Postchúnamh Ioncaim

Eolas

Is liúntas breise cánach é Postchúnamh Ioncaim, a tugadh isteach i 1998, agus atá do dhaoine in Éirinn a bhí dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó níos mó agus atá ag filleadh ar fhostaíocht anois. Is malairt í an scéim ar scéimeanna fostaíochta atá ann anois, amhail an Liúntas um Fhilleadh ar Obair. Lena rá ar bhealach eile, ní féidir úsáid a bhaint as an dá rogha. Is féidir liúntas breise cánach a éileamh as gach leanbh atá incháilithe (féach thíos). Is féidir an liúntas cánach a éileamh go ceann 3 bliana cánach agus is féidir leis tosú leis an mbliain chánach ina dtosaíonn an fhostaíocht nó an bhliain chánach ina dhiaidh sin.

Rialacha

Baineann Postchúnamh Ioncaim leis na grúpaí daoine seo a leanas:

Caithfidh an post atá tú ag tógáil:

  • Caithfidh tú a bheith ag obair ar a laghad 30 uair a chloig sa tseachtain
  • Caithfidh an post a bheith ar feadh tréimhse 12 mí ar a laghad

bileoga eolais faoin Postchúnamh Ioncaim (pdf).

Ní féidir leat leas a bhaint as Postchúnamh Ioncaim ach amháin sa chás go bhfuil post dhá thógáil agat ní bhaineann sé leis an bhféinfhostaíocht. Baineann an liúntas cánach amháin leis an ioncam ón bpost nua a thógann duine. Is féidir le fostaí an post a athrú uair amháin agus fuíollach an liúntais a choinneáil. Is féidir éileamh a dhéanamh ar an liúntas, is cuma cén stádas pósta atá agat.

Leanbh incháilithe

Is é is leanbh incháilithe ann ná leanbh de do chuid atá:

  • Faoi 16 bliana d’aois nó
  • Níos sine ná 16 bliana agus in oideachas lánaimseartha nó in oiliúint mar phrintíseach nuair atá an oiliúint ann ar feadh 2 bhliain ar a laghad nó
  • Éagumasaithe go fisiceach nó go meabhrach, tar éis gur éirigh siad amhlaidh le linn dóibh a bheith in oideachas lánaimseartha nó nuair a bhí siad 21 bliain d’aois.

Is féidir le beirt dhaoine éileamh a dhéanamh ar son an linbh chéanna ach ní féidir ach aon liúntas a éileamh do gach leanbh incháilithe in aon bhliain amháin. Má tá beirt i dteideal éileamh a dhéanamh don leanbh céanna, roinntear an liúntas eatartha mar a leanas:

  • Má tá an leanbh á chothabháil ag duine amháin, faigheann an duine sin an liúntas
  • Má tá an leanbh a chothabháil i gcomhar lena chéile ag 1 nó níos mó daoine, roinntear an creidmheas sa coimhréir chéanna ina gcothabhálann siad an leanbh nó ar an dóigh a socraíonn siadsan i gcomhar lena chéile.

Ag coinneáil sochair thánaisteacha

Le cois an liúntais speisialta cánach, faoin bPostchúnamh Ioncaim, is féidir leat do chárta míochaine a choinneáil go ceann 3 bliana ón dáta a bhfilleann tú ar do chuid oibre. Is féidir leat sochair thánaisteacha eile a choinneáil, amhail Liúntas Breosla, go ceann 3 bliana, ar an gcoinníoll go bhfuil d’ioncam seachtainiúil faoi €317.43. B’fhéidir, áfach, go ndéanfaí laghdú ar mhéid an Forlíonadh Cíosa a fhaigheann tú.

Asbhaint chánach an fhostaitheora

Is féidir le fostaitheoirí a fhostaíonn daoine atá incháilithe do Phostchúnamh Ioncaim asbhaint dhúbáilte a dhéanamh d’ioncam an fhostaí ó ioncam incháinithe a gcuideachta do suas le 3 bliana ar an gcoinníoll go bhfanann an fostaí leo.

Rataí

Tá na liúntais Phostchúnaimh Ioncaim ag do ráta cánach is airde agus léirítear iad mar mhéadú ar do chreidmheasanna cánach mar a leanas:

Bliain a hAon: liúntas breise de €3,810 agus €1,270 do gach leanbh incháilithe
Bliain a Dó ag laghdú chuig dhá thrian den mhéid seo, is é sin, €2,540 agus €847 do gach leanbh
Bliain a Trí aon tríú den mhéid ceadaithe i mbliain a haon, is é sin, €1,270 agus €423 do gach leanbh

Conas iarratas a dhéanamh

Líon isteach Cuid 1 de fhoirm RJA1 (pdf). Tá an fhoirm seo ar fáil ón oifig áitiúil chánach.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas?

Déan teagmháil le d' oifig áitiúil chánach
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7/7/2009

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh