Tacaíocht Taidhleoireachta d'Éireannaigh Thar Lear
Eolas
Má theastaíonn comhairle nó cúnamh uait agus tú thar lear, is féidir glaoch ar Ambasáid nó Consalacht na hÉireann sa tír sin. Tá 40 ambasáid agus 70 consalachtaí-ginearálta suit i dtíortha eagsúla ar fud an domhain.
Más i dtír thú nach bhfuil aon ambasád ná consalacht ann, is féidir leat comhairle agus cúnamh a lorg ó ambasáid nó consalacht de chuid tíortha eile an Chomhphobail.
Is féidir le hambasáid nó consalachtaí cúnamh a thabhairt:
- Má theastaíonn pás éigeandála uait
- Má tá tú thíos le coir, nó tinneas ort, nó má tharla drochthimpiste duit
- Má gabhadh thú nó má cuireadh sa phríosún thar lear thú
- Má theastaíonn uait airgead a aistriú ón mbaile nuair nach féidir leat úsáid a bhaint as na gnáthbhealaí
- Má cailltear duine thar lear agus teastaíonn an corp a thabhairt abhaile go hÉirinn.
Tá na seirbhísí gur féidir le hambasáid nó consalacht teoranta. Mar shampla, má tá duine tinn nó má bhí drochthimpiste ag duine is féidir leo:
- Insint don teaghlach nó do chairde faoin timpiste nó tinneas
- Comhairle a thabhairt ar sheirbhísí leighis áitiúil agus liosta dochtúirí le Béarla a chur ar fáil
- Dealáil leis na seirbhísí áitiúla leighis ar do shon.
Ní féidir leo, áfach, comhairle leighis a chur ar fáil, billí leighis a íoc nó iarratais ar chúiteamh a dhéanamh ar do shon. Ní féidir leo ach an oiread íoc as gaolta teacht ar cuairt chugat. Tá tuilleadh eolais faoi na seirbhísí maidir le cosaint consulacha ar fáil ón Rannóg Consulachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha (féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’).
Aisdúichiú daoine Éireannacha ó áiteanna thar lear
I gcúinsí fíor-eisceachtúla, ina bhfuil sláinte nó sábháilteacht shaoránach Éireannach thar lear i mbaol agus nach bhfuil aon slí le déileáil leis an scéal go háitiúil ar bhealach sásúil, d’fhéadfadh an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn a bheith sásta an duine a aisdúichiú go hÉireann.
Beidh sé faoi lánrogha na Roinne é seo a dhéanamh. Chomh maith leis sin, tá aisdúichiú sa chás seo faoi réir coinníollacha dochta a leagfar amach agus a mhíneofar go soiléir i ngach cás ar leith. Cuimsíonn na coinníollacha gealltanas scríofa go n-aisíocfar na costais go léir a thabhaítear chomh maith le táille reachtúil ar an seirbhís seo.
Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas
An Roinn Gnóthai Eachtracha
An Mhír Chonsalaigh
69-71 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil: (01) 478 0822
Láithreán Gréasáin:
http://www.dfa.ie
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.