Déileáil le fiachas

Eolas

Conas gur féidir le fiachais dul ó smacht ort

Breathnaítear ar fhoirm creidmheasa ar bith mar fhiachas, agus murar féidir leat airgead tirim a íoc do gach rud tá fiachais agat. Bíonn fadhb ann nuair nach bhfuil tú ábalta coinneáil leis na híocaíochtaí.

Nuair a tharlaíonn rud gan choinne agus go mbíonn mórán costais bhreise ort, b’fhéidir nach mbeidh tú ábalta coinneáil le do chuid íocaíochtaí nó fiú amháin do bhillí laethúla a íoc. B’fhéidir go n-aireofá róchorraithe nó ró-náirithe chun teagmháil a dhéanamh le do chreidiúnaithe ag an tráth seo - chun insint dóibh faoi fhadhbanna atá agat ag coinneáil le híocaíochtaí.

Is iondúil go dtarlaíonn na céimeanna a leanas:

  • Íocaíocht iomrallach agus litreacha ó chreidiúnaithe.
  • Airgead a fháil ar iasacht chun coinneáil le billí agus riaráistí (breis fiachais).
  • An creidiúnaí a chuireann an brú is mó ort a íoc.
  • Geallúintí a thabhairt faoi mhéideanna míréasúnta a íoc (toisc eagla nó náire)
  • Geallúintí briste agus níos mó brú ó chreidiúnaithe
  • Caingean dlí.

Cúnamh a fháil

Mura n-éiríonn tú leis an fhadhb is féidir leis an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) saor in aisce cabhrú leat

Tá raon acmhainní ar fáil ar an láithreán gréasáin chun cuidiú leat déileáil le do chuid fiachas. Soláthraíonn siad cúnamh duine le duine agus seirbhísí tacaíochta mórthimpeall na tíre.

Conas déileáil le fiachas leat féin

Bíonn tromlach na gcreidiúnaithe fíorthuisceanach nuair is eol dóibh go bhfuil deacrachtaí agat. Mura ndéantar teagmháil leo leis na deacrachtaí a mhíniú, ceapfar nár íoc tú gan chúis.

Cuideoidh na céimeanna a leanas.

Déan amach buiséad iomlán (costas maireachtála don bhliain iomlán). Déan iarracht foirm áireamháin bhuiséadta pearsanta MABS a úsáid anseo.

Ba chóir don bhuiséad atá agat na costais mhaireachtála ar fad a áireamh, nó déanfaidh tú tairiscintí íocaíochta nach mbeidh inacmhainne duit i gcónaí. Mar shampla, tá an geimhreadh níos costasaí ná an samhradh (breis teasa, éadaí agus coisbheart níos costasaí, an Nollaig, srl.).

Ba chóir duit costais oideachais, sláinte, taistil, cuardaigh poist, éadaí agus coisbhirt a áireamh nuair atá do bhuiséad seachtainiúil á oibriú amach agus é seo a oiriúnú do mhéid sheachtainiúil.

Ní dhéanfar an méid seo a chaitheamh gach seachtain, ach tabharfaidh sé tuairim níos fearr duit ar nithe atá inacmhainne. Bheadh iontas ar mhórán daoine fáil amach cad a chaitheann an gnáth-theaghlach go bliantúil ar earraí bunúsacha.

Cuir do chostais in ord tosaíochta.

Is iad na tosaíochtaí is tábhachtaí nó díon os do chionn, teas, soilsiú agus bia. Ina dhiaidh sin, caithfidh tú do chostais a liostáil in ord tábhachta. Caithfidh tú a bheith ionraic leat féin faoi chostais cosúil le toitíní, alcól, srl. Féach cén caiteachas gur féidir leat laghdú.

Déan teagmháil le do chreidiúnaithe.

Nuair atá do bhuiséad comhlánaithe agat agus tú réasúnta cinnte de na costais atá agat, déan liosta de chreidiúnaithe atá agat agus cad atá dlite dóibh. Labhair leis na creidiúnaithe agus mínigh do dheacrachtaí dóibh. Abair leo go bhfuil creidiúnaithe eile agat, go bhfuil méid teoranta airgid agat le roinnt eatarthu agus go bhfuil iarracht á dhéanamh agat a bheith cothrom leo go léir.

Más fadhbanna sealadacha atá agat, tabhair tuairim dóibh faoin dáta lena mbeifí ag súil le híocaíocht iomlán. Mura bhfuil tú cinnte cén uair a tharlóidh íocaíocht iomlán, abair é seo leis na creidiúnaithe.

Más fadhbanna fadtéarmacha atá agat, bí ionraic agus abair leis na creidiúnaithe go mb’fhéidir nach mbeidh nach hacmhainní agat riamh leis na buníocaíochtaí a dhéanamh. Má tá ús a shuimiú agus go gciallaíonn sé seo nach mbeidh an fiachas íoctha agat riamh, iarr orthu an t-ús a chur ar fionraí.

Cad a tharlóidh má dhéantar neamhaird den bhfadhb

Éireoidh na fadhbanna níos measa mura ndéantar dada. Má tá caingean dlí tógtha ag do chreidiúnaithe, ná déan neamhaird de na litreacha. Má fhaigheann tú litir dhlíthiúil faoi fhiachas agus nach gcloistear uathu arís ar feadh tréimhse ama, ná ceap go bhfuil dearmad déanta ach - ní imeoidh an fhadhb. Tá sé fíorthábhachtach teagmháil a dhéanamh leis na creidiúnaithe nó leis an aturnae.

Tá sraith d’éisteachtaí cúirte i gceist sa phróis bhailithe fiachais. Tabharfaidh an chúirt deis duit a rá leo cad atá inacmhainne maidir leis na híocaíochtaí - má bhíonn tú i láthair. Murach sin, déanfaidh an Breitheamh cinneadh faoi mhéid sheachtainiúil, ach ní bheidh tuairim ar bith aige/aici cad atá inacmhainne duit. Má tá tú le bheith i láthair sa chúirt, déan amach ráiteas airgeadais (ioncam, costais agus fiachais) agus fág isteach sa teach cúirte é d’aird an bhreithimh cúpla lá roimh na héisteachta. Seol cóip chuig aturnae an chreidiúnaithe freisin.

Rudaí le meabhrú nuair atá airgead á fháil ar iasacht

  • An bhfuil iasacht ag teastáil?
  • An bhfuil na hacmhainní agam?
  • Mura raibh mé ábalta coigilt, conas a bheidh na hacmhainní agam maidir le haisíocaíochtaí.
  • Cé mhéid a bheidh íoctha agam don chreidmheas ar an iomlán - lena n-áirítear ús agus táillí?
  • Arbh é seo an bealach is saoire leis na hearraí a cheannach?
  • An mairfidh an iasacht níos faide ná na hearraí - cad a tharlóidh nuair a bheidh athsholáthar le déanamh?

Ina theannta sin, rudaí le meabhrú

Go minic tagann fadhbanna níos mó as iasacht a bhaint amach chun fiacha nó iasacht eile a íoc ar ais.

Muna dtuigeann tú cáipéis, ná sínigh é!

Ná fáigh iasacht go deo ó iasachtóir nach bhfuil cláraithe!

Rialacha

Airgead a éileamh go bagrach

Faoi Alt 11 an Achta um Chionta Neamh-mharfacha in aghaidh an Duine 1997, is cion é íocaíocht fiachais a éileamh ar bhealach atá deartha chun buairt, anacair nó náire a chruthú. Clúdaítear dúmhál agus sracadh faoin acht seo freisin. (Ciallaíonn dúmhál imeaglú nó bagairt fhoréigin chun airgead, eolas nó rud ar bith eile atá luachmhar a fháil ó dhuine eile).

Má chúisítear duine sa chion seo agus go ndéantar é a thriail mar chion achomair (sa Chúirt Dúiche ag breitheamh amháin), an t-uasphionós ná fíneáil nó 12 mhí i bpríosún. Má tharlaíonn triail mar chion indíotáilte (sa Chúirt Chuarda Choiriúil nó Príomh-Chúirt Choiriúil os comhair breithimh agus giúiré), an t-uasphionós ná fíneáil nó 14 bhliana i bpríosún.

Rataí

Is seirbhís rúnda agus saor in aisce í MABS. Tá ardoiliúint ar an bhfoireann go léir agus saineolas acu ar bhainistíocht airgid.

Last Updated: 2/9/2009

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh