Forbhreathnú – Obair a fhágáil
Má tá tú ag fágáil na hoibre toisc go bhfuil post caillte agat (do phost a chailliúint), d'fhéadfadh go tharla sé de bharr iomarcaíochta nó go ndearnadh dífhostú ort. Má dhéantar iomarcach tú, ciallaíonn seo gur chaill tú do phost toisc cúinsí cosúil le dúnadh an ghnó nó laghdú ar an líon foirne. Dífhostú is ea nuair a chuirtear deireadh le do chonradh fostaíochta. Má dhéanann d'fhostóir dífhostú ort agus nach ndearnadh iomarcach tú, b'fhéidir go mbeifeá ábalta dífhostú éagórach a éileamh.
Iomarcaíocht
Is féidir tú a dhéanamh iomarcach ar roinnt cúiseanna cosúil le staid airgeadais an chuideachta, easpa oibre, atheagrú sa chuideachta nó d'fhéadfadh an cuideachta a bheith ag dúnadh síos go hiomlán. Más duine de líon fostaithe tú atá á ndéanamh iomarcach, d'fhéadfadh gur iomarcaíocht chomhchoiteann a bheadh i gceist. Chiallódh a leithéidí go mbeadh dualgas ar d'fhostóir comhairliú le d'ionadaithe faoin gcás iomarcaíochta. Bíonn cás iomarcaíochta deonaí ann nuair atá sé riachtanach d'fhostóir an fórsa saothair a laghdú agus iarraidh ar fhostaithe iomarcaíocht a thógáil go deonach.
Má oibríonn tú d'fhostóir ar feadh 2 bhliana d'fhéadfá a bheith i dteideal d'íocaíocht iomarcaíochta (cáilíocht iomarcaíochta). Déanann reachtaíocht na n-íocaíochtaí iomarcaíochta foráil d'íocaíocht iomarcaíochta íosta (íocaíochtaí iomarcaíochta) d'fhostaithe a bhfuil tréimhse seirbhíse socraithe acu lena bhfostóir. D'fhéadfadh tú féin agus d'fhostóir íocaíocht iomarcaíochta a aontú atá os cionn na híosmhéide reachtúla seo.
Tá nósanna imeachta ar leith le leanúint ag an bhfostóir nuair atá tú á dhéanamh iomarcach (nósanna imeachta iomarcaíochta) cosúil le fógra 2 sheachtain a thabhairt agus d'íocaíocht iomarcaíochta a íoc leat ar an dáta dífhostaithe.
Dífhostú
Má dhéantar dífhostú ort agus nach cás iomarcaíochta atá i gceist ba chóir duit tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta faoin reachtaíocht um dífhostú éagórach (dífhostú éagórach). Seachas roinnt eisceachtaí, caithfear 12 mhí ar a laghad de sheirbhís leanúnach a bheith agat le d'fhostóir chun éileamh ar dífhostú éagórach a dhéanamh. Caithfidh d'fhostóir a chruthú go raibh an dífhostú cothrom i dtromlach na gcásanna, sin le rá go raibh forais chothroma leis an dífhostú agus gur leanadh nósanna imeachta cothroma.
Meastar gur fhoras cothrom dífhostaíochta í iomarcaíocht, ach meastar go bhfuil iomarcaíocht bunaithe ar fhorais áirithe éagórach, cosúil le toircheas nó tuairimí reiligiúnacha nó polaitiúla. Tá tú i dteideal éileamh ar dífhostú éagórach a dhéanamh má cheapann tú go ndearnadh roghnú éagórach maidir le hiomarcaíocht nó má cheaptar nach bhfuil cás iomarcaíochta ann i bhfírinne. Mar sin féin, má dhéantar éileamh ar dífhostú éagórach, ní féidir leat iomarcaíocht a éileamh freisin.
Teidlíochtaí
Nuair a chailleann tú do phost tá teidlíochtaí áirithe agat (do theidlíochtaí poist a challiúint). Tá tú dteideal tréimhse fógartha íosta reachtúil má d' oibrigh tú don fhostóir ar feadh 13 seachtaine ar a laghad. D'fhéadfadh do chonradh fostaíochta scríofa foráil a dhéanamh do thréimhse fógartha níos faide. Nuair a fhágann tú an obair, tá tú i dteideal pá a fháil mar íocaíocht le haghaidh saoire bhliantúil atá tuillte agat ach nár thóg tú. Is é an t-aon cás ina bhfuil sé dleathach fostaí a íoc in áit saoire bhliantúil a thabhairt dó nó di ná nuair atá deireadh á chur lena f(h)ostaíocht. Má fhágann tú an obair díreach roimh shaoire phoiblí, d'fhéadfá a bheith i dteideal lá íocaíochta breise don saoire phoiblí.
Caithfidh d'fhostóir foirmeacha P45 agus P60 a thabhairt duit atá mar ráitis ar do phá agus den cháin agus ÁSPC atá asbhainte ag d'fhostóir. Faightear P45 nuair a thagann deireadh le post agus faigh P60 ag deireadh gach bliain chánach.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.