Fiachas morgáiste agus cóid um chosaint tomhaltóirí

Réamhrá

Gach seans gurb é an morgáiste ar do theach nó ar d'árasán an ceangaltas airgeadais is mó agus is tábhachtaí atá agat. Mura bhfuil tú in ann leanúint le d'aisíocaíochtaí morgáiste, is féidir go ndéanfaidh an institiúid iasachtaí (banc nó cumann foirgníochta) iarracht do theach a athshealbhú ar deireadh.

Má tá fadhb agat morgáiste a íoc, ba chóir duit labhairt leis an institiúid iasachtaí chomh luath agus is féidir. Caithfidh d'iasachtóir céimeanna áirithe a thógáil chun déileáil le fadhbanna ar bith atá agat morgáiste a íoc. Ba chóir go mbeadh athshealbhú tí mar bheart deiridh ag iasachtóir.

Tá institiúidí iasachtaí cosúil le bainc agus cumainn foirgníochta faoi cheangal ag cóid iompair maidir le daoine a bhfuil deacrachtaí acu morgáiste a íoc (féach 'Cóid um chosaint tomhaltóirí' thíos).

Iasachtaí agus fiachais eile

Fiú mura bhfuil morgáiste tí agat, d'fhéadfadh baol athshealbhaithe a bheith ann má tá fiachais eile agat. Má charnann tú fiachais eile agus nach bhfuil tú ábalta iad a aisíoc, d'fhéadfadh na daoine lena bhfuil airgead le haisíoc agat an fiachas a chlárú mar 'bhreithiúnas morgáiste' in aghaidh do thí agus iarracht a dhéanamh an t-airgead a aisghabháil ar an mbealach sin (féach ár ndoiciméad maidir le hathshealbhú).

Deacracht morgáiste a íoc

Is iasacht é morgáiste tí ó institiúid iasachtaí chun cabhrú leat teach nó árasán a cheannach. Nuair a fhaigheann tú morgáiste, faigheann an institiúid iasachtaí éileamh ar do mhaoin. Má tá fadhb agat morgáiste a íoc, nó más dóigh go mbeidh fadhb agat, ba chóir duit labhairt leis an institiúid iasachtaí chomh luath agus is féidir. Déanann na Cóid um Chosaint Tomhaltóirí foráil go gcaithfidh d'iasachtóir céimeanna áirithe a thógáil chun déileáil le fadhbanna ar bith atá agat morgáiste a íoc, roimh iarracht a dhéanamh do mhaoin a athshealbhú.

Beidh na fadhbanna níos measa má bhíonn tú ag moilliú agus ag carnadh riaráistí íocaíochta. Ní theastaíonn ó institiúidí iasachtaí do theach a athshealbhú. Teastaíonn uathu go leanfá le d'íocaíochtaí.

Má tá fiacha agat nó má tá do chuid deacrachtaí airgeadais ag tosú, is féidir leat cúnamh a fháil ón tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS). Soláthraíonn MABS seirbhís saor in aisce chun cabhrú leat déileáil le fiachas agus buiséad a dhéanamh bunaithe ar d'ioncam.

Má tá deacrachtaí agat morgáiste a íoc toisc go bhfuil tú dífhostaithe nó ag obair níos lú ná 30 uair an chloig in aghaidh na seachtaine, d'fhéadfá a bheith i dteideal Fordheontas Ús Morgáiste a fháil.

Ceithre chéim thábhachtacha

Chomh luath agus a thugann tú faoi deara go bhféadfadh fadhb a bheith agat do mhorgáiste a íoc, is féidir leat tús a chur le gníomhartha le déileáil leis. D'fhéadfadh comhairleoir MABS cúnamh a thabhairt duit leis seo, agus d'fhéadfá bualadh leis/léi tú féin nó an líne cabhrach a úsáid. Is féidir leat úsáid a bhaint as an mbealach féinchabhrach 4 chéim a ndéantar cur síos mionsonraithe air ar láithreán gréasáin MABS freisin. Is féidir achoimre a thabhairt ar an mbealach 4 chéim mar seo a leanas:

  1. Déan measúnú ar do chás. Déan liosta de do chuid fiachais ar fad. Déan cinnte go bhfuil gach fiach i d'ainm. Aithin na fiacha is gá aird a thabhairt orthu láithreach ( riaráistí morgáiste, (pdf) mar shampla). Téigh i dteagmháil leis na hiasachtóirí láithreach - is fearr é seo a dhéanamh i scríbhinn. Tá litreacha samplacha ar fáil ar láithreán gréasáin MABS.
  2. Déan buiséad. Déan liosta den mhéid airgid atá ag teacht isteach i do theaghlach gach seachtain (nó gach mí) agus cén mhéid atá ag dul amach. Is féidir leat oibriú amach ansin cén mhéid is féidir leat a chur i dtreo do chuid fiacha a íoc agus an phleanáil is fearr is féidir a dhéanamh ar do chaiteachas amach anseo. Is féidir leat bileoga buiséadta agus dialanna caiteachais bána a fháil ó láithreán gréasáin MABS nó ón líne cabhrach.
  3. Déileáil leis an bhfiachas. Scríobh chuig an iasachtóir, ag déanamh tairisceana faoin méid atá sé d'acmhainn agat a íoc agus ag míniú do staid airgeadais. Tá litreacha samplacha agus ráitis airgeadais bána ar láithreán gréasáin MABS.
  4. Socraigh modh chun an méid comhaontaithe a íoc. Is féidir leat é seo a dhéanamh ar roinnt bealaí, cosúil le dochar díreach, baincéireacht ar líne nó Cuntas Buiséadta MABS.

Cóid um Chosaint Tomhaltóirí

Tá dhá chód iompair reachtúla ann d'iasachtóirí morgáistí agus iad ag déileáil le riaráistí morgáistí. Is iad sin ná cód um chosaint tomhaltóirí an Rialtóra Airgeadais, atá i bhfeidhm ón mbliain 2007 i leith, agus Cód Iompair i leith Riaráistí Morgáiste an Rialtóra Airgeadais, a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra 2009.

Chomh maith leis sin, tá Léiriú Intinne foirmiúil eisithe ag Cónaidhm Baincéireachta na hÉireann, ag tabhairt le fios nach ndéanfaidh a cuid ball caingean dlí a thionscnamh in aghaidh custaiméirí a bhíonn rannpháirteach lena n-iasachtóirí agus a choinníonn socrú comhaontaithe.

Ciallaíonn sé seo gur chóir don tomhaltóir labhairt leis an iasachtóir chomh luath agus a bhíonn deis aige/aici le teacht ar shocrú a bheith inghlactha don dá pháirtí. Nuair a bheidh comhaontú déanta, is féidir é a chur i bhfeidhm, agus athbhreithniú a dhéanamh air gach sé mhí ina dhiaidh sin.

Cód an Rialtóra Airgeadais um Chosaint Tomhaltóirí

Baineann Cód an Rialtóra Airgeadais um Chosaint Tomhaltóirí (pdf) leis na soláthraithe iasachtaí tí ar fad in Éirinn. Forálann an cód gur gá don ghníomhaireacht iasachtaí:

  • Teagmháil a dhéanamh leat chomh luath agus a fheictear riaráistí ar do chuntas morgáiste, fiú amháin má tá na riaráistí seo sách beag
  • Caithfidh an ghníomhaireacht iasachtaí nós imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun cuntais atá i riaráistí a láimhseáil.

Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh iasachtóirí plean gníomhaíochta leasúcháin a chomhaontú leat chomh luath agus a thagann riaráistí chun cinn, agus iarracht a dhéanamh cabhrú leat do cheangaltais airgeadais a bhainistiú ar bhealach nach ligeann don chás fáil níos measa.

Baineann an cód um chosaint tomhaltóirí seo le hiasachtaí pearsanta agus le cártaí creidmheasa chomh maith le morgáistí; ní bhaineann sé le hiasachtaí atá soláthraithe ag comhair chreidmheasa nó ag iasachtóirí airgid.

Cód Iompair Nua an Rialtóra Airgeadais i leith Riaráistí Morgáiste

Tháinig Cód Iompair Nua an Rialtóra Airgeadais i leith Riaráistí Morgáiste (pdf) i bhfeidhm an 27 Feabhra 2009. Déantar forbairt sa chód ar Chód um Chosaint Tomhaltóirí an Rialtóra agus ar chód deonach a rinne Cónaidhm Baincéireachta na hÉireann a fhorbairt. An príomhriachtanas ná go gcaithfidh iasachtóirí fanacht 6 mhí ar a laghad ón am a thagann riaráistí morgáiste chun cinn sula dtógtar caingean dlí ar bith.

As féin ón gcód seo, tá sé comhaontaithe ag dhá bhanc a ndearna an rialtas athchaipitliú orthu – Banc Aontas Éireann agus Banc na hÉireann - gan imeachtaí cúirte a thionscnamh maidir le hathshealbhú tí príobháidigh (do phríomh-theach cónaithe) go dtí tar éis 12 mhí de riaráistí, chomh fada agus go leantar ag comhoibriú go réasúnta ionraic leis an mbanc.

Chomh maith leis sin, shonraigh Cónaidhm Baincéireachta na hÉireann go foirmiúil nach ndéanfaidh a cuid ball caingean dlí a thionscnamh in aghaidh custaiméirí a bhíonn rannpháirteach lena n-iasachtóirí agus a choinníonn socrú comhaontaithe, faoi réir ag athbhreithniú gach sé mhí.

Baineann Cód Iompair an Rialtóra Airgeadais i leith Riaráistí Morgáiste le morgáistí ar phríomh-áiteanna cónaithe príobháideacha amháin (do phríomh-theach cónaithe). Cuireann sé dualgas ar iasachtóirí morgáiste nósanna imeachta solúbtha a ghlacadh maidir le cásanna riaráistí a láimhseáil. Caithfidh na nósanna imeachta a bheith dírithe ar chúnamh a thabhairt duit chomh fada agus is féidir de réir mar a bhaineann sé le do chúinsí áirithe féin.

Seo a leanas na nósanna imeachta is cóir d'iasachtóirí a leanúint faoin gcód:

Tagann 'fadhb riaráistí morgáiste' aníos chomh luath agus a theipeann ort aisíocaíocht a dhéanamh ar an dáta dlite. Chomh luath agus a tharlaíonn a leithéid, caithfidh an t-iasachtóir teagmháil a dhéanamh leat chun a fháil amach cén fáth nach bhfuil an aisíocaíocht déanta agus conas an cás a réiteach. Is féidir leat féin agus leis an iasachtóir teacht ar chomhaontú faoi conas na riaráistí a íoc. Caithfidh na socruithe do chuid imthosca aonair a thógáil san áireamh.

Má theipeann ort an tríú aisíocaíocht a dhéanamh, is féidir leis an iasachtóir éileamh foirmiúil a eisiúint. D'fhéadfadh an méid iomlán atá dlite ar an morgáiste nó sealbhú na maoine a bheith i gceist leis an éileamh seo. Caithfear na nithe a leanas a insint duit i scríbhinn:

  • Méid iomlán na riaráistí
  • Nuair is cuí, ús breise ar bith a ghearrfar ina dhiaidh seo agus an bunús faoina ngearrfar é
  • Táillí ar bith a bheidh iníoctha
  • Na hiarmhairtí a bheidh i gceist mura dtugtar freagra - féidearthacht a bhaineann le himeachtaí dlí agus caillteanas maoine, agus meastacháin ar chostais a bhainfeadh le himeachtaí mar sin.

Má leanann na riaráistí ag carnadh, d'fhéadfadh an t-iasachtóir an comhaontú morgáiste a fhorghníomhú, ach beidh orthu fanacht 6 mhí ón uair a thagann riaráistí chun cinn ar dtús sula ndéanfar caingean dlí a thionscnamh. Is gá don iasachtóir:

  • Gan athshealbhú a lorg go dtí go ndéantar gach iarracht réasúnta teacht ar chomhaontú maidir le sceideal aisíocaíochtaí malartach. Mar sin féin, mura dtéann tú i mbun caidrimh leis an iasachtóir, d'fhéadfaí athshealbhú a lorg.
  • Fógra a thabhairt duit nuair a thosaítear ar chaingean dlí athshealbhaithe ar bith a fhorghníomhú.

Is féidir do mhaoin a athshealbhú trí chomhaontú deonach nó trí ordú cúirte (féach 'An próiseas dlíthiúil a bhaineann le hathshealbhú tí' thíos). Fiú amháin má thionscnaítear imeachtaí cúirte, caithfidh an t-iasachtóir iarracht a dhéanamh teagmháil a choinneáil leat le feiceáil an féidir teacht ar chomhaontú maidir le haisíocaíochtaí.

Má dhíoltar an mhaoin agus nach gclúdaíonn an praghas díola an méid atá le híoc agat, caithfidh an t-iasachtóir míniú duit go bhfuil tú fós dlite an fuílleach a íoc.

An stádas a bhaineann leis na cóid

Is cóid reachtúla iad Cód an Rialtóra Airgeadais um Chosaint Tomhaltóirí agus Cód Iompair an Rialtóra Airgeadais i leith Riaráistí Morgáiste. Tá sé de dhualgas ar na príomh-institiúidí iasachtaí cloí leo faoi théarmaí na scéime ina bhfuil ráthaíocht á dhéanamh ag an Rialtas ar thaiscí agus cúnamh caipitil á sholáthar aige do na sé phríomhinstitiúid iasachtaí atá bunaithe in Éirinn.

Tá an scéim rialaithe ag an tAcht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008 (pdf).

Faoin Acht, bunaíodh Scéim na bhForas Creidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008: IR 411/2008 (pdf). I measc rudaí eile, cuireann an scéim dualgas ar institiúidí atá clúdaithe faoin scéim dearbhú go gcloíonn siad le Cód an Rialtóra Airgeadais um Chosaint Tomhaltóirí agus le Cód Cleachtais Chónaidhm Baincéireachta na hÉireann (IBF) i leith Riaráistí Morgáistí (gabhann Cód Iompair an Rialtóra Airgeadais i leith Riaráistí Morgáiste in ionad an Chóid seo anois).

Is iad na hinstitiúidí atá i gceist ná Banc na hÉireann, Banc Aontas Éireann, An Banc Angla-Éireannach, Permanent TSB, an Cumann Oideach Foirgníochta agus Cumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann.

Is féidir le hiasachtóirí nach bhfuil clúdaithe ag na cóid seo rogha a dhéanamh cloí leo ach ní cheanglaítear orthu é sin a dhéanamh.

Is ráiteas deonach é Ráiteas Intinne foirmiúil Chónaidhm Baincéireachta na hÉireann. Seo a leanas baill na Cónaidhme a chomhaontaigh agus a thacaíonn leis an ráiteas intinne: Banc ACC, Bainc-Aontas Éireann, Banc na hÉireann, Banc na hAlban (Éire), an Cumann Oideach Foirgníochta, Cumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann, Banc KBC Éire, An Banc Éireannach Náisiúnta, Permanent TSB agus Banc Uladh.

Is féidir le hinstitiúidí nach bhfuil ina mbaill de Chónaidhm Baincéireachta na hÉireann rogha a dhéanamh cloí leis an Ráiteas Intinne más mian leo.

Pleananna don todhchaí

Clár don Rialtas

Tá foráil sa Chlár Athnuaite don Rialtas a foilsíodh i nDeireadh Fómhair "go gcuirfidh an Rialtas bearta nua i bhfeidhm chun cosaint a thabhairt do theaghlaigh a bhfuil deacrachtaí acu a gcuid morgáistí a íoc".

Leanann an clár ar aghaidh agus deir:

"Déanfar tuilleadh athbhreithnithe ar an gCód reachtúil Iompraíochta um Riaráistí Morgáiste agus prótacal a comhaontaíodh le déanaí idir Cónaidhm Baincéireachta na hÉireann (IBF) agus an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) faoi fiacha gan íoc chun roghanna breise a chur ar fáil le déileáil le cásanna fiachais, lena n-áirítear go mbeadh bealaí níos solúbtha ag bainc agus ag iasachtóirí chun foriamh a sheachaint in imthosca oiriúnacha. D’fhéadfadh rudaí mar seo a bheith i gceist:

  • rátaí laghdaithe
  • dátaí aibíochta níos faide
  • ús gan íoc a thiomsú le chéile
  • go nglacfadh an banc sciar sa teach
  • go nglacfadh an banc seilbh na réadmhaoine agus í a ligean ar ais ar cíos leis an duine atá ina c(h)ónaí ann agus go n-íocfaí an cíos in aghaidh na hiasachta.

Agus é ag tagairt do bhearta ar glacadh leo i ndlínsí eile dúirt an Rialtas go mbreathnóidh sé ar bhealaí le cur leis na bearta tacaíochta atá aige cheana féin i leith morgáistí."

D’fhógair an tAire Airgeadais le déanaí: "Tá an Rialtas ag tabhairt tús áite go háirithe lena chinntiú chomh fada agus is féidir é nach mbeidh imeachtaí dlíthiúla ann faoi athshealbhú tí de bharr deacrachtaí atá ag daoine le riaráistí morgáistí. Ba chóir go mbeadh athshealbhú tí mar bheart deiridh ag iasachtóir agus is mar sin a bhíonn sé de ghnáth. Is é an modh is fearr le déileáil le cásanna riaráistí ná idirghabháil a dhéanamh go luath agus dul i ngleic leis an bhfadhb."

Coiste comh-aireachta

Tá cinneadh déanta ag an Rialtas coiste comh-aireachta speisialta a bhunú le déileáil le fadhbanna fiach pearsanta agus riaráistí morgáiste agus beidh Airí as na Ranna seo a leanas ar an gcoiste: An Roinn Airgeadais; Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí: Fiontar, Trádála agus Fostaíochta; agus Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Scrúdóidh an coiste sonraí ó MABS faoi chásanna ina bhfuil daoine ag strácáil le fiach pearsanta.

Cúrsaí fiachais i gcoitinne

D’fhoilsigh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí páipéar comhairliúcháin (pdf) le déanaí faoi Bhainistiú Fiacha Pearsanta agus Forfheidhmiú Fiacha. Molann sé sin roinnt athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an dlí um fhorfheidhmiú fiacha.

Tá sé molta sa Chlár athnuaite don Rialtas go ndéanfaí an dlí maidir le forfheidhmiú fiacha a leasú i bhfianaise breithnithe an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí. Molann sé freisin go ndéanfaí rialú ar ghníomhaireachtaí bailithe fiacha, go mbeadh córas nua rialacháin ann maidir le dócmhainneacht phearsanta a cheadódh socrú reachtúil nach mbeadh bunaithe sna cúirteanna i gcomhair socrú fiacha, agus bunú lároifige um fhorfheidhmiú fiacha chun an oiread imeachtaí agus is féidir maidir le forfheidhmiú fiacha a thógáil amach as na cúirteanna.

Bunaíodh Grúpa Oibre Idir-rannach um Bhainistiú Fiach Pearsanta chun bearta oiriúnacha a mheas.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Aimsigh d' oifig áitiúil MABS nó glaoigh ar an líne cabhrach ag 1890 283 438 (Íosghlao) (9rn - 8in, Luan - Aoine) nó ríomhphost: helpline@mabs.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14/04/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh