Forbhreathnú: cúnamh airgid do chíos nó mhorgáiste
Eolas
Tá roinnt tacaí, chomh maith le foinsí comhairle agus cabhrach, ar fáil do dhaoine le deacrachtaí maidir le cíos nó morgáiste a íoc.
Cúnamh airgid
Má tá cóiríocht ar cíos agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Forlíonadh Cíosa. Íoctar an forlíonadh le daoine a chónaíonn i gcóiríocht phríobháideach ar cíos nach féidir costas na cóiríochta a chlúdach óna n-acmhainní féin. Go ginearálta, mura bhfuil agat ach íocaíocht leasa shóisialaigh nó Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte, beidh tú incháilithe don fhorlíonadh cíosa. Ní bhfaighidh tú Forlíonadh Cíosa má tá tú féin nó do pháirtí ag obair go lánaimseartha.
Más leat féin do theach, beidh tú ábalta iarratas a dhéanamh ar Fordheontas Ús Morgáiste. Tugann sé tacaíocht ghearrthéarmach chun cabhrú leat d’íocaíochtaí ús morgáiste a íoc. Ní thabharfar cúnamh duit ach amháin le sciar úis na haisíocaíochtaí morgáiste atá agat. Ní thabharfar cúnamh duit leis an sciar a íocann an iasacht iarbhír.
Faoin scéim Seomra ar cíos, má chuireann tú seomra (nó seomraí) i do theach féin ar cíos do thionóntaí príobháideacha, beidh an t-ioncam cíosa a thuilltear díolmhaithe ó cháin ioncaim. Ní féidir leis an ioncam cíosa €10,000 a shárú sa bhliain chánach. Má tá an seomra ar cíos agat le mac nó iníon, ní féidir leat faoiseamh cánach a fháil. Ní gá duit clárú mar thiarna talún, leabhar cíosa a sholáthar nó cinntiú go dtagann an chóiríocht le híoschaighdeáin fhisiciúla ar bith.
Cailliúint do thí
Má tá cónaí ort i gcóiríocht phríobháideach ar cíos agus gur mian le do thiarna tálún go bhfágfá toisc nach bhfuil do chíos íoctha agat, caithfidh do thiarna talún nósanna imeachta áirithe a leanúint roimh iarraidh ort an chóiríocht a fhágáil. Ní féidir fógra foirceannta a sheirbheáil ortach amháin tar éis fógra scríofa ó do thiarna talún a shonraíonn an méid atá dlite. Caithfear íostréimhse fógra a thabhairt duit agus is féidir leat ceist ar bith leis an bhfógra foirceannta a atreorú chuig an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha.
Más tionónta údaráis áitiúil nó tionónta comhlachais tithíochta tú, agus go bhfuil tú ag titim taobh thiar le cíos, ba chóir duit labhairt le d’údarás áitiúil nó comhlachas tithíochta. Chomh fada agus a leantar an nós imeachta ceart, is féidir leat a bheith díshealbhaithe má theipeann ort déileáil leis an gceist.
Má chinneann institiúid iasachta do theach a athshealbhú toisc nach bhfuil na hacmhainní agat an morgáiste a íoc, tá rialacha agus nósanna imeachta le leanúint. Tá bainc agus cumainn foirgníochta faoi cheanglais ag cóid iompair maidir le daoine a bhfuil deacrachtaí acu le morgáiste a íoc. Má tá fadhb agat ag íoc morgáiste, ba chóir duit labhairt leis an institiúid iasachtaí chomh luath agus is féidir.
Cóiríocht mhalartach
Is iad na húdaráis áitiúla príomhsholáthraí na tithíochta sóisialta do dhaoine le riachtanas tithíochta agus nach bhfuil na hacmhainní acu a dtithe féin a cheannach. Dáiltear tithíocht an údaráis áitiúil de réir riachtanais tithíochta, agus tá cíosanna bunaithe ar do chumas íocaíochta. Má cheapann tú go bhféadfá a bheith incháilithe, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar d’údarás áitiúil.
Is eagraíochtaí neamhspleácha neamhbhrabúis iad comhlachais tithíochta a sholáthraíonn tithíocht ar cíos do dhaoine nach bhfuil na hacmhainní acu a dtithe féin a cheannach. Bunaítear iad seo go hiondúil chun faoiseamh a sholáthar do riachtanas tithíochta áitiúil. Níl ceart ag tionóntaí an chomhlachais tithíochta a gcuid tithe a cheannach.
Má tá easpa dídine ag bagairt ort, is é sin le rá má cheapann tú to gcaillfear do theach go luath ar chúis ar bith, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil láithreach. Ag brath ar do cheantar agus do chúinsí, d’fhéadfadh raon seirbhísí tacaíochta difriúla a bheith ar fáil, ó chúnamh fíor-shealadach go dtí tithíocht fhadtéarmach.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.