Oibrithe imirceacha agus dífhostaíocht

Eolas

Níl sé éasca teacht go hÉirinn le dul ag obair agus ansin do phost a chailleadh. Mura saoránach Éireannach tú, ní mór duit fáil amach faoi do chearta agus do theidlíochtaí maidir le hiomarcaíocht, lorg oibre, leas sóisialach agus aisíoc cánach a fháil.

Más náisiúnach de chuid an AE/LEE tú, is féidir leat fanacht in Éirinn má tá tú dífhostaithe agus tú ag lorg oibre. Murar náisiúnach de chuid an LEE tú a bhfuil cead fostaíochta agat, tá socruithe speisialta ann do shealbhóirí cead fostaíochta a chailleann a bpost de bharr iomarcaíochta - féach 'Ceadanna fostaíochta' thíos.

Ceadanna fostaíochta

Murar náisiúnach de chuid an LEE tú a bhfuil cead fostaíochta agat, tá coinníollacha speisialta ann a bhaineann le sealbhóirí cead fostaíochta a chaill a bpost le trí mhí anuas. Ba chóir duit fógra a thabhairt don Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta nuair a fhaigheann tú scéal faoi iomarcaíocht.

Má rinneadh iomarcach tú tar éis oibriú go leanúnach ar chead oibre ar feadh 5 bliana ní bheidh gá duit cead oibre a thuilleadh chun oibriú in Éirinn.

Má tá cead oibre agat ar feadh níos lú ná 5 bliana, ceadófar 6 mhí duit chun post eile a fháil. Caithfear iarratas a dhéanamh ar chead nua fostaíochta nuair a fhaigheann tú fostaíocht mhalartach. Ní bheidh tástáil riachtanas an mhargaidh saothair riachtanach i gcomhair iarratas ó shealbhóirí cead fostaíochta a rinneadh iomarcach iad. Más rud é gur chaill tú do phost de bharr iomarcaíochta ó phost atá ar liosta na gcatagóirí neamh-incháilithe is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chead nua oibre do phost ar an liosta neamh-incháilithe sin.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach inimirce áitiúil atá agat chun do stádas inimirce a dhearbhú. Má tá breis is 6 mhí fágtha agat sula n-imeoidh do chead inimirce in éag, féadfaidh tú cónaí in Éirinn faoi do chead stampa 1 ar feadh 6 mhí bhreise. Má tá níos lú ná 6 mhí de chead inimirce agat féadfaidh tú do chead inimirce a shíneadh go dtí 6 mhí rud a chiallaíonn go mbeidh ort €150 a íoc as cárta GNIB nua. Mura bhfaigheann tú post nua tar éis 6 mhí beifear ag súil go n-imeoidh tú as Éirinn.

Iomarcaíocht

Má dhífhostaíonn d'fhostóir tú ba chóir duit a sheiceáil an iomarcaíocht atá i gceist, mar shampla, má tá an gnó á dhúnadh. Murar fíor-iomarcaíocht atá ann nó má cheapann tú gur roghnaíodh tú le haghaidh na hiomarcaíochta go héagórach, d'fhéadfadh tú a bheith incháilithe chun éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach. Ní mór dod' fhostóir a chruthú go raibh fíorchás iomarcaíochta ann agus go ndearnadh nósanna imeachta cothroma a leanúint.

Más fíorchás iomarcaíochta atá i gceist, d'fhéadfá a bheith i dteideal íocaíocht iomarcaíochta má tá tú ag obair dod' fhostóir ar feadh 2 bhliain nó níos mó. D'fhéadfadh teidlíochtaí eile a bheith agat cosúil le pá fógra agus pá saoire.

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Sochar Cuardaitheora Poist: D'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) nuair a chailleann tú do phost nó nuair a fhaigheann tú iomarcaíocht. Caithfidh tú a bheith dífhostaithe agus ag lorg oibre agus ní mór duit méid áirithe ranníocaíochtaí árachais shóisialta (ÁSPC) a bheith agat freisin chun (SCP) a fháil. Is féidir leat Sochar Cuardaitheora Poist a fháil ar feadh idir 9 agus 12 mhí, ag brath ar an líon ranníocaíochtaí árachais shóisialta atá déanta agat. Is féidir le hoibrithe LEE a ranníocaíochtaí árachais sóisialach atá íoctha i dtír AE eile a chomhcheangal chun cuidiú leo le bheith incháilithe do SCP. Is féidir le hoibrithe imirceach nach ón AE/LEE atá cáilithe le haghaidh SCP é a fháil chomh fada is go bhfuil cónaí dlíthiúil ort in Éirinn, suas go huastréimhse 9 nó 12 mhí. Faigh tuilleadh eolais faoi cháiliú don Sochar Cuardaitheora Poist.

Liúntas Cuardaitheora Poist: Mura mbíonn tú i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist a fháil, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP). Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í Liúntas Cuardaitheora Poist. Caithfidh tú a bheith dífhostaithe, ag lorg oibre scrúdú acmhainne a shásamh chun LCP a fháil. Caithfidh tú gnáthchónaí a bheith ort sa tír freisin chun an Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Faigh tuilleadh eolais faoin cháiliú i gcomhair Liúntas Cuardaitheora Poist.

Má tá oibrithe imirceach LEE, nach gcáilíonn i gcomhar Sochair Cuardaitheora Poist, dáiríre ag lorg oibre, is féidir leo an riachtanas gnáthchónaí i gcomhar Liúntais Leasa Forlíontach (LLF) a shásamh. Má tá siad ag obair in Éirinn níos lú ná 12 mhí, beidh siad i dteideal LLF a fháil ar feadh 6 mhí. Má tá siad ag obair in Éirinn níos mó ná 12 mhí, beidh siad i dteideal LLF a fháil chomh fada is go bhfuil siad ag lorg oibre go gníomhach.

Má tá tú ag fáil SCP, LCP no LLF agus go bhfuil tú ag íoc cíos le tiarna talún príobháideach, d'fhéadfá a bheith i dteideal Forlíonadh Cíosa a fháil. Caithfear tástáil acmhainne a shásamh agus gnáthchónaí a bheith ort, áfach, chun Forlíonadh Cíosa a fháil.

Níl mic léinn neamh-LEE i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh in Éirinn a fháil.

Cáin

D'fhéadfá a bheith i dteideal aisíoc cánach má d'íoc tú cáin agus tú dífhostaithe anois. Murar íoc tú aon cháin, ní bheidh aisíoc dlite duit.

Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat, agus má dhéanann tú éileamh ar aisíoc cánach, déantar cion inchánach an tSochair Cuardaitheora Poist agus do phá a shuimiú le dearbhú an bhfuil tú i dteideal aisíoc cánach a fháil. Níl an chéad €13 in aghaidh na seachtaine den Sochar Cuardaitheora Poist agus cion an tSochair Cuardaitheora Poist don mhéadú do Leanbh Cleithiúnach inchánaithe.

Má tá ioncam eile á fháil agat atá inchánach, mar shampla Sochar Cuardaitheora Poist, ba chóir duit fanacht ar feadh 8 seachtaine ón dáta a dhífhostaítear tú sula ndéanann tú iarratas ar aisíoc.

Mura bhfuil tú ag fáil Sochair Cuardaitheora Poist agus mura bhfuil aon ioncam inchánach eile agat, ba chóir duit fanacht 4 seachtaine ón dáta a dhífhostaítear tú sula ndéanann tú iarratas ar aisíoc.

Má bhí cáin éigeandála á baint ag d'iarfhostóir ba chóir duit iarratas a dhéanamh láithreach.

Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seic chugat don mhéid atá ag dul duit. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad faoi aisíoc cánach a fháil.

Ag filleadh abhaile

Mura bhfuil aon obair agat agus nach bhfuil tú i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh d'fhéadfadh go mbeadh sé an-deacair ort maireachtáil in Éirinn, go háirithe mura bhfuil cead fanachta agat. Tá roinnt eagraíochtaí in Éirinn a chuireann tacaíocht ar fáil do náisiúnaigh choigríche go háirithe:

  • Comhairle Inimirceach na hÉireann - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos - eagraíocht náisiúnta, neamhspleách a thacaíonn le himircigh a thagann go hÉirinn ar chúiseanna a bhaineann le hobair, staidéar, teaghlach a thabhairt le chéile, féinfhostaíocht nó ar chuairt. Cuireann Comhairle Inimirceach na hÉireann seirbhís faisnéise agus seirbhís theoranta dlí ar fáil d'inimircigh.
  • Is eagraíocht náisiúnta é an tIonad um Chearta d'Imircigh - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos - a chuireann tacaíocht ar fáil do oibrithe imirceacha agus dá dteaghlaigh. Feidhmíonn an tIonad um Chearta d'Imircigh ionad buail isteach a chuireann faisnéis, comhairle agus cabhair ar fáil.

D'fhéadfadh na scéimeanna seo a leanas cabhrú leat má shocraíonn tú Éire a fhágáil chun filleadh ar do thír dhúchais.

Scéim aisdúichithe

Oibríonn an Ghníomhaireacht um Fháiltiú agus Imeascadh leis An Roinn Coimirce Sóisialaí chun tacú le aisdúichiú náisiúnach as na Ballstáit nua de chuid an AE. Baineann an scéim seo le daoine ar theip orthu an coinníoll gnáthchónaithe a bhaineann le híocaíochtaí leasa shóisialaigh a chomhlíonadh. Is féidir le haon saoránach as iar-stát aontachais an AE agus náisiúnaigh AE eile a bhfuil 'cás speisialta' acu, a bhíonn dealbh le linn a dtréimhse in Éirinn iarratas ar an scéim a dhéanamh. Tá tuilleadh eolais faoin aisdúichiú náisiúnaigh AE gan dídean ar an suíomh gréasáin an Ionaid um Chearta Imirceach Éire.

Scéim um fhilleadh dheonach chuidithe

Más iarrthóir tearmainn tú nó imirceoir neamhrialta ó thír taobh amuigh den LEE gur mian leat filleadh ar do thír dhúchais ach nach féidir leat féin é sin a dhéanamh, d'fhéadfadh sé go mbeadh an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce ábalta cabhrú leat filleadh abhaile - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos. Má fhilleann tú go deonach agus nach bhfuil aon imeachtaí cúirte coiriúla fós agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun teacht ar ais isteach sa tír ar mhaithe le hobair, staidéar, srl.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas



An Roinn Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta

Dept.:
Rannóg Ceadanna Fostaíochta
Line 1:
Teach Dáibhíd
Line 2:
65a Bóthar Adelaide
County:
Baile Átha Cliath 2
Country:
ÉIRE
Opening Hours:
Luan go hAoine 9:30-13:00 & 14:00-16:00
Teil:
+353 1 417 5333
Lóghlao:
1890 201 616
Fax:
+353 1 631 3268
Láithreán Gréasáin:
http://www.entemp.ie/labour/workpermits/
R-phost:
employmentpermits@entemp.ie
Wheelchair Access:



An Chomhairle Inimirce na hÉireann

Line 1:
2 Sráid San Aindrias
Line 2:
Baile Átha Cliath 2
Country:
IRELAND
Teil:
+353 (0)1 674 0200
Fax:
+353 (0)1 645 8031
Láithreán Gréasáin:
http://www.immigrantcouncil.ie/
R-phost:
info@immigrantcouncil.ie
Wheelchair Access:



Ionad um Chearta Imirceach Éire

Line 1:
55 Cearnóg Parnell Thiar
Line 5:
Baile Átha Cliath 1
Country:
IRELAND
Teil:
+353 1 889 7570
Fax:
+353 1 889 7579
Láithreán Gréasáin:
www.mrci.ie
R-phost:
info@mrci.ie
Wheelchair Access:



Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce

Line 1:
7 Sráid Chnoic
Line 2:
Baile Átha Cliath 2
Country:
IRELAND
Teil:
+353 (0)1 878 7900
Fax:
+353 (0)1 878 7901
Láithreán Gréasáin:
www.iomdublin.org
R-phost:
info@iomdublin.org
Wheelchair Access:


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19/3/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh