Ag tosú gnó
Eolas
Nuair a bhíonn tú féinfhostaithe ciallaíonn sé go bhfuil tú i mbun do ghnó féin in ionad a bheith ag obair d’fhostóir agus tá roinnt rudaí a chaithfear a chur san áireamh. Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le féinfhostaíocht. Mar shampla, ciallaíonn sé go bhfuil smacht agat ar cad a dhéanann tú, agus go bhfuil tú in ann do chuid uaireanta oibre féin a eagrú. Ar an láimh eile, d'fhéadfadh tú bheith ag obair an-chrua agus b'fhéidir nach mbeadh ioncam rialta agat a thuilleadh.
Is féidir leat do ghnó a thosú mar thrádálaí aonair, comhpháirtíocht nó comhlacht teoranta. Braitheann an cineál struchtúir a roghnaíonn tú ar an saghas gnó a bheidh agat, cé leis a mbeidh tú i mbun gnó agus an meoin atá agat i dtaobh fiontair. Anseo, breathnóidh muid ar ghnó a thosú mar thrádálaí aonair. Sé sin, nuair a thosaíonn tú gnó leat féin. Tá sé simplí gnó a bhunú ar an gcaoi seo, ach má theipeann ar an ngnó, d'fhéadfaí do chuid sócmhainní ar fad a úsáid chun do chreidiúnaithe a íoc.
Ullmhúchán
Baineann an chuid is mó den phróiseas ullmhúcháin don saol féinfhostaíochta le tosú gnó. Tá an t-eolas céanna i gceist más trádálaí aonair, comhpháirtíocht nó comhlacht thú. Tá an treoirleabhar Toil and Trouble (pdf) ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Má tá tú ag teacht go hÉirinn tá eolas ar fáil faoi gnó a chur ar bhun. Soláthraíonn na Boird Fiontar Contae agus Cathrach agus cuideachtaí forbartha áitiúla tacaiochtaí agus comhairle do ghnóthaí atá ag bunú nó ag fás, féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos.
Rialacha
Tá sé d'oibleagáid dlíthiúil ort, nuair ata tú féinfhostaithe, clárú leis Na Coimisinéirí Ioncaim - féach an pháirt thíosluaite faoin dteideal "Cáin" .
Ainm an chomhlachta a chlárú
Is féidir do ghnó a reachtáil faoi d’ainm féin. Má tá tú ag iarraidh ainm a thabhairt ar an gcomhlacht, caithfidh tú an t-ainm a chlárú leis An Oifig um Chlárú Cuideachtaí - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíosluaite. Eiseofar Teastas Ainm Gnó ort agus caithfear é seo a chrochadh in áit feiceálach id ionad gnó. Cabhróidh an bhileog eolais ‘Ainm gnó a chlarú’ leat.
B’fhéidir go dteastóidh cuntas gnó uait i do bhanc. Chabhródh sé seo leat d'ioncam gnó a choinneáil scartha ó d'ioncam phearsanta. Beidh an Teastas don Ainm Gnó ag teastáil uait chun cuntas banc a oscailt.
Cáin
Chun dul i mbun oibre mar thrádálaí aonair caithfidh tú clárú leis Na Coimisinéirí Ioncaim mar dhuine atá féin-fhostaithe do cháin ioncaim – féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Mar dhuine féin-fhostaithe íocfaidh tú cáin faoin
gcóras féinmheasúnaithe. Íocfaidh tú Réamh-Cháin (meastachán den cháin atá iníoctha) ar nó roimh an 31ú Dheireadh Fómhair gach bliain agus déanfar íocaíocht ar cháin roimh an 31ú Dheireadh Fómhair faoi dheireadh na bliana.
Caithfear cuntais ceart a choinneáil chun do thuairisceán cánach a líonadh gach uile bhliain. Caithfidh tú cuntais a choinneáil de:
- Gach táirge agus seirbhís a dhíoltar agus a cheannaítear agus
- Gach suim isteach agus amach.
Caithfear na cuntais a thacaíonn lena gníomhaíochtaí thuasluaite a choinneáil mar shampla sonraisc, ráitis bainc agus cumainn foirgníochta, comhdhuillí seic, admhálacha srl.
Is féidir leat costais áirithe gnó a éileamh in aghaidh cáin ioncaim, chomh maith le do chuid íocaíochtaí pinsin phearsanta.
Is féidir a thuillleadh eolais a fháil i lámhleabhar na gCoimisinéirí Ioncaim A Guide to Self Assessment agus IT48 Ag Bunú Gnó (pdf).
Caithfear clárú do Cháin Bhreisluacha, CBL nó VAT má bhíonn do láimhdeachas bliantúil níos mó ná na teorainneacha bliantúla seo leanas: €70,000 i leith soláthar aon earraí nó €35,500 i leith soláthar aon tseirbhíse. (Roimh 1ú Mhárta 2007 b’iad na teorainneacha €55,000 agus €27,500 faoi seach.)
Fochonraitheoirí: más fochonraitheoir tú agus ag obair sa tionscail foirgníochta, próiseála feola nó foraoiseachta is féidir leat iarratas ar theastas C2 a dhéanamh. Má bíonn C2 agat gheobhaidh tú pá gan aon asbhaint do Cháin Ioncaim Conarthaí Ábhartha (CICA) - feách 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos. Tá tuilleadh eolais faoi CICA d'fhochonraitheoirí sa suíomh gréasáin na Coimisinéirí Ioncaim.
ÁSPC
Má tá tú féinfhostaithe, íocfaidh tú ranníocaíochtaí Aicme S ÁSPC. Beidh tú i dteideal, de bharr seo, raon teoranta de íocaíochtaí árachais shóisialta, ina measc, Pinsean Ranníocach Baintrí/Baintrí Fir, Liúntas Ranníocach dílleachta, Pinsean Stáit, Sochar Máithreachais, Sochar Uchtála, agus An Deontas Méala. Íoctar ranníocaíochtaí ÁSPC Cineál S ag ráta 3% ar gach uile ioncam.
Má tá do ioncam níos mó ná €26,000 íocann tú freisin
Ranníocaíocht Sláinte ar gach uile ioncam. Íocann tú é seo díreach chuig na Coimisinéirí Ioncaim nuair a dhéanann tú do thuairisceán cánach bhliantúil.
Caithfidh tú clárú do árachas shóisialta Cineál S ag An Roinn Coimirce Sóisialaí - féach thíos “Conas iarratas a dhéanamh”. Tá bileog eolais foilsithe ag an Roinn,
Treoir ÁSPC do Dhaoine Féinfhostaithe SW74.
Árachas
Cé nach bhfuil sé d'oibleagáid dlíthiúil ort árachas a bheith agat nuair atá gnó agat, moltar go mbeadh clúdach árachais agat do chásanna áirithe. Go háirithe má tá teacht ag an bpobal ar do láthair ghnó, ba chóir go mbeadh árachas dliteanais phoiblí agat.
Is féidir leat féachaint ar chineálacha eile árachais mar árachas sláinte. Tá seirbhís eolais saor in aisce á soláthar ag Cónaidhm Árachas na hÉireann, áit a bhféadfar eolas agus comhairle a fháil faoi gach uile shórt a bhaineann le h-árachas.
Cead pleanála
Má tá tú ag obair ón mbaile teastóidh cead pleanála uait má bhíonn tú ag úsáid cuid de do áit chónaithe chun gnó a dhéanamh nó má tá tú chun oifig a thógáil i do ghairdín. Ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil chun comhairle a fháil faoi chead pleanála.
Tacaíocht atá ar fáil
Tugann An Scéim Liúntas Fiontair um Fhilleadh ar an Obair spreagadh dóibh siúd atá ag fáil íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh in Éirinn a bheith féinfhostaithe. Má ghlacann tú páirt sa Scéim um Fhilleadh ar Obair, coinníonn tú céatadán de do íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar feadh 4 bliana. Má tá tú ag tosú gnó, is féidir leat a thuilleadh tacaíochta a fháil, mar shampla deontais do chúrsaí traenála, taighde margaíochta, pleananna gnó agus fáil ar iasachtaí chun trealamh a cheannach. D'fhéadfadh tú cúnamh a fháil chun árachas dliteanais phoiblí a íoc chomh maith - féach “conas iarratas a dhéanamh" thíos.
Má tá deacrachtaí agat le creidiúnaithe, is féidir comhairle a fháil ón tSeirbhís Bhuiséada agus Chomhairle Airgid, seirbhís saor-in-aisce agus rúnda do dhaoine in Éirinn atá i bhfiacha nó a bhfuil fadhbanna bainistiú airgid acu.
Conas iarratas a dhéanamh
Chun clárú leis Na Coimisinéirí Ioncaim mar thrádálaí aonair atá féinfhostaithe, caithfidh tú foirm cláraithe cánach, TR1 (pdf) a líonadh. Is féidir clárú do cháin bhreisluacha, CBL, leis an bhfoirm seo chomh maith. Gheobhaidh tú “Fógra Cláraithe” ag deimhniú go bhfuil tú cláraithe do cháin ioncaim, agus i gcásanna áirithe, CBL freisin.
Más fochonraitheoir tú agus bíonn tú ag obair sa tionscail foirgníochta, próiseála feola nó foraoiseachta, caithfidh tú agus an príomhchonraitheoir an fhoirm RCT1 (pdf) a chomhlánú. Ní mór duit foirm RCT5 (pdf) a chomhlánu chun iarratas a dhéanamh ar C2.
Chun ainm do ghnó a chlárú caithfidh tú iarratas a dhéanamh go dtí An Oifig um Chlárú Cuideachtaí, ag baint úsáid as an fhoirm RBN1 nó ar líne tríd CORE (Companies Online Registration Environment).
Chun clárú do Chineál S, árachas shóisialta caithfidh tú an fhoirm SE3 (pdf) a líonadh don Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.
Chun eolas a fháil faoi Árachas Sóisialta agus Pá-Choibhneasa do lucht féinfhostaíochta is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó An Rannóg Féinfhostaíochta sa Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.
Chun a thuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Liúntais um Fhilleadh ar Obair is féidir teagmháil a dhéanamh leis na Seirbhísí um Thacú Fostaíochta sa Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Déan teagmháil le do oifig cánach áitiúil.Déan teagmháil le do bhord fiontar áitiúil.
Déan teagmháil le do chuideachta forbartha áitiúla (doc).
An Oifig um Chlárthú Cuideachtaí
An Roinn Sóisialacha agus Teaghlaigh
Seirbhísí Tacaíochta Fostaíochta
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.