Cáiliú le haghaidh iomarcaíochta

Eolas

Iomarcaíocht a thugtar ar chailleadh poist in Éirinn de bharr dhúnadh gnó nó laghdú teacht ar an bhfoireann nó a leithéid. De ghnáth beidh iomarcaíocht i gceist má thagann deireadh le do phost agus mura ngabhann aon duine eile d'ionad. Cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith le hiomarcaíocht ná staid airgeadais an ghnóthais, easpa oibre, atheagrú an ghnóthais, nó é a bheith ag dúnadh uile.

Tugann na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967-2007 íostheidlíocht le haghaidh íocaíochtaí iomarcaíochta do dhaoine a bhfuil tréimhse seirbhíse socraithe caite acu leis an bhfostóir. Ní gach fostaí a bhíonn i dteideal na híocaíochta reachtúla iomarcaíochta seo, fiú nuair atá iomarcaíocht i gceist. Má tá tú incháilithe le haghaidh iomarcaíochta tá nósanna iomarcaíochta le leanúint ag fostaithe agus fostóirí chun a bheith in oiriúint leis an reachtaíocht.

Rialacha

Chun a bheith incháilithe le haghaidh íocaíocht iomarcaíochta de réir na nAchtanna, caithfear na riachtanais seo a leanas a shásamh:

  • Caithfidh tú a bheith 16 bliain d'aois nó níos mó. (Ó 8 Bealtaine 2007 chuir deireadh leis an uasteorann 66 bliain d'aois chun bheith i dteideal íocaíochtai reachtúla iomarcaíochta.)
  • Caithfidh tú a bheith i bhfostaíocht inárachais de réir na nAchtanna Leasa Shóisialaigh. Ní mór d'fhostaithe ÁSPC Aicme A a íoc. (Níl an riachtanas inárachaitheachta i bhfeidhm maidir le hoibrithe páirtaimseartha – féach thíos)
  • Caithfidh go raibh tú ag obair go leanúnach ar son do fhostóra le 104 seachtaine ar a laghad (2 bhliain) os cionn 16 bliana d'aois

Fostaíocht leanúnach

Agus ag tabhairt breithe ar ar oibrigh tú go leanúnach ar son do fhostóra le 104 seachtaine ar a laghad, ní chuirfidh aon cheann de na cásanna seo isteach ar an mbreithiúnas:

  • Bhí tú ar saoire mháithreachais, shaoire uchtála, shaoire thuismitheorashaoire chúramóra
  • Bhí tú saor ón obair de bharr tinnis, mar gheall ar neamhláithreacht réamhshocraithe, laethanta saoire, nó leagan as foirne.
  • Briseadh as do p(h)ost tú de bharr iomarcaíochta sula raibh 104 seachtaine seirbhíse slánaithe agat agus athfostaíodh tú taobh istigh de 26 seachtaine ina dhiaidh
  • Athfhostaíodh tú taobh istigh d'achar ceithre seachtaine ag cuideachta chomhlachaithe de chuid do iarfhostóir.
  • Rinneadh tú a aistriú chuig fostóir eile go toilteanach agus aontaíodh nach gcuirfeadh seo isteach ar leanúnachas do chuis seirbhíse
  • Cuirtear ar ais thú i do chuid fostaíochta de bharr na reachtaíochta um dhífhostú éagórach
  • Tá tú ar stailc nó frithdhúnta ó do chuid oibre.
  • aistríodh an gnó lena bhfuil tú ag obair, go dtí úinéir nua.

Más printíseach thú, tá na rialacha céanna i bhfeidhm maidir leatsa agus seans go mbeidh tusa incháilithe le haghaidh íocaíocht iomarcaíochta mura mbristear as do phost thú taobh istigh de mhí roimh an phrintíseacht a chríochnú.

Déanann reachtaíocht iomarcaíochta fostaithe gníomhaireachta chosaint chomh maith. Más iad an ghníomhaireacht fostaíochta a íocann an tuarastal, is iad atá freagrach as an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta a íoc.

Oibrithe páirtaimseartha

Déanann an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta leasú ar riachtanais inárachais iomarcaíochta chun cearta oibrithe páirtaimseatha a chinntiú um iomarcaíocht reachtúil. De bharr an leasaithe seo tá siad anois ar aon dul le An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001 a tugann le fios nach féidir caitheamh le hoibrithe lánaimseartha níos fabhraí ná le hoibrithe páirtaimseatha maidir le coinníollacha fostaíochta.

Cíallaíonn seo go n-athnaítear anois cearta oibrithe páirtaimseartha (iad sin i mbreacfhostaíocht nó mionfhostaíocht) maidir le hiomarcaíocht reachtúil.

Caithfidh dífhostú a bheith i gceist

Ionas le cinntiú gur dífhostú atá i gceist, caithfidh gur tháinig deireadh le do chuid fostaíochta, le nó gan rabhadh. Agus tú fostaithe le haghaidh achar socraithe nó cuspóir socraithe beidh dífhostú i gceist má thagann deireadh leis an socrú gan é a athnuachan faoin gconradh.

Beidh dífhostú i gceist freisin, má chuireann tú deireadh le do chonradh agus cúis mhaith agat de bharr iompar do fhostóra. Dífhostú inchiallaithe a dtugtar ar seo

Roghnú éagórach um iomarcaíocht

Cé go bhfuil iomarcaíocht i gceist, seans go mbeidh de cheart agat gearán a dhéanamh má roghnaíodh thú go héagórach.

Agus fostóir ag roghnú fostaí le hiomarcaíochta, ba chóir dó critéir roghnaithe a chuir i bhfeidhm go réasúnta agus go cothrom. Tá tú i dteideal gearán a dhéanamh le haghaidh dífhostú éagórach má cheapann tú gur roghnaíodh go héagórach tú le haghaidh iomarcaíochta nó má cheapann tú nach raibh cás iomarcaíochta ann. Samplaí eile de seo ná nuair a leantar an nós 'is déanaí isteach is túisce amach' i d'ionad oibre ach nár leanadh leis i do chás-sa. Sampla eile ná nuair a leagadh critéar roghnaithe amach i gconradh fostaíochta nár leanadh leis.

De réir na reachtaíochta um dhífhostú éagórach, meastar roghnú le haghaidh iomarcaíochta, déanta ar bhoinn áirithe a bheith éagórach. San áireamh anseo tá iomarcaíocht de bharr gníomhaíochtaí ceardchumainn an fhostaí, toircheas an fhostaí nó tuairimí an fhostaí i leith an chreidimh nó na polaitíochta.

Leis sin, cuireann an reachtaíocht ar chomhionannas fostaíochta cosc ar roghnú um iomarcaíocht ar na naoi mbonn seo a leanas: inscne, stádas pósta, stádas clainne, aois, míchumas, creideamh, cine, claonadh gnéasach, nó ballraíocht den Lucht Siúil.

Conas iarratas a dhéanamh

Tig leat tuilleadh a léamh maidir lena a bhfuil ag dul duit ó thaobh na hiomarcaíochta de sa leabhrán Treoir um an Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta (pdf). Tá an leabhrán seo le fáil in aisce ón Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta. Ag dul leis tá liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiomarcaíocht

Má cheapann tú go ndearnadh roghnú éagórach um iomarcaíocht ort, tig leat éileamh a dhéanamh faoi Na hAchtanna um Dhífhostú Eagórach 1977-2007 chuig Coimisinéir um Chearta íoslódáil foirm iarratais anseo (pdf) nó chuig An Binse Achomhairc Fostaíochta íoslódáil foirm iarratais T1A anseo.

Nóta: má chuireann tú isteach ar chúiteamh le haghaidh dífhostaithe éagóraigh ní féidir cuir isteach le haghaidh iomarcaíochta.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta

Dept.:
Seirbhísí Faisnéise
Line 1:
Oifigí an Rialtais
Line 3:
Bóthar Uí Bhriain
County:
Ceatharlach
Country:
ÉIRE
Opening Hours:
Luan go hAoine 9.30am go 5pm
Teil:
(059) 917 8990
Lóghlao:
1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin:
http://www.employmentrights.ie
R-phost:
info@employmentrights.ie
Wheelchair Access:

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26/5/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh