil
Caithfidh tú na coinníollacha eile maidir le Liúntas Cuardaitheora Poist a chomhlánú, mar shampla, caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh agus a bheith as obair ar feadh 3 lá ar a laghad as 6 lá.
Is íocaíocht de réir tástála acmhainne Liúntas Cuardaitheora Poist. Caithfidh d'ioncam teaglaigh bheith faoi leibhéal áirithe chun cáiliúl. Tá d'ioncam ó obair measúnaithe mar acmhainní agus beidh tionchar ag an ioncam a fhaigheann tú ón obair ar mhéid an Liúntais Cuardaitheora Poist gur féidir leat a fháil. Beidh tionchar ag an ioncam a fhaigheann do chéile/pháirtí ón obair ar do Liúntas Cuardaitheora Poist freisin. Áfach, ní thógtar suim ioncaim san áireamh. Tugadh air d'acmhainní ón obair.
Níl aon tionchar ag an ioncam a fhaigheann tú mar chúntóir baile d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar d'íocaíocht ach tógfar ioncam do chéile/phairti san áireamh sa tástáil mhaoine do Liúntas Cuardaitheora Poist.
B'fhéidir go bhfuil tionchar ag foinsí ioncaim nó achmainní ar do Liúntas Cuardaitheora Poist.
Níl Liúntas Cuardaitheora Poist inchánaithe.
Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh agus Liúntas Cuardaitheora Poist
Má tá d'ioncam oibre laghdaithe nó déanann tú obair páirtaimseartha agus leanbh amháin ar a laghad á thacú agat, d'fhéadfá Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) a fháil. Caithfidh tú 19 uair an chloig nó níos mó a oibriú in aghaidh na seachtaine (nó 38 uair an chloig nó níos mó in aghaidh na coicíse) agus caithfidh d'ioncam bheith faoi bhun leibhéil áirithe. Má tá tú ag obair nó ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist, ní féidir leat Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh a fháil. Faigh amach ó d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil nó ó do Lárionad Faisnéise do Shaoránaigh an íocaíocht is fearr duit.
Acmhainní ón obair fhostaíocht a ríomh
Léirímid anseo conas d'ioncam ó fhostaíocht (féinfhostaíocht as áireamh) a ríomh. Faigh amach conas d'ioncam ó fhéinfhostaíocht atá measúnaithe sa doiciméad, Féinfhostaíocht agus dífhostaíocht.
Tuilleamh inmheasúnaithe ó obair
Déantar na heisíocaíochtaí seo a leanas a asbhaint ó d'olltuilleamh chun do thuilleamh inmheasúnaithe a fháil.
- ÁSPC (ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh)
- Dleachtanna ceardchumainn
- Aoisliúntas
- CCSP (Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta)
- Ranníocaíochtaí Saorálacha Breise
Tá 2 chéim chun an tionchar ag an ioncam ón obair ar mhéid do Liúntais Cuardaitheora Poist a ríomh.
Ar dtús, ní mór duit faigh amach an bhfuil tú i dteideal aon Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil (féach 'Cuid 1' thíos). Má tá tú i dteideal roinnt Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil, ansin déan an méid Liúntas Cuardaitheora Poist a bhféadfá a fháil a ríomh (féach 'Cuid 2' thíos).
Cuid 1: Faigh amach an bhfuil tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil
Ar dtús, tá ort faigh amach an bhfuil tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil.
Chun é seo a dhéanamh tóg do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe agus bain €20 in aghaidh an lae do gach lá a d'oibrigh tú suas le huasmhéid de €60 (3 lá). Ansin faigh 60% den iarmhéid. Measúnaítear é seo mar d'acmhainní seachtainiúla.
Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe - €20 = iomlán x 60% = acmhainní seachtainiúla ón obair.
Gearrtar d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtí
- Ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh (seachas Sochar Leanaí, Pinsean Míchumais, íocaíocht chaomhnóra, Liúntas Leasa Forlíontach agus Liúntas Cúramóra leath-ráta)
- Ag fáil íocaíochta ó FSS - ach amháin Liúntas Cúram Baile nó Liúntas Cúram Altrama
- Ar chúrsa FÁS nó SDOG agus ag fáil liúntais oiliúna ina c(h)eart féin
Má tá d'acmhainní seachtainiúla níos lú ná an t-uasráta seachtainiúil do do chúinsí ansin déantar do mheántuilleamh laethúil a ríomh chun ar mhéid iarbhír an Liúntas Cuardaitheora Poist a gheobhaidh tú.
Má tá d'acmhainní seachtainiúla níos mó ná an t-uasráta seachtainiúil do do chúinsí ansin ní gheobhaidh tú Liúntas Cuardaitheora Poist.
Nóta: Is uasmhéid Liúntas Cuardaitheora Poist do do chúinsí é an uasráta Liúntas Cuardaitheora Poist agus aon méadú le haghaidh duine fásta agus leanbh cáilithe. Má ghearrtar d'acmhainní faoi leath, ní gheobhaidh tú méadú do duine fásta cáilithe ach gheobhaidh tú leath an ráta den mhéadú do leanbh cáilithe.
Uasráta seachtainiúil Liúntas Cuardaitheora Poist 2010 do dhaoine os cionn aois 25
| Ráta pearsanta (iarrthóir) | €196 |
| Méadú Duine Fásta Cáilithe | €130.10 |
| Méadú Leanbh Cáilithe | €29.80 (ráta iomlán) €14.90 (leath-ráta) |
Faigheann daoine faoi 25 bliana d’aois ráta ag brath ar aois le haghaidh Liúntais Chuardaitheora Poist. Áfach, tá roinnt eisceachtaí ann agus d’fhéadfadh le daoine áirithe an ráta LCP níos airde a fháil. Tá tuilleadh eolais maidir le ráta LCP do dhaoine faoi 25 bliana d’aois inár ndoiciméid faoi Liúntais Chuardaitheora Poist.
Cuid 2 Déan an tionchar ag an obair ar mhéid do Liúntais Cuardaitheora Poist a ríomh. 2
Má tá tú i dteideal Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil, déan ríomh chun a fhaigh amach cén tionchar a bheidh ag obair ar d'íocaíocht.
1. Déan do mheántuilleamh laethúil a ríomh
Chun do mheántuilleamh laethúil a ríomh faigh do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe iomlán ó fhostaíocht agus roinn faoin líon laethanta a d'oibrigh tú an tseachtain sin.
Tuilleamh seachtainiúil iomlán ÷ líon laethanta oibrithe = meántuilleamh laethúil.
2. Ansin, déan d'acmhainní laethúla ón obair a ríomh
Chun d'acmhainní laethúla ón obair a ríomh, ní mór duit neamhaird a thabhairt ar ioncam ar bith nár cuireadh san áireamh. Is é an t-ioncam nach gcuirtear san áireamh ná €20 do oibrítear. Ansin faigh 60% den iarmhéid. Measúnaítear é seo mar d'acmhainní laethúla.
Meántuilleamh laethúil - €20 = iomlán x 60% = acmhainní laethúla ón obair.
3. Ar fad, faigh amach d'acmhainní seachtainiúla ón obair
Chun d'acmhainní seachtainiúla ón obair a fháil, méadaigh d'acmhainní laethúla faoin líon laethanta. Má oibríonn tú ar an Domhnach, ná cuir an Domhnach san áireamh sa líon laethanta oibrithe - féach 'obair Dhomnaigh thíos. Má íoctar thú, áfach, as saoire phoiblí agus mura n-oibríonn tú ar an lá sin, beidh sé san áireamh i líon na laethanta a oibríodh - féach 'saoirí poiblí' thíos.
Acmhainní laethúla ón obair x líon laethanta oibrithe = acmhainní seachtainiúla ón obair.
Gearrtar d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtí
- Ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh (seachas Sochar Leanaí, Pinsean Míchumais, íocaíocht chaomhnóra, Liúntas Leasa Forlíontach agus Liúntas Cúramóra leath-ráta)
- Ag fáil íocaíochta ó FSS (ach amháin Liúntas Cúram Baile nó Liúntas Cúram Altrama)
- Ar chúrsa FÁS nó SDOG agus ag fáil liúntais oiliúna ina c(h)eart féin
Obair Dhomhnaigh
Má oibríonn tú ar an Domhnach, tá an chaoi a ndéanann tú d'acmhainní ó fhostaíocht a ríomh difriúil ón gnáth. Ní chuirtear an Domhnach san áireamh mar lá oibre, mar sin ní chuirtear d'acmhainní laethúla ón Domhnach san áireamh maidir le Liúntas Cuardaitheora Poist. Áfach ní mór duit do thuilleamh ó obair Dhomhnaigh a chur san áireamh chun do thuilleamh inmheasúnaithe seachtainiúil a fháil.
Saoirí poiblí
Má oibríonn tú go páirtaimseartha, ní mór do d'fhostóir tú a íoc as na saoirí poiblí nach n-oibríonn tú, ar an gcoinníoll gur oibrigh tú 40 uair a laghad sna 5 seachtaine go díreach roimh sheachtain na saoire poiblí. Tá níos mó eolais ar fáil faoi íocaíochtaí le haghaidh saoirí poiblí inár ndoiciméad ar saoirí poiblí.
Má íoctar thú, áfach, as saoire phoiblí agus mura n-oibríonn tú ar an lá sin, beidh sé san áireamh i líon na laethanta a oibríodh chun d'acmhainní seachtainiúla ón obair a fháil. Ag brath ar d'acmhainní, is féidir leat leanúint de Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil i leith na laethanta eile nach n-oibríonn tú.
Íocaíocht Liúntas Cuardaitheora Poist.
- Bain do acmhainní seachtainiúla ón uasmhéid Liúntas Cuardaitheora Poist do do chúinsí.
Má ghearrtar d'acmhainní faoi leath, ní gheobhaidh tú méadú do duine fásta cáilithe ach gheobhaidh tú leath an ráta den mhéadú do leanbh cáilithe.
Má tá aon acmhainní eile de bhreis ar acmhainní ón obair agat tógfar siad san áireamh agus beidh tionchar acu ar do Liúntas Cuardaitheora Poist a bhféadfá a fháil:
Bileog oibre
D'fhéadfadh an bileog oibre seo cabhrú leat a dhéanamh acmhainní ón obair do Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith úsáideach duit chomh maith.
Ioncam ón obair do chéile/pháirtí
Ioncam ó fhostaíocht do chéile/pháirtí
Chun acmhainní ón obair do chéile nó pháirtí a ríomh caithfear
- Bain €20 in aghaidh an lae ó thuilleamh inmheasúnaithe do chéile/pháirtí do gach lá oibrithe suas le huasmhéid de €60 (an Domhnach san áireamh)
- Ansin faigh 60% den iarmhéid. Déantar é seo a mheasúnú mar a (h)acmhainní seachtainiúla.
Tuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe - €20 in aghaidh an lae (uasmhéid de 3 lá) = iomlán x 60% = acmhainní seachtainiúla ón obair.
Gearrtar d'acmhainní faoi leath má tá do chéile/pháirtí
- Ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh (seachas Sochar Leanaí, Pinsean Míchumais, íocaíocht chaomhnóra, Liúntas Leasa Forlíontach agus Liúntas Cúramóra leath-ráta)
- Ag fáil íocaíochta ó FSS - ach amháin Liúntas Cúram Baile nó Liúntas Cúram Altrama
- Ar chúrsa FÁS nó SDOG agus ag fáil liúntais oiliúna ina c(h)eart féin
Má ghearrtar d'acmhainní faoi leath, ní gheobhaidh tú méadú do duine fásta cáilithe ach gheobhaidh tú leath an ráta den mhéadú do leanbh cáilithe.
Ioncam féinfhostaíochta do chéile nó pháirtí
Déantar ioncam féinfhostaíochta do chéile nó páirtí a mheasúnú sa tástáil mhaoine don Liúntas Cuardaitheora Poist.
Caithfidh an measúnú tuar réasúnta a thabhairt d'ioncam do chéile nó páirtí ón ghnó sna chéad 12 mhí amach romhainn. Glacfar le hioncam sna 12 mhí deiridh mar threoir, ach ceadófar do thosca ar bith a dhéanfadh cúrsaí a athrú. Ba chóir don chéile nó don pháirtí atá agat a bheith réidh leis na tosca seo a phlé nuair atá measúnú á dhéanamh don Liúntas Cuardaitheora Poist.
Déantar na tuillimh a mheasúnú mar ollioncam lúide na costais a bhaineann le hobair thar tréimhse 12 mhí. Déantar do thuillimh bhliantúla tuartha a roinnt faoi 52 chun d'acmhainní seachtainiúla do chéile nó páirtí ó fhéinfhostaíocht a fháil.
Níl 'tarraingtí' ar bith a bhaintear ón ghnó incheadaithe mar chostas. Má tá do 'tharraingtí' ón ghnó níos mó ná an leibhéal ioncaim a ríomhtar, déantar 'tarraingtí' a mheasúnú mar ioncam in airgead tirim.
Níl aon liosta uileghabhálacha de chostais uile toisc nádúr agus réim na féinfhostaíochta. Mar sin, is iad na nithe a leanas na príomhchostais incheadaithe sa chuid is mó de chásanna:
- Ábhair (costais soláthairtí)
- Costais coinneála mótair (sciar a bhaineann leis an ngnó)
- Dímheas innealra nó trealaimh
- Árachas a bhaineann leis an ngnó
- Teileafón (sciar a bhaineann leis an ngnó)
- Soilsiú agus téamh (don ghnó agus ní úsáid sa bhaile)
- Fógraíocht
- Táillí bainc
- Stáiseanóireacht
- Léasú veain
- Costais saothair
- Plean pinsean
- Costais ar bith eile a bhaineann le bainistiú an ghnó.
- Níl costais reatha teaghlaigh ceadaithe mar asbhaintí in aghaidh bhrabúis ghnó.
- Ranníocaíochtaí ÁSPC Aicme S (íoctha nó iníoctha) (Sonraigh má tá ranníocaíochtaí iníoctha nár íocadh, caithfear tuairisc ar leith a dhéanamh leis an Imscrúdaitheoir Leasa Shóisialaigh don ghné seo.)
Chun an leibhéal ioncaim ón ghnó atá ag do chéile nó do pháirtí a ríomh caithfidh tú d'admhálacha agus íocaíochtaí (cáipéisíocht a léiríonn airgead ag teacht isteach agus amach ón ghnó atá agat) nó cuntais iniúchta a thabhairt don duine ag déileáil le d'iarratas san Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.