Ag tosú an phost nua
Eolas
Má tá tú ag filleadh ar an bhfostaíocht tar éis a bheith díomhaoin fada go leor, tá roinnt roghanna le cur san áireamh agus bearta ba cheart duit a dhéanamh sula dtosaíonn tú ar an obair. Féadfaidh an tOifigeach Seirbhísí Fostaíochta san oifig áitiúil de chuid FÁS comhairle a thabhairt duit faoi dheiseanna fostaíochta agus oiliúint - féach leat 'Where to apply' anseo thíos. Féadfaidh tú freisin dul i gcomhairle le FÁS Poist Éireann ar-líne le aghaidh mionsonraí faoi fholúntais i bpoist agus faoi chúrsaí oiliúna.
Tacaí eile
Má tá tú dífhostaithe b'fhéidir go bhféadfaidh tú do chárta liachta nó d'Fhordheontas Cíosa a choinneáil nuair a rachaidh tú i mbun oibre - féach leat ina dhiaidh seo. Más post ar phá íseal a fuair tú agus go bhfuil muirín ort, b'fhéidir go mbeidh teideal agat ar Fhorlíonadh Ioncam Teaghlaigh. Má tá tú dífhostaithe fada go leor agus nach bhfuil aon phost faighte agat fós, b'fhéidir go mbeidh tú incháilithe do scéim fostaíochta. Tá tacaí fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumais ann.
Cáin agus ÁSPC
Má tá tú ag filleadh ar an bhfostaíocht tar éis a bheith díomhaoin fada go leor, ba cheart duit deimhin a dhéanamh de go bhfuil na hasbhaintí cánach agus ÁSPC a dhéantar ar do phá ceart.
Cáin
Caithfidh d'fhostóir nua cáin a bhaint as do phá faoin gcóras ÍMAT ó thús do fhostaíocht. Chun a chinntiú go ndéileáiltear i gceart le do cháin ón tús agus go mbaineann do fhostóir an cháin cheart as do phá, ní mór duit dhá rud a dhéanamh:
- Tabhair d'uimhir PSP (Pearsanta Seirbhís Poiblí) - don fhostóir agus faigh a (h)uimhir chláraithe fostóra.
- Cuir isteach ar theastas creidmheasanna cánacha (teideal oifigiúil: "Fógra Dearbhú Creidmheasanna Cánacha agus Pointe Scoir an Meán Ráta") tré teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim tabhair d'uimhir PSP agus uimhir chláraithe an fhostóra - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos.
- Muna bhfuil uimhir PSP agat déan teagmháil leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh áit a dhéanfar d'uimhir a lorg nó a thabharfar uimhir duit.
- Nuair a fhaigheann tú d'uimhir, líon Foirm 12A (pdf) agus cuir isteach í chuig na Coimisinéirí Ioncaim, tá sí ar fáil ó aon oifig chánach, ó shuíomh idirlín na gCoimisinéirí ioncaim nó ó Rannóg foirmeacha agus bileoga na gCoimisinéirí Ioncaim ag Lo Call 1890 306 706.
Bheadh sé níos fearr dá dtógfá na céimeanna seo chomh luath is a ghlacann tú le tairiscint poist, bíodh muna bhfuil ann ach obair pháirt-aimseartha nó obair shaoire. Tabharfaidh sé seo deis don fhostóir agus don oifig chánach rudaí a fháil réitithe roimh do chéad lá pá.
Cuirfidh an oifig chánach fógra chugat agus chuig do fhostóir maidir le do chreidmheasanna cánacha agus pointe scoir an meán ráta.
Muna bhfuil cúrsaí cánacha réitithe amach agat faoin am a thosaíonn tú ag obair beidh ar d'fhostóir cáin a asbhaint are bhunús "cáin éigeandála".
ÁSPC
Nuair a thugann tú d'uimhir PSP (Pearsanta Seirbhís Poiblí) dod' fhostóir beidh do ranníocaíochtaí leasa shóisialaigh dhá gclárú in éineacht le aon ranníocaíochtaí a d'íoc tú i dtréimhsí fostaíochta roimhe seo.
Má tá tú amuigh as an bhfórsa oibre le cúpla bliain anuas, níl tú i dteideal íocaíochtaí gearrthéarma leasa shóisialaigh cosúil le Sochar Breoiteachta láithreach. Tá tú clúdaithe láithreach, áfach, i gcomhair sochar gortuithe, sa chás nach féidir leat obair mar thoradh ar thimpist ag an obair.
Braitheann sé ar cén cinéal sochair atá tú ag cur isteach air agus do chúinsí roimh duit filleadh ar an obair cé chomh luath agus a cháilíonn tú le haghaidh na sochair leasa shóisialaigh éagsúla. Tuilleann tú íocaíochtaí cridiúnaithe, má, mar shampla, tá tú tinn nó dífhostaithe. Sna cúinsí seo ní gá go ndéanfar aon asbhaint ÁSPC, ach d'fhéadfá a bheith i dteideal íocaíochtaí creidiúnaithe ina áit. Tugtar íocaíochtaí creidiúnaithe le haghaidh aon tréimhse a fhaigheann tú íocaíochtaí mar Sochar Breoiteachta, Cuardaitheora Poist, Máithreachais nó Uchtaithe, nó Pinsean Easláinte nó Scoir.
Má thárlaíonn sé ag am ar bith de do shaol oibre nach bhfuil aon ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha nó mar íocaíochtaí creidiúnaithe ar feadh dhá bhliain iomlán as a chéile, ní féidir leat íocaíochtaí creidiúnaithe a fháil go dtí go bhfileann tú ar an obair agus ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat ar feadh ar a laghad 26 seachtain.
Cárta liachta agus Fordheontas Cíosa a choinneáil
Cárta liachta
Má tá tú dífhostaithe agus tú anois ag filleadh ar an obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha, féadfaidh tú do chárta liachta a choinneáil go ceann 3 bliana ar chuntar go bhfuil tú ag fáil ceann de na liúntais nó na sochair seo le 12 mhí nó níos faide:
- Sochar Cuardaitheora Poist
- Liúntas Cuardaitheora Poist
- Íocaíocht do Theaghlach Aonthuismitheora
- Sochar Breoiteachta
- Liúntas Míchumais
- Pinsean na nDall nó
- Go raibh tú ar scéim dhreasachta fostaíochta nó ar scéim dheiseanna oideachais
Má théann tú i mbun fostaíochta lánaimseartha coinneoidh tú do chárta liachta go ceann 3 bliana ón dáta ar thosaigh tú ar an obair. Má théann tú i mbun fostaíochta páirtaimseartha tosaíonn an tréimhse trí bliana an lá a sáraíonn d'ioncam an treoirlíne chuí don chárta liachta. Tá mionsonraí eile faoi choinneáil na gcártaí liachta i d Treoirlínte Measúnaithe Náisiúnta Cártaí Liachta/Cártaí Cuairte DG (pdf) de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Fordheontas Cíosa
Ón 5 Meitheamh 2007 amach, má tá tú dífhostaithe nó gan a bheith fostaithe go lánaimseartha le 12 mhí ar a laghad agus más é an measúnú ort go bhfuil tú i ngátar tithíochta de bhun na
Scéime um Chóiríocht ar Cíos b'fhéidir go mbeidh tú i dteideal d'
Fhordheontas Cíosa a choinneáil.
Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas
An
oifig cánach áitiúil.
An
oifig leasa shóisialaigh áitiúil
An
oifig áitiúil de chuid FÁS
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.