Dífhostú éagórach
Eolas
Má tá tú dífhostaithe ó do chuid fostaíochta, d'fhéadfá, faoi choinníollacha áirithe, éileamh ar dhífhostú éagórach a dhéanamh i gcoinne d'fhostóir. Ní dhéanann reachtaíocht um dhífhostú éagórach in Éirinn ann féin tú a chosaint ó dhífhostú, ach soláthraítear córas achomhairc inar féidir leat cothroime an dífhostaithe s'agat a cheistiú tar éis dó tarlú.
Faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 to 2007 'siad na cúinsí inar féidir le dífhostú éagórach tarlú ná nuair:
- Cuireann d'fhostóir deireadh le do chonradh fostaíochta, le nó gan fógra nó
- Cuireann tú deireadh le do chonradh fostaíochta, le nó gan fógra, toisc iompraíocht d'fhostóir. Dífhostú inchiallaithe a ghlaoitear ar seo.
Beidh ort a léiriú go bhfuil tú incháilithe éileamh a dhéanamh faoin reachtaíocht (féach Rialacha thíos). Má dhéanann tú seo agus go nglacann d'fhostóir go raibh dífhostú ann, beidh dualgas ar an bhfostóir a léiriú go raibh cúiseanna córa don dífhostú. Lasmuigh de chás lena mbaineann dífhostú inchiallaithe, ceaptar go bhfuil dífhostú éagórach murar féidir cúiseanna maithe a thabhairt leis.
Faoin reachtaíocht, is féidir leat ráiteas scríofa a iarraidh ar d'fhostóir maidir le cúiseanna an dífhostaithe s'agat. Ba chóir don fhostóir s'agat é seo a sholáthar laistigh de 14 lá ó d'iarratas a fháil.
Má fheictear gur dífhostaíodh tú go héagórach, d'fhéadfaí tú a chur ar ais sa phost nó, rud atá níos comónta, d'fhéadfá cúiteamh a fháil ar an gcaillteanas ioncaim de thoradh an dífhostaithe.
Difhostú éagórach
Meastar go bhfuil cúiseanna áirithe do dhífhostú éagórach sa ghnáthchúrsa. Ina measc:
- Ballraíocht ag an bhfostaí, nó tá ballraíocht a bheith ar intinn aige/aici, de cheardchumann nó gníomhaíocht in imeachtaí ceardchumainn,
- Tuairimí creidimh nó polaitiúla
- Imeachtaí dlíthiúla in aghaidh fostóra nuair atá an fostaí mar pháirtí nó finné
- Cine, dath, claonadh gnéis,aois nó duine den Lucht Siúil
- Toircheas, saolú linbh nó tabhairt chun cíche nó aon rud a bhaineann le toircheas nó breith
- An fostaí a bheith i mbun nó ag beartú cearta faoin reachtaíocht a chur i ngníomh ar nós saoire mháithreachais,
- saoire altramais, saoire cúramóra, saoire thuismitheora nó saoire force majeure
- Toghadh éagórach d'iomarcaíocht
Iomarcaíocht
Faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach ceaptar gur cúis maith le dífhostú í iomarcaíocht. Cé go bhfuil iomarcaíocht i gceist, seans go mbeidh de cheart agat gearán a dhéanamh má roghnaíodh thú go héagórach. Dá gceapann tú go mbeadh tú dífhostaithe éagórach d'fhéadfá bheith incháilithe chun éileamh ar dhífhostú éagórach a dhéanamh. Ceaptar go bhfuil dífhostú éagórach murar féidir le d’fhostóir cúis iomarcaíochta dhílis agus nósanna imeachta maithe a thabhairt leis. Má chuireann tú isteach ar chúiteamh le haghaidh dífhostaithe éagóraigh ní féidir cuir isteach le haghaidh iomarcaíochta.
Rialacha
Ionas go gcáileofaí éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach faoin reachtaíocht caithfear na riachtanais a leanas a bhaint amach:
Teorainn Ama
'Sí an teorainn ama chun éileamh a thosú ar dhífhostú éagórach ná sé mhí ó dháta an dífhostaithe. Má tá "cúinsí eisceachtúla", d'fhéadfaí go mbeadh cead agat an tréimhse seo a leathnú go 12 mí ó dháta an dífhostaithe. Cibé ar bith, is gá gur cúinsí eisceachtúla a bheadh i gceist - ní leor a rá nach raibh an dlí ar eolas agat.
'Sé dáta an dífhostaithe, faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach, an dáta deiridh den bhfógra a tugadh duit. Tá tú i dteideal íostréimhse fógra reachtúil má tá tú tar éis oibriú ar feadh 13 seachtainí ar a laghad don fhostóir s'agat. D'fhéadfadh do chonradh scríofa fostaíochta soláthar a dhéanamh do thréimhse fógra níos faide.
Seirbhís
Go hiondúil, caithfidh tú ar a laghad 12 mí de sheirbhís leanúnach le d'fhostóir a bheith agat chun éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach. Cibé ar bith tá eisceachtaí tábhachtacha leis an riail ghinearálta seo. Má tá níos lú ná 12 mí de sheirbhís leanúnach agat d'fhéadfá éileamh maidir le dhífhostú éagórach a dhéanamh má dhífhostaítear tú toisc:
- Ballraíocht nó gníomhaíocht i gceardchumann
- Toircheas, breith linbh nó beathú cíche nó ceisteanna ar bith a bhaineann le toircheas nó breith
- Ag baint leasa as na cearta deonaithe ag na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004, na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005, an tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000, an tAcht um Shaoire Tuismitheora 1998 agus 2006 agus an tAcht um Saoire Cúramóra 2001.
Nóta: faoin reachtaíocht comhionannais fostaíochta ní féidir le fostóir aon duine a roghnú ar son dífhostaithe ar aon cheann den naoi gcúis leatroma seo a leanas: gnéas, stádas teaghlaigh, aois, míchumas, creideamh, cine, claonadh gnéis nó duine den Lucht Siúil. Mar sin, cuir i gcás go raibh tú fostaithe ar feadh níos lú ná bliain, d'fhéadfadh nach mbeifeá a bheith in ann éileamh a dhéanamh faoin reachtaíocht dífhostaithe éagóracha , ach d'fhéadfá é a dhéanamh faoi reachtaíocht comhionannais - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Go ginearálta, ní bhristear leanúnachas fostaíochta an fhostaí ach amháin trí dhífhostú an fhostaí ón bhfostóir nó foirceannadh na fostaíochta ón bhfostaí.
Stádas fostaíochta
Caithfidh tú a bheith i d'fhostaí, ag obair faoi chonradh seirbhíse. 'Sí an eilimint is riachtanaí de chonradh mar seo ná gur caidreamh fostóir/fostaí atá i gceist, seachas conradh do sheirbhísí nuair a bhaineann an caidreamh le seirbhís a chomhlíonadh ar íocaíocht , i.e. conraitheoir. I gcás iad siúd atá fostaithe ag gníomhaireacht, 'siad an fostóir iarbhír an fostóir ar chuspóirí sásaimh faoi na hAchtanna.
Fíric an dífhostaithe
Caithfidh gur dífhostaíodh tú ionas gur féidir leat éileamh a dhéanamh. An taon eisceacht amháin dó seo ná coincheap an dífhostaithe inchiallaithe nuair a éiríonn tú as, ach go ndéanann tú éileamh go raibh iompraíocht d'fhostóir i do threo ar an gcúis gur cuireadh brú ort éirí as.
Má shéanann d'fhostóir gur tharla dífhostú i bhfírinne, beidh ort a bhunú gur tharla. Ní leanfaidh d'éileamh ar aghaidh go dtí an chéad staid eile maidir le cinneadh a dhéanamh an raibh an dífhostú cothrom nó nach raibh go dtí go ndeimhnítear an méid seo, agus caithfidh d'fhostóir an cheist seo a chruthú.
Catagóirí eisiata
Ní bhaineann na hAchtanna leis na daoine a leanas:
(a) fostaí atá faoi 16, nó atá tar éis an gnáthaois scoir a shroicheadh nó nach bhfuil clúdaithe faoi na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta toisc cúinsí aoise
(b) duine atá ag obair do dhuine gaolta i dteach príobháideach nó feirm, chomh fada agus go gcónaíonn an bheirt sa teach nó feirm céanna chomh maith;
(c) ball d'Óglaigh na hÉireann
(d) ball den Gharda Síochána (ó 4 Iúil 2006 bhaineann na hActanna leis an cuid is mó do fostaí Stáit)
(e) duine atá i mbun oiliúna lánaimseartha nó printíseacht le FÁS
(f) oifigeach de chuid na gcoistí gairmoideachais, bainisteoir contae nó cathrach, agus an príomhfheidhmeannach don Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
(g) fostaí atá fostaithe faoi chonradh ar théarma seasta/cuspóir-shonraithe agus nuair atá an conradh i scríbhinn, sínithe ag an dá phairtí agus a chuimsíonn foráil nach mbainfidh na hAchtanna maidir le dífhostú, a chuimsíonn dáta éagtha an chonartha ar théarma seasta nó comhlánú an chuspóir-shonraithe. Tá tuilleadh faisnéise faoi chonarthaí ar théarma seasta/cuspóir-shonraithe agus dífhostú
(h) fostaí a oibríonn lasmuigh den Stát (murach go bhfuil an fostaí cónaitheach sa Stát le linn tréimhse an chonartha nó gnáthchónaí air/uirthi sa Stát agus go bhfuil an fostóir cónaitheach sa Stát le linn tréimhse an chonartha)
(i) printíseachtaí reachtúla atá dífhostaithe laistigh de sé mhí tar éis printíseacht a thosú nó laistigh de mhí ó chomhlánú na printíseachta
(j) fostaí atá ar promhadh nó i mbun oiliúna ag tús fostaíochta, chomh fada agus go bhfuil tréimhse an phromhaidh nó na hoiliúna bliain amháin nó níos lú agus sonraithe i gconradh scríofa fostaíochta
(k) fostaí atá dífhostaithe le linn oiliúna do cháilíocht nó do chlárú mar altra nó d'fhostaíocht sonraithe eile paraimhíochaine
Nóta: Ní bhaineann na heisiaimh ó na hAchtanna le daoine a thagraítear dóibh sna pointí (b), (e), (i), (j) agus (k) nuair a tharlaíonn dífhostaithe de bharr:
- Toircheas an fhostaí, breith linbh nó beathú cíche
- Ag baint leasa as na cearta faoi na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004
- Ag baint leasa as do chearta do shaoire uchtaíoch nó saoire uchtaíoch bhreise, saoire thuismitheora, saoire force majeure nó saoire cúramóra
Ní bhainfidh an eisiamh ó na hAchtanna le daoine a thagraítear dóibh i bpointí (a) agus (d) nuair atá an dífhostú de thoradh ar fhostaí ag baint leasa as an gceart do shaoire tuismitheora, saoire force majeure nó saoire cúramóra.
Ní bhainfidh na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach le dífhostú nuair a insíonn fostóir an fhostaí don fhostaí i scríbhinn ag tús na fostaíochta go mbeidh deireadh leis an bhfostaíocht ar fhilleadh chun na hoibre leis an bhfostóir sin d'fhostaí eile atá as láthair nuair atá siad ar shaoire mháithreachais, saoire uchtaíoch nó saoire cúramóra.
Sásamh
Má tá rath ar an éileamh s'agat ar dhífhostú éagórach, d'fhéadfadh an foras a d'éist le d'éileamh ceann de na leigheasanna a leanas a bhronnadh ort:
Aischur
Ciallaíonn sé seo go ndéileáiltear leat amhail is nár dífhostaíodh tú riamh. Ní hamháin go bhfuil tú i dteideal do chaillteanas ioncaim ó dháta na dífhostaithe go dtí dáta na héisteachta, tá tú i dteideal chomh maith d'aon athruithe fabharacha le linn an tréimhse sin, mar shampla, arduithe pá. Is annamh a úsáidtear an leigheas seo.
Athfhostú
Ciallaíonn sé seo go dtabharfar do phost ar ais duit ach díreach ó dháta áirithe, mar shampla, dáta an chinnidh i d'fhabhar. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh tú i dteideal do chúiteamh ar aon chaillteanas ioncaim. Úsáidtear an leigheas seo go minic nuair a airítear gur chuir an fostaí leis an dífhostú, cé go raibh an dífhostú ann féin éagórach. Arís, cibé ar bith, is annamh a úsáidtear an réiteach seo.
Cúiteamh
Seo é an leigheas is comónta. Tá sé riachtanach a nótáil nach mbronntar cúiteamh ach amháin maidir le caillteanas airgid. Ní féidir leat dá réir éileamh a dhéanamh ar chúiteamh do cheisteanna díobhála do na mothúcháin s'agat nó strus ag eascairt ón dífhostú. Tógfaidh cúiteamh na ceisteanna a leanas san áireamh:
- Caillteanas láithreach - ríomh ar do chaillteanas ioncaim ó dháta na dífhostaithe go dtí an dáta a éistítear le d'éileamh. Déanfar aon airgead atá tuillte agat le linn an tréimhse seo a asbhaint, mar a bheidh aon íocaíocht d'fhógra a d'aimsigh tú nuair a dífhostaíodh tú. Tá dualgas ort do chuid caillteanais a mhaolú le linn an tréimhse ó do dhífhostú go dtí an éisteacht trí 'bheith ar fáil agus a bheith ag cuardach fostaíochta malartach. Má tharlaíonn sé nár bhain aon chaillteanas ann féin duit, toisc, mar shampla, gur thóg tú fostaíocht suas díreach tar éis an dífhostaithe s'agat, tá tú i dteideal do chúiteamh comharthach de phá ceithre seachtainí.
- Caillteanas todhchaíoch - déanfar ríomh maidir le do chaillteanas todhchaíoch, bunaithe ar cé chomh fada agus a cheaptar a bheidh sé roimh a thagann tú ar obair mhalartach.
- Caillteanas pinsean - ríomh a dhéanfaidh iarracht measúnú a dhéanamh ar éifeacht an dífhostaithe éagorach ar do theidlíochtaí pinsean.
- Caillteanas ar chosaint reachtúil - ríomh ag déileáil leis an bpointe go mbeidh cosaint caillte agat faoi dhífhostaithe éagóracha, iomarcaíocht agus reachtaíocht an fhógra íostréimhse.
- Iompraíocht ranníocach - ríomh a thógfaidh san áireamh aon iompraíocht uait a chuir leis an dífhostú, cé gur dífhostú éagórach a bhí i gceist. Sonrófar méid na héifeachta seo i dtéarmaí céatadáin agus laghdófar an bronnadh iomlán ort dá réir.
Conas iarratas a dhéanamh
Más mian leat éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach ba chóir duit é seo a dhéanamh laistigh de sé mhí ó dháta an dífhostaithe. D'fhéadfaí an teorainn ama seo a leathnú go 12 mí i gcásanna nuair a chuir cúinsí eisceachtúla cosc ar an éileamh a bheith déanta laistigh de sé mhí.
Má cháilíonn tú faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach, is féidir leat d'éileamh a thógáil ag an gCoimisinéir um Chearta trí Iarratas ar an gCoimisinéir um Chearta - Achtanna um Dhífhostaithe Éagóracha (pdf) a chomhlánú.
Má chuireann tú féin nó d'fhostóir i gcoinne éileamh atá á éisteacht ag an gCoimisinéar um Chearta is féidir an éileamh a dhéanamh go díreach leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta tríd an bhfoirm T1-A a chomhlanú.
Má éisteann an Coimisinéar um Cherta le héileamh, eiseoidh an Coimisinéar um Chearta moladh agus is féidir leat féin nó d'fhostóir achomharc a dhéanamh ar an moladh seo chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta.
Nuair atá éileamh nó achomharc á éisteacht ag an mBinse Achomhairc Fostaíochta, eiseoidh an Binse cinneadh. Tá ceart ag ceachtar den dá pháirtí achomharc a dhéanamh ag a n gCúirt Chuarda ar cinneadh an Bhinse.
Má dhífhostaítear tú ach nach gcáilíonn tú chun éileamh ar dhífhostú éagórach a dhéanamh faoin reachtaíocht ábhartha, is féidir leat iarraidh ar an gCoimisinéar um Chearta do chás a iniúchadh faoi na hAchtanna um Chaidrimh Thionscail. Cibé ar bith, caithfidh d'iar-fhostóir aontú le baint an Choimisinéara um Chearta nó ní bheidh an coimisinéar um chearta ábalta leanúint leis an gcás.
Má aontaíonn d'fhostóir, déanfaidh an comisinéar um chearta éisteacht a eagrú maidir leis an agóid. D'fhéadfadh an Coimisinéar um Chearta iarracht a dhéanamh teacht ar chomhshocrú nó, agus murar féidir seo, eiseofar moladh maidir leis an agóid. Níl an moladh seo, cibé ar bith, ina cheangal dlí ar an dá pháirtí.
Ní mór duit gearán faoi dífhostú idirdhealaitheach a dhéanamh leis an mBinse Comhionannais.
Tá tuilleadh eolais sa leabhrán mínithe d'fhostóirí agus d'fhostaí ar na hAchtanna um Dhífostaithe Éagóracha (pdf) ar fáil ón Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.
Déan teagmháil leis an seirbhís faisnéise na hÚdaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta chun bhreis faisnéise nó foirmeacha ghearáin a fháil.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
An Binse Achomhairc Fostaíochta
Seirbhís Choimisinéir um Chearta
An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.