Ranníocaíochtaí creidiúnaithe árachais shóisialaigh

Eolas

Más fostaí tú, déantar asbhaintí Árachais Shóisialta Pá-Choibhneasta (ÁSPC) ó do thuillimh gach seachtain. Is féidir le do ranníocaíochtaí ÁSPC cabhrú leat cáiliú d'íocaíochtaí árachais shóisialta cosúil le Sochar Cuardaitheora Poist. B'fhéidir nach bhfuil do ranníocaíocht ÁSPC íoctha agat má tá tú as obair, ach d'fhéadfá cáiliú do ranníocaíocht chreidiúnaithe.

Ranníocaíocht a thugtar duit agus a dhéantar a thaifeadadh ar do thaifead árachais shóisialta is ea ranníocaíocht chreidiúnaithe árachais shóisialta. Ceadaíonn íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe duit do ranníocaíochtaí íoctha agus chreidiúnaithe a chomhcheangal chun cabhrú leat cáiliú d'íocaíocht árachais shóisialta.

Rialacha

Chun cáiliú dochreidmheas, caithfidh tú ranníocaíocht ÁSPC amháin ar a laghad a bheith oibrithe agus íoctha agat in Aicme ÁSPC A, B, C, D, E, nó H agus ranníocaíochtaí íoctha nó creidiúnaithe a bheith agat i gceann amháin den dhá bhliain cánach iomlán is déanaí. Mar shampla, má tá tú ag déanamh iarratais ar chreidmheasanna in 2010, caithfidh tú ranníocaíochtaí íoctha nó creidiúnaithe a bheith agat in 2009 nó 2008. Má tá bearna ann atá níos mó ná dhá bhliain cánach iomlán, caithfidh tú oibriú agus ranníocaíochtaí a íoc ar feadh 26 seachtain breise sula mbeidh tú incháilithe do ranníocaíochtaí creidiúnaithe.

Go hiondúil, bronntar creidmheasanna ag an ráta céanna leis an íocaíocht ÁSPC is déanaí. Ní chabhróidh do chreidmheas leat ach amháin chun cáiliú do na híocaíochtaí árachais shóisialta a bhaineann le ÁSPC Mar shampla, má tharlaíonn d'íocaíocht ÁSPC is déanaí in Aicme A beidh do chreidmheasanna in Aicme A. Ach mar sin féin, má tharlaíonn d'íocaíocht ÁSPC is déanaí in Aicme B beidh do 'chreidmheasanna' in Aicme B. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi aicmí árachais shóisialta agus na híocaíochtaí leasa shóisialaigh do gach aicme.

Creidmheasanna le linn dífhostaíochta

Faightear creidmheasanna sa ghnáthchúrsa má tá tú go hiomlán dífhostaithe agus ag fáil Sochair Cuardaitheora Poist. Is féidir leat leanúint ag fáil creidmheasanna má tá do theidlíocht do Sochar Cuardaitheora Poist ídithe agus cáiliú do Liúntas Cuardaitheora Poist. Ní fhaightear creidmheasanna sa ghnáthchúrsa má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat.

Caithfidh tú ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha nó creidiúnaithe a bheith agat sa dhá bhliain cánach is déanaí chun creidmheasanna a fháil le Liúntas Cuardaitheora Poist. Má tá tú dífhostaithe ach nach bhfuil tú i dteideal d'íocaíocht leasa shóisialaigh, is féidir leat síniú do chreidmheasanna chomh fada agus go bhfuil tú ar fáil agus ábalta oibriú. Mar shampla, d'fhéadfá a bheith ábalta síniú do chreidmheasanna mura gcáilíonn tú do Shochar Cuardaitheora Poist toisc nach bhfuil na ranníocaíochtaí ÁSPC atá riachtanach agus mura gcáilíonn tú do Liúntas Cuardaitheora Poist toisc go gcuireann tuillimh do chéile tú os cionn teorainn na tástála maoine.

Caithfidh tú síniú do chreidmheasanna i d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos. Má tá tú dífhostaithe agus ag fáil creidmheasanna, is féidir leat leanúint ag fáil creidmheasanna má bhíonn tú rannpháirteach i gceann amháin de na cúrsaí a leanas:

  • Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (Dara agus Tríú Leibhéal)
  • Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG)
  • Cúrsaí Oiliúna Fás/Cert/BIM/Teagasc

Creidmheasanna réamhiontrála nuair a thosaíonn tú ag obair

Tugtar creidmheasanna réamhiontrála duit sa ghnáthchúrsa nuair a thosaíonn tú ag obair. Go hiondúil, tugtar na creidmheasanna seo uair amháin agus clúdaíonn siad an bhliain chánach ina dtosaíonn tú ag obair suas go dtí dáta tosaithe iarbhír na hoibre. Lena chois sin, déanann na creidmheasanna clúdach ort don dhá bhliain chánach ioncaim roimhe sin. Is féidir le do 'chreidmheasanna réamhiontrála' cabhrú leat cáiliú do Shochar Cuardaitheora Poist.

Conas iarratas a dhéanamh

Bronntar creidmheasanna sa ghnáthchúrsa má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil. Murach sin, beidh tú ábalta do chreidmheasanna má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat. Má tá tú dífhostaithe ach nach bhfuil tú i dteideal d'íocaíocht leasa shóisialaigh, is féidir leat síniú do chreidmheasanna chomh fada agus go bhfuil tú ar fáil agus ábalta oibriú.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Má tá tú dífhostaithe, ba chóir duit síniú do chreidmheasanna ag d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11/01/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh