Cúnamh le pá íseal
Eolas
Tá bearta cánach agus leasa shóisialaigh ann a chabhraíonn le fostaithe ar phá íseal.
Rialacha
Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin a chabhraíonn le daoine ar phá íseal is ea Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh Tá an íocaíocht ar fáil d’fhostaithe pósta agus neamhphósta le leanaí.
Má tá leanbh amháin agat ar a laghad, d’fhéadfá Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) a éileamh. Caithfidh d’ioncam teaghlaigh a bheith faoi leibhéal áirithe, ag brath ar an líon leanaí atá agat.
Lena chois sin, caithfidh tú a bheith ag obair 19 n-uaire in aghaidh na seachtaine ar a laghad. Is féidir leat an coinníoll a shásamh maidir le líon uaireanta seachtainiúil oibrithe trí uaireanta oibrithe ag an éilitheoir agus a c(h)éile nó p(h)áirtí a chomhcheangal, nuair is fostaithe atá i gceist leis an mbeirt.
Mar shampla, d’fhéadfá a bheith incháilithe má laghdaítear d’uaireanta oibre ach go bhfuil do chéile/pháirtí ag obair go páirtaimseartha.
Íocaíochtaí leasa shóisialaigh a éileamh
Faoi chúinsí áirithe, ceadaítear duit íocaíochtaí leasa shóisialaigh (nó cuid áirithe ar a laghad) a éileamh nuair a dhéantar uaireanta oibre a laghdú nó nuair a thosaíonn tú ag obair arís. Mar shampla, má oibríonn tú go páirtaimseartha suas le 3 lá na seachtaine, d’fhéadfá a bheith i dteideal Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist a éileamh don chuid eile den tseachtain.
Liúntas um Fhilleadh ar Obair agus an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
Faoi na scéimeanna seo, is féidir leat filleadh ar an obair nó a bheith féinfhostaithe agusd’íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh a choinneáil ag na rátaí a leanas:
- 75% (an chéad bhliain)
- 50% (an dara bliain)
- 25% (an tríú bliain)
Tá sé indéanta Liúntas um Fhilleadh ar an Obair a fháil agus cáiliú don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh, má tá d’ioncam níos lú ná an teorainn ioncaim atá socraithe do mhéid an teaghlaigh atá agat. Faigh tuilleadh eolais faoin Liúntas um Fhilleadh ar Obair agus an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair.
PostchúnamhIoncaim
Is liúntas cánach breise é Postchúnamh Ioncaim do dhaoine in Éirinn a bhí dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó tréimhse níos faide ná sin nó atá ag filleadh ar fhostaíocht. Is rogha malartach é an scéim ar scéimeanna fostaíochta atá thuasluaite.
Do chárta leighis a choinneáil
Má tá íocaíocht dífhostaíochta á fáil agat ar feadh 12 mhí nó má tá tú ag filleadh ar obair lánaimseartha, beidh sé incheadaithe do chárta leighis a choinneáil ar feadh 3 bliana, is cuma cé mhéid atá a thuilleamh agat.
Tobhach Ioncaim
Ní íocann tú an Tobhach Ioncaim má tá do thuillimh faoi bhun €15,028 in aghaidh na bliana. Má íocann tú an tobhach, ach go mbíonn d’ioncam don bhliain iomlán faoi bhun an leibhéil, is féidir leat faoiseamh a éileamh.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.