Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
Eolas
Spreagann an scéim Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair daoine atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialta áirithe dul i mbun féinfhostaíochta. Coinníonn daoine atá ag glacadh páirte sa scéim Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair ceatadán dá n-íocaíochtaí leasa shóisialta ar feadh 2 bliana.
Ón 1 Bealtaine 2009 ar aghaidh , laghdófar an tréimhse cháilitheachta don LFFO ó 2 bhliain anuas go 12 mhí ar an gcoinníoll go bhfuil bunteidlíocht agat ar an Liúntas Cuardaitheora Poist.
Cuirfear tús ar 1 Bealtaine 2009 le scéim nua Liúntas um Fhilleadh ar an Obair dá ngairtear an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach - féach tuilleadh faoin Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach in 'Rialacha' thíos.
Rialacha
Is féidir leat leas a bhaint as an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair má tá tú:
- Ag bunú gnó féinfhostaithe atá faofa roimh ré ag Éascaitheoir Poist nó Comhlacht Comhpháirtíochta
Agus
- Liúntas Cuardaitheora Poist a bheith á fháil ar feadh 12 mhí
Nó
- A bheith dífhostaithe ar feadh 2 bhliain agus ag fáil Sochair Cuardaitheora Poist. Má tá bunteidlíocht agat don Liúntas Cuardaitheora Poist agus má tá tú dífhostaithe le bliain amháin, is féidir leat cáiliú don liúntas. Mura bhfuil bunteidlíocht agat don Liúntas Cuardaitheora Poist, ní mór duit meascán d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh cáilitheacha a bheith agat le dhá bhliain anuas. Ní féidir síniú i gcomhair creidmheasanna dífhostaíochta tar éis do Shochar Cuardaitheora Poist a chur i dtreo na tréimhse cáiliúcháin.
Nó
- Ag fáil Íocaíocht do Theaghlach Aon Tuismitheora, Liúntas Míchumais, Pinsean Daill, Cúnamh Feirme, Forlíonadh Éagumais, Liúntas Réamhscoir, Pinsean Easláinte, Liúntas Curamóra, Pinsean do Bhaintreach Mná/Fir (Neamh-Ranníocach), Liúntas/Sochar Mná Céile Tréigthe nó Liúntas Mná Céile Priosúnaigh le haghaidh 12 mhí ar a laghad
Nó
- Ag fáil Sochar Bhreoiteachta le haghaidh 3 bliana nó níos mó
- Ag fáil Cúnamh Feirme, ar an gcoinníoll go mbeadh an fhéinfhostaíocht o thaobh an ghalbháltais agus nár leanúint oibriú láithreach ar aghaidh í.
D'fhéadfadh sé go mbeidh tú i dteideal Liúntais Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair má tá tú i do:
- Dhuine fásta cáilithe atá gaolta le duine atá i dteideal agus ag éileamh an Liúntais Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair. Sa chás seo aistríonn an duine atá i dteideal Liúntais Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair a t(h)eidil don Duine Fásta Cáilithe. (Is é sin le rá go mbíonn an Duine Fásta Cáilithe féinfhostaithe agus an bunéilitheoir ina Duine Fásta Cáilithe ar an scéim Liúntas um Fhilleadh ar Obair Fiontar.) Má tá an bunéilitheoir i dteideal éilitheoirí, is féidir leis iad a éileamh i gcónaí..
- Dhuine scaoilte ón bpriosún a shásaíonn na coinníollacha cáilithe don scéim.
Is féidir tréimhse ar bith caite ar chúrsaí traenála FÁS, Scéimeanna Fostaíochta Pobail, Clár Seirbhísí Pobail, Scéím Tionscnamh Jabanna, Fáilte Ireland, TEAGASC, FIT agus scéimeanna um Fhilleadh ar Oideachas a chur san áireamh mar thréimsí dífhostaithe.
Áirítear tréimhsí ina bhfuarthas Liúntas Leasa Forlíontach agus Soláthar Díreach i leith na tréimhse cáiliúcháin ar choinníoll go mbunaíonn an t-iarratasóir teidlíocht ar íocaíocht ábhartha Leasa Shóisialaigh roimh dó/di an scéim a thosú.
Má ghlac tú páirt cheana i scéim LFFO agus má tá do theideal ídithe agat, féadfaidh tú páirt a ghlacadh an athuair má tá 5 bliana ar a laghad imithe ó shin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin ná tréimhsí cáilithe do Liúntais Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair ar an suíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.
Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach
Is Scéim nua um Fhilleadh ar an Obair atá sa Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach. Níl aon tréimhse cháilitheachta i gceist leis. Féadfaidh tú rochtain láithreach a fháil ar an liúntas ach caithfidh tú na coinníollacha cáilitheachta a chomhlíonadh.
Le cáiliú caithfidh tú:
- Teidlíocht a bheith agat do Shochar Cuardaitheora Poist
Agus
- 104 ranníocaíocht a bheith déanta agat nó a bheith cáilithe d'iomarcaíocht reachtúil.
Íocfar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach leat ar feadh bliana amháin ar a mhéid. Tiocfaidh deireadh leis nuair a thiocfaidh deireadh le do theidlíocht don Sochar Cuardaitheora Poist (is é sin, i gceann 9 mí nó 12 mhí).
Cabhair le gnó a thosú
Tá an Ciste um Oiliúint agus um Chúnamh Teicniúil (TAT) deartha le cabhrú le daoine a fhaigheann an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair nó an Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarmach le cuid de na costais a bhaineann le gnó a thosú. Níl teacht agat ar TAT go huathoibríoch; caithfidh cúnamh ón gciste seo a bheith ceadaithe ag an Éascaitheoir Post i d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil. Caithfear íocaíochtaí ón gciste a dhéanamh díreach chuig soláthraí na seirbhíse.
Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi éirí féinfhostaithe.
Deontais fostaíochta
Ní rachaidh deontais fostaíochta ó Bhord Fiontar Contae nó ó chuideachtaí LEADER i gcion ar do theidlíocht maidir leis an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair nó leis an Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarmach.
Rataí
Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
Coinneoidh daoine atá ag glacadh páirte sa scéim Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair roimh 1 Bealtaine 2009 na codanna seo a leanas dá n-íocaíochtaí leasa shóisialta (méadaithe i gcomhair liúntas do Dhuine Fásta Cáilithe agus do Leanbh cleithiúnach san áireamh:
Coinneoidh daoine atá ag glacadh páirte sa scéim Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair na codanna seo a leanas dá n-íocaíochtaí leasa shóisialta (méadaithe i gcomhair liúntas do Dhuine Fásta Cáilithe agus do Leanbh cleithiúnach san áireamh:
- 100% dá n-íocaíocht seachtainiúil leasa shóisialta don 1ú bhliain
- 75% don 2ú bliain
- 50% don 3ú bliain
- 25% don 4ú bliain.
Ó 1 Bealtaine 2009 ar aghaidh, coinneoidh rannpháirtithe nua na céatadáin seo a leanas dá n-íocaíocht leasa shóisialaigh, lena n-áirítear méaduithe do dhuine fásta cáilithe agus do leanaí cáilithe, go ceann 2 bhliain ar a mhéid:
- 100% don chéad bhliain
- 75% don dara bliain.
Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach
Má cháilíonn tú don Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach, coinneoidh tú 100% de d'íocaíocht leasa shóisialaigh seachtainiúil, lena n-áirítear méaduithe do dhuine fásta cáilithe agus do leanaí cáilithe. Íocfar leat é ar feadh bliain amháin ar a mhéid. Tiocfaidh deireadh leis nuair a thiocfaidh deireadh le do theidlíocht don Sochar Cuardaitheora Poist (is é sin, i gceann 9 mí nó 12 mhí).
Sochair tánaisteacha
Coinneoidh tú aon sochair tánaisteacha(seachas Fordheontas Ús Morgáiste nó Cíosa) chomh fada is atá tú ag fáil an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach, chomh fada is go bhfuil d’ioncam teaghlaigh níos lú ná €317.43 comhlán in aghaidh na seachtaine. Cuimsíonn ioncam teaghlaighioncam do chéile nó do pháirtí ach tógann sé ÁSPC agus costais taistil réasúnacha san áireamh. Ní thógtar ioncam ón Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair ná an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach san áireamh chun cuspóirí an teorainn ioncaim seachtainiúil €317.43 ach tógtar do chuid ioncaim ó do chuid oibre san áireamh. Ba chóir duit ceist a chur ar d'Oifigeach Leasa Pobail i d'ionad Sláinte áitiúil chun a fháil amach cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag do rannpháirtíocht sa Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó sa Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach ar do Fhorlíonadh Cíosa nó do Fhordheontas Ús Morgáiste.
Cuimsíonn sochair tánaisteacha:
- Liúntas breosla
- Cárta Leighis (níl an teorainn ioncaim seachtainiúil €317.43 i gceist sa chás seo)
- Fordheontas Aiste Bia
- Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua
- Cíosanna Difreálacha (ó d'údarás áitiúil)
Íocfar an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach díreach isteach i do chuntas bainc nó do chuntas cumainn foirgníochta ar bhunús seachtainiúil. Ní féidir an liúntas a íoc isteach i gcuntas morgáiste.
Ní mór duit dul i dteagmháil leis An Roinn Coimirce Sóisialaí láithreach má thagann deireadh le do fhéinfhostaíocht nó má ghlacann tú le fostaíocht.
Conas iarratas a dhéanamh
Líonfoirm iarratais BTW 2 (pdf) BTW 2 (pdf) chun iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó Liúntas Fiontraíochta GearrthréimhseachLíon chun iarratas a dhéanamh ar an liúntas.
Má tá tú i do chónaí i gCeantar Comhpháirtíochta, ba cheart duit an fhoirm BTW 2 a chur ar ais chuig do Chomlacht Comhphairtíocht Ceantar chun go gcuirfear í faoi bhráid oifigeach fiontair na Comhpháirtíochta. Má tá tú i do chónaí i gceantar nach ceantar comhphairtíochta é, ba cheart duit foirm BTW 2 a chur chuig d'oifigeach leasa shóisialaigh áitiúil chun go gcuirfear í faoi bhráid Éascaitheoir Poist An Roinn Coimirce Sóisialaí.
Breathnóidh an Oifigeach Fiontair/Éascaitheoir Poist ar do thogra gnó agus b'fhéidir go pléfidh sé/sí gnéithe áirithe de leat. Ní cead agat féinfhostaíocht a thosnú go dtí go bhfuil faomhadh scríofa faighte agat dó ón gComhlacht Comhphairtíochta nó An Roinn Coimirce Sóisialaí.
Má ghlactar leat ar an scéim um Fhilleadh ar Obair Fiontar, ní foláir duit clarú mar dhuine féinfhostaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim Gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi fhéinfhostaíocht ó d'oifig cánach áitiúil.
Tuilleadh eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil mar gheall ar an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair, dean teangmháil le:
Seirbhísí Tacaíochta Fostaíochta
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó do Chomhlacht Comhpháirtíochta áitiúil no ó d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.