Do phost a chailliúint
Eolas
Tuigtear go forleathan gur cor fíorchrua i saol duine ar bith é a phost a chailliúint. Méar ar eolas é an doiciméad seo ar raon ceisteanna a chaithfidh tú a chur san áireamh má chailleann tú do phost.
Briseadh agus iomarcaíocht
Má tá do phost caillte agat b'fhéidir gur fágadh iomarcach thú nó b'fhéidir gur briseadh thú. Más ceist iomarcaíochta é, b'fhéidir go bhfuil teideal agat ar íocaíocht iomarcaíochta. Más amhlaidh a briseadh as do phost thú, ba cheart duit a dheimhniú an raibh bun cóir ag do bhfostóir thú a bhriseadh. Más cás leat do bhriseadh ba cheart duit eolas a chur ar do chearta de bhun na reachtaíochta faoi dhífhostú éagórach. Má chailleann tú do phost tá tú i dteideal fógra agus b'fhéidir go bhfuil teideal agat freisin ar íocaíocht in ionad pá agus laethanta saoire.
ÁSPC agus cáin
Má chailleann tú do phost ba cheart duit clárú mar dhuine dífhostaithe le d' oifig leasa shóisialaigh áitiúil fiú amháin mura bhfuil tú i dteideal íocaíochta dífhostaíochta. B'fhéidir go bhféadfaidh tú clárú le haghaidh ranníocaíochtaí ÁSPC a chuirfear chun sochair sa chaoi is nach mbeidh briseadh i stair d'árachais shóisialaigh.
B'fhéidir go mbeidh teideal agat ar aisíoc cánach má tá tú dífhostaithe le tamall. Agus tú ag fágáil do phoist ba cheart go dtabharfadh d'fhostóir d'fhoirm P45 duit, ar taifead é ar an gcáin agus ar an ÁSPC a d'íoc tú. Más é deireadh na bliana cánach é, ba cheart go dtabharfadh d'fhostóir foirm P60 duit.
Leas sóisialach agus sochair eile
B'fhéidir go mbeidh teideal agat ar íocaíocht leasa shóisialaigh don dífhostaíocht. Má tá do dhóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta déanta agat, b'fhéidir go mbeidh teideal agat ar Shochar Cuardaitheora Poist. Mura bhfuil do dhóthain ranníocaíochtaí ÁSPC déanta agat, b'fhéidir go mbeidh teideal agat ar Liúntas do Lucht Cuardaithe Fostaíochta, ar sochar de réir tástála acmhainne é. De réir thosca do cháis, b'fhéidir go mbeidh teideal agat ar chárta liachta agus ar bhuntáistí tánaisteacha eile, mar shampla Liúntas Forlíontach Cíosa nó Úis Mhorgáiste de bhun na Scéime Liúntas Forlíontach Leasa Shóisialaigh.
Ag cuardach fostaíochta
Tá roinnt foinsí faisnéise ann a chabhróidh leat post a fháil, lena n-áirítear nuachtáin, gníomhaireachtaí earcaíochta agus láithreáin ghréasáin. Tá roinnt eagraíochtaí freisin ann a d'fhéadfadh cabhrú leat. Ba cheart duit clárú leis an oifig seirbhíse fostaíochta áitiúil de chuid FÁS le haghaidh faisnéise faoi fholúntais. Soláthraíonn FÁS gairmthreoir agus faisnéis faoi Jab-Chlubanna agus faoi chúrsaí oiliúna freisin. Bíonn na Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla ag cabhrú le daoine atá dífhostaithe le fada, trí bhíthin oiliúna agus gairmthreorach, sa chaoi is go malartóidh siad an leas sóisialach ar an obair. Tá scéimeanna fostaíochta ann do dhaoine atá dífhostaithe le fada, mar shampla Fostaíocht Pobail.
Oideachas agus oiliúint
Tar éis duit do phost a chailliúint b'fhéidir gur mhaith leat filleadh ar an oideachas nó ar an oiliúint ghairmiúil, agus b'fhéidir do ghairmréim a athrú. Tá raon leathan clár oideachais agus oiliúna ann a chuireann cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha ar fáil. Áiríonn na cúrsaí seo cúrsaí oiliúna de chuid FÁS agus cúrsaí a chuireann na coistí gairmoideachais (CGO) ar fáil. Má tá tú ag fáil íocaíochta dífhostaíochta b'fhéidir go mbeidh tú incháilithe don Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG) nó don Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas.
Ag filleadh ar an obair
Agus tú ag filleadh ar an obair ba cheart duit deimhin a dhéanamh de go bhfuil do chuid asbhaintí cánach agus ÁSPC ceart. Ba cheart duit a insint do d' oifig leasa shóisialaigh áitiúil cén uair a thosóidh tú ag obair.
Má tá tú ag fáil íocaíochta dífhostaíochta le 2 bhliain agus tú ag tosú anois ar phost nua, b'fhéidir go mbeidh teideal agat ar
Liúntas um Fhilleadh ar Obair. Má tá tú ag dul
i mbun na féinfhostaíochta
b'fhéidir go mbeidh teideal agat ar an
Liúntas um Fhilleadh ar Fhiontraíocht Oibre.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121, Luan go hAoine, 9am – 9pm.