Oideachas pobail
Eolas
Is é atá i gceist le hoideachas pobail ná oideachas agus foghlaim aosach, taobh amuigh d'earnáil an oideachais fhoirmiúil de ghnáth, atá dírithe ar fhoghlaim a fheabhsú, cumhacht a thabhairt do dhaoine agus cur leis an tsochaí. Gné shainiúil d'earnáil an oideachais aosaigh in Éirinn atá ann agus féadann sé cabhrú le daoine ar an imeall i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste.D'eascair earnáil an oideachais phobail as na ranganna oíche a bhunaigh an Coiste Gairmoideachais (CGO) agus gluaiseacht litearthachta d'aosaigh na 1970í agus na 1980í. I 2004 sholáthar AONTAS (an Cumann Náisiúnta um Oideachas Aosach) doiciméad beartais Community Education (pdf) a dhéanann fás agus forbairt na gluaiseacht a rianú.
Cad is oideachas pobail ann?
Cuireann oideachas pobail foghlaim phearsantaithe agus solúbthacht chun cinn laistigh den ghrúpa foghlama. Glacann rannpháirtithe páirt mar chomhpháirtithe comhionanna le riachtanais a aithint, cláir a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, agus iad a chur in oiriúint ar bhonn leanúnach.
Áirítear le cuspóirí earnáil an oideachais phobail ní hamháin forbairt an duine aonair ach dul chun cinn an phobail, go háirithe i bpobail ar an imeall. Ligeann sé do rannpháirtithe dúshlán a chur faoi struchtúir reatha agus cuireann sé ar a gcumas dul i bhfeidhm ar an tsochaí a maireann siad inti.
Gné lárnach de chláir oideachais phobail ná go soláthraíonn siad na tacaí atá riachtanach do rochtain agus d'foghlaim, treoir, meantóireacht, aiseolas leanúnach agus cúram leanaí ach go háirithe.
Tionscnaimh oideachais phobail
Bhain grúpaí mar an Lucht Siúil agus mionlaigh eitneacha eile, daoine faoi mhíchumas, sealbhóirí beaga faoin tuath, grúpaí fear, grúpaí ealaíne pobail agus seandaoine úsáid dhearfach as an oideachas pobail atá ar fáil ina gceantar. Bhí grúpaí ban ach go háirithe chun tosaigh i bhforbairt na hearnála oideachais phobail sna 1980í. Sampla amháin ná an clár NOW (New Opportunities for Women) a mhaoinigh Tionscnamh Fostaíochta an AE. Bhí sé mar aidhm aige dífhostaíocht ban a laghdú agus deiseanna do mhná sa mhargadh saothair a mhéadú.
Faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2000 go 2006 bhí sé mar aidhm ag an Tionscnamh um Chomhionannas Oideachais a d'fheidhmigh An Roinn Oideachais agus Scileanna dul i ngleic le bearnaí i soláthair oideachais agus oiliúna do ghrúpaí faoi leith ar an imeall. Mhaoinigh an tionscnamh tionscadail a bhí ag dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais aosaigh agus thacaigh sé le grúpaí oideachais phobail arbh iad an chéad pointe teagmhála d'fhoghlaimeoirí a mbíonn sé deacair teagmháil a dhéanamh leo.
Tá lucht oideachas pobail ag glacadh níos mó páirte i gcinnteoireacht maidir le beartas um oideachas aosach mar gheall ar go n-éiríonn leo grúpaí ar an imeall sa tsochaí, mar mhná agus an Lucht Siúil, a bhaint amach.
Páipéar Bán maidir le hOideachas Aosach
Ar dtús, bhí roinnt deacrachtaí le sárú ag cláir oideachais phobail mar leibhéil ísle tacaí airgeadais agus acmhainne agus scaradh ó ghnéithe eile den chóras oideachais, go háirithe i réimsí mar mheasúnú, creidiúnú agus deimhniú na foghlama. Sa bhliain 2000 d'fhoilsigh An Roinn Oideachais agus Scileanna Learning for Life: White Paper on Adult Education a thug aitheantas nua d'oideachas pobail in Éirinn agus tá céimeanna glactha le cúrsaí a fheabhsú. Cuireadh cuid de na moltaí atá ann i bhfeidhm lena n-áirítear Éascaitheoirí Oideachais Phobail a cheapadh agus an Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas - féach thíos.
Éascaitheoirí Oideachais Phobail
Oibríonn Éascaitheoirí Oideachais Phobail laistigh de na Coistí Gairmoideachais le tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí pobail áitiúla. Áirítear leis sin cabhair theicniúil/riaracháin a thabhairt, grúpaí oideachais phobail a fhorbairt, a chothabháil agus a chomhordú agus naisc a neartú idir earnáil an oideachais fhoirmiúil agus earnáil an oideachais neamhfhoirmiúil. Cabhraíonn siad agus tacaíonn siad le forbairt tionscnamh oideachasúil nua atá lonnaithe sa phobal. Is é Cumann na n-Éascaitheoirí Oideachais Phobail an eagraíocht ghairmiúil atá acu.
An Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas
Tá an Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas ar cheann de na príomhcholúin den Pháipéar Bán ar Oideachas Aosach. Soláthraíonn sé deiseanna d'oideachas athdheise d'fhoghlaimeoirí aosacha agus do dhaoine a d'fhág an scoil go luath ar mian leo a gcuid scileanna a nuashonrú. Ligeann an tionscnamh seo d'fhoghlaimeoirí oideachas a chomhcheangal le freagrachtaí teaghlaigh, cúraim nó oibre. Tógann sé ar scéimeanna reatha mar Youthreach, VTOS, scéimeanna litearthachta aosaí, oideachas pobail agus cúrsaí PLC. Coimeádtar deich faoin gcéad de na háiteanna a dháiltear faoi na scéimeanna sin d'earnáil an oideachais phobail, agus dáiltear an chuid eile de na háiteanna do sholáthróirí na hearnála reachtúla. D'fhéadfadh daoine atá ag glacadh páirte i scéimeanna faoin Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas bheith incháilithe don Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas.
Ról na gCoistí Gairmoideachais in oideachas pobail
Oibríonn na Seirbhísí Oideachais Phobail laistigh de na Coistí Gairmoideachais agus tugann siad tacaíocht do ghrúpaí pobail a bhfuil spéis acu in oideachas pobail ar na bealaí seo a leanas:
- Soláthraíonn Éascaitheoirí Oideachais Phobail cúnamh agus tacaíocht do ghrúpaí oideachais phobail nua nó reatha. Soláthraíonn siad eolas maidir le foinsí maoinithe agus cabhraíonn siad le páirtithe leasmhara in oideachas pobail rochtain a fháil ar mhaoiniú.
- Forbairt cúrsaí: Tá cúnamh ar fáil freisin do ghrúpaí oideachais phobail le cabhrú leo a gcláir agus a gcúrsaí oideachais féin a fhorbairt. D'fhéadfadh ionchur teicniúil, riaracháin nó oideachasúil bheith i gceist leis an tacaíocht sin.
- Líonrú: Líonrú le grúpaí agus eagraíochtaí eile a bhfuil spéis acu in oideachas pobail, agus dea-chleachtas ó earnálacha eile a roinnt.
Creidiúnú agus cáilíochtaí
Is gnách go n-úsáideann cúrsaí oideachais phobail meascán de chineálacha éagsúla modhanna measúnaithe mar thascanna, tionscadail, taifid foghlaimeoirí, breathnóireacht, léiriú scileanna agus scrúduithe. Chuir creidiúnú dúshláin faoi sholáthróirí oideachais foirmiúil nó neamhfhoirmiúil i gcónaí toisc nach i gcónaí a bhíonn sé mar chuspóir nó mar thoradh riachtanach do gach foghlaimeoir. Ach tugadh aitheantas dá bhailí agus atá foghlaim sa timpeallacht fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil araon agus tarraingíodh isteach í i gCreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí. Ba é Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann a d'fhorbair an Creat agus cruthaíonn sé córas aonair ar féidir an fhoghlaim go léir a mhapáil dá réir. Ligeann sé d'fhoghlaimeoirí bogadh ó oideachas foirmiúil go neamhfhoirmiúil, ó oideachas bunúsach go hoideachas breise, agus ó oideachas breise go hardoideachas ar bhealach réasúnta simplí.
Conas iarratas a dhéanamh
Le tuilleadh sonraí a fháil maidir le cúrsaí oideachais phobail i do cheantar, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do Choiste Gairmoideachais áitiúil nó AONTAS - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.Féadann eagraíochtaí agus grúpaí pobail atá ag cur isteach ar mhaoiniú ón Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas iarratas a chur isteach go díreach chuig an Aonad Forbartha Breisoideachais de chuid na Roinne Oideachais agus Eolaíochta faoin tSraith Oideachais Phobail nó tríd na soláthróirí oideachais foirmiúil ina gceantar. Tá an fhoirm iarratais agus treoirlínte don Tionscnamh Filleadh ar an Oideachas chomh maith le liosta de cheisteanna coitianta ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
AONTAS
Line 1:
Urlár 2 Line 2:
83-87 An tSráid Mhór Line 3:
Raghnallach County:
Baile Átha Cliath 6 Country:
ÉIRE Teil:
+353 0(1) 406 8220/1 Fax:
+353 0(1) 406 8227 Láithreán Gréasáin:
www.aontas.com R-phost:
mail@aontas.com Wheelchair Access:
An Roinn Oideachais agus Scileanna
Line 1:
Sráid Mhaoilbhríde County:
Baile Átha Cliath 1 Country:
IRELAND Teil:
+353 1 889 6400 Lóghlao:
1890 402 040 Láithreán Gréasáin:
www.education.ie R-phost:
info@education.gov.ie Wheelchair Access:
Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann
Line 1:
5ú Urlár, Teach Jervis Line 2:
Sráíd Jervis County:
Baile Átha Cliath 1 Country:
ÉIRE Teil:
+353 (0)1 887 1500 Fax:
+353 (0)1 887 1595 Láithreán Gréasáin:
http://www.nqai.ie/ R-phost:
info@nqai.ie Wheelchair Access:
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19/01/2010
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.