Taisteal Thar Lear: Leideanna Ginearalta
Information
Is féidir le taisteal thar lear a bheith fiúntach agus luachmhar. Cibé gurbh í do chéad uair ag fágáil Éirinn nó gur taistealaí rialta atá ionat, tá treoirlínte ginearálta áirithe eisithe ag Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann a chabhróidh leat ullmhú do thaisteal thar lear.
Roimh duit taisteal thar lear
Roimh thaisteal, faigh eolas faoin gceann scríbe. An bhfuil víosa ag teastáil le taisteal ann? Cad é an t-airgeadra áitiúil? An bhfuil difríocht ama idir do cheann scríbe agus Éire? Is féidir an t-eolas seo ar fad a fháil roimh ré ó do ghníomhaire taistil nó ambasáid na tíre ábhartha. Ina ionad sin, is féidir leat an t-eolas seo a chuardach ar líne.
Pasanna leictreonacha (r-Phasanna)
Le heisceacht an taistil chuig an RA, tá dualgas ar shaoránaigh na hÉireann pas bailí a bheith acu chun taisteal do dtí gach ceann scríbe eile. Tá ceart ag gach saoránach AE limistéar ballstáit eile an AE a iontráil agus cónaí ann ar feadh tréimhse suas le 3 mhí - go simplí trí phas bailí nó cárta aitheantais náisiúnta a thaispeáint; níl aon ghnás eile riachtanach. Ní féidir le tíortha AE coinníollacha breise a fheidhmiú maidir le bailíocht íosmhéide nó tréimhse an chárta aitheantais nó pas.
Tá saoránaigh na hÉireann a bhíonn ag taisteal go ceann scríbe lasmuigh den AE faoi réir rialuithe agus riachtanais pas ar leith a bhaineann leis na tíortha sin agus ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh le hAmbasáid ábhartha na dtíortha sin roimh thaisteal chun eolas nuashonraithe a fháil maidir leis na riachtanais sin. Cuimhnigh gur féidir do phas a athnuachan ag am ar bith - ná gá fanacht go dtí go bhfuil do phas as dáta. Tá tuilleadh eolais faoi iarratas a dhéanamh ar phas inár ndoiciméad Iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach.
Ó Mheitheamh 2005, tá sé riachtanach sna Stáit Aontaithe go mbeadh pas atá inléite ag meaisín ag sealbhóir pas uile na hÉireann nuair atáthar ag taisteal chun na Stáit Aontaithe. Tá Éire ar cheann de 27 tír in bhfuil sealbhóirí pas ábalta na Stáit Aontaithe a iontráil gan víosa taistil nó gnó ar feadh uastréimhse de 90 lá. Mura bhfuil pas Éireannach agat atá inléite ag meaisín, caithfidh tú víosa a fháil chun na Stáit Aontaithe a iontráil.
Ón 12 Eanáir 2009, caithfidh sealbhóirí pas Éireannach údarú taistil leictreonaigh (ESTA) a bheith acu roimh eitilt chun na SA a bhordáil. Tuilleadh Eolais ar fáil ar láithreán gréasáin ambasáide na SA.
Víosaí
Ní féidir linn tuar a dhéanamh an mbeidh víosa riachtanach chun taisteal thar lear - braitheann sé ar do cheann scríbe. Is féidir le do ghníomhaire taistil nó ambasáid na tíre atá mar cheann scríbe an t-eolas seo a thabhairt duit.
Sláinte
Má tá tú ag taisteal chuig ceann scríbe laistigh den AE, tá tú i dteideal cóireáil leighis éigeandála a fháil ar an mbunús gur náisiúnach na tíre sin atá ionat, ach caithfidh tí an Cárta Eorpach Árachas Sláinte a thabhairt leat atá ar fáil ó d’Oifig Sláinte Áitiúil. Léigh tuilleadh eolais ar cóireáil leighis éigeandála thar learanseo.
Má tá tú agtaisteal thar lear ar feadh tréimhse fada, ba chóir duit comhairliú le do dhochtúir chun rioscaí féideartha sláinte a phlé. Tá sé seo an-tábhachtach má tá riocht sláinte ort cheana féin nó má tá cuairt a thabhairt agat ar cheantar teochriosach ina bhfuil coinníollacha do leathadh na ngalar tógálach. Má thógann tú cógas ar bhonn rialta, ba chóir duit iarraidh ar do dhochtúir méid dóthanach a ordú duit don chuairt agus iad a thabhairt leat. Lena chois sin, tugtar comhairle duit litir ó do dhochtúir a thabhairt leat a leagann amach do riocht sláinte agus an cineál cógais atá ag teastáil. Léigh tuilleadh anseo faoi thaisteal thar lear; vacsaíní agus leideanna sláinte.
Airgead
Go ginearálta, bíonn seiceanna taistil agus cártaí creidmheasa idirnáisiúnta ar an mbealach is sábháilte le hairgead a iompar le taisteal thar lear. Mar sin féin, b’fhéidir nach mbeifí ábalta iad a úsáid i gceantair níos iargúlta. Arís, seiceáil le do ghníomhaire taistil roimh imeacht faoin mbealach is fearr le hairgead a iompar. Tá sé inmholta méid bheag den airgeadra áitiúil a iompar i gcónaí chun íoc as táillí bus nó tacsaí nó ceannacháin bheaga nó glaonna teileafóin.
Roimh a fhágann tú Éire, déan nóta d’uimhir éigeandála 24 uair an bhainc a d’eisigh do chárta creidmheasa - ionas gur féidir leat é a chur ar ceal má ghoidtear é. Ba chóir duit nóta a dhéanamh de shraithuimhreacha do sheiceanna taistil freisin chun athsholáthar a éascú má ghoidtear iad.
Nóta: d’fhéadfá deacrachtaí a bheith agat má tá an t-ainm ar na seiceanna taistil nó cártaí creidmheasa difriúil leis an ainm ar do phas.
Ag tiomáint thar lear
Má bheartaíonn tú tiomáint nuair atá tú thar lear, déan cinnte go bhfuil do cheadúnas tiomána Éireannach bailí agus tabhair leat é. Bíonn dualgas ag tíortha áirithe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (ballstáit an Aontais Eorpaigh, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin) Cead Tiomána Idirnáisiúnta a bheith agat chomh maith le ceadúnas tiomána Éireannach. Léigh tuilleadh eolais faoi cheadúnais tiomána idirnáisiúnta anseo.
Tá sé fíorthábhachtach a chuimhniú nach ionann rialacha an bhóthairthar lear agus na rialacha in Éirinn. Déan cinnte go bhfuil tú eolach ar rialacha áitiúla agus nósanna tiomána. Is féidir le hambasáid nó consalacht na tíre ábhartha eolas a thabhairt duit faoi riachtanais roimh imeacht. Déan cinnte i gcónaí go bhfuil árachas ceart agat nuair atá tú ag tiomáint thar lear.
Trealamh leictreach
Beidh plugaí agus soicéid leictreach i dtíortha eile difriúil ó chinn a úsáidtear in Éirinn. D’fhéadfadh cuibheoirí speisialta a bheith ag teastáil uait chun fearais leictreacha a úsáid a thugann tú leat ó Éirinn (cosúil le triomadóirí gruaige, bearrthóirí, srl.). Is féidir leat na cuibheoirí seo a cheannach in aerfoirt agus mórán siopaí in Éirinn.
Má tá fón póca á thabhairt leat, seiceáil roimh ré go n-oibreoidh sé sa tír atá mar cheann scríbe agat. Is féidir leis na táillí fánaíochta a bheith an-ard agus déanann sé seo costas úsáide an fhóin phóca Éireannaigh thar lear fíor-chostasach. Déan teagmháil le do sholáthraí seirbhíse chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghlaonna thar lear a dhéanamh agus a fháil.
Rabhaidh taistil
Soláthraíonn Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann comhairle taistil d’Éireannaigh atá ag pleanáil turais thar lear. Tugann an chomhairle seo measúnú breithnithe ar na rioscaí atá ann do shaoránaigh na hÉireann a thaistealaíonn go tíortha ar leith. Léigh tríd na nuashonruithe rabhaidh taistil is déanaí anseo.
Nuair atá tú thar lear
Déan nóta de sheoladh, uimhir theileafóin agus uaireanta oscailte na hAmbasáide nó Consalachta Éireannaigh sa tír ina bhfuil cuairt á thabhairt agat ann. I dtíortha gan ionadaíocht taidhleoireachta nó consalachta na hÉireann, is féidir cúnamh éigeandála a fháil ó ambasáidí nó consalachtaí thíortha eile an Aontais Eorpaigh.
Má tá tubaiste nádúrtha nó ionsaí sceimhlitheora sa tír ina bhfuil cuairt á thabhairt agat ann, déan teagmháil le do theaghlach sa bhaile le hinsint dóibh go bhfuil tú slán. Fiú amháin más eol dóibh go bhfuil tú fada ó láthair na heachtra, beidh imní orthu faoi do shábháilteacht agus beidh siad buíoch dearbhú a fháil nach bhfuil tú i mbaol. Comhairle ghinearálta eile:
- Cóiríocht a eagrú don chéad cúpla oíche.
- Géill do dhlíthe agus nósanna áitiúla. Cuimhnigh go mb’fhéidir go bhfuil rud atá dlíthiúil in Éirinn nach bhfuil ceadaithe sa tír ina bhfuil cuairt á thabhairt agat ann.
- Bí tuisceanach don chultúr agus nósanna áitiúla. D’fhéadfaidís a bheith an-difriúil ó chultúr na hÉireann agus moltar duit gan iompar a bealach a bheadh maslach do dhaoine áitiúla.
- Bíodh meas agat ar chóid éide áitiúil, go háirithe i dtíortha Ioslamacha.
- Coinnigh súil ar do mhalaí i gcónaí agus ná lig do dhuine eile do mhálaí nó pacáistí a iompar riamh.
- Faigh amach faoin gceantar ina bhfuil tú ag fanacht. Seachain cuairt a thabhairt ar cheantair dorcha agus iargúlta (go háirithe leat féin).
- Má tharlaíonn gadaíocht, déan teagmháil leis na póilíní áitiúla láithreach. Faigh ráiteas caillteanais ó phóilíní nuair a dhéanann tú an gadaíocht a thuairisciú. (Beidh sé seo ag teastáil chun éileamh árachais a dhéanamh nó chun pas nua a fháil).
Nuair atá tú ag taisteal lasmuigh d’Éirinn, bíonn sé inmholta i gcónaí plean taistil a dhéanamh roimh ré. Déanfaidh sé mórán ama a shábháil ort agus cabhróidh sé do chuid ama thar lear a dhéanamh níos taitneamhaí. Cuimhnigh an clann agus do chairde in Éirinn a chur ar an eolas faoin áit a bhfuil tú agus cén uair gur chóir dóibh cloisteáil uait. Ciallóidh sé gur féidir leo teagmháil a dhéanamh leat freisin i gcás éigeandála.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.