Obair agus Sochar Cuardaitheora Poist

Réamhrá

Caithfidh tú a bheith dífhostaithe chun Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Mar sin féin, tá cúinsí ann inar féidir leat a bheith ag obair agus Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Caithfidh tú na coinníollacha go léir maidir le coinníollacha do Shochar Cuardaitheora Poist a shásamh. Mar shampla, dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta (ÁSPC) a bheith agat.

D'fhéadfá Sochar Cuardaitheora Poist a fháil má tá:

  • Do laethanta oibre laghdaithe (obair ghearr-ama córasach)
  • Tá tú ag postroinnt le seachtain ag obair agus seachtain saor (murach gur roghnaigh tú sin)
  • Obair ócáideach nó obair pháirtaimseartha agat
  • Fofhostaíocht agat

D'fhéadfá Sochar Cuardaitheora Poist a fháil má dhéantar tú a leagan as, ach ní fhaightear Sochar Cuardaitheora Poist má tá tú ar stailc. Mar sin féin, d'fhéadfadh do theaghlach Liúntas Leasa Forlíontach a fháil.

Tá Sochar Cuardaitheora Poist inchánach chomh maith le hioncam ar bith ón obair. Mar sin féin, níl sé inchánach má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat toisc uaireanta oibre atá laghdaithe go sealadach (obair ghearr-ama córasach). Faigh tuilleadh eolais faoi chánachas agus Sochar Cuardaitheora Poist.

Breathnaímid anseo freisin ar an mbealach a bhíonn tionchar ag obair shealadach ar do Shochar Cuardaitheora Poist.

Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh agus Sochar Cuardaitheora Poist

Má tá d’ioncam oibre laghdaithe agus leanbh amháin ar a laghad á thacú agat, d’fhéadfá Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) a fháil. Caithfidh tú 19 uair an chloig nó níos mó a oibriú in aghaidh na seachtaine (nó 38 uair an chloig nó níos mó in aghaidh na coicíse) agus caithfidh d’ioncam bheith faoi bhun leibhéil áirithe. Má tá tú ag obair nó ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist, ní féidir leat Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh a fháil. Faigh amach ó d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil nó ó do Lárionad Faisnéise do Shaoránaigh an íocaíocht is fearr duit.

Má laghdaítear do laethanta oibre (go sealadach)

Má oibríonn tú lánaimseartha go hiondúil

Má oibríonn tú lánaimseartha go hiondúil ach má thugann d’fhostóir obair ghearr-ama isteach - d’fhéadfá Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Obair ghearr-ama córasach a thugtar ar uaireanta oibre laghdaithe ar bhonn sealadach. Gheobhaidh tú Sochar Cuardaitheora Poist ó thaobh na laethanta nach bhfuil tú ag obair chomh fada agus a shásaíonn tú coinníollacha eile maidir le Sochar Cuardaitheora Poist, mar shampla, ní féidir leat oibriú níos mó ná 3 lá na seachtaine.

Tá an tseachtain leasa shóisialaigh bunaithe ar 5 lá oibre maidir le hoibrithe ghearr-ama córasach. Mar shampla, má tá d’uaireanta oibre laghdaithe go 3 lá na seachtaine d’fhéadfá Sochar Cuardaitheora Poist a fháil don 2 lá eile. Sa chás seo gheobhaidh tú dhá cúigiú den ghnáthráta Shochair Chuardaitheora Poist.

Leanfaidh tú ag íoc ÁSPC mar is gnáth. Mar sin féin, níl Sochar Cuardaitheora Poist inchánaithe má tá obair ghearr-ama córasach ar bun agat.

Má oibríonn tú páirtaimseartha go hiondúil

Más oibrí páirtaimseartha tú agus tá do laethanta oibre laghdaithe go sealadach, tá an tseachtain leasa shóisialaigh bunaithe ar 6 lá oibre. Mar shampla, má tá do phátrún oibre laghdaithe ó 3 lá na seachtaine (Luan, Máirt agus Céadaoin) go 2 lá na seachtaine (Luan agus Máirt) agus má shásaíonn tú an uile choinníollacha, gheobhaidh tú Sochar Cuardaitheora Poist don 4 lá eile.

Má laghdaítear do laethanta oibre (go buan)

Má oibríonn tú lánaimseartha go hiondúil ach má laghdaíonn d'fhostóir na laethanta oibre go buan, d'fhéadfá Sochar Cuardaitheora Poist do na laethanta nach n-oibrítear. Déanfar measúnú ort mar oibrí páirtaimseartha do Shochar Cuardaitheora Poist.

D'fhéadfadh fostóir laethanta oibre laghdaithe a thabhairt isteach ar bhonn sealadach ar dtús, ach mura bhfuil aon dúil ann filleadh ar obair lánaimseartha leis an bhfostóir sin, déanfar athmheasúnú ort mar oibrí lánaimseartha. Sa chás seo, caithfidh tú leanúint ag cuardach fostaíochta lánaimseartha agus tá do Shochar Cuardaitheora Poist inchánach.

Tá aon séú den ghnáthráta an Sochair Cuardaitheora Poist iníoctha do gach lá fostaíochta, chomh fada agus a bhíonn tú dífhostaithe ar a laghad 3 lá de thréimhse 6 lá leanúnach.

Mar shampla:

Má fhaigheann tú obair do 2 lá, is féidir leat ceithre séú den ghnáthráta an Sochair Cuardaitheora Poist a fháil don tseachtain sin.

Caithfidh tú Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh ar feadh 3 lá ar a laghad in aon seachtain ar bith. Má fhaigheann tú 4 lá oibre, ní íoctar Sochar Cuardaitheora Poist leat don 2 lá eile.

Postroinnt agus seachtain ag obair/seachtain saor

Más obair lánaimseartha a bhí agat agus gur shocraigh tú ar chomhaontú postroinnte, níl tú incháilithe do Shochar Cuardaitheora Poist toisc gur roghnaigh tú go deonach níos lú uaireanta nó laethanta a oibriú.

Má tá tú ag obair seachtain ag obair nó as obair, beidh do theidlíocht do Shochar Cuardaitheora Poist ar cibé an bhfuil tú ar fáil don seachtain ag obair nó as obair.

Sna cásanna seo, caithfidh tú a bheith cinnte go taifead ÁSPC iomlán agat. Ag brath ar do shocruithe oibre, d'fhéadfá críochnú le 26 ranníocaíocht íoctha amháin. Faigh tuilleadh eolais faoi ÁSPC agus postroinnt. Mar sin féin, má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat, gheobhaidh tú creidmheas ÁSPC don tseachtain nach bhfuil tú ag obair.

Obair ócáideach nó obair pháirtaimseartha

Mura bhfuil ar fáil duit ach obair pháirtaimseartha nó ócáideach, d'fhéadfá Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. Go ginearálta, ní féidir leat Sochar Cuardaitheora Poist a fháil don lá a dhéantar obair ócáideach nó pháirtaimseartha, mura dtiteann an obair faoi rialacha na fofhostaíochta (féach thíos). Caithfidh tú leanúint ag cuardach fostaíochta lánaimseartha.

Tá aon séú den ghnáthráta an Sochair Cuardaitheora Poist iníoctha do gach lá fostaíochta, chomh fada agus a bhíonn tú dífhostaithe ar a laghad 3 lá de thréimhse 6 lá leanúnach. Mar sin, má fhaightear obair ócáideach do 2 lá, is féidir leat ceithre séú den ghnáthráta an Sochair Cuardaitheora Poist a fháil don tseachtain sin.

Caithfidh tú Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh ar feadh 3 lá ar a laghad in aon seachtain ar bith. Má fhaigheann tú 4 lá oibre, íoctar Sochar Cuardaitheora Poist leat don 2 lá eile.

Fofhostaíocht

Mar riail ghinearálta, gheobhaidh tú Sochar Cuardaitheora Poist do lá ar bith atá tú fostaithe nó féinfhostaithe. Mar sin féin, tá sé fós indéanta fofhostaíocht áirithe a dhéanamh agus Sochar Cuardaitheora Poist a fháil fós don lá sin.

Fofhostaíocht is ea obair go bhféadfaí a dhéanamh nuair a bhí tú ag obair go lánaimseartha agus atá lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre. Mar shampla, d'fhéadfá post lánaimseartha a oibriú i rith an lae agus post páirtaimseartha a bheith agat sa tráthnóna. Tugtar fofhostaíocht nó fostaíocht thánaisteach ar an bpost páirtaimseartha más amhlaidh gur éirigh leat an obair pháirtaimseartha a dhéanamh gan tionchar ar do phost lánaimseartha ar feadh tréimhse de 6 mhí ar a laghad.

Más sealobair nó uaireanta neamhchaighdeánacha a bhí ar bun agat go hiondúil, b'fhéidir nach mbeadh fofhostaíocht mar seo indéanta. Má bhaineann uaireanta déanacha leis an bhfofhostaíocht, d'fhéadfadh An Roinn Coimirce Sóisialaí a bheith den tuairim nach bhfuil tú ar fáil chun oibre an lá ina dhiaidh sin.

Más amhlaidh go raibh fofhostaíocht agat cheana féin nuair a bhí obair lánaimseartha ar bun agat, beidh sé níos éasca duit na riachtanais a shásamh.

Má tá fofhostaíocht agat, ba chóir duit seiceáil leis An Roinn Coimirce Sóisialaí i gcónaí chun fáil amach an mbeidh tionchar ar do Shochar Cuardaitheora Poist.

Má tá níos lú ná 117 ranníocaíocht ÁSPC íoctha agat sna trí bliana roimh dhífhostaíocht, ní féidir leat níos mó ná €12.70 a thuilleamh in aghaidh an lae ó fhofhostaíocht. Níl aon teorainn tuilleamh má tá níos mó ná 117 ranníocaíocht ÁSPC íoctha agat.

Más feirmeoir tú le fostaíocht lánaimseartha eile, is fofhostaíocht í do chuid feirmeoireachta.

Saoirí poiblí

Ní mór do d’fhostóir tú a íoc as na saoirí poiblí nach n-oibríonn tú, ar an gcoinníoll gur oibrigh tú 40 uair a laghad sna 5 seachtaine go díreach roimh sheachtain na saoire poiblí. Tá níos mó eolais ar fáil inár ndoiciméad ar saoirí poiblí.

Má tá tú ag obair agus má fhaigheann tú Sochar Cuardaitheora Poist, faigheann tú ráta laethúil Shochar Cuardaitheora Poist i gcomhair na laethanta nach n-oibríonn tú. Ní bhfaighidh tú Sochar Cuardaitheora Poist i gcomhair an lae a bhfaigheann tú íocaíocht ó d’fhostóir ina leith le haghaidh saoire phoiblí ach is féidir leat leanúint de Shochar Cuardaitheora Poist a fháil i leith na laethanta eile sin nach n-oibríonn tú.

Obair shealadach

Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat agus go ndéantar obair shealadach a thairiscint ar feadh 4 lá na seachtaine ar a laghad, cuirfear stop le d'íocaíocht do lucht cuardaithe fostaíochta. Má tá tú dífhostaithe don dar uair laistigh de 26 seachtain, ní bhreathnófar ar d'iarratas do Shochar Cuardaitheora Poist mar éileamh nua.

Sampla

Tá Susan dífhostaithe agus ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist . Tá 260 ranníocaíocht ÁSPC íoctha aici, a chiallaíonn gur féidir léi Sochar Cuardaitheora Poist a fháil do thréimhse uasta de 12 mhí. D'éiligh sí Sochar Cuardaitheora Poist le 8 mí anuas. Rinneadh obair shealadach i monarchan a thairiscint di ar feadh 2 mhí. Nuair a chríochnaigh a 2 mhí oibre, bhí sí i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist a éileamh ar feadh 4 mhí eile.

Mar sin féin, má tá do theidlíocht do Shochar Cuardaitheora Poist úsáidte agat, is féidir leat cáiliú in athuair trí oibriú agus ranníocaíochtaí ÁSPC a íoc ar feadh 13 seachtain ar a laghad.

Ar stailc

Má tá tú ar stailc, ní mheastar go bhfuil tú dífhostaithe agus níl tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist. Mar sin féin, d'fhéadfadh do theaghlach Liúntas Leasa Forlíontach a fháil.

Má tá tú as obair de bharr stailce (má dhéantar tú a leagan as mar shampla), tá do chás difriúil sna cúinsí sin. Is féidir leat a bheith incháilithe do Shochar Cuardaitheora Poist "mura bhfuil tú rannpháirteach nó bainteach go díreach le haighneas ceirde a chruthaíonn stop i gcúrsaí oibre".

Páirtí nó céile ag obair agus Sochar Cuardaitheora Poist

Is féidir le hioncam do chéile nó páirtí tionchar a bheith aige ar an íocaíocht dó nó di mar dhuine fásta cáilithe. Má tá do chleithiúnaí aosaigh ag tuilleamh idir €100 agus €310, gheobhaidh tú méadú ar do Shochar Cuardaitheora Poist. Má thuilleann sé nó sí €100 nó níos lú, faigheann tú an méadú uasta. Má thuilleann do chleithiúnaí aosaigh níos mó ná €310, ní thabharfar méadú ar do Shochar Cuardaitheora Poist don chleithiúnaí aosaigh.

Conas a dhéantar ioncam do chéile nó páirtí a mheasúnú

Déantar ioncam do chéile nó páirtí ó gach foinse a shuimiú le chéile chun fáil amach an gcáilíonn tú do mhéadú i do Shochar Cuardaitheora Poist.

Fostaíocht agus féinfhostaíocht

Déantar meánioncam fostaíochta do chéile nó páirtí a mheasúnú (déantar an ollioncam seachtainiúil a mheasúnú, ní cheadaítear asbhaintí ar bith do cháin, ranníocaíochtaí ÁSPC nó costais phearsanta). Má íoctar do chéile/pháirtí ar bhonn míosúil, ríomhtar an meáníocaíocht sheachtainiúil thar an dá mhí roimhe. Má íoctar é nó í go seachtainiúil nó gach coicíse, úsáidtear an meáníocaíocht sheachtainiúil thar na sé seachtaine roimhe sin.

Chun íocaíocht ó fhéinfhostaíocht a ríomh, roinntear an t-ioncam a fuarthas sa bhliain cánach iomlán seo caite ar 52 chun an meánioncam seachtainiúil a fháil. Déantar na tuillimh a mheasúnú mar ollioncam lúide na costais thar tréimhse 12 mhí. Déantar do thuillimh bhliantúla ó fhéinfhostaíocht a roinnt faoi 52 chun d'acmhainní seachtainiúla ó fhéinfhostaíocht a fháil. Níl 'tarraingtí' ar bith a bhaintear ón ghnó incheadaithe mar chostas.

Ioncam ó chaipiteal

Áirítear ioncam ó chaipiteal sa tástáil mhaoine - maoin, coigiltis agus infheistíochtaí mar shampla. Nuair atá comhúinéireacht ar chaipiteal idir tú féin agus do chéile nó páirtí, déantar leath den luach a mheasúnú mar mhaoin do chéile nó páirtí.

Seo a leanas an foirmle chun acmhainní ó chaipiteal a mheasúnú:

Caipiteal Maoin sheachtainiúil measúnaithe
An chéad €20,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €10,000 eile €2 de réir €1,000
Iarmhéid €4 in aghaidh gach €1,000

Ioncam ó fhoinsí eile

Clúdaíonn ioncam ó fhoinsí eile ioncam cíosa ó maoin atá ligthe ar cíos, ioncam ó phinsean ceirde, íocaíochtaí leasa shóisialaigh eachtracha, ioncam ó chiste iontaobhais, ioncam faoi ghníomhas cúnaint, ioncam airgead tirim eile, srl. Ríomhtar é ar bhonn seachtainiúil.

Ní thógtar na híocaíochtaí leasa shóisialaigh agus FSS seo a leanas san áireamh mar ioncam:

  • Sochar Míchumais
  • Sochar Báis Díobhálacha Ceirde maidir le Dílleachta
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach)
  • Sochar Leanaí
  • Liúntas Cúram Baile
  • Liúntas Leasa Forlíontach
Last Updated: 03/03/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh