Forbhreathnú – Filleadh ar an Obair
Obair a chuardach
Nuair atá tú ag cuardach poist in Éirinn, tá raon foinsí eolais agus tacaíochtaí ann chun cabhrú leat.
Is féidir le do sheirbhís fostaíochta áitiúil (LES) nó Club Poist cabhrú leat chun CV agus iarratais poist a scríobh agus le hoiliúint i scileanna agallaimh. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil amach faoi na seirbhísí tacaíochta seo ó FÁS.
Is í FÁS an phíomhghníomhaireacht rialtais a bunaíodh chun cabhair agus tacaíocht a sholáthar duit nuair atá tú ag cuardach oibre agus ag déanamh iarratais ar phoist.
Post nua a thosú
Má tá obair á thosú agat, caithfidh tí Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí a beith agat. Ba chóir duit do chonradh fostaíochta a sheiceáil freisin agus cinntiú go bhfuil d’asbhaintí cánach agus árachais shóisialta (ÁSPC) ceart nuair a thosaíonn tú post nua.
Is liúntas cánach breise é Cúnamh Poist Ioncaim do dhaoine a bhí dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó tréimhse níos faide ná sin nó atá ag filleadh ar fhostaíocht. Caithfidh íosmhéid de 30 uair an chloig a bheith i gceist leis an bpost agus féidearthacht aige leanúint ar feadh 12 mhí ar a laghad.
Má tá d’ioncam oibre faoi bhun leibhéil áirithe agus leanbh amháin ar a laghad á thacú agat, d’fhéadfá Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) a fháil. Is íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin í FIT. Caithfidh tú 19 uair an chloig nó níos mó a oibriú in aghaidh na seachtaine (nó 38 uair an chloig nó níos mó in aghaidh na coicíse). Is féidir leat na huaireanta seachtainiúla atá oibrithe agat a chomhcheangal le huaireanta oibre do chéile nó páirtí leis an gcoinníoll seo a shásamh. Caithfidh an post leanúint ar feadh 3 mhí ar a laghad.
Gnólacht a thosú
Nuair a bhíonn tú féinfhostaithe, ciallaíonn sé go bhfuil do ghnó féin agat seachas a bheith ag obair d’fhostóir. Is féidir do ghnó a bhunú mar thrádálaí aonair, mar chomhpháirtíocht nó cuideachta theoranta. Tá an cineál struchtúir ag brath ar an gcineál ghnó a bheidh idir láimhe agat. Tá roinnt rudaí le breithniú, cosúil le cáin, árachas agus struchtúir dhlíthiúla nuair atá gnólacht á thosú.
Má tá am caith agat dífhostaithe agus gur mian leat do ghnó féin a bhunú, d'fhéadfá a bheith incháilithe don Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.