Do phost a chailliúint - forbhreathnú

Má táthar díreach tar éis do phá nó uaireanta oibre a laghdú, nó má tá tú chun do phost a chailliúint, níl sé éasca uaireanta faisnéis a fháil faoi do theidlíochtaí agus faoi na seirbhísí atá ar fáil duit. Is láithreán gréasáin é losingyourjob.ie a thugann faisnéis ar na gnéithe éagsúla a mbaineann leat nuair a chailleann tú do phost lena n-áirítear cearta fostaíochta, leas sóisialach agus cáin.

Is féidir faisnéis a fháil ar losingyourjob.ie faoi na céimeanna ar chóir duit iad a ghlacadh, ar nós síniú ag d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil, féachaint ar do staid airgeadais iomlán agus breathnú ar thuilleadh oiliúna nó oideachais agus ar fhilleadh ar an obair.

Tá losingyourjob.ie bunaithe ar ábhair ó www.citizensinformation.ie, an láithreán gréasáin faisnéise ríomh-Rialtais um sheirbhísí poiblí arna sholáthar ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Le cabhrú leat chun an fhaisnéis atá uait a fháil, liostaíonn an leathanach baile ar losingyourjob.ie 8 réimse leathan le naisc chuig ábhair ábhartha i ngach réimse. Is féidir leat cuardach a dhéanamh le haghaidh na faisnéise atá uait chomh maith, trí eochairfhocal ar nós 'fógra' a chur isteach sa bharra Cuardaigh.

Uaireanta nó pá laghdaithe

Má tá leibhéal gnó d'fhostóra tar éis dul i léig d'fhéadfaí iarradh ort d'uaireanta oibre a laghdú. Má tá easpa shealadach oibre ann duit d'fhéadfadh d'fhostóir tú a leagan as nó tú a chur ar ghearr-am. Má iarrtar ort d'uaireanta oibre a laghdú is athrú é seo ar do chonradh fostaíochta. Ní féidir athrú ar bith a dhéanamh ar do chonradh fostaíochta gan comhaontú a fháil uait féin agus ó d'fhostóir araon. Sa chás seo ba chóir go mbeadh do chearta faoin dlí fostaíochta ar eolas agat agus tá roinnt eagraíochtaí ar féidir leo cabhrú leat chun do chearta fostaíochta a chur i bhfeidhm.

Obair a fhágáil

Má chailleann tú do phost nuair a fhágann tú an obair tá roinnt teidlíochtaí agat ar nós fógra. Ní mór do d'fhostóir foirm P45 a thabhairt duit chomh maith. D'fhéadfadh gur fágadh iomarcach nó dífhostaithe tú. I gcás iomarcaíochta d'fhéadfá cáiliú le haghaidh íocaíocht iomarcaíochta. Má fágadh iomarcach tú tá roinnt nósanna imeachta ar chóir do d'fhostóir iad a leanúint. Má fágadh roinnt díobh iomarcach d'fhéadfadh iomarcaíocht chomhchoiteann a bheith i gceist.

Má fágadh dífhostaithe tú ba chóir duit a sheiceáil go raibh forais chóra ag d'fhostóir do do dhífhostú. Má tá tú buartha faoi do dhífhostú ba chóir duit tuilleadh eolais a fháil faoi do chearta faoin reachtaíocht um dífhostú éagórach.

Leas sóisialach a fháil

Nuair a chailleann tú do phost, ba chóir duit clárú mar dhuine dífhostaithe trí shíniú le d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil. Tá doiciméid áirithe ar ghá duit iad a thabhairt leat nuair atá tú ag síniú. Má tá go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialta agat d'fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist a fháil. D'fhéadfá a bheith in ann roinnt oibre a dhéanamh agus Sochar Cuardaitheora Poist a fháil.

Mura bhfuil go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat d'fhéadfá cáiliú le haghaidh Liúntas Cuardaitheora Poist atá ina shochar de réir tástála acmhainne. Má tá tú 24 bliana d'aois nó níos lú agus tú i do chónaí le do thuismitheoirí in áras an teaghlaigh, tógfar ioncam do thuismitheoirí san áireamh freisin. I gcúinsí áirithe d'fhéadfá oibriú agus Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Má bhí tú féinfhostaithe agus má laghdaíodh do leibhéal gnó nó má cuireadh deireadh leis, d'fhéadfá Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Má diúltaíodh íocaíocht cuardaitheora poist duit go héagórach is féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh.

Ag brath ar do chúinsí d'fhéadfá cáiliú le haghaidh cárta leighis.

Saincheisteanna maidir le hairgead agus cáin

Má laghdaíodh do phá nó uaireanta oibre tá cabhair do dhaoine ar phá íseal ann. D'fhéadfá a bheith i dteideal aisíoc cánach más amhlaidh go raibh tú as obair ar feadh tamaill. Má tá tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh ba chóir duit a sheiceáil cibé an ghearrfar cáin uirthi. Ba chóir duit síniú le haghaidh ranníocaíochtaí árachais shóisialta chun sochair i dtreo is nach mbeidh briseadh i do thaifead árachais shóisialta agat.

Má fhágtar dífhostaithe tú nó má laghdaítear d'uaireanta oibre is cosúil go rachaidh sé seo i bhfeidhm ar do phinsean. D'fhéadfadh sé tarlú chomh maith nach bhfuil tú in ann leanúint le híocaíochtaí ar nós do mhorgáiste nó billí laethúla a íoc. Má tá fadhbanna agat ag déileáil le do chuid fiacha is féidir leat dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid a thabharfaidh comhairle agus faisnéise duit ina leith seo.

Má fágadh iomarcach tú d'fhéadfaí cáin a ghearradh ar chuid de d'íocaíocht iomarcaíochta.

Cabhair le do chíos nó mhorgáiste

Má bhíonn deacracht agat le do chostais tithíochta a íoc tá roinnt tacaíochtaí ar fáil. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chabhair le costas do chíosaús morgáiste faoin scéim um Liúntas Leasa Forlíontach. Má ligeann tú seomra amach ar cíos i do theach féin d'fhéadfadh an t-ioncam cíosa a bheith díolmhaithe ó cháin ioncaim.

Má tá tú i do chónaí i lóistín príobháideach ar cíos agus nach bhfuil do chíos íoctha agat ní mór do do thiarna talún nósanna imeachta áirithe a leanúint má theastaíonn uaidh nó uaithi tú a chaitheamh amach Más tionónta údaráis áitiúil nó tionónta comhlachais tithíochta tú, agus má tá tú ag titim taobh thiar le cíos, ba chóir duit labhairt le d'údarás áitiúil nó comhlachas tithíochta.

Mura bhfuil tú in ann do mhorgáiste a íoc d'fhéadfadh d'institiúid iasachta cinneadh a dhéanamh chun do theach a athshealbhú. Má tá tithíocht de dhíth ort agus mura bhfuil an t-airgead agat chun do theach féin a cheannach is féidir leat iarratas a chur isteach ar thithíocht an údaráis áitiúil nó chuig cumann tithíochta. Má cheapann tú go gcaillfidh tú do theach go luath ba chóir duit dul i dteagmháil le d'údarás áitiúil láithreach le fáil amach cén roghanna tithíochta atá ann do dhaoine gan dídean.

Roghanna oideachais nó oiliúna

I ndiaidh duit do phost a chailliúint d'fhéadfá cinneadh a dhéanamh chun filleadh ar oideachas nó oiliúint, ag athrú treo do ghairmréime b'fhéidir. Tá foinsí faisnéise faoi fhilleadh ar oideachas a thugann liosta den raon clár a thairgeann cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha. Ba chóir duit a fháil amach cén maoiniú le haghaidh oideachais atá ar fáil. Má tá tú ar íocaíocht Cuardaitheora Poist d'fhéadfá a bheith i dteideal an Liúntais um Fhilleadh ar an Oideachas D'fhéadfá a bheith i dteideal cúrsaí oideachais aosaigh agus oideachais phobail. San áireamh ar chúrsaí oideachais agus oiliúna leanúnachaoiliúint FÁS.

Tairgeann an Clár Fostaíochta Pobail socrúcháin pháirtaimseartha agus shealadacha i bpoist laistigh de phobail áitiúla do dhaoine atá dífhostaithe le fada, i measc nithe eile.

Filleadh ar an obair

Tá roinnt foinsí faisnéise agus eagraíochtaí ann le cabhrú leat chun fostaíocht a lorg in Éirinn, lena n-áirítear nuachtáin, gníomhaireachtaí earcaíochta agus láithreáin ghréasáin. Ba chóir duit clárú le d'oifig seirbhíse fostaíochta áitiúil FÁS le faisnéis a fháil faoi fholúntais i bpoist. Cuireann FÁS gairmthreoir agus faisnéis faoi Chlubanna Poist agus chúrsaí oiliúna ar fáil chomh maith. Cabhraíonn Seirbhísí Fostaíochta Áitiúla le daoine atá dífhostaithe le fada trí oiliúint agus gairmthreoir chun bogadh ar aghaidh ó leas sóisialach go dtí obair.

Nuair atá tú ag tosú i bpost nua ba chóir duit a chinntiú go bhfuil d'asbhaintí cánach agus ÁSPC i gceart. D'fhéadfá a bheith i dteideal liúntas cánach breise faoin scéim um Chúnamh Poist Ioncaim. Má tá d'ioncam oibre faoi bhun leibhéil áirithe agus leanbh amháin ar a laghad á thacú agat, d'fhéadfá Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh a fháil.

Má tá gnó á thosú agat d'fhéadfá a bheith i dteideal an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair.

Éire a fhágáil

D'fhéadfá a bheith ag smaoineamh ar bhogadh thar lear chun post a lorg. Tá go leor faisnéise ar fáil ar an idirlíon agus in áiteanna eile a thabharfaidh nodanna duit maidir le taisteal thar lear. Chomh maith le do phas tá roinnt doiciméid eile ar gá duit iad a thabhairt leat.

Má tá tú ag smaoineamh ar dul ag obair san AE, (an LEE agus an Eilvéis san áireamh) tá cearta áirithe agat lena n-áirítear an ceart chun bogadh chuig stát eile san AE chun post a lorg. D'fhéadfá a bheith in ann do Shochar Cuardaitheora Poist a aistriú thar lear.

Sula mbeartaíonn tú ar oibriú i dtír lasmuigh den AE ba chóir duit dul i dteagmháil le hambasáid nó consalacht na tíre a bhfuil sé ar intinn agat dul ann. Beidh ort a fháil amach faoi chead oibre agus rialacháin maidir le víosa toisc go mbíonn rialacha difriúla ag gach tír. Má bhíonn fadhbanna agat agus tú thar lear, is féidir leis an ambasáid nó consalacht Éireannach is cóngaraí comhairle agus cúnamh a thabhairt duit.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19/11/2009

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh