Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas

Eolas

Má tá tú dífhostaithe, má fhaigheann tú Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó má tá míchumas ort, b'fhéidir go mbeidh tú i dteideal cúrsaí dara nó tríu leibhéil a dhéanamh tríd an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas. Faigheann rannpháirtithe sa scéim íocaíocht ar ráta caighdeánach nach bhfuil ag brath ar thástáil acmhainne.

Costas an Liúntas Oideachais

Beidh tú i dteideal ar Chostas an Liúntas Oideachais bhliantúil, a íoctar ag tús na bliana acadúla, chomh maith le d'íocaíocht seachtainiúil, I láthair an huaire íoctar €500 in aghaidh na bliana.

Is féidir le daoine atá ag síniú i gcomhair creidmheasanna dífhostaíochta nó ag seoladh isteach teastais dochtúra i gcomhair creidmheasanna breoiteachta Liúntas Costais Oideachais a fháil - féach 'creidmheasanna dífhostaíochta nó breoiteachta' sna 'Rialacha' thíos.

Coimeád sochair thánaisteacha

Má bhíonn tú i dteideal an Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas a fháil is féidir leat do chuid sochar táinisteach atá agat cheana féin a choimeád, mar shampla, Bónas na Nollag, Liúntas Breosla, Forlíonadh CíosMorgáiste faoin Scéim Leasa Forlíontach. Áfach, beidh aon mhéadú ioncaim measúnaithe agus beidh tionchar aige ar do theidlíocht ar Fhorlíonadh Cíos nó Morgáiste nó an méid fhorlíonaidh atá agat. Mar shampla, má athraíonn tú ó íocaíocht leasa shóisialaigh laghdaithe go gnáthráta LFO.

Deontais chothabhála do mhic léinn

Ó Mheán Fómhair 2010 ar aghaidh, ní bhfaigheadh tú an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (BTEA) agus an deontas cothabhála do mhic léinn, má tá tú:

  • tar éis a bheith ag fáil an Liúntais um Fhilleadh ar an Oideachas agus tú ag bogadh nó ag leanúint ar aghaidh chuig cúrsa nua
  • más iarratasóir nua tú ar an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas

Cé nach bhfuil tú i dteideal deontas cothabhála a fháil, ní mór duit foirm iarratais ar dheontas cothabhála a sheoladh isteach chun go n-íocfar an Táille Seirbhíse do Mhic Léinn agus táillí teagaisc. Téigh i dteagmháil le d'údarás áitiúilCGO chun tuilleadh eolais a fháil.

Má tá tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh atá liostaithe thíos, is féidir leat roghnú fanacht ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh reatha agus cur isteach ar dheontas cothabhála nó aistriú chuig an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (LFO). Is féidir leat a fháil amach an é an LFO an rogha is fearr duit.

  • Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
  • Liúntas Míchumais
  • Pinsean Easláinte
  • Sochar Breoiteachta

Eisceachtaí
Má tá tú ag fáil an Liúntais um Fhilleadh ar an Oideachas agus an deontas cothabhála do mhic léinn faoi láthair, beidh tú fós incháilithe don dá íocaíocht sna himthosca seo a leanas:

  • Chomh fada is a mhaireann do chúrsa reatha
  • Má leanann tú ar aghaidh gan bhriseadh le do chuid staidéar ó bhunchéim leibhéal 7 go céim onórach leibhéal 8 i mbliain de bhreis

Ní mór duit leanúint ag comhlíonadh téarmaí agus coinníollacha gach scéime.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas cothabhála, má tá tú ag síniú nó ag seoladh teastais leighis i gcomhair creidmheasanna agus tú páirteach sa scéim LFO ar bhunús neamh-íocaíochta (is é sin, gan a bheith ag fáil ach an Liúntas Costais Oideachais).

Féadfaidh céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir a bheith cáilithe don Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (LFO)

Féadfaidh tú a bheith cáilithe don LFO fiú amháin mura bhfuil tú ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh más amhlaidh atá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ag fáil Méadaithe Duine Fásta Cáilithe ina íocaíocht leasa shóisialaigh ar do shon. Lena bheith cáilithe caithfidh do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a bheith i dteideal LFO agus a bheith ag fáil Méadaithe Duine Fásta Cáilithe ina (h)íocaíocht leasa shóisialaigh ar do shon mar chleithiúnach fásta ar feadh na tréimhse riachatanachibhéal - féach leat 'Rialacha' thíos.

Má tá tú incháilithe don LFO toisc gur cleithiúnach fásta tú, gheobhaidh tú an íocaíocht leasa shóisialaigh chéanna agus a fhaigheann do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ach ar an ráta pearsanta caighdeánach is mó. Coinneoidh do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a t(h)eideal ar a ráta pearsanta íocaíochta. Beidh teideal agat freisin ar an Liúntas Costais Oideachais bliantúil.

Má fhaigheann tú an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas féadfaidh do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a t(h)eideal féin ar an liúntas a choinneáil i gcónaí.

Rialacha

Chun a bheith i dteideal an Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas ní mór duit a bheith 21 bliain d'aois ar a laghad (24 bliain d'aois do chúrsaí iar-chéime tríú leibhéil). Féach thíos na heisceachtaí ón aoisteorainn.

Más mian leat freastal ar chúrsa dara leibhéal, ní mór duit a bheith ag fáil ceann amháin de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh atá liostaithe thíos ar feadh ar a laghad 3 mhí (78 lá dífhostaíochta*) díreach roimh duit tosú ar an gcúrsa.

Más mian leat freastal ar chúrsa tríú leibhéal, ní mór duit a bheith ag fáil ceann amháin de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh atá liostaithe thíos ar feadh 9 mí (234 lá dífhostaíochta*) díreach roimh duit tosú ar an gcúrsa.

*Má tá tú ag fáil íocaíocht cuardaitheora poist, comhairtear gach lá dá bhfuil tú dífhostaithe, seachas Dé Domhnaigh, mar lá dífhostaíochta.

Tá na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas:

Má bhí tú ag fáil Sochar Breoiteachta le 2 bhliain nó níos mó, féadfaidh tú a bheith cáilithe don LFO freisin.

Is féidir an t-am a caitheadh ar Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas, VTOS, (Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais), cursaí traenála FÁS, cúrsa traenála Fáilte Éireann, scéimeanna Fostaíocht Pobail, cúrsa FIT (teicneolaíocht na faisnéise), Scéim Sóisialta Tuaithe, Liúntas um Fhilleadh ar Obair, Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair, Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarmach, Tionscnamh Fostaíochta, FÁS, Cúnamh Poist, Liúntas Leasa Forlíontach, i bpríosún nó i gCóir Dhíreach a áireamh mar chuid den tréimhse cháilithe. Féadfaidh tú dul go díreach ó cheann de na scéimeannna thuasluaite go dtí an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas ar choinníoll go raibh tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialta cáilithe a luaitear thuas sular thosaigh tú ar an scéim. Caithfidh tú tosú ar do chúrsa ceadaithe staidéir laistigh de cheithre sheachtain tar éis duit an scéim a fhágáil. Ina éagmais sin caithfidh tú a bheith i dteideal íocaíochta leasa shóisialaigh cáilithe go díreach roimh duit tosú ar chúrsa ceadaithe staidéir.

Iomarcaíocht

Má bhronntar iomarcaíocht reachtúil ort faoi reachtaíocht na hÉireann, is féidir leat rochtain láithreach a fháil ar an LFO. Le cáiliú caithfidh tú a bheith:

  • Ag glacadh páirte sa scéim LFO taobh istigh de bhliain amháin ón am a fhaigheann tú iomarcaíocht reachtúil
  • I dteideal íocaíochta leasa shóisialaigh cáilithe roimh duit tosú ar do chúrsa - féach an liosta thuas

Creidmheasanna dífhostaíochta nó breoiteachta

Má tá tú ag síniú i gcomhair creidmheasanna dífhostaíochta nó ag seoladh teastais leighis isteach i gcomhair creidmheasanna breoiteachta, don tréimhse riachtanach ama (féach 'Rialacha' thuas), d'fheadfá cáiliú chun páirt a ghlacadh sa scéim. Ní bhfaighidh tú íocaíocht Liúntais um Fhilleadh ar an Oideachas, ach is féidir leat an Liúntas Costais Oideachais a fháil. Is íocaíocht aonuaire í seo a dhéantar ag tús gach bliain acadúil. Leanfar ag tabhairt stampaí creidiúnaithe duit fad is atá tú ag glacadh páirte sa scéim LFO.

Eisceachtaí maidir leis an teorainn aoise

Ionas go gcáileoidh tú don Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas, ní mór duit a bheith ar a laghad 21 bliana d'aois (24 bliana d'aois i gcás cúrsa iarchéime tríú-leibhéal).

Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar Cuardaitheora PoistÍocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora á fháil agat sa tréimhse chuí agus tú idir 18 agus 20 bliana d'aois agus tú imithe as an gcóras foirmiúil oideachais le 2 bhliain ar a laghad d'fhéadfadh sé go gcáileofá don Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas.

Má tá tú 18 mbliana d'aois nó os a chionn agus ag fáil Pinsean na nDall, Liúntas Míchumais, Pinsean Easláinte nó Forlíonadh Éagumais sa tréimhse chuí d'fhéadfadh sé go gcáileofá don Liúntas. Tá an liúntas seo á chur ar fáil anois freisin do dhaoine faoi mhíchumas a d'fhág scéimeanna Fostaíochta Pobail agus, nuair a thosaigh siad ar an scéim, nach raibh ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh incháilithe. Ní mór dóibh an cúrsa a thosú taobh istigh de 4 seachtaine tar éis dóibh an scéim a chríochnú.

Roghanna Staidéir

Tá dhá dheis staidéir ar fáil faoin scéim:

  • Deis sa dara leibhéal
  • Deis sa tríú leibhéal

Deis sa dara leibhéal

Is féidir leat freastal ar aon chúrsa dara leibhéil in aon scoil dara leibhéil, scoil phobail, scoil chuimsitheach nó scoil ghairmoideachais. Ní mór don chúrsa a bheith lánaimseartha agus a bheith ceadaithe mar chúrsa ag an Roinn Oideachais agus Scileanna nó cúrsa atá aitheanta ag an gComhairle Ardoideachais agus Traenála, mar shampla, An Teastas Sóisearach, An Ardteistiméireacht, Teastas Iar-Ardteistiméireachta nó Teastas ó City and Guilds.

Deis sa triú leibhéal

Is féidir leat freastal faoi chúrsa tríú leibhéil in aon ollscoil, coláiste tríú leibhéil nó in institiúid ar bith ar an gcoinníoll gur cúrsa lae lánaimseartha é, agus go bhfuil an cúrsa faofa ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir leis an

  • Scéim Deontas Ardoideachais
  • Scéim Scoláireachta an Choiste Ghairmoideachais
  • Scéim Deontas Cothabhála do dhaoine faoi oiliúint
  • Aitheanta ag Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC).

Cúrsaí fochéime
Ní mór duit a bheith ag tosú do chúrsa tríú leibhéal sa chéad bhliain. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar LFO má bhaineann an méid seo a leanas leat:

  • Níor chríochnaigh tú do chúrsa agus tá tú ag filleadh ar an dara bliain nó bliain ina dhiaidh sin de do chúrsa
  • Tá tú díolmhaithe ó chuid de do chúrsa mar gheall ar cháilíocht a fuair tú i gcúrsa roimhe seo. Mar shampla, tá ardteastas agat i gcúrsa ar mian leat céim a bhaint amach ann anois.
  • Chríochnaigh tú cuid de do chúrsa mar mhac léinn páirtaimseartha, ach tá tú ag fáil íocaíocht cuardaitheora poist anois agus leanfaidh tú le do chúrsa ar bhunús lánaimseartha.

Cúrsaí iarchéime

Más mian leat tabhairt faoi chúrsa staidéir iarchéime as a leanann cáilíocht Ard-Dioplóma in aon ábhar nó Dioplóma Iarchéime san Oideachas (múinteoireacht bhunscoile agus iarbhunscoile) d'fhéadfá Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas a fháil. Ní thugtar aitheantas do chúrsaí iarchéime eile chun críocha LFO.

Ní bhfaighidh tú LFO má tá cáilíocht iarchéime agat cheana féin.

Socraithe monatóireachta

Tá ort teastas a chuir ar fáil ón scoil/coláiste atá i gceist ag léiriú go bhfuil glactha leat ar cheann de na cúrsaí seo, ag insint dáta tosnaithe an chúrsa agus ag tabhairt eolais maidir le freastal ar an gcúrsa. Tá an t-eolas seo riachtanach sula ndéanfar aon íocaíochtaí leat. B'fhéidir go mbeadh ort le linn na bliana acadúla tuairisc a chuir ar fáil a dhearbhaíonn go bhfuil tú go fóill ag freastal ar an gcúrsa.

Má tá tú ag fáil íocaíochtaí dífhostaíochta ní bheidh gá duit níos mó "síniú" ag do oifig leasa shóisialaigh áitiúil má ghlactar leat ar an scéim.

Rataí

Íoctar Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas ag an gnáth ráta. Ciallaíonn sé má tá ráta íslithe íocaíochtaí á fháil agat faoi láthair, nuair a théann tú ar an scéim beidh tú i dteideal liúntais níos airde. Má fhaigheann tú an uasráta, leanfar an uasráta duit.

Mar shampla, má tá tú ag fáil íocaíocht cuardaitheora poist, íocfar Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas leat ag an uasráta caighdeánach den Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist. Cuimseoidh sé aon mhéaduithe atá tú ag fáil do dhuine fásta agus leanaí cleithiúnacha.

Íoctar Liúntas um Fhilleadh ar Oideachais ar an mbealach céanna leis na híocaíochtaí leasa shóisialaigh a fhaigheann tú faoi láthair. Íoctar é ar feadh an chúrsa. Má bhí tú ag fáil íocaíocht dífhostaíochta roimhe seo, ní íocfar do Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas i rith laethanta saoire an tsamhraidh. D'fhéadfá iarratas ar Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist a dhéanamh, áfach. Má tá tú ar thaithí oibre nó socrúchán oibre, d'fhéadfá a bheith i dteideal LFO i rith an tsamhraidh a fháil áfach.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil le do scoil áitiúil dara leibhéil nó tríú leibhéil nó le do choláiste tríú leibhéil áitiúil chun mion-eolas a fháil maidir leis na cúrsaí atá ar fáil duit. Cuirfidh an scoil nó an coláiste treoir ar fáil duit maidir le conas áit a fháil ar an gcúrsa a roghnaíonn tú.

Ní mór duit, nuair a ghlactar ar chúrsa tú, an Roinn Coimirce Sóisialaí a chuir ar an eolas trí foirm iarratais don Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (pdf) a íoschóipeáil, a líonadh isteach agus a sheoladh chucu. Tá an fhoirm le fáil ó do Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil chomh maith.

Ní mór duit dearbhú i scríbhinn a fháil go bhfuil tú cláraithe mar mhac léinn lae lánaimseartha ó oifigeach iontrála nó ó chláraitheoir an choláiste. Ní bhfaighidh tú íocaíocht den LFO ná den Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas go dtí go dtabharfaidh tú an litir dhearbhaithe seo don Roinn Coimirce Sóisialaí.

Mura bhfuil tú cláraithe go hiomlán mar go bhfuil do choláiste ag fanacht ar íocaíocht den táille chlárúcháin nó an táille do sheirbhísí mac léinn ó d'údarás nó ó CGO, ní mór duit litir a fháil ón gcoláiste á mhíniú seo ionas go n-íocfar LFO leat.

Ní mór duit cur isteach ar LFO roimh duit tosú ar chúrsa ceadaithe. Glacfar le hiarratas deireanach má tá cúis mhaith leis a bheith deireanach agus má fhaigheann an rannóg cuí den Roinn é taobh istigh de 30 lá ó thús an chúrsa.

Seol d'fhoirm iarratais chuig an rannóg sa Roinn Coimirce Sóisialaí a láimhseálann d'íocaíochtaí - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Má fhaigheann tú íocaíocht cuardaitheora poist, caithfidh tú do fhoirm iarratas a sheol chuig d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil

Má fhaigheann tú Sochar Breoiteachta, teigh i dteagmháil le:


Scéimeanna um Fhilleadh ar Oideachas

Dept.:
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Line 1:
Tithe an Rialtais
Line 2:
Grianán na Sionna
Line 3:
Cora Droma Rúisc
County:
Liatrom
Country:
ÉIRE
Teil:
(071) 967 2616
Lóghlao:
1890 927 999
Láithreán Gréasáin:
www.welfare.ie
Wheelchair Access:



Ma fhaigheann tú Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, íocaíocht do mhná céile tréigthe, Pinsean Neamh-ranníocach do Bhaintreach nó do Bhaintreach Fir Pinsean Ranníocach do Bhaintreach nó do Bhaintreach Fir nó Pinsean na nDall, teigh i dteagmháil le:


An Roinn Coimirce Sóisialaí

Line 1:
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Line 2:
Bóthar an Choláiste
County:
Sligeach
Country:
ÉIRE
Teil:
(071) 915 7100
Lóghlao:
1890 500 000
Láithreán Gréasáin:
www.welfare.ie/

Má fhaigheann tú Liúntas Míchumas, Pinsean Éasláinte, Forlíonadh Éagumais nó Liúntas Cúramóra, teigh i dteagmháil le:


An Roinn Coimirce Sóisialaí

Line 1:
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Line 2:
Tithe an Rialtais
Line 3:
Bóthar Béal Átha na Lao
County:
An Longfort
Country:
ÉIRE
Teil:
(043) 334 0000
Lóghlao:
1890 927 770
Láithreán Gréasáin:
www.welfare.ie
Wheelchair Access:


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 09/02/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh