Cáipéisí úsáideacha le tabhairt leat agus tú ag taisteal thar lear

Eolas

Má tá Éire á fágáil agat, d’fhéadfá a bheith ag taisteal ar chúiseanna oibre, staidéir, saoire nó scoir thar lear. Cibé rud atá beartaithe agat a dhéanamh, beidh cáipéisíocht áirithe le tabhairt leat (mar shampla, cruthúnas saoránachta, céannachta, agus do sheoladh in Éirinn). Bíonn sé níos éasca teacht ar na doiciméid seo i gcónaí nuair atá tú fós in Éirinn seachas iarracht a dhéanamh iad a fháil nuair a bhogtar thar lear.

Moltar go láidir do phas a thabhairt leat i gcónaí, fiú más ag taisteal chuig an RA atá tú agus nach bhfuil do phas mar riachtanas taistil. I bhfírinne, toisc nach bhfuil Éire mar bhall de Chomhaontú Schengen, aimseoidh tú go bhfuil sé riachtanach do phas a iompar nuair atá taisteal á dhéanamh go mórchuid thíortha eile. Má tá eolas ag teastáil uait faoi iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach, tá an t-eolas seo ar fáil in áit eile ar an láithreán gréasáin.

Ba cheart do phas a thabhairt leat i gcónaí, fiú agus tú ag taisteal chuig tíortha gar do bhaile.

De bharríocht do phas, ar cháipéisí úsáideacha eile tá:

Sonraí teagmhála i gcás éigeandála

Molann an Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn go dtógfá nóta de shonraí teagmhála na hambasáide nó consalachta Éireannaigh is cóngaraí nuair atá tú thar lear, má tharlaíonn sé go mbeadh ort teagmháil a dhéanamh leo go práinneach. Tugtar comhairle duit freisin do shonraí teagmhála féin a fhágáil le duine sa bhail a bheidh ábalta iad a thabhairt do Rannóg Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha i gcás éigeandála. Is féidir leat freisin do shonraí teagmhála féin a chlárú sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.

Má tá tú ag taisteal go ceantair iargúlta atá i bhfad ó ambasáid Éireannach, fág dhá ghrianghraf pas agus dhá shíniú, ar fhoirm iarratais ar phas is fearr, le cairde in Éirinn nó ata in aice le hambasáid Éireannach. Má chailltear nó má ghoidtear do phas, ba chóir go gcuirfeadh sé seo luas faoin bpróiseas athsholáthraithe.

Bíonn sé úsaideach fótachóipeanna a dhéanamh de na cáipéisí is tábhachtaí. Coinnigh na cóipeanna scartha ionas go mbeidh cinéal éigin cáipéis aitheantas agat sa gcás is go ndéantar tú a robáil.

Ma tá tú ag taisteal i dtír ina bhfuil go leor restrictions, d'fhéadfadh sé a bheith úsáideach roinnt griangrafanna pas a thabairt leat, chun úsáid i gcomhair aon víosa nó ceadúnas de bhreis a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18/6/2009

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh