Seirbhís MABS a úsáid
Eolas
Ag déanamh do chéad choinne
Cuir glaoch ar Líne Chabhrach na Seirbhíse Buiséadta agus Comhairle Airgid (MABS) agus labhróidh comhairleoir oilte na Líne Chabhrach leat faoi do chúrsaí airgid agus cuirfear comhairle ort. Cuirfear roinnt eolais chugat saor in aisce a chabhróidh leat plé le do chuid fadhbanna airgid.
Más mian leat labhairt le Comhairleoir Airgid fós in oifig áitiúil, tabharfaidh Líne Chabhrach MABS an t-eolas atá riachtanach duit le coinne a dhéanamh le d’oifig áitiúil.
Is féidir leat dul chuig d’oifig MABS áitiúil chun coinne a dhéanamh freisin.
Nuair a théann tú chuig d’oifig MABS áitiúil labhróidh tú le riarthóir na hoifige de ghnáth. Tógfaidh sé/sí sonraí áirithe uait agus déanfar coinne duit. Ba chóir duit a rá ag an gcéim seo más cás éigeandála atá ann. Má tá fíor-eagla ort faoi do chás, ba chóir duit é seo a rá freisin.
Tá liosta feithimh ag oifigí áirithe do choinní agus d’fhéadfaidís daoine a fheiceáil ar bhonn tosaíochta. Fad is atá tú ag feitheamh ar do choinne is féidir leat dul i dteagmháil le Líne Chabhrach MABS agus cabhróidh Comhairleoir Líne Chabhrach MABS leat ullmhú le haghaidh do chéad choinne.
Nuair a théann tú chuig do chéad choinne, ba chóir duit na nithe a leanas a thabhairt leat
- Litreacha ar bith atá faighte agat ó chreidiúnaithe nó óna aturnaetha (mura bhfuil siad oscailte, tabhairt leat iad dúnta agus osclóidh an Comhairleoir Airgid iad)
- Má tá cuntas comhair creidmheasa agat, tabhair an leabhar leat agus ráiteas ar bith le déanaí
- Má tá cuntas agat le díoltóirí doras go doras nó iasachtóirí airgid, tabhair na leabhair leat (fiú mura bhfuil siad suas chun dáta)
- Páipéir nó ráitis ar bith a bhaineann le cuntas cíosa, BSL, teileafóin nó cábla.
- Ráitis bhainc nó sonraí ar fhiachais ar bith eile.
- Sonraí ioncaim - do dhuillín pá má tá tú ag obair nó do leabhar íocaíochta Leasa Shóisialaigh nó admháil ó Oifig an Phoist má tá tú dífhostaithe
- Comhaontaithe maoinithe cairr nó morgáiste atá sínithe agat.
Ná bí buartha mura bhfuil na páipéir seo agat nó más amhlaidh go ndearna tú dearmad iad a thabhairt leat - coinnigh do choinne mar sin féin. Iarrfaidh do Chomhairleoir Airgid ort iad a sheoladh ina dhiaidh sin nó iad a thabhairt chuig an gcéad choinne eile. Má bhíonn deacracht agat an t-eolas seo a fháil, cabhróidh do Chomhairleoir Airgid leat.
Ná bíodh eagla ort labhairt faoi na fiachais go léir atá agat. Ní bheidh iontas ar an gComhairleoir Airgid faoi líon na bhfiachas, an méid atá le haisíoc nó conas mar a tharla an fiachas. Níl mar ábhar suime aige/aici ach cabhrú leat.
Conas a oibríonn an tseirbhís leat
Is féidir le do chéad choinne uair an chloig nó níos mó a thógáil, ag brath ar na riachtanais atá agat.
Déanfaidh an Comhairleoir Airgid:
- D’ioncam a scrúdú agus cinntiú go bhfuil do theidlíochtaí ar fad á fháil agat.
- Seiceáil go bhfuil tú faoi dhliteanas na fiachais a íoc
- Cabhrú leat do riachtanais laethúla a oibriú amach agus comhairle a thabhairt duit ar bhuiséadú
- Ráiteas airgeadais a ullmhú a úsáidfear sna hidirbheartaíochtaí le do chreidiúnaithe
- Cabhrú leat d’fhiachais a chur in ord tosaíochta (tithíocht, teas, soilsiú agus bia mar phríomhthosaíochtaí) agus cabhrú leat cinneadh a dhéanamh faoi phlean íocaíochta
- Idirbheartaíocht a dhéanamh le do chreidiúnaithe más mian leat
- Tacaíocht a sholáthar chun déileáil leis na fiachais atá agat
- Teagmháil a dhéanamh le seirbhísí eile, agus tú a atreorú chuig seirbhísí eile más mian leat.
Fad an phróisis
Tá líon na gcoinní a bhíonn agat le MABS agus an tréimhse ama a bheidh tú leis an tseirbhís ag brath ar na riachtanais atá agat. Tabharfaidh an Comhairleoir Airgid spreagadh agus tacaíocht duit mar a dhéantar dul chun cinn agus mar a thosaítear ag déileáil le deacrachtaí leat féin. Níl aon am socraithe leagtha síos.
Is seirbhís rúnda í MABS. Ní dhéanfaidh an Comhairleoir Airgid do chás a phlé le duine eile gan chomhaontú sínithe uait féin.
Soláthróidh an tseirbhís an t-eolas agus an tacaíocht atá riachtanach duit chun cinntí a dhéanamh, ach ní déarfaidh duine ar bith leat cad atá le déanamh. Beidh socruithe agus roghanna ar bith faoi fhiachais agus íocaíochtaí atá agat le déanamh agat féin.
Íocaíocht a dhéanamh le do chreidiúnaithe
Tá MABS agus comhair creidmheasa ag comhoibriú chun córas íocaíochta a sholáthar do dhaoine le fadhbanna buiséadaithe. Cuntas Speisialta a thugtar ar a leithéidí.
Cabhróidh an Comhairleoir Airgid leat do bhuiséad a scrúdú agus oibriú amach cad atá le híoc agat gach seachtain chun coinneáil suas chun dáta le do bhillí (fiú amháin cinn nach n-íoctar go seachtainiúil go hiondúil).
Osclóidh an comhar creidmheasa cuntas duit ansin (leithleach ón gcuntas iasachta).
Íocfaidh tú an méid atá comhaontaithe isteach sa chuntas ar lá an phá, a chlúdóidh do bhillí ar fad.
Ag deireadh gach mí, seolfaidh MABS sonrasc chuig an comhar creidmheasa agus íocfar do chreidiúnaithe le seic ón gcomhar creidmheasa.
Tá sé fíorthábhachtach a mheabhrú nach n-oibreoidh an córas seo ach amháin má íoctar an t-airgead isteach go rialta.
Tá modhanna íocaíochta eile ann, a dhéanfaidh an Comhairleoir Airgid a phlé leat.
Rataí
Is seirbhís saor in aisce í MABS agus ní ghearrfar aon táille d’eolas, comhairle nó cúnamh ar bith.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’oifig MABS áitiúil chun comhairle agus cúnamh a fháil.
Is féidir leat glaoch ar Líne Cabhrach MABS freisin: 1890 283 438 (9rn - 8in, Luan - hAoine) or nó ríomhphost: helpline@mabs.ie
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.