Cad a tharlaíonn don phinsean atá agat?
Eolas
Is dóigh go mbeidh tionchar ar do phinsean má tá tú dífhostaithe nó má laghdaítear na huaireanta oibre atá agat.
Braitheann an bealach ina mbeidh tionchar ar do phinsean ar;
- Cibé an scéim pinsean gairme atá soláthraithe ag d’fhostóir atá i gceist nó Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP)
- Cé chomh fada atá ranníocaíochtaí á n-íoc agat sa scéim
- Coinníollacha a bhaineann leis an scéim ar leith sin
Rules
Scéimeanna pinsean gairme
Baineann sraith rialacha ar leith le gach scéim pinsean. Rialaíonn an Bord Pinsean na scéimeanna pinsean gairme agus CCSP. Tá cearta áitrithe ag baill na scéimeanna maidir le heolas a fháil a bhaineann lena scéim pinsean.
Tá rialacha sonracha ann faoi cad a tharlaíonn má fhágann tú scéim pinsean ar chúis ar bith - mar shampla má chailleann tú post. D’fhéadfaí do shochair ón scéim pinsean a chaomhnú laistigh den scéim nó a aistriú go scéim eile. De réir reachtaíochta, nuair a fhágann ball scéim pinsean, caithfear litir le Roghanna Fágála Seirbhíse a sholáthar laistigh de 2 mhí ó am fágála na scéime. Ba chóir don litir seo cur síos a dhéanamh ar roghanna ar bith maidir le sochair na mball.
Ciallaíonn sochar caomhnaithe go bhfaigheann tú pinsean nuair a shroicheann tú gnáthaois scortha na scéime.
Má tá níos lú ná 2 bhliain de ranníocaíochtaí agat sa scéim, is féidir leat aisíoc a fháil ar d’aisíocaíochtaí féin (ach ní bheidh aisíoc ar ranníocaíochtaí ar bith atá déanta ag d’fhostóir). Beidh an aisíoc seo inchánach toisc go bhfuair tú faoiseamh cánach don ranníocaíocht.
Sula bhfágann tú d’fhostaíocht, ba chóir duit labhairt leis an duine sa chomhlacht atá freagrach do riaradh na scéime pinsin, mar tá rialacha ar leith ag gach scéim.
Mar shampla, má tá an scéim pinsean á fhoirceannadh toisc go bhfuil an comhlacht á scaoileadh chun leachtú, ba chóir duit stádas na ranníocaíochtaí pinsean a shoiléiriú mar bheart práinne.
Cuntais Choigiltis Scoir Pearsanta (CCSP)
Is conradh doCCSP i bhfoirm chuntais infheistíochta idir tú féin agus do sholáthraí CCSP. Ceadaíonn CCSP duit fostaíocht a athrú agus an CCSP céanna a choinneáil.
Gan táillí ar bith i gceist, is féidir CCSP a stopadh nó a thosú ag tráth ar bith a roghnaítear trí theagmháil a dhéanamh le do sholáthraí CCSP.
Seachas cúinsí a bhaineann le scor, sonraigh nach féidir le soláthraí CCSP sócmhainní CCSP a íoc ach amháin sna cásanna a leanas:
- Mura ndéanann tú ranníocaíochtaí ar feadh dhá bhliain nó níos mó agus má tá luach do chiste CCSP €650 nó níos lú, is féidir le do sholáthraí an CCSP a ghearradh agus aisíoc iomlán ar luach an chuntais a thabhairt duit. Caithfidh do sholáthraí fógra scríofa trí mhí a thabhairt duit roimh a dhúntar do CCSP.
Conas iarratas a dhéanamh
Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí pinsean chomh luath agus a chailleann tú do phost, is cuma cén cineál pinsean atá agat.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar leabhrán an Bhoird Pinsean What happens to my pension when I leave (pdf), PRSAs – a consumer guide (pdf) agus Pension Board Funding and Restructuring.
An Bord Pinsean
Teach Verschoyle
Sráid an Mhóta Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Teil: (01) 613 1900
Glao áitiúil: 1890 656 565
Facs: (01) 631 8602
Leathanach Baile:
http://www.pensionsboard.ie/
Ríomh-phost:
info@pensionsboard.ie
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.