Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
Eolas
Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin é an Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) atá ar fáil d'fhostaithe a bhfuil clann acu, bídís pósta nó gan a bheith pósta. Tá sé ann le cuidiú le daoine ar phá íseal. Ní cháileoidh tú don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) má tá tú féinfhostaithe, ní mór duit a bheith i d’fhostaí le cáiliú.
Ní mór duit leanbh amháin ar a laghad a bheith agat a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi in éineacht leat nó atá ag fáil tacaíocht airgeadais uait. Ní mór dod' pháiste a bheith faoi 18 mbliana d'aois nó idir 18 mbliana agus 22 bliain d'aois agus in oideachas lánaimseartha.
Le go mbeadh FIT ag dul duit, ní mór meánioncam seachtainiúil an teaghlaigh a bheith faoi leibhéal áirithe de réir líon do chlainne. Is 60% den difríocht idir ioncam glan do theaghlaigh agus an t-uasioncam atá ceadaithe do do theaghlach, an FIT atá duit. (Féach tuilleadh faoi ioncam glan teaghlaigh i 'Rátaí' thíos).
Má tá tú ag fáil FIT d'fheadfadh sé go bhfuil Liúntas um Bhreosla gan Toit agus Liúntas Éadaigh agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ag dul duit freisin.
Má cheapann tú gur diúltaíodh tú go héagórach faoi FIT, nó mura bhfuil tú sásta le cinneadh an Oifigeach Réitigh Leasa Shóisialaigh faoi do liúntais, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh.
Ní thógtar d'ioncam ó FIT san áireamh agus tú do do mheas i gcomhair Cárta Leighis
Rialacha
Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin é FIT do fhostaithe:
- a dhéanann 19 uair a chloig oibre ar a laghad in aghaidh na seachtaine (nó 38 uair ar a laghad in aghaidh na coicíse). Ní féidir leat am a chaith tú i mbun féinfhostaíochta a úsáid chun an coinníoll sin a shásamh.
- a bheidh fostaithe ar feadh 3 mhí ar a laghad
- a bhfuil gasúr amháin ar a laghad faoina gcúram
- atá ag saothrú níos lú ná méid áirithe airgid ag brath ar an líon gasúr sa gclann
Go hiondúil leanann an íocaíocht ar feadh bliana agus ní thagann aon athrú uirthi de bharr ardú pá, mar shampla, nó aon ioncam breise a fhaigheann an teaghlach.
D'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal FIT go fiú agus tú ag fáil Liúntas um Filleadh ar Obair, má bhíonn do ioncam níos lú ná an t-íosmhéid atá ceadaithe do do theaghlach. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi Liúntas um Filleadh ar an Obair.
Ní féidir leat FIT a fháil má tá tú ag glacadh páirt i Scéim Fostaíochta Pobail nó in aon scéim eile de chuid FÁS seachas Tionscnamh Jabanna.
Níl FIT duit in éineacht le:
- Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist
- Pinsean Stáit (Idirthréimhse), nó Liúntas Réamhscoir.
Cothabháil
Cothabháil a íoc:
Más tuismitheoir idirscartha tú agus má tú ag íoc cothabhála d’fhéadfadh sé go gcáileodh tú don FIT. Le cáiliú ní mór go mbeifeá ag cothabháil an tuismitheora a bhfuil cónaí ar na leanaí leis/léi go hiomlán nó i bpáirt. Ní féidir ach aon íocaíocht FIT amháin a dhéanamh maidir le haon teaghlach, ní fhéadfaidh an tuismitheoir a bhfuil tú ag íoc cothabhála leis/léi a bheith ag fáil FIT.
Má tá tú ag íoc cothabhála mar thoradh ar ordú cúirte nó comhaontú atá ina cheangal dlí le haghaidh teaghlach eile,ní dhéanfar méid na híocaíochta cothabhála sin a bhaint den ioncam le measúnú i gcomhair FIT.
Cothabháil a fháil:
Má tá tú ag fáil cothabhála, déanfar méid iomlán d’íocaíochta cothabhála a mheasúnú mar ioncam i gcomhair FIT. Ní féidir ach aon íocaíocht FIT amháin a dhéanamh maidir le haon teaghlach, ní fhéadfaidh an tuismitheoir a bhfuil tú ag fáil cothabhála uaidh/uaithi a bheith ag fáil FIT.
I gcás tuismitheora atá ag fáil cothabhála i gcomhair linbh incháilithe déanfar an chothabháil sin a mheasúnú i gcomhair FIT.
Má chailleann tú do phost nó má laghdaítear d’uaireanta oibre
Má laghdaítear do phá san ionad oibre ní bheidh athrú íocaíochta ar bith don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) Ní bheidh méadú i gceist. Mar sin féin, nuair a chríochnaíonn d’íocaíocht FIT, is féidir leat iarratas a dhéanamh in athuair ag tabhairt sonraí den ioncam nua-laghdaithe atá agat. (Íoctar FIT ar feadh 52 seachtain go hiondúil. Ag deireadh an 52 seachtain, is féidir iarratas a dhéanamh in athuair ar FIT).
Má laghdaítear na huaireanta oibre a oibríonn tú gach seachtain go dtí faoi bhun 19 uair in aghaidh na seachtaine (38 uair in aghaidh na coicíse), ní bheidh tú i dteideal do FIT níos mó. Ba chóir duit fógra a thabhairt don rannóg FIT má thiteann do chuid uaireanta faoi bhun an riachtanais íosta.
Má chailleann tú do phost ní bheidh tú i dteideal FIT níos mó. Caithfidh tú fógra a thabhairt don rannóg FIT.
Rataí
Áirítear FIT mar seo: 60% den difríocht idir uasioncam an teaghlaigh de réir líon na clainne agus ioncam inmheasta an duine/na ndaoine a bhfuil an gasúr/na gasúir faoina chúram/gcúram. I gcás lánúna (pósta nó gan a bheith) cuirtear an dá ioncam san áireamh.
Déantar ioncam ó aon fhoinse (seachas na neamhshuimeanna a luaitear thíos) a mheasúnú mar mhaoin, ach, cé nach bhfuil aon rialacha a chiallaíonn nach féidir caipiteal a mheasúnú, ní dhéanann an Roinn measúnú ar chaipiteal ná scrúdú ar do shonraí cuntais bainc i gcomhair FIT go hiondúil.
Seo a leanas na príomhnithe a chuirtear san áireamh le hioncam a mheas:
- Do phá inmheasta agus pá inmheasta do chéile/pháirtí (Séard é do ioncam inmheasta do phá comhlán lúide cáin, ÁSPC an fhostaí, Ranníocaíocht Sláinte, tobhach ioncaim agus ranníocaíocht aoisliúntais)
- Aon ioncam le chois a fhaigheann tú féin nó do pháirtí ón obair (mar shampla, pá ar ragobair, bónais, liúntais nó coimisiún)
- Aon ioncam atá agat féin nó ag do chéile/pháirtí as féinfhostaíocht
- Ioncam ó phinsean gairme
- Ioncam agat féin nó ag do chéile/pháirtí ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh nó FSS.
- Aon ioncam nach dtuilltear (mar shampla, cé nach ndéantar measúnú ar chaipiteal, déantar measúnú ar d'ioncam seachtainiúil ó thalamh nó maoin a ligean ar cíos)
Ní áirítear na híocaíochtaí seo, áfach, mar ioncam teaghlaigh:
- Sochar Leanaí,
- Liúntas Cúramóra,
- Liúntas nó Pinsean Dílleachta,
- Fordheontas Leasa Shóisialaigh,
- Liúntas Cíosa do thionóntaí a ngoilleann díshrianú cíosa orthu
- Liúntas Cúram Baile,
- Liúntas Cúram Altrama
- i gcásanna áirithe, ioncam ó pháirtfhostaíocht mar chúramóir baile limistéar FSS
- ioncam ó eagraíocht charthanachta
- ioncam de bharr scoláirí Gaeilge a choinneáil sa Ghaeltacht faoi scéim de chuid an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Áiríonn an Roinn Leasa Shóisialaigh do ioncam inmheasta agus do mheánioncam thar thréimhse áirithe.
Más in aghaidh na seachtaine nó na coicíse a íoctar thú, áirítear do mheánioncam seachtainiúil thar thréimhse ceithre seachtaine. Más in aghaidh na míosa a íoctar thú, áirítear do mheánioncam seachtainiúil thar thréimhse ar leith dhá mhí. Má tá do chéile nó do pháirtí féinfhostaithe, áirítear a m(h)eánioncam seachtainiúil ar a (h)ioncam sa tréimhse 12 mí sula ndearna tú do iarratas.
Arís, le go mbeadh FIT ag dul duit ní mór meánioncam seachtainiúil an teaghlaigh a bheith faoi leibhéal áirithe de réir líon do chlainne.
Ó Eanáir 2010
| Líon páistí | Ioncaim teaghlaigh níos lú ná |
| páiste amháin | €506 |
| beirt pháistí | €602 |
| triuir páistí | €703 |
| ceathrar páistí | €824 |
| cúigear páistí | €950 |
| seisear páistí | €1,066 |
| seachtar páistí | €1,202 |
| ochtar páistí | €1,298 |
Tá sé tábhachtach go mbeadh fhios agat go bhfaighidh tú €20 ar a laghad in aghaidh na seachtaine, is cuma cé chomh beag an liúntas atá duit.
Conas iarratas a dhéanamh
Féadfaidh tú foirm iarratais FIT a fháil anseo (pdf) nó féadfaidh tú cóip den fhoirm a fháil ón Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil. Tabharfaidh foireann an Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil chuile chúnamh dhuit leis an bhfoirm a líonadh.
Le dlús a chur le próiseáil do iarratais ar FIT bí cinnte go seolfaidh tú na cáipéisí seo in éineacht leis an bhfoirm iarratais: an fhoirm P60 is deireannaí, 2 duillín pá a fuair tú le gairid agus cóip den Teastas Creidmheasanna Cánach a fuair tú don bhliain chánach reatha.
Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas
Cuir an fhoirm iarratais chomhlánaithe chuig:
An Rannóg um Fhorlíonadh Ioncaim TeaghlaighAn Roinn Coimirce Sóisialaí
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.