Ag fágail oibre - teidlíochtaí

Eolas

Má tá tú de do ligean chun siúil ó do phost in Éirinn ní foláir foirm P45 a thabhairt duit, agus tá teidlíochtaí áirithe agat lena n-áirítear fógra agus pá le haghaidh saoire bhliantúil atá tuilte agat ach nár ghlac tú - féach thíos.

P45

Má fhágann tú d'fhostaíocht caithfidh d'fhostóir P45 a thabhairt duit. Seo ráiteas ar do phá agus ar an gcáin agus ÁSPC asbhainte ag d'fhostóir go dtí sin. Is doiciméad an-tábhachtach atá ann agus tá sé ag teastáil:

  • Má tá tú ag athrú poist – le tabhairt do d'fhostóir nua chun íocaíocht ar cháin éigeandála a sheachaint
  • Má tá tú dífhostaithe – chun aisíoc cánach a éileamh, chun sochair leasa shóisialta a éileamh

Mura dtugann d'fhostóir P45 duit ba chóir duit é a iarraidh - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos. Ó 2009 gheobhaidh tú Teastas Tobhaigh Ioncaim le haghaidh do chuid taifid freisin.

Fógra scoir

D'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal fógra scoir má tá tú le bheith ligthe ag imeacht ó do phost. Tugtar fógra duit go mbeidh deireadh ag teacht le do chuid fostaíochta agus dáta luath go maith ina dhiaidh sin luaite leis. Braitheann fad an fhógra scoir ar do chonradh fostaíochta ar an gcéad dul síos. Sa bhreis ar sin tá tréimhse faoi leith leagtha síos sa dlí nach mór a thabhairt ar a laghad mar fhógra. D'fhéadfadh sé go mbeadh tréimhse níos faide ná an bunthréimhse reachtúil luaite i do chonradh fostaíochta ach ní féidir leis a bheith níos giorra. Tugtar na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 go dtí 2001 ar na dlíthe in Éirinn a thugann an ceart fógra scoir a fháil do fhostaithe.

Ní mór duit a bheith ag obair don fhostóir ar feadh 13 seachtain ar a laghad agus 8 n-uaire a chloig ar a laghad sa tseachtain le bheith i dteideal an bhunthréimhse reachtúil fógra scoir a fháil.

Bunthréimhse do fhógra scoir

Braitheann an tréimhse ama dleathúil le fógra scoir a thabhairt duit ar an méid ama atá caite agat ag obair don fhostóir.

Fad seirbhíse Bunthréimse Fógra Scoir
13 seachtain go 2 Bhliain Seachtain
2 Bhliain go 5 Bhliain Coicís
5 Bhliain go 10 mBliana Ceithre Sheachtain
10 mBliana go 15 Bliana Sé Seachtain
15 Bliana nó níos mó Ocht Seachtain

Cé gur féidir teidlíocht a bheith agat de thoradh do chonradh fostaíochta go dtabharfaí fógra níos faide duit ná na híosthréimhsí thuas, má tá foráil ann go dtabharfar fógra níos giorra ná sin duit níl sé sin bailí. Is éard a chiallaíonn sé sin ná go bhféadfaidh do chonradh fostaíochta a shocrú go dtabharfar fógra níos faide duit ná mar atá leagtha síos sa dlí ach níl éifeacht ag an gcuid sin de do chonradh má deir sé go dtabharfar fógra níos giorra duit ná mar atá leagtha síos sa dlí. Ní chuireann an dlí cosc ar d’fhostóir ná ortsa bhur gcearta a tharscaoileadh i leith na tréimhse fógra sin atá sainithe sa dlí. Ní chuireann an dlí cosc ort pá a ghlacadh in áit d’fhógra má thograíonn tú é sin a dhéanamh.

D'fhéadfadh sé go mbeadh ort oibriú ar feadh an tréimhse ina bhfuil fógra scoir tugtha duit nó d'fhéadfadh sé go mbeadh tú sásta íocaíocht a fháil in áit fógra scoir, má offráiltear é sin duit. Má fhaigheann tú íoctha in áit fógra scoir cialaíonn sin nach mbeidh ort oibriú sa tréimhse idir an fógra scoir a fháil agus deireadh a theacht le do chuid fostaíochta. Ach gheobhaidh tú an méid chéanna tuarastail agus dá mbeadh faighte agat dá mbeadh tú tar éis an tréimhse sin a oibriú.

Ba cheart duit a fháil íoctha mar is gnáth i rith an thréimhse fhógra scoir. Tá sé seo amhlaidh fiú má fhaigheann tú íoctha in áit oibriú sa tréimhse fógra scoir.

Do cheart chun fógra a tharscaoileadh

Leagtar síos sa reachtaíocht fostaíochta in Éirinn go bhféadann fostaí a gceart chun fógra a tharscaoileadh má aontaíonn fostóir agus fostaí leis. Ina theannta sin, áit a n-aontaíonn an fostóir agus an fostaí, féadann an fostóir íocaíocht a thabhairt don fhostaí in áit fógra. Tá an ceart sin leagtha síos in Alt 7 den Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973.

Dífhostú gan fógra

Is féidir le do fhostóir deireadh a chur le do chuid fostaíochta ar chúis a bhaineann le mí-iompar tromchúiseach, ach is féidir leat achomharc a lorg ina choinne má cheapann tú nach raibh cúis mhaith ag an bhfostóir é sin a dhéanamh.

Pá le haghaidh saoire bhliantúil

Pá saoire: Má tá deireadh ag teacht le do chuid fostaíochta, tá tú i dteideal pá a fháil mar íocaíocht le haghaidh saoire bhliantúil atá tuillte agat ach nár thóg tú. Ba chóir an pá seo a bheith cothrom leis an méid a d’íocfaí leat dá dtógfá an tsaoire bhliantúil. Is é an t-aon cás ina bhfuil sé dleathach fostaí a íoc in áit saoire bhliantúil a thabhairt dó nó di ná nuair atá deireadh á chur lena f(h)ostaíocht.

Saoire phoiblí: Má thagann deireadh le d’fhostaíocht sa tseachtain dar críoch lá roimh saoire phoiblí, agus má bhí tú ag obair le d’fhostóir i rith na 4 seachtaine roimhe sin, ba chóir go bhfaighfeá pá lae breise le haghaidh na saoire poiblí sin. Baineann sé seo le fostaithe páirtaimseartha a chruthaigh ceart don tsaoire phoiblí dóibh féin trí 40 uaire oibre a dhéanamh sna 5 seachtaine roimhe sin.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá sé de dhualgas ar an bhfostóir fógra scoir cuí a thabhairt duit. Má bhíonn aon deacracht agat na cearta a bhfuil tú ina dteideal a bhaint amach ba cheart labhairt le do cheardchumann (má tá aon cheann agat) nó is féidir do chás a chur ós comhair Binse Achomharc Fostaíochta tríd an bhfoirm T-1A a líonadh.

Ba chóir díospóidí faoi saoire bhliantúil nár tógadh a chur chuig Coimisinéir um Chearta agus foirm iarratais Coimisinéir um Chearta (pdf) a úsáid. Má bhaineann d’éileamh le héileamh eile mar dífhostú, fógra nó iomarcaíocht ba chóir duit é a chur faoi bhráid an Bhinse Achomhairc Fostaíochta.

Mura dtugtar P45 duit nuair a fhágann tú do phost ba chóir duit a iarraidh ar d’fhostóir ar dtús í a thabhairt duit. Ba chóir dul i dteagmháil le d’ oifig cánach áitiúil mura gcuireann an fostóir ar fáil é. Rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le d’fhostóir agus gheobhaidh siad do P45 duit. Cuirfidh an Coimisinéirí Ioncaim teastas nua creidmheasa cánach chugat má tá tú ag obair i jab nua chun nach mbeidh ort cáin éigeandála a íoc.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

An Binse Achomhairc Fostaíochta

Line 1:
Teach Davitt
Line 2:
65a Bóthar Adelaide
County:
Baile Átha Cliath 2
Country:
ÉIRE
Teil:
+353 (0)1 631 3006
Lóghlao:
1890 220 222
Fax:
+353 (0)1 631 3266
Láithreán Gréasáin:
http://www.eatribunal.ie/
R-phost:
eat@entemp.ie
Wheelchair Access:

Seirbhís Choimisinéir um Chearta

Line 1:
An Coimisiún Um Chaidreamh Oibreachais
Line 2:
Teach Thomáis Mac Sheáin
Line 3:
Bóthar Haddington
County:
Baile Átha Cliath 4
Country:
ÉIRE
Teil:
+353 (0)1 613 6700
Lóghlao:
1890 220 227
Fax:
+353 (0)1 613 6701
Láithreán Gréasáin:
http://www.lrc.ie/docs/Rights_Commissioner_Service_-_Information_about_the_service/234.htm
R-phost:
rightscomm@lrc.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21/4/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh