Cóid um chosaint tomhaltóirí agus morgáistí

Réamhrá

Tá institiúidí iasachta, ar nós banc agus cumainn foirgníochta, faoi cheangal ag dhá chód iompair reachtúla i dtaca le morgáistí. Is iad seo an Cód Iompair maidir le Riaráistí Morgáiste de chuid an Bhainc Cheannais (CIRM) agus an Cód um Chosaint Tomhaltóirí, 2012 lena ngabhann.

Oibríonn údaráis áitiúla faoina mhacasamhail de rialacha de ghnáth. Maidir le daoine a bhfuil deacrachtaí acu agus na hiasachtaí atá acu ón údarás áitiúil a aisíoc, tá dhá phíosa reachtaíochta ann, mar aon le treoirlínte, a fhorálann go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil socruithe chun déileáil leis an gcás – (féach ‘Iasachtaí ó údaráis áitiúla’ thíos).

Má tá deacrachtaí agat do mhorgáiste a íoc, ba cheart duit labhairt leis an institiúid iasachta a luaithe is féidir. Ní mór do d’iasachtóir roinnt bearta a ghlacadh chun déileáil le haon fhadhbanna atá agat maidir le do mhorgáiste a íoc. Ba cheart go mbeadh athshealbhú do thí beart deiridh an iasachtóra.

Cód Iompair um Riaráistí Morgáiste(CIRM)

Tháinig leagan nua Chód Iompair um Riaráistí Morgáiste (CIRM) an Bhainc Cheannais i bhfeidhm an 1 Iúil 2013. Is é seo an príomhchód ábhartha do dhaoine a bhfuil a morgáiste tar éis riaráistí a chruthú nó atá i mbaol riaráistí a chruthú.

Ceanglaíonn an CIRM ar iasachtóirí morgáiste glacadh le nósanna imeachta sonracha nuair a bhíonn siad ag déileáil le hiasachtaithe atá thíos le deacrachtaí airgeadais agus le riaráistí. Ní mór go ndíreofar na nósanna imeachta siúd ar chabhrú leat sa mhéid is féidir faoi do chúinsí féin ar leith.

Go ginearálta, ceanglaíonn an CIRM ar iasachtóirí fanacht 8 mí sula dtugann siad faoi chaingean dlí faoi mhorgáistí ag a bhfuil riaráistí. Ní bhíonn an ceanglas seo i gceist, áfach, mura bhfuil iasachtaí ag comhoibriú leis an iasachtóir d’aon turas – féach thíos.

Beag beann ar an bhfad a ghlacann sé ar d’iasachtóir do chás a mheas, agus a fhad agus a bhíonn tú ag comhoibriú, ní mór go dtabharfar fógra 3 mhí duit, ar a laghad, sular féidir leo tús a chur le himeachtaí dlí:

  • Sa chás nach gcuireann d’iasachtóir socrú eile aisíoctha ar tairiscint duit do do mhorgáiste
  • Sa chás nach nglacann tú le socrú eile aisíoctha a cuireadh ar tairiscint duit

Tabharfaidh seo roinnt ama duit chun machnamh a dhéanamh ar roghanna eile, ar nós géilleadh deonach, díol deonach nó Socrú Dócmhainneachta Pearsanta.

Gan bheith ag comhoibriú

D’fhéadfaí a mheas nach bhfuil tú ag comhoibriú:

  • Mura nochtann tú faisnéis thábhachtach go hiomlán agus go hionraic nó
  • Má theipeann ort an fhaisnéis ábhartha a sholáthar laistigh de thráth réasúnta nó
  • Má tá tú i riaráistí ar feadh trí mhí, agus theip ort, lena linn sin, teagmháil a dhéanamh leis an iasachtóir nó chun freagra a thabhairt ar a t(h)eagmháil leat, nó níor leor d’fhreagra chun measúnú iomlán a dhéanamh ar do chúinsí nó
  • Má d’iontráil tú comhaontú eile aisíoctha agus tá trí mhí caite, agus ní dhearna tú na híocaíochtaí eile go hiomlán lena linn nó
  • Murar iontráil tú comhaontú eile aisíoctha agus tá trí mhí caite, agus níor íoc tú do mhorgáiste agus níor íoc tú do chuid riaráistí

Sula meastar nach bhfuil tú ag comhoibriú, is gá don iasachtóir scríobh chugat, agus 20 lá gnó a thabhairt duit chun gníomhartha sonracha a ghlacadh chun cabhrú leis/léi do chuid cúinsí a mheas. Ní mór dóibh foláireamh a thabhairt duit ar na hiarmhairtí a bheidh i gceist mura gcomhoibríonn tú agus a mholadh duit go lorgaíonn tú an chomhairle chuí. Sa mhullach air sin, d’fhéadfaidís an cheist a phlé leat maidir le fiachas a bheith fós le híoc tar éis athshealbhú nó díola.

Má dhéantar thú a rangú gan bheith ag comhoibriú, ní bhronnfar ort cosaint an CIRP agus féadfaidh an t-iasachtóir tús a chur le himeachtaí dlí láithreach. Féadfaidh tú an cinneadh a achomharc go rangófar thú gan bheith ag comhoibriú.

Scóip an CIRM

Baineann an CIRM le morgáistí maidir le príomháiteanna cónaithe amháin. Sainmhínítear sa Chód príomháit chónaithe mar seo a leanas, “réadmhaoin chónaithe sa Stát seo arb í an réadmhaoin chónaithe amháin atá faoi úinéireacht an iasachtaí”, mar aon leis an sainmhíniú níos coitianta – “an réadmhaoin chónaithe atá á háitiú ag an iasachtaí mar a p(h)ríomháit chónaithe sa Stát seo” (do phríomhtheach).

Is í aidhm an tsainmhínithe níos fairsinge seo cosaintí an CIRM a chur i bhfeidhm do dhaoine atá ag iarraidh a n-ioncam a uasmhéadú chun cuidiú leis an morgáiste a íoc ar a bpríomháit chónaithe nó ar a bpríomhtheach, má chónaíonn siad ann nó a mhalairt.

Cuimsítear sa Chód, freisin, iasachtaithe i réamhriaráistí. Tugtar an sainmhíniú a leanas ar réamhriaráistí: “Eascraíonn cás réamhriaráistí sa chás go ndéanann an t-iasachtaí teagmháil leis an iasachtóir chun a chur in iúl dóibh go bhfuil deacrachtaí airgeadais ag bagairt orthu agus/nó go bhfuil siad buartha faoi riaráistí morgáiste a chruthú”.

Baineann an CIRM le gach iasachtóir morgáiste a oibríonn sa Stát agus iad ag deileáil le h-iasachtaithe atá i riaráistí morgáiste nó i mbaol riaráistí morgáiste ar a bpríomhápit chónaithe, lena n-áirítear aon ghníomhaíochtaí iasachtaithe morgáiste arna bhfoinsiú allamuigh ag na hiasachtóirí seo.

Ní bhaineann sé le comhair chreidmheasa nó le h-údaráis áitiúla (féach ‘Iasachtaí ó údaráis áitiúla’ thíos).

Le blianta beaga anuas tá athruithe déanta ar na cosaintí atá ar fáil duit má dhíoltar do mhorgáiste le tríú páirtí, le haghaidh tuilleadh faisnéise féach ‘Cóid a bhfuil feidhm acu má dhíoltar do mhorgáiste’ thíos.

Ceanglais an CIRM

Leagtar amach sa CIRM an chreatlach nach mór d’iasachtóirí úsáid nuair a bhíonn siad ag déileáil le hiasachtóirí a chruthaigh riaráistí morgáiste nó atá i réamhriaráistí. Ceanglaítear ar iasachtóirí gach cás den chineál sin a láimhseáil go báúil agus go dearfach, agus é i gcónaí bheith i gceist acu cabhrú le daoine a gcuid oibleagáidí morgáiste a chomhlíonadh.

Ní mór d’iasachtóirí an méid a leanas a bheith acu faoin gCIRM:

  • Próiseas Réitigh do Riaráistí Morgáiste (PRRM) a úsáidtear nuair atáthar ag déileáil le custaiméirí riaráistí agus réamhriaráistí. Is iad na 4 chéim don PRRM:
  1. Cumarsáid
  2. Faisnéis airgeadais
  3. Measúnú agus
  4. Réiteach
  • Aonad Tacaíochta Riaráistí (ATR) le measúnú a dhéanamh ar chásanna riaráistí agus réamhriaráistí
  • Bord Achomharc inmheánach chun breithniú a dhéanamh ar achomhairc ó iasachtaithe

Léigh níos mó faoin bPróiseas Réitigh do Riaráistí Morgáiste.

Ní mór d’iasachtóirí a méid a leanas a dhéanamh chomh maith:

  • A chinntiú go gcuirtear cumarsáid le hiasachtaithe i láthair ar bhealach soiléir agus cairdiúil don tomhaltóir. Ba cheart go mbeadh leibhéal na cumarsáide comhréirí agus gan a bheith iomarcach.
  • Gan cumarsáid rialta gan ghá a dhéanamh
  • A chinntiú nach bhfuil an chumarsáid a dhéantar le hiasachtaithe ina iompar ionsaitheach, imeaglach nó ciaptha
  • A chinntiú go dtugtar dóthain ama d’iasachtaithe chun gníomh a chur i gcrích ar thug siad gealltanas ina leith sula ndéantar iarracht tabhairt faoi chumarsáid leantach
  • Leabhrán faisnéise a chur ar fáil d’iasachtaithe a chruthaigh riaráistí (nó atá i mbaol riaráistí a chruthú), lena n-áirítear sonraí faoin PRRM, na pointí ábhartha teagmhála le haghaidh saincheisteanna riaráistí agus sonraí faoi láithreáin ghréasáin ar a bhfuil faisnéis faoi riaráistí morgáiste, ar nós mabs.ie.
  • Mír thiomnaithe a sholáthar ar a láithreán gréasáin d’iasachtaithe ag a bhfuil deacrachtaí airgeadais nó atá i mbaol deacrachtaí airgeadais. Ní mór go n-áireofar sa mhír seo an leabhrán thuas agus naisc leis na láithreáin ghréasáin thuas.
  • Fan ar a laghad 8 mí sula ndéantar iarratas ar na cúirteanna chun tús a chur le caingean dlí maidir le hathshealbhú réadmhaoine (ní bhaineann seo mura bhfuil an t-iasachtaí ag comhoibriú leis an iasachtóir)

Níor cheart d’iasachtóirí an méid a leanas a dhéanamh:

● Iasachtóir a dhéanamh i riaráiste nó athrú réamhriaracháin ó mhorgáiste rianaithe reatha go cineál morgáiste eile mar chuid de shocrú malartach a thairgtear don iasachtaí, mura rud é nach bhfuil aon cheann de na roghanna a cheadódh don iasachtaí ráta úis an rianaithe a choinneáil oiriúnach agus inbhuanaithe do chúinsí aonair an iasachtaí.

Má tá morgáiste rianaithe agat agus má tá socrú malartach aisíocaíochta á thairiscint ag an iasachtóir duit a chiallaíonn go mbeidh ort athrú go cineál eile morgáiste ba cheart duit comhairle airgeadais agus/nó dlí neamhspleách a fháil.

Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a chaitheann an t-iasachtóir le do chás, nó má bhraitheann tú nár chomhlíon siad an CIRM, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an iasachtóir faoi Chód um Chosaint Tomhaltóirí 2012 an Bhainc Cheannais.

Mura bhfuil tú sásta le toradh achomhairc nó gearáin, féadfaidh tú an cheist a chur faoi bhráid an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean. Áfach, ní féidir leis an an tOmbudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean gearán a shaothrú i gcoinne Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc (IBRC) gan toiliú na hArd-Chúirte.

D’fhoilsigh Ionaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce (ICDSanna) treoir maidir leis an CIRM (pdf).

Cód um Chosaint Tomhaltóirí 2012

Baineann Cód um Chosaint Tomhaltóirí 2012 an Bhainc Cheannais le gníomhaíochtaí rialaithe aonán rialaithe a oibríonn sa Stát.

Áirítear leis an gCód ceanglais lena mbaineann a leagan amach conas ar cheart d’aonáin rialaithe déileáil le tomhaltóirí agus iad a láimhseáil atá i riaráistí ar réimse iasachtaí, lena n-áirítear cártaí creidmheasa, iasachtaí pearsanta agus morgáistí ceannaigh chun ligean. Ní bhaineann sé le morgáistí ar phríomháit chónaithe – cuimsítear seo sa Chód Iompair do Riaráistí Morgáiste amhail a shonraítear thuas.

Ceanglaíonn an Cód um Chosaint Tomhaltóirí ar iasachtóirí féachaint le cur chuige a chomhaontú a chabhróidh le tomhaltóir maidir le déileáil le fadhb riaráistí.

Foráiltear sa Chód, freisin, nach mór don iasachtóir:

  • Nósanna imeachta i scríbhinn a bheith i bhfeidhm maidir le riaráistí a láimhseáil agus chun faisnéis a chur ar fáil chun cabhrú leat maidir le déileáil le riaráistí
  • Sa chás go bhfanann do chuntas i riaráistí deich lá i ndiaidh gur eascair na riaráistí, chun dul i dteagmháil leat láithreach chun cúis na riaráistí a dheimhniú
  • A chinntiú gur comhréireach seachas iomarcach an leibhéal teagmhála agus cumarsáide uathu, nó ó aon tríú páirtí a ghníomhaíonn ar a son.

Níor cheart d’iasachtóirí an méid a leanas a dhéanamh:

  • Tús a chur le breis agus 3 chumarsáid gan iarraidh le hiasachtaí, ar cibé bealach, i mí féilire, seachas comhfhreagras a cheanglaítear faoin CIRM nó faoi cheanglais reachtúla eile. (Ní áirítear leis an teorainn seo gach glao nár freagraíodh ná uimhreacha gafa.)

Leagann an Cód amach rialacha freisin maidir leis an gcaoi a gcaithfidh iasachtóirí aon ghearáin a dhéanann tú faoin gcaoi a bhfuil an t-iasachtóir ag déileáil leat a láimhseáil. Ní mór na gearáin seo a láimhseáil go tapa, go héifeachtach agus go cothrom. Tá rialacha mionsonraithe sa Chód maidir le cé chomh minic is cóir do ghnólacht teagmháil a dhéanamh leat chun tú a choinneáil ar an eolas faoi do ghearán.

D’fhoilsigh an Banc Ceannais treoir do thomhaltóirí maidir leis an gCód um Chosaint Tomhaltóirí (pdf).

Cóid atá i bhfeidhm má dhíoltar do mhorgáiste

Roimh 2015, dá ndíolfadh iasachtóir do mhorgáiste le gnólacht tríú páirtí nach raibh á rialáil ag an mBanc Ceannais, d’fhéadfá na cosaintí faoin CBCC agus faoin gCód um Chosaint Tomhaltóirí a chailleadh.

Faoin Acht um Chosaint Tomhaltóirí (Gnólachtaí Seirbhísithe Creidmheasa a Rialáil), 2015, ba ghá d’aon ghnólacht a cheannaigh iasachtaí morgáiste agus nach raibh á rialáil iad féin, gnólacht seirbhísithe creidmheasa a cheapadh chun gníomhú ar a son. Bhí gnólachtaí seirbhísithe creidmheasa á rialú ag an mBanc Ceannais agus bhí orthu cloí leis an CCMA agus leis an gCód um Chosaint Tomhaltóirí, díreach mar a bhí ag an iasachtóir bunaidh.

An 21 Eanáir 2019, rinneadh an dlí a nuashonrú leis an Acht um Chosaint Tomhaltóirí (Gnólachtaí Seirbhísithe Creidmheasa a Rialáil), 2018. Anois caithfidh gnólachtaí a cheannaíonn leabhair iasachta ón buniasachtóir a bheith faoi rialú ag an mBanc Ceannais.

Iasachtaí ó údaráis áitiúla

Forálann Alt 11 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992 go bhféadfadh an t-údarás áitiúil a leithéid de shocruithe airgeadais a dhéanamh leat a mheasann siad a bheith cothrom cóir chun do chuid cúinsí ar leith a chur san áireamh. Ciallaíonn sé sin go bunúsach, má tá fadhbanna agat do chuid aisíocaíochtaí a íoc, gur chóir duit dul chuig d’údarás áitiúil féachaint an féidir leat socrú a dhéanamh le cabhrú leat íoc thar thréimhse níos faide nó na híocaíochtaí a athstruchtúrú ar bhealach éigin eile.

Eisíodh treoirlínte d’údaráis áitiúla maidir le conas déileáil le cásanna dá samhail sin. Tá iad seo bunaithe ar an gCód Iompair maidir le Riaráistí Morgáiste de chuid an Bhainc Cheannais, a shonraítear thuas.

Forálann Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009 sa chás go bhfuil airgead gan íoc agat le húdarás áitiúil de bharr cíosa nó de bharr aisíocaíochtaí iasachta, agus go dtuigeann an t-údarás áitiúil go mbeifeá thíos le cruatan míchuí murach sin, féadfaidh siad socrú a dhéanamh leat go n-aisíocfaidh tú iad trí thráthchodanna. Tá feidhm ag an alt seo (Alt 34) i gcás socruithe maidir le haisíocaíochtaí iasachta ón 14 Meitheamh 2010 i leith ach níl feidhm aige maidir le cíos.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Meán Fómhair 2023