Forbhreathnú – Éire a fhágáil
Má tá do phost caillte agat, d’fhéadfá a bheith ag smaoineamh faoi bhogadh go tír eile le hobair a chuardach. Is féidir leat ullmhú roimh ré trí an oiread eolais agus is féidir a fháil faoin tír atá mar cheann scríbe agat. Is féidir an t-eolas seo a chuardach ar líne agus eolas a fháil ó ambasáid na tíre ábhartha. Is féidir leat seiceáil ar nuachtáin iasachta, atá ar díol anseo chomh maith le nuachtáin Éireannacha, agus ina mbíonn fógraí ó chomhlachtaí iasachta ó thráth go chéile.
Sula n-imíonn tú
Beidh go leor le heagrú sula bhfágtar slán le hÉirinn agus déanann an doiciméad leideanna ginearálta do thaisteal thar lear cur síos ar a bhfuil le déanamh sula n-imíonn tú, cosúil le iarratas a dhéanamh ar phas Éireannach mura bhfuil ceann agat cheana féin. Caithfidh tú fáil amach cén doiciméid gur chóir a thabhairt leat cosúil le teastas breithe agus teastais oideachasúla agus na gcáilíochtaí gairmiúla.
Má tá Éire á fágáil agat chun obair a chuardach i dtír eile, d’fhéadfá a bheith ag pleanáil oibriú laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó san Eilvéis nó d’fhéadfá a bheith ag dul chun oibriú i dtír lasmuigh den LEE. Má tá comhairle nó cúnamh uait agus tú thar lear, is féidir leat glaoch ar ambasáid nó consalacht na hÉireann sa tír sin.
Ag cuardach oibre sa LEE
Má tá tú dífhostaithe, tá ceart agat cónaí i dtír LEE eile ar feadh 3 mhí go dtí 6 mhí, ag brath ar an tír, chun post a chuardach ann. Má tá tú ag dul go tír LEE eile, d’fhéadfá a bheith ábalta do Shochar Cuardaitheora Poist a aistriú go dtí an tír sin ar feadh tréimhse suas le 13 seachtain. Mura bhfaigheann tú obair, caithfidh tú filleadh go hÉirinn laistigh de 3 mhí, nó caillfear do cheart do Shochar Cuardaitheora Poist.
Má tá obair á chuardach agat, is féidir le comhairleoir EURES eolas praiticiúil ghinearálta a thabhairt duit faoi thíortha LEE eile, mar shampla eolas ar chúrsaí reachtaíochta, slándáil shóisialta agus coinníollacha maireachtála. Is féidir leat teagmháil ag dhéanamh le d’oifig FÁS is cóngaraí leis an gcomhairleoir EURES is cóngaraí a aimsiú. Is féidir leat clárú le gníomhaireachtaí agus ionaid fostaíochta mura bhfuil tú cónaitheach sa tír inar mian leat oibriú. Tabharfar an cúnamh céanna duit a dhéantar a thairiscint do náisiúnaigh na tíre sin.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.