Na híocaíochtaí iomarcaíochta
Eolas
Nuair a chailltear post de bharr cúinsí mar dúnadh gnó nó laghdú a theacht ar líon na foirne cuirtear síos ar seo mar Iomarcaíocht.
Tugann na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967-2007 le fios go bhfuil fostaithe a bhfuil tréimhse socraithe seirbhíse caite acu i dteideal íocaíocht iomarcaíochta. Ní bhíonn gach fostaí i dteideal na híocaíochta iomarcaíochta reachtúla, fiú nuair a bhíonn cás iomarcaíochta i gceist. Má tá tú i ncháilithe le haghaidh iomarcaíochta tá nósanna iomarcaíochta ann a gcaithfidh fostóirí agus fostaithe cloí leo chun a bheith ar aon dul leis an reachtaíocht.
Is féidir leatsa teacht ar chomhaontú áfach le do fhostóir maidir le híocaíocht iomarcaíochta sa bhreis ar an íosmhéid reachtúil, sa chás seo is féidir le fostaithe eile nach bhfuil an íostréimhse seirbhíse caite acu íocaíocht a ghabháil chomh maith. Mar shampla, ní thagann iomarcaíocht reachtúil i bhfeidhm ach amháin i gcás fostaí a bhfuil seirbhís dhá bhliana déanta aige /aici. D'fhéadfadh áfach, go dtabharfadh fostóir cnapshuim do fhostaithe nach bhfuil seirbhís dhá bhliana déanta acu. Tiocfaidh an íocaíocht seo i gceist de bharr comhaontaithe seachas de bharr na reachtaíochta. Mar is gnách le dlí fostaíochta, ní dhéanann an reachtaíocht ach na híoschearta a chur i bhfeidhm, tig leis na páirtithe féin teacht ar chomhaontú maidir le cearta níos substaintiúla.
Rialacha
Íocaíocht chnapshuime bunaithe ar phá an fostaí is ea an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta. Tá gach fostaí incháilithe i dteideal
- Pá 2 sheachtaine ar son gach bliain seirbhíse, os cionn 16 bliana d'aois, agus
- Pá seachtaine breise
Tá an íocaíocht chnapshuime bunaithe faoi réir uasteorainn phá €600 sa tseachtain (€31,200 sa bhliain).
Pá ná ghnáthphá seachtaine, meánragobair rialta agus sochair comhchineáil san áireamh, roimh asbhaintí cánach agus ÁSPC , sé sin do phá comhlán.
Bíonn an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta saor ó cháin.
Seirbhís inríofa agus neamhinríofa
Beidh neamhláithreachtaí ó obair le linn na trí bliana deireanacha amháin san áireamh i ngach iomarcaíocht a fógraíodh i ndiaidh 10 Aibreán 2005. Ní cuirfear aon neamhláithreacht san áireamh a tharla taobh amuigh den tréimhse trí bliana suas go dtí an dáta ar briseadh an duine as a p(h)ost.
Agus tú ag áireamh fad do sheirbhíse le haghaidh íocaíocht iomarcaíochta, cuirfear na tréimhsí seo a leanas san áireamh le linn na trí bliana deireanacha, (tugtar asláithreachtaí inríofa ar na hasláithreachtaí seo):
- Aon tréimhse lena linn a raibh tú ag obair
- Aon tréimhse neamhláithreacht oibre be bharr saoire
- Aon tréimhse neamhláithreacht oibre de bharr tinnis (féach thíos tréimhsí tinnis nach bhfuil inríofa)
- Aon tréimhse a raibh tú saor ó obair agus an fostóir aontaithe leis seo (sos gairme de ghnáth)
- Aon tréimhse bhunshaoire mháithreachais agus saoire mháithreachais bhreise atá ceadaithe ag an reachtaíocht
- Aon tréimhse a raibh tú ar bhunshaoire uchtála/tuismitheora/cúramóra
- Aon tréimhse a raibh tú frithdhúnta ó do chuid oibre
- Aon tréimhse a bhfuil leanúnachas do chuid fostaíochta caomnaithe ag Na hAchtanna um Dhífhostú Eagórach.
Agus ag áireamh fad do sheirbhíse, ní tabharfar san áireamh na tréimhsí seo a leanas mar sheirbhís le linn na 3 bliana deireanacha ( asláithreachtaí neamhinríofa a dtugtar orthu seo):
- Aon tréimhse thar 52 sheachtain leantach a raibh tú saor ó obair de bharr gortaithe a tharla agus tú ag obair
- Aon tréimhse thar 26 seachtainí leantach a raibh tú saor ó obair de bharr tinnis
- Aon tréimhse stailce
- Aon tréimhse leagan as foirne.
Tig leat an táireamhán iomarcaíochta ar líne seo a úsáid chun do theidlíocht a áireamh le haghaidh iomarcaíochta reachtúla. Tabhair faoi deara nach dtugann an táireamhán iomarcaíochta ar líne aon teidlíocht maidir le méid na hiomarcaíochta reachtúla.
Uaireanta laghdaithe agus obair gearr-ama
Má rinneadh tú iomarcach laistigh de bhliain amháin ón am a cuireadh ar uaireanta nó pá laghdaithe tú, bheadh d’íocaíocht iomarcaíochta bunaithe ar do thuilleamh do sheachtain iomlán. Má dhéantar iomarcach tú tar éis duit uaireanta laghdaithe a oibriú do thréimhse níos mó ná bliain amháin, beidh an dóigh a ndéantar d’íocaíocht a ríomh ag brath ar cé acu ar ghlac tú nó nár ghlac tú le huaireanta laghdaithe. Más rud é gur ghlac tú go hiomlán le huaireanta oibre laghdaithe mar do sheachtain normálta agus níor iarr tú filleadh go hobair lánaimseartha, mar sin beidh d’íocaíocht bunaithe ar do phá comhlán le haghaidh na n-uaireanta laghdaithe. Más rud é, ar an taobh eile de, nár ghlac tú riamh leis na huaireanta oibre laghdaithe mar chuid de d’uaireanta normálta agus gur iarr tú ar bhonn leanúnach le bheith curtha ar ais ar obair lánaimseartha, beidh d’íocaíocht bunaithe ar do thuilleamh do sheachtain iomlán.
D’fhéadfadh d'íocaíocht iomarcaíochta a bheith bunaithe ar phá seachtaine iomláine má cuireadh ar obair ghearr-ama thú agus má rinneadh iomarcach thú ina dhiaidh sin.
Má bhíonn conspóid agat le d’fhostóir faoi seo is féidir leat éileamh a dhéanamh leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta.
Cánachas cnapshuimeanna
Má fhaigheann tú cnapshuim mar chúiteamh ar chailleadh fostaíochta, d'fhéadfadh cuid de a bheith saor ó cháin. Bíonn an chnapshuim íocaíocht iomarcaíochta reachtúil saor ó cháin i gcónaí . Léigh tuilleadh mar gheall ar chánachas cnapshuimeanna iomarcaíochta/scoir anseo. Breathnaigh ar dhuillín na gCoimisinéirí Ioncaim a phléann cánachas agus iomarcaíocht anseo.
Dócmhainneacht fostóra
Is faoin bhfostóir atá sé ar an gcéad ásc an íocaíocht cnapshuime iomarcaíochta reachtúil a íoc le gach aon fostaí incháilithe. Maoiníonn Ciste an Árachais Sóisialta (CÁS) 60% den íocaíocht lacáiste iomarcaíochta do fostóirí a íocann a gcuid fostaithe incháilithe an iomarcaíocht reachtúil atá ag dul dóibh. Muna bhfuil an fostóir in ann íoc nó má dhiúltaíonn siad íoc, is féidir leis an fostaí iarratas ar íocaíocht ón gCÁS a dhéanamh - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Agus deireadh tagtha le do chuid fostaíochta de bharr dócmhainneacht do fhostóra tiocfaidh reachtaíocht i bhfeidhm maidir le teidlíocht amuigh maidir le do phá. De réir Scéime na n-Íocaíochtaí Dócmhainneachta is féidir leis an Roinn Coimirce Sóisialaí iad seo a íoc as Chiste an Árachais Sóisialta. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar an reachtaíocht a bhaineann le dócmhainneacht fostóra ar an suíomh gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Rataí
Ó 1 Eanáir 2005 ar aghaidh an t-uasmhéid tuillimh a bheidh le háireamh i gcóir cnapshuimeanna reachtúil iomarcaíochta ná €600 in aghaidh na seachtaine (€31,200 in aghaidh na bliana).
Conas iarratas a dhéanamh
Caithfidh an fostóir an 'Deimhniú Iomarcaíochta' a thabhairt duit - mír B de fhoirm RP50 - agus ba chóir an chnapshuime iomarcaíochta ag dul duit a íoc leat ar an lá a bristear as do p(h)ost thú.
Mura bhfuil an chnapshuim iomarcaíochta íoctha ag d'fhostóir ba chóir duit iarratas ar d'fhostóir a dhéanamh ar fhoirm RP77 (ar fáil ón Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta - féach 'Tuilleadh eolais' thíos). Má dhiúltaíonn d'fhostóir don íocaíocht fós, is féidir leat iarratas a chur isteach chuig An Roinn Coimirce Sóisialaí le haghaidh íocaíochta dírí ón gCiste Árachais Shóisialaigh. Caithfidh tú iarratas ar líne a dhéanamh agus foirm RP50 á húsáid mar a leanas:
- Mura bhfuil d'fhostóir in ann do chnapshuim iomarcaíochta a íoc, ba chóir dó an fhoirm RP50 a shíniú agus litir ó chuntasóir nó dhlíodóir a chur isteach le rá nach bhfuil sé ábalta íocaíocht a dhéanamh agus go nglacann sé le dliteanas maidir leis an 40% atá dlite don Chiste Árachais Shóisialaigh. Ba chóir fianaise dhoiciméadach amhail cuntais iniúchta a iniamh freisin.
- Má dhiúltaíonn d'fhostóir do chnapshuim iomarcaíochta a íoc nó má bhíonn conspóid ann maidir le hiomarcaíocht is féidir leat éileamh a lorg ón mBinse Achomhairc Fostaíochta agus an ríomh-fhoirm T1-A (pdf) á húsáid. Caithfear seo a dhéanamh laistigh de bhliain amháin ó do dhífhostú. Ansin déanann tú iarratas ar do chnapshuim trí fhoirm RP50 chomhlánaithe a chur isteach agus cinneadh fabhrach ón mBinse Achomhairc Fostaíochta ag gabháil léi.
Dócmhainneacht: Má tá an comhlacht leachtaithe nó curtha faoi ghlacadóireacht, ba chóir don leachtaitheoir nó glacadóir ar son fhostaithe an fhoirm RP50 comhlánaithe a chur isteach.
Ba chóir duit an iarratas ar íocaíocht ón gCiste Árachais Shóisialaigh a sheoladh chuig an Rannóg um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, Urlár 2, Roinn Coimirce Sóisialaí, Bloc C, Lárionad Phorta an Iarla, Sráid Haiste Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Is féidir iarratas ar fhoirm trí théacs a sheoladh “FORM REDUNDANCY” agus d’ainm agus do sheoladh ina dhiaidh chuig 51909 (bíonn rátaí caighdeánacha téacs i bhfeidhm).
Is féidir teacht ar liosta ceisteanna coitianta maidir le hiomarcaíocht ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí. Tá tuilleadh eolais theidlíochtaí iomarcaíochta sa leabhrán Treoir maidir leis an Scéim um Íocaíochtaí Iomarcaíochta (pdf).
Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an Scéim um Íocaíochtaí Iomarcaíochta téigh i dteagmháil leis an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.
Tuilleadh eolais
An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.