Ag aistriú do chearta leasa shóisialta thar lear

Eolas

bhogann tú chun cónaí i dtír atá clúdaithe ag Rialacha an AE, ciallaíonn sé sin go bhfuil tú i dteideal go gcaitear leat ar an mbealach céanna leis na náisiúnaigh sa bhallstáit an AE/ sa tír LEE a mbogann tú chuige, ó thaobh sochair/seirbhísí leasa shóisialta de. I ngníomh, ciallaíonn sé sin go bhfuil tú agus do theaghlach i dteideal iarratas a dhéanamh ar shochair nó ar chúnamh ar bith atá ar fáil sa tír ina bhfuil tú i do chónaí. Má tá tú ag déanamh iarratais ar íocaíochtaí bunaithe ar árachas, ba cheart go gcuirfear san áireamh ranníocaíochtaí ar bith atá déanta agat i mballstáit AE/ i dtíortha LEE eile.

Sula bhfágann tú Éire

Is féidir foirmeacha E104 agus U1 (E301 roimhe seo) a úsáíd chun sochair thinnis, máithreachais nó dífhostaíochta a éileamh thar lear - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thios. Tugtar doiciméad iniompartha mar ainm ar an U1 agus tugann sé sonraí maidir le do thaifead leasa shóisialta in Éirinn.

Mura dtugann tú d’fhoirmeacha E104 nó U1 leat, déanfaidh an tír ar bhog tú chuici teagmháil le h-údaráis na hÉireann agus gheobhaidh siad taifead de do stampaí árachais nuair a dhéanfaidh tú iarratas chucu ar shochair dhífhostaíochta, bhreoiteachta nó mháithreachais. Tabharfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí tús áite d’iarratas ó bhallstát eile de chuid an AE ar thaifead árachais shóisialta ionas nach gcaillfidh tú aon sochair atá ag dul duit nuair atá tú thar lear.

Nuair a thagann tú ar ais go hÉirinn as tír san AE/LEE, ba cheart duit na foirmeacha seo a thabhairt leat mar go mbeidh sonraí na ranníocaíochtaí a rinne tú sa tír sin orthu. Tugtar na foirmeacha don ghníomhaireacht leasa shóisialta chuí sa tír ina bhfuil tú i do chónaí agus tú ag déanamh éilimh.

Aistriú Sochar Cuardaitheora Poist thar lear

D'fhéadfaí Sochar Cuardaitheora Poist a bheith aistrithe go ballstát LEE eile suas go dtí 13 seachtaine, má tá tú ag cuardach oibre ansin. Caithfidh tú Sochar Cuardaitheora Poist a bheith íoctha agat ar feadh 4 seachtaine sula n-aistreofá í go dtí ballstáit AE eile. Ó 1 Bealtaine 2010 tháinig Rialacháin AE nua i bhfeidhm (pdf). Ciallaíonn sé má iarrann tú do Shochar Cuardaitheora Poist a aistriú thar lear íocfar é leat go díreach. Ní mór duit clárú leis na seirbhísí fostaíochta sa tír ina bhfuil tú ar lorg oibre laistigh seachtain amháin.

Is féidir leis an tréimhse 13 seachtaine bheith sínte suas go 6 mhí i gcásanna eisceachtúla. Is féidir leat do Shochar Cuardaitheora Poist a aistriú níos mó ná uair amháin agus atá tú dífhostaithe freisin ar choinníoll nach dtéann tú thar an uasteorainn 13 seachtaine (6 mhí).

Má tá tú ag fágáil Éireann chun bogadh go Tuaisceart Éireann nó an Bhreatain, eiseoidh d'Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh Foirm U2 (Foirm E303 roimhe seo) duit chun é a thógáil go dtí na seirbhísí sóisialta RA. Má bhogann tú go tír eile san AE, seolfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí foirm U2 chuig do sheoladh nua sa tír AE.

Conas iarratas a dhéanamh

Tugann an Roinn tús áite i gcónaí d’iarratas ar E104 nó U1 ó bhallstát eile de chuid an AE. Déantar é seo toisc go bhfuil éileamh ar shochar déanta ag duine atá dífhostaithe nó tinn thar lear agus caithfear déileáil leis a luaithe agus is féidir.

Más mian leat do U1 nó E104 a thabhairt leat, féadfaidh tú do thaifead árachais shóisialta Éireannach do U1 agus E104 a iarraidh (pdf). D'fhéadfadh an fhoirm E301 (U1 anois) a bheith úsaidte agus tá sé bailí go dtí 2012. D'fhéadfadh sé roinnt ama a thógáil d’iarratas a phróiseáil mar beidh ar an Roinn Coimirce Sóisialaí teagmháil a dhéanamh le d’iarfhostóir sula bhféadfar na foirmeacha E104 agus U1 a eisiúint.

Ba chóir duit an fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh chuig Rannóg na dTaifead Idirnáisiúnta de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí. Ní mór duit cóip de do P45 agus de do P60 a chur le d’iarratas agus ná déan dearmad an seoladh a thabhairt ag a mbeidh tú ag fanacht nuair a fhágann tú Éire.

Cá hait a dhéanfaidh mé iarratas

Taifid Idirnáisiúnta

An Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Faoisimh Laistigh
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
ÉIRE
+353 (0)1 7043000 or +353 (0)1 6732329
http://www.welfare.ie/

Last Updated: 5/7/2011

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh