Cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh
Eolas
Bíonn beagnach gach ioncam faoi réir cánach. B’fhéidir go bhfuil nó nach bhfuil d’íocaíocht leasa shóisialaigh inchánach, agus fiú amháin má tá sí inchánach, b’fhéidir nach mbeadh ort cáin a íoc uirthi.
Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fháil agat, gheobhaidh tú Creidmheas Cánach ÍMAT chomh maith leis na creidmheasanna cánach atá coitianta. Dá thoradh, má tá íocaíocht leasa shóisialaigh ar an bhfoinse ioncaim amháin atá agat, ní bheidh cáin le híoc agat toisc nach sáraíonn do dhliteanas cánach do chreidmheasanna cánach.
Mar sin féin, má tá íocaíocht leasa shóisialaigh agus foinse ioncaim eile agat, b’fhéidir go mbeadh ort cáin a íoc. Sa chás seo, déantar d’íocaíocht leasa shóisialaigh inchánach agus d’ioncam eile a shuimiú le chéile. Gearrtar cáin ort don mhéid iomlán. Níl aon mheicníocht ann le cáin a ghearradh ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ag an bhfoinse (roimh a íoctar leat iad). Mar shampla, cinneann d’ioncam lasmuigh den leas sóisialach, an t-ioncam fostaíochta, conas a dhéanfar an cáin atá dlite a íoc.
Mar shampla, má tá Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) á fháil agat do chuid den tseachtain, agus ag obair don leath eile. Gearrtar cáin ar d’ioncam fostaíochta trí chóras Íoc Mar a Thuillir ( ÍMAT) agus faigheann tú do chreidmheasanna cánach ar an mbealach coitianta. Chun cáin a ghearradh ar do Shochar Cuardaitheora Poist, déantar pointe scoite an ráta chaighdeánaigh a laghdú de mhéid na híocaíochta agus do chreidmheasanna cánach a laghdú den cháin atá dlite ar d’íocaíocht leasa shóisialaigh. Dá réir sin, íoctar cáin ar SCP agus ioncam poist, ach déantar é a bhailiú ón ioncam fostaíochta.
An téarma teicniúil ná ‘códú isteach’ na gcreidmheasanna. Mura raibh d’íocaíocht leasa shóisialaigh códaithe isteach, bheadh ort cáin a íoc mar dhuine féinfhostaithe agus mar chnapshuim faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain.
Rules
Bíonn Sochar Cuardaitheora Poist inchánach go ginearálta, ach bíonn díolúine cánach ar an gcéad €13 gach seachtain. Níl Sochar Cuardaitheora Poist atá iníoctha le hoibrithe gearr-ama inchánach. Lena chois sin, níl an Méadú Cleithiúnaí Linbh atá iníoctha le Sochar Cuardaitheora Poist inchánach.
Níl Liúntas Cuardaitheora Poist, Liúntas Réamhscoir nó Cúnamh Feirme inchánach.
How to Apply
Téigh i dteagmháil le d’oifig cánach áitiúil
Bain úsáid as aimsitheoir teagmhála na gCoimisinéirí Ioncaim le huimhir Íosghlao do réigiúin féin a fháil.
Is féidir leat sonraí teagmhála níos mionsonraithe na gCoimisinéirí Ioncaim do do réigiún féin a fháil anseo.
Tá tuilleadh eolais atá úsáideach in Faoiseamh cánach a fháil.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.