Faoiseamh cánach a fháil má tá tú dífhostaithe

Réamhrá

Is féidir leat faoiseamh a fháil ar cháin atá íoctha agat cheana féin má bhí tú fostaithe agus má tá tú dífhostaithe anois. Is féidir leat cáin a fháil ar ais freisin má tá tú fós fostaithe agus níos mó cánach íoctha agat ná mar a bhí tú faoi dhliteanas ina leith.

Cén fáth go mbeadh faoiseamh cánach ar fáil dom?

Tá cúiseanna éagsúla ann le go mbeifeá faoi dhliteanas anois níos lú cánach a íoc ná mar a cheap tú roimhe seo agus go mbeadh aisíoc dlite duit.

Féadtar go ndéantar do dhliteanas cánach a laghdú mar go bhfuil tú dífhostaithe. D'oibrithe ÍMAT, déantar do dhliteanas cánach a leathadh amach go cothrom i rith na bliana ionas go roinntear do chreidmheasanna cánach le figiúr míosúil nó seachtainiúil a thabhairt. Má táthar ag súil go dtabharfaidh do thuillimh isteach i réim cánach níos airde de 41% tú, treoraíonn na Coimisinéirí Ioncaim don fhostóir cuid den cháin a asbhaint ag 20% agus cuid a bhaint ag 41%. Tugtar pointe scoite an ráta caighdeánaigh ar an bpointe a thosaíonn tú ag íoc 41%.

Nuair a dhéanann fostóir do dhliteanas cánach a ríomh, déantar an cháin iomlán a ríomh atá dlite ó 1 Eanáir go dtí an dáta ar a n-íoctar do phá is déanaí nó nuair a fhágann tú an fostaíocht sin. Tugtar ríomh ar bhonn carnach ar a leithéidí.

Má tharlaíonn sé go bhfuil tú dífhostaithe b'fhéidir nach mbeifeá ag úsáid do chreidmheasanna cánach ón tréimhse sin ar aghaidh, agus b'fhéidir nach mbeifeá dlite an ráta níos airde a íoc ach an oiread, fiú amháin má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat, atá inchánach. (Níl Liúntas Cuardaitheora Poist inchánach.)

Tugtar aon chreidmheasanna cánach agus pointe scoite an ráta chaighdeánaigh, nach n-úsáidtear i dtréimhse pá, ar aghaidh chuig an chéad thréimhse pá eile sa bhliain chánach sin.

Mar sin, tar éis roinnt seachtainí dífhostaíochta, beidh creidmheasanna cánach neamhúsáidte agat. Is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim athríomh a dhéanamh ar an méid cánach gur chóir duit a íoc, ag baint leasa as do chreidmheasanna ar fad go dáta, agus aisíoc a dhéanamh leat má tharla ró-íocaíocht.

Gheofá faoiseamh cánach freisin mura ndearna d'fhostóir do dhliteanas cánach a ríomh i gceart agus má rinne tú cáin a ró-íocadh, nó más amhlaidh go raibh 'cáin éigeandála' á íoc agat.

Rialacha

Má tá tú dífhostaithe

Má baineadh cáin as do phá ón 1 Eanáir deireanach agus má tá tú dífhostaithe anois féadtar go mbeifeá i dteideal faoiseamh cánach a fháil. Murar íoc tú aon cháin, ní bheidh aisíoc dlite duit.

Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) inchánach. Níl an chéad €13 in aghaidh na seachtaine de Shochar Cuardaitheora Poist agus cion an SCP don mhéadú do Leanbh Cleithiúnach inchánach, áfach.

Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat, agus má dhéanann tú éileamh ar aisíoc cánach, déantar cion inchánach SCP agus do phá a shuimiú le dearbhú an bhfuil tú i dteideal aisíoc cánach a fháil.

Níl Liúntas Cuardaitheora Poist inchánach.

Cliceáil anseo chun sampla a fheiceáil den chaoi ina ndéantar d'fhaoiseamh cánach a ríomh má tá tú dífhostaithe.

Má laghdaítear do chuid uaireanta oibre

B'fhéidir nach mbeifeá faoi dhliteanas cánach ag ráta níos airde má laghdaítear d'uaireanta oibre. Lena chois sin, b'fhéidir gur mhian leat cuid de na creidmheasanna cánach atá agat a aistriú chuig do chéile, má tá tuillimh níos airde acu. Déan teagmháil le d'oifig réigiúnach na gCoimisinéirí Ioncaim, mar atá luaite ag 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á éileamh agat, áireofar seo mar chuid den ioncam inchánach atá agat.

Má tá tú dífhostaithe agus má cheapann tú go ndearna tú cáin a ró-íoc

Má cheapann tú nach ndearna d'fhostóir do dhliteanas cánach a ríomh i gceart caithfidh tú do P60 agus sonraí i scríbhinn faoi d'éileamh a chur isteach. Má tá do chéile ag obair caithfidh tú a P60 a chur isteach freisin. Tugann d'fhostóir P60 duit ag deireadh gach bliain.

Aisíocaíochtaí cánach eile

Féadtar go n-íocfar aisíoc cánach má cheannaigh tú táirgí nó seirbhísí dá bhfuil tú in ann faoiseamh cánach a éileamh.

Rataí

Dífhostaithe

Brathfaidh méid an aisíoca cánach ar:

  • Fad do thréimhse dífhostaíochta
  • Méid na cánach atá íoctha agat
  • Méid na gcreidmheasanna cánach a d'úsáid tú
  • Méid d'íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil

Conas a íoctar d'aisíoc cánach

Má tá tú dífhostaithe agus má tá aisíoc cánach dlite duit déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seic a eisiúint duit.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh 4 sheachtain ón dáta ar a dtáinig tú chun bheith dífhostaithe, ach má bhí cáin éigeandála á baint ag d'iarfhostóir ba chóir duit iarratas a dhéanamh gan mhoill.

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh 8 seachtain ón dáta ar a dtáinig tú chun bheith dífhostaithe, má tá ioncam eile á fháil agat atá inchánach, agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh inchánach san áireamh seo.

Iarratas ar aisíoc cánach mar go bhfuil tú dífhostaithe, caithfear é a dhéanamh ar Fhoirm aisíoc cánach P50 (pdf) agus é a sheoladh chuig d'oifig cánach áitiúil in éineacht le Codanna 2 agus 3 de do P45 go dtí cad a tharlaíonn nuair nach bhfuil aon P45 nó P60 agat.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Chun tuilleadh eolais faoi fhaoiseamh cánach a fháil, déan teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Bain úsáid as aimsitheoir teagmhála na gCoimisinéirí Ioncaim le huimhir Íosghlao do réigiúin féin a fháil.

Is féidir leat sonraí teagmhála níos mionsonraithe na gCoimisinéirí Ioncaim do do réigiún féin a fháil anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1/9/2009

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh