Foirmeacha P45 agus P60
Eolas
Tá d'fhostóir freagrach as do cháin ioncaim agus do ranníocaíocht árachais shóisialta a asbhaint ón pá agus í a íoc mar aon le ranníocaíocht an fhostóra leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tá na hasbhaintí scríofa ar do dhuillín pá. Tagraítear do ranníocaíochtaí árachais shóisialta in Éirinn mar ÁSPC (Árachas Sóisialta Pá Coibhneasta) Tá taifid do ranníocaíochtaí árachais shóisialta an-tábhachtach do shochair leasa shóisialaigh a bheadh ag teastáil nuair atá tú ag obair nó dífhostaithe.
Foirm P45
Má fhágann tú d'fhostaíocht, caithfidh d'fhostóir P45 a thabhairt duit. Seo ráiteas ar do phá agus ar an gcáin agus ÁSPC atá asbhainte ag d'fhostóir go dtí seo. Má tá tú dífhostaithe, caithfidh tú an doiciméad seo a bheith agat chun aisíoc cánach agus sochair leasa shóisialaigh a éileamh. Mura dtugann d'fhostóir P45 duit ba chóir duit é a iarraidh - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Foirm P60
Ag deireadh gach bliain cánach, caithfidh d'fhostóir P60 a thabhairt duit. Seo ráiteas ar do phá agus den cháin agus ÁSPC atá asbhainte ag d'fhostóir i rith na bliana. Más gá duit sochar a éileamh, sheolfá an dara cuid chuig an An Roinn Coimirce Sóisialaí mar fhianaise go bhfuil ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat.
Conas iarratas a dhéanamh
Mura dtugtar P45duit nuair a fhágann tú do phost ba chóir duit a iarraidh ar d'fhostóir ar dtús í a thabhairt duit. Ba chóir dul i dteagmháil le d'oifig cánach áitiúil mura gcuireann an fostóir ar fáil í - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos. Rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le d'fhostóir agus gheobhaidh siad do P45 duit. Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim teastas nua creidmheasa cánach chugat má tá tú ag obair i bpost nua ionas nach mbeidh ort cáin éigeandála a íoc.
Murar tugadh P45 duit agus go bhfuil tú den tuairim nár íocadh do ranníocaíochtaí ÁSPC, ba chóir duit é sin a chur in iúl don chigire leasa shóisialaigh áitiúil trí teagmháil a dhéanamh le d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil nó le rannóg Scóipe na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.
Mura dtugann d'fhostóir P60 duit ag deireadh gach bliana, ba chóir duit dul i dteagmháil le d'oifig cánach áitiúil.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Déan teagmháil le d'oifig cánach áitiúil.
An Rannóg Scóip
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Teach Oisín
212-213 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
ÉIRE
Teil: +353 (0)1 7043000
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.