Cáin ar chnapshuim iomarcaíochta nó scoir

Réamhrá

Tá cúinsí éagsúla ann ina bhféadfaidh tú cúiteamh a fháil as fostaíocht a chailleadh.

Is é an ceann is coitianta ná i gcás ndéantar iomarcach thú agus go bhfaigheann tú an cnapshuim iomarcaíochta reachtúil. I gcásanna áirithe, b’fhéidir go bhfaighidh tú cnapshuim eile a bheidh idirbheartaithe agat féin nó ag do cheardchumann leis an bhfostóir.

Nuair a théann tú ar scor féadfaidh d’fhostóir cnapshuim a íoc leat.

Dá mba rud é go raibh conradh ar théarma seasta agat agus má chuirtear deireadh leis go luath, féadfaidh tú cnapshuim a fháil mar chúiteamh.

Cáilíonn íocaíochtaí cnapshuime do chóireáil chánach speisialta – d’fhéadfadh go mbeadh siad díolmhaithe ó cháin nó d’fhéadfadh go gcáileoidh siad le haghaidh faoiseamh éigin ó cháin.

Baineann an leathanach seo le cánachas do chnapshuime iomarcaíochta nó scoir. Ní bhaineann sé leis an láimhseáil cánach chnapshuime do scéime pinsin.

Cad iad na híocaíochtaí cnapshuime atá díolmhaithe ó cháin?

Má fhaigheann tú cnapshuim mar chúiteamh as fostaíocht a chailleadh, d’fhéadfadh go mbeadh cuid di saor ó cháin.

Tá na híocaíochtaí seo a leanas saor ó cháin:

  • An chnapshuim iomarcaíochta reachtúil
  • Íocaíocht a dhéantar mar gheall ar bhás, gortú nó míchumas, (faoi réir uasteorainn saoil saor ó cháin de €200,000)
  • Íocaíochtaí áirithe le fostaithe mar thoradh ar éilimh um chearta an dlí fostaíochta (pdf)

Na híocaíochtaí seo a leanas nach bhfuil díolmhaithe ó cháin ach d’fhéadfaidís cáiliú do roinnt faoiseamh cánach:

  • Íocaíocht ex-gratia: is íocaíocht iomarcaíochta neamhreachtúil í seo atá íoctha ag d’fhostóir, atá de bhreis ar an íocaíocht iomarcaíochta reachtúil
  • Íocaíocht in ionad fógra: áfach, má íoctar an chnapshuim seo faoi théarmaí do chonartha, tá sé inchánach go hiomlán agus ní cháilíonn sé le haghaidh díolúine nó faoisimh

Cén faoiseamh cánach atá ar fáil?

Ar íocaíocht iomarcaíochta nó scoir, tá tú i dteideal an ceann is airde díobh seo a leanas:

  • Díolúine Bhunúsach
  • Díolúine Mhéadaithe
  • Méadú ar Shochar Aoisliúntais Caighdeánach Caipitil (SCSB)

Díolúine Bhunúsach

Is ionann an Díolúine Bunúsach agus €10,160, móide €765 do gach bliain iomlán seirbhíse. (Ní áirítear leis seo iomarcaíocht reachtúil atá saor ó cháin.)

Is féidir iad seo a leanas a áireamh i dtreo bliana iomlán seirbhíse:

  • Am ar oibríodh roimh agus tar éis sos gairme
  • Tréimhse postroinnte nó obair pháirtaimseartha
  • Do chuideachtaí grúpa, déantar an obair ar fad in Éirinn

Má ghlac tú sos gairme ní féidir fad an tsosa a áireamh.

Díolúine Mhéadaithe

Féadfaidh tú Díolúine Mhéadaithe de €10,000 breise a fháil sa bhreis ar an Díolúine Bhunúsach más rud é:

  • Nach bhfuil cnapshuim saor ó cháin faighte agat le 10 mbliana anuas, agus
  • Nach bhfuil tú ag fáil cnapshuime pinsin anois ná ní bhfaighidh tú í sa todhchaí

Má tá tú i scéim pinsean ceirde, laghdaítear an Díolúine Mhéadaithe le haon chnapshuim saor ó cháin ón scéim pinsin a d’fhéadfá a bheith i dteideal a fháil.

Sochar Aoisliúntais Caighdeánach Caipitil (SCSB)

Is faoiseamh cánach é SCSB a théann chun sochair daoine a bhfuil tuilleamh níos airde acu agus seirbhís fhada de ghnáth. Is féidir é a úsáid má thugann an fhoirmle thíos méid níos mó ná díolúine bhunúsach nó Díolúine Bhunúsach móide Díolúine Mhéadaithe.

Foirmle le haghaidh SCSB

  1. Tóg an meántuilleamh bliantúil thar na 3 bliana roimhe sin (nó an tréimhse iomlán seirbhíse, más lú ná 3 bliana í)
  2. Méadaigh an figiúr seo faoin líon blianta seirbhíse
  3. Roinn í ar 15
  4. Dealaigh an íocaíocht cnapshuime pinsin a fuarthas

Sampla

Rinneadh iomarcach thú in 2020 tar éis 20 bliain seirbhíse agus fuair tú cnapshuim de €100,000 arb é do chéad chnapshuim.

Fuair tú cnapshuim de €20,000 ó do scéim pinsin faofa.

B’ionann do phá don 3 bliana deireanacha roimh an dáta ar fhág tú an obair agus €180,000.

Is é méid na cnapshuime atá díolmhaithe ó cháin, cibé acu is airde den 2 ríomh seo a leanas:

  1. Is ionann an Díolúine Bhunúsach agus: €10,160 + €15,300 (€765 x 20 bliain) = €25,460 Níl aon Díolúine Mhéadaithe toisc go bhfuil cnapshuim na scéime pinsin de €20,000 níos mó ná teorainn €10,000
  2. Is ionann an Sochar Aoisliúntais Caighdeánach Caipitil (SCSB) agus: €180,000 ÷ 3 x 20 ÷ 15 - €20,000 = €60,000

Is ionann an méid inchánach do chnapshuime agus €40,000 (€100,000 - €60,000).

Mar a léiríonn an sampla thuas tá faoiseamh cánach SCSB de €60,000 ina mhéid faoisimh cánach níos airde ná na Díolúintí Bunúsacha agus Méadaithe de €25,460.

Is féidir leat tuilleadh samplaí de chánachas ar chnapshuimeanna ó na Coimisinéirí Ioncaim (pdf) a fháil.

Cén ráta cánach atá i bhfeidhm?

Tá méid áirithe de d’íocaíocht iomarcaíochta saor ó cháin, mar a mhínítear thuas. Déileáiltear leis an iarmhéid, ar a dtugtar an íocaíocht cnapshuime inchánach, mar chuid de d’ioncam iomlán agus gearrtar cáin air dá réir. Gearrtar cáin air seo mar chuid de d’ioncam don bhliain reatha.

Níl méid do chnapshuime atá faoi réir cánach faoi réir árachas sóisialta (ÁSPC), ach seans go mbeidh ort an Muirear Sóisialta Uilíocha íoc.

Conas a ghearrfaidh m’fhostóir cáin ar mo chnapshuim?

Ní mór do d’fhostóir cáin a asbhaint ó d’ioncam go léir. Féadfaidh siad an díolúine bhunúsach a chur san áireamh, is é sin an €10,160 móide €765 do gach bliain seirbhíse.

D’fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim insint do d’fhostóir faoin méid ceart a chaithfear a bheith saor ó cháin agus an ráta cánach atá le cur i bhfeidhm ar an gcuid eile.

Mura dtarlaíonn sé seo nó má tá sé mícheart agus má tá an iomarca cánach íoctha agat, is féidir leat éileamh ar dhíolúine a dhéanamh trí m’Fhiosruithe ar seirbhís moChuntas na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ní mór duit a dhearbhú go bhfuil cnapshuim den sórt sin faighte agat ar do thuairisceán bliantúil ioncaim do na Coimisinéirí Ioncaim.

Tuilleadh eolais

Tá faisnéis níos mionsonraithe ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim faoi Íocaíochtaí Cnapshuime ar Iomarcaíocht nó ar Scor.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Márta 2015