Ag ligean seomra i do theach amach ar cíos

Eolas

Má ligeann tú amach seomra (nó seomraí) i do phríomháit chónaithe phríobháideach do thionóntaí príobháideacha i rith na bliana cánach cuí, ní ghearrfar cáin ar an ioncam cíosa, muna bhfuil sé os cionn €10,000. Tugtar scéim "seomra a ligean ar cíos" uirthi. Má tá níos mó ná duine amháin i dteideal tairbhe a bhaint as an ioncam cíosa (mar shampla, tusa agus do chéile nó do pháirtí) roinntear an teorainn €10,000 idir na daoine sin. Tá na tionóntaí a thógann seomra(í) ar cíos i do theach i dteideal éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ar an gcíos.

Má tá an seomra ar cíos agat le mac nó iníon, ní féidir leat faoiseamh cánach a fháil ar an ioncam cíosa.

Ní chlúdaíonn reachtaíocht tiarna talún/tionónta thú má ligeann tú seomra(í) ar cíos. Ciallaíonn sé seo nach mbíonn ort clarú le d'údarás áitiúil mar thiarna talún, ní bhíonn ort leabhar cíosa a chur ar fáil don tionónta ná ní chaithfidh an lóistín cloí le híoschaighdeáin fisiciúla.

Faoin scéim "seomra a ligean ar cíos" tá tionóntaí atá ina gcónaí i do phríomhtheach ina gcónaí ann faoi "Chonradh Ceadúnaí" agus níl siad i dteideal ach "fógra réasúnta" má roghnaíonn tú deireadh a chur leis an gconradh. D'fhéadfadh tionóntaí áfach, aighnis i dtaobh tréimhsí fógra réasúnta, éarlaisí á gcoinneáil, agus aighnis i dtaobh asbhaint ón éarlais mar gheall ar damáiste déanta do mhaoin os cionn "gnáthchaitheamh agus cuimilt" do Chúirt na n-Éileamh Beag.

Moltar go mórduit bunrialacha a réiteach idir thú féin agus an tionónta (na tionóntaí) roimh duit seomra a ligean ar cíos i do theach. Ba cheart duit na bunrialacha seo a chur i scríbhinn agus ba cheart don dá pháirtí (tusa agus do thionónta) an cháipéis a shíniú agus cóip den chonradh a choinneáil ionas go mbeidh an bheirt agaibh in ann tagairt a dhéanamh do théarmaí do chonartha i gcás easordú nó easaontú. D'fhéadfá smaoineamh ar chuid de na bunrialacha seo a leanas:

  • Céard í tréimhse na tionóntachta?
  • Céard iad na fógraí íostréimhse má tá ceachtar den dá pháirtí ag iarraidh deireadh a chur leis an gconradh?
  • Cé mhéad cíosa a bheidh le n-íoc agus cén uair a d'fhéadfadh athbhreithniú a dhéanamh air?
  • Cén chaoi a íocfar an cíos agus an íocfar é go seachtainiúil/go coicísiúil/go miosúil?
  • Céard faoi chuairteoirí agus cairde ag fanacht thar oíche?
  • An bhfuil teorainneacha ann maidir le leibhéil torainn?

Tionchar ioncaim cíosa ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Má tá íocaíocht cúnaimh shóisialta atá tástáilte de réir maoine á fháil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí, déanfar aon ioncam cíosa atá agat a mheasúnú mar acmhainní agus is féidir tionchar a bheith aige ar d’íocaíocht. Mar sin féin, ní dhéanfar ioncam cíosa a mheasúnú mar acmhainní, má tá Pinsean Stáit (Neamhranníocach)Pinsean Baintrí/Baintrí Fir (Neamhranníocach) á fháil agat agus go mbeifeá i do chónaí id aonar murach seomra a bheith ar cíos agat.

Rialacha

Ní fhéadfadh an cíos iomlán (comhlán) a fhaigheann tú (a chlúdaíonn suimeanna a íocann an tionónta le haghaidh bia, níocháin éadaí nó earraí agus seirbhísí cosúla) a bheith os cionn €10,000.

Ní foláir d'áit chónaithe ar bith atá cáilithe le díolúine ó cháin a bheith lonnaithe in Éirinn agus ní foláir duit a bheith i do chónaí ann mar do phríomháit chónaithe phríobháideach i rith na bliana measúnaithe.

Má tá tú ag fáil faoisimh ar ús morgáiste, ní bheidh tionchar ort as ucht seomra i do theach a ligean ar cíos sa chaoi seo. Ní bheidh tionchar ort ach an oiread ag díolúine ó cháin ar ghnóthachain chaipitiúla a bhaineann le díol do phríomháit chónaithe phríobháideach.

Tá an rogha agat gan an díolúine seo a chur i bhfeidhm i mbliain mheasúnaithe áirithe trí litir a scríobh chuig an gComisinéir Ioncaim i do cheantar cánach, sula gcuireann tú isteach do thuairisceán cánach le haghaidh na tréimhse ina raibh an seomra ar cíos.

Cé nach mbaineann ASPC ná ranníocaíocht sláinte leis an ioncam a fhaigheann tú as seomra nó seomraí i do phríomháit chónaithe phríobháideach a ligean ar cíos, ní foláir duit é a bhreacadh síos ar do thuairisceán cánach bliantúil.

Ní dhéantar aon asbhaint i gcomhair costais agus an t-ioncam cíosa á oibriú amach. Muna dtéann an t-ioncam a fhaigheann tú thar teorainn na bliana (€10,000 faoi láthair), socraítear gur "neamhní" an brabús agus caillteanas le haghaidh na bliana measúnaithe.

Ní bhfaighidh tú faoiseamh cánach Seomra ar Cíos má tá d’ollioncam cíosa os cionn €10,000. Sa chás seo, breathnóidh na Coimisinéirí Ioncaim ar an gcuid seo de ghlanioncam cíosa iomlán mar chuid den ioncam iomlán atá agat, agus ba chóir é a áireamh i do thuairisceán cánach.

Rataí

Tá ioncam cíosa faighte ó sheomra(í) i do theach a ligean ar cíos saor ó cháin suas go uasmhéid €10,000 sa bhliain 2010.

Conas iarratas a dhéanamh

Líon Foirm Thuaraisceán Chánach (Foirm 12) ag deireadh na bliana cánach ag taispeáint go bhfuair tú ioncam ón scéim "seomra a ligean ar cíos". Tá Foirm 12 ar fáil ó d'oifig chánach áitiúil. Ba cheart an tuairisceán cánach bliantúil líonta a chur ar ais chuig d'oifig chánach áitiúil. Beidh d'oifig chánach áitiúil in ann ceisteanna ar bith a bheas agat a fhreagairt agus tabharfaidh siad cúnamh duit má tá deacrachtaí ar bith agat agus tú ag líonadh do thuairisceán cánach bliantúil.

D'fhéadfá tuilleadh faoi scéim "Seomra a ligean ar Cíos" a léamh - i mbileog na gCoimisinéirí Ioncaim Treoir d'ioncam cíosa.

Ba cheart do thionóntaí atá ina gcónaí i do theach Foirm Chíosa 1 (pdf) a íoschóipeáil agus a líonadh chun éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ar chíos íoctha le haghaidh lóistín príobháideach tógtha ar cíos. Ba cheart do thionóntaí a bhfoirmeacha líonta a chur chuig an oifig chánach is gaire dóibh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Tabhair cuairt ar aimsitheoir leathanaigh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim chun uimhir Íosghlao do réigiún a aimsiú. Is féidir leat sonraí teagmhála níos mionsonraithe faoi do réigiún a fháil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Threshold

Line 1:
Teach Aibhistín
Line 2:
Sráid Naomh Aibhistín
Line 5:
Gaillimh
County:
Galway
Country:
IRELAND
Láithreán Gréasáin:
http://www.threshold.ie
R-phost:
thresholdgalway@eircom.net
Wheelchair Access:


Threshold

Line 1:
19 Mainistreach Mhuire
Line 5:
Baile Átha Cliath 7
County:
ZZZ
Country:
IRELAND
Wheelchair Access:


Threshold

Line 1:
8 Cé an Athair Maitiú
Line 5:
Corcaigh
County:
ZZZ
Country:
IRELAND
Wheelchair Access:



Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4/11/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh