Oideachas do dhaoine fásta
Eolas
Socraítear cúrsaí oideachais do dhaoine fásta ionas go mbeidh tú in ann filleadh ar an oideachas ar bhealaí solúbtha a chuireann do riachtanais agus do chúinsí mar dhuine fásta san áireamh. Tá cúrsaí páirtaimseartha agus cúrsaí lánaimseartha ar fáil atá oiriúnach do do chúinsí féin is cuma má theastaíonn uait páirt a ghlacadh in
oideachas breise agus oideachas tríú-leibhéil nó
oideachas agus oiliúint leanúnach.
Ní theastaíonn cáilíochtaí foirmeálta chun páirt a ghlacadh sa chuid is mó de na cúrsaí lánaimseartha agus cúrsaí páirtaimseartha atá ar fáil. Áiríonn siad seo cláir ar nós
Scéim Litearthachta do dhaoine fásta agus Oideachas pobail , cúrsaí do dhaoine a d’fhág an scoil go luath, deiseanna chun filleadh agus staidéar a dhéanamh le haghaidh na h
Ardteistiméireachta agus réimse fairsing oiliúna gairmiúla atá ceangailte le gnó agus tionscal.
Tá cúrsaí áirithe, áfach, nach mbíonn ar fáil duit go hiondúil mura bhfuil d’oideachas dara-leibhéil críochnaithe agat. Áiríonn siad seo Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta agus cúrsaí oiliúna coláiste do phrintísigh, chomh maith le cúrsaí triú-leibhéil lánaimseartha agus páirtaimseartha.
Tá réimse fairsing eolais ar fáil faoi na deiseanna oiliúna a chuireann FÁS ar fáil i gCúrsaí Oiliúna FÁS, Ceardlanna Oiliúna an Phobail, Clár Oiliúnaithe Náisiúnta FÁS agus Oiliúint Printíseach Reachtúil.
D’fhéadfá páirt a ghlacadh chomh maith in
oiliúint scileanna atá nasctha le heagraíochtaí rialtais ar nós Fáilte Ireland, Coillte, Teagasc agus An Bord Iascaigh Mhara. Reachtáileann Comhairle Cheardaíochta na hÉireann sraith cúrsaí a d’fhéadfadh a bheith spéisiúil duit.
Is féidir eolas úsáideach eile a aimsiú in
ranganna oíche agus
Youthreach.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.