Riaráistí cíosa agus tionóntaí an údaráis áitiúil
Réamhrá
An deacracht is mó a bhíonn ag tionóntaí an údaráis áitiúil in Éirinn ná riaráistí cíosa. Má fheiceann tú go bhfuil tú ag titim taobh thiar le cíos (ar chúis ar bith), tá sé riachtanach labhairt le d’údarás áitiúil nó cumann tithíochta agus do chás a mhíniú. Tá sé chun leasa na bpáirtithe ar fad réiteach a fháil ar an bhfadhb, agus cinntiú nach dtarlaíonn díshealbhú. Mar sin féin, murar féidir leat do chíos a íoc agus má theipeann ort rud ar bith a dhéanamh, d’fhéadfá do theach a chailliúint.
Má tá deacrachtaí airgeadais agat, ba chóir go mbeadh an t-údarás áitiúil nó cumann tithíochta ábalta cabhrú leat déileáil leis an bhfadhb ionas gur féidir leat beagán de riaráistí cíosa a íoc gach seachtain.
Fógra fágála agus díshealbhú
Tionóntaí an údaráis áitiúil
De réir an dlí, is féidir le húdarás áitiúil in Éirinn tú a díshealbhú gan chúis chomh fada agus a leantar an nós imeachta ceart. Chaithfí "fógra fágála" a eisiúint i dtús báire agus ansin iarratas ar ordú a dhéanamh chun na cúirte. Mar sin féin, i gcleachtadh, ní dhéanann na húdaráis áitiúla in Éirinn a gcuid tionóntaí a díshealbhú gan chúis. Má íocann tú do chíos agus má chloíonn tú le coinníollacha eile na tionóntachta, beidh tú ábalta fanacht i do theach chomh fada agus is mian leat.
Tionóntaí cumainn tithíochta
Cé go bhfuil an reachtaíocht difriúil, is féidir le cumainn tithíochta in Éirinn, cosúil leis na húdaráis áitiúla, tú a díshealbhú gan chúis chomh fada agus a leantar an nós imeachta ceart. Chaithfí "fógra fágála" a eisiúint i dtús báire agus ansin iarratas ar ordú a dhéanamh chun na cúirte. De ghnáth, áfach, ní dhéanann cumainn tithíochta in Éirinn a gcuid tionóntaí a dhíshealbhú gan chúis. Má íocann tú do chíos agus má chloíonn tú le coinníollacha eile na tionóntachta, beidh tú ábalta fanacht i do theach chomh fada agus is mian leat.
Má tá cóiríocht shealadach agat atá soláthraithe ag cumann tithíochta, tá seasamh i bhfad níos laige agat agus de réir an dlí ní gá don chomhlachas tithíochta "fógra fágála" a eisiúint. Mar sin féin, de ghnáth ní dhéanann cumainn tithíochta a gcuid tionóntaí a dhíshealbhú gan chúis.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Tá tuilleadh eolais faoi do chearta, agus faoi fhógra fágála agus dhíshealbhú, ar fáil ó rannóg tithíochta d’údarás áitiúil nó ó do chomhlachas tithíochta.
Is seirbhís rúnda agus saor in aisce í an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) do dhaoine le fadhbanna bainistíochta fiachais agus airgid in Éirinn. Tá seirbhís MABS ar fáil sna 52 oifig de chuid MABS atá lonnaithe mórthimpeall na tíre. Is féidir leat tuilleadh eolais faoi sheirbhís MABS a léamh anseo.
Soláthraíonn líonra Ionaid Faisnéise do Shaoránaigh mórthimpeall na hÉireann comhairle, eolas agus cúnamh do dhaoine saor in aisce faoi ghnéithe uile na tithíochta in Éirinn.
Is eagraíocht charthanachta í Threshold a sholáthraíonn comhairle, eolas agus tacaíocht do gach duine ar chearta tithíochta in Éirinn. Chun comhairle rúnda agus eolas a fháil saor in aisce, déan teagmháil leo ag:
Threshold
21 Bóthar na gCloch
Baile Átha Cliath 7
ÉIRE
Teil: +353 (0)1 678 6096
Facs: +353 (0)1 677 2407
Leathanach baile:
www.threshold.ie
Ríomh-phost:
advice@threshold.ie
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.