Scéim Fhostaíochta Pobail

Eolas

Is é FÁS atá i gceannas ar an Scéim Fhostaíochta Pobail mar údarás traenála agus fostaíochta na tíre agus tá sé dírithe ar chúnamh a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine eile atá faoi mhí-bhuntáiste a chur ar ais ag obair tríd áiteanna páirt-aimseartha agus sealadacha a chur ar fáil dóibh i bpostanna atá lonnaithe sna pobail áitiúla. Is féidir le rannpháirtithe obair eile pháirt-aimseartha a lorg freisin nuair atá siad ag plé leis an scéim. Tar éis don scéim críochnú spreagtar na rannpháirtithe le postanna páirt-aimseartha agus lán-aimseartha eile a lorg bunaithe ar an taithí agus na scileanna nua atá faighte acu ar an Scéim Fhostaíochta Pobail.

Tá líon teoranta postanna ar fáil mar chuid den Scéim Fostaíochta Pobail. Féadfaidh tú eolas a fháil maidir leis na folúntais reatha ó d'oifig FÁS áitiúil.

Rialacha

Tá dhá chatagóir Fostaíochta Pobail (FP) difriúla agus bíonn a riachtanais iontrála féin ag 'chaon cheann acu. Is iad na catagóirí ná An Rogha Chomhtháite Pháirtaimseartha agus an Rogha Phoist Páirtaimseartha. Is féidir leat páirt a ghlacadh ceachtar iontu ach ní féidir leat páirt a ghlacadh sa bheirt ag an am céanna. Pleanálfaidh agus bainisteoidh urraí an chláir – eagraíochtaí nó grúpaí áitiúla – do shocrúchán. D'fhéadfadh sé freisin go gcuirfidh an t-urra deiseanna traenála nó forbartha scileanna ar fáil duit le linn na scéime.

Ar an meán is 39 uair an chloig oibre a dhéantar sa choicís don scéim. Íocann an t-urra na rannpháirtithe go seachtainiúil agus más cuí baintear cáin agus ÁSPC as an bpá. Tá do phá FP díolmhaithe ón Muirear Sóisialta Uilíoch.

An Rogha Chomhtháite Pháirtaimseartha

Ceadaíonn an Rogha Chomhtháite Pháirtaimseartha thú chun obair faoin scéim fostaíochta pobail suas go bliain amháin.

Seans gur féidir scéim bliana a fhadú bliain amháin eile ag brath ar do riachtanais féin, chun é seo a dhéanamh caithfidh an t-urra iarratas i scríbhinn a chur isteach chuig FÁS ar a laghad dhá mhí roimh dheireadh do scéime. Go hiondúil críochnaíonn na rannpháirtithe an sochrúchán bliana agus téann siad ag lorg post lán nó páirtaimseartha in áiteanna eile bunaithe ar an taithí atá faighte acu, ar an dea-ainm atá faighte acu le fostóirí áitiúla agus aon scileanna nua atá foghlamtha acu le linn na scéime.

Is féidir leat a bheith cáilithe le páirt a ghlacadh sa Rogha Chomhtháite Pháirtaimseartha den Scéim Fhostaíochta Pobail má:

Tá tú 25 bliain d'aois nó níos sine ná sin agus:

Tá tú 18 mbliana d'aois nó níos sine agus

  • Ball den Lucht Siúil tú, agus dífhostaithe agus ag fáil Shochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist nó Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora ar feadh bliain amháin ar a laghad. Beidh daoine den Lucht Siúil aois 16 agus 17 a chaith 12 mhí in Ionad Oiliúna do Thaistealaithe incháilithe freisin.
  • Ag fáil Liúntas MíchumaisPinsean na nDall
  • Ag fáil Pinsean Easláinte nó ag fáil Sochar Breoiteachta ar feadh 6 mhí ar a laghad. Caithfidh tú cead a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí páirt a ghlacadh in obair athshlánaithe.
  • Más dídeanaí tú atá fíordheimhnithe ag An Roinn Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí (Teastas clárúcháin na nGardaí le stampa 4) agus ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh.
  • Más iar-chiontóir thú atá curtha chuig an Scéim Fostaíochta Pobail ón tSeirbhís Phromhaidh nó is iar-chiontóir thú nach bhfuil curtha ón tSeirbhís Phromhaidh agus ag fáil SCP nó LCP ar feadh bliain amháin.
  • Má tá tú atreoraithe ag an Tascfhórsa Drugaí.
  • Má tá tú ag maireachtáil i gceann de na hoileáin mhara.

Nuair is cuí, is féidir le hiarrthóirí am a chaitheadar ar chláir aitheanta traenála nó fostaíochta a chur san áireamh chomh maith leis an tréimhse ama ag fáil liúntas ar mhaithe leis na riachtanais incháilithe a shásamh.

An Rogha Phoist Páirtaimseartha

Faoin rogha "Fostaíocht Pobail" seo, cuirtear obair pháirtaimseartha ar fáil ar feadh tréimhse suas le 6 bliana dóibh siúd ar sinne iad ná 55 agus suas le 3 bliana dóibh siúd atá faoi 55 bliana d'aois. An aidhm atá leis an rogha ná fostaíocht a chur ar fáil ar feadh tréimhse réasúnta fadtéarmach do dhaoine meánaosta nach raibh in ann fostaíocht sheasta a fháil le tamall anuas.

Ardaítear na teorainneacha rannpháirtíochta do dhaoine faoi mhíchumas go 7 mbliana i gcás daoine idir 55 agus 65 bliain d'aois agus go 4 bliana dóibh siúd atá idir 34 agus 54.

D'fhéafadh sé go mbeadh tú incháilithe don Rogha Phoist Páirtaimseartha den Scéim Fostaíochta Pobail má:

Tá tú 35 bliana nó níos sine agus:

  • Ag fáil Shochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist, Íocaíocht Teaghlaigh Aonthuismitheora (ITA), Sochar Banchéile Thréigthe, Phinsean Ranníocach Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh, Phinsean Neamh-Ranníocach Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh nó Chúnamh Feirme ar feadh trí bliana ar a laghad. (Má bhí tú ag fáil Liúntas Cúramóra, is féidir é seo a áireamh le do thréimhse incháilitheachta thrí bliana, ach ní mór do do chúraimí cúramóra a bheith críochnaithe agus ní mór duit a bheith ag fáil SCP, LCP nó LTA faoi láthair)
  • Ag fáil Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall
  • Ag fáil Pinsean Easláinte nó ag fáil Shochar Breoiteachta ar feadh 6 mhí ar a laghad. Caithfidh tú cead a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí páirt a ghlacadh in obair athshlánaithe.
  • Más cleithiúnaí fásta thú 25 no níos mó ag duine a bhfuil Liúntas Cuardaitheora Poist, Sochar nó Cúnamh Feirme á fháil aige/aici ar feadh trí bliana nó níos mó - féach 'Babhtáil chleithiúnaí' thíos.

Tá tú 18 mbliana d'aois nó níos sine agus

  • Ball den Lucht Siúil tú atá ag fáil Shochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist nó Liúntas Teaghlaigh Aonthuismitheora ar feadh bliain amháin ar a laghad. Beidh daoine den Lucht Siúil aois 16 agus 17 a chaith 12 mhí in Ionad Oiliúna do Thaistealaithe incháilithe freisin.
  • Dídeanaí tú, aitheanta ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí (Teastas clárúcháin na nGardaí le stampa 4) agus ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh.
  • Iar-chiontóir thú atá curtha chuig an Scéim Fhostaíochta Pobail ón tSeirbhís Phromhaidh nó is iar-chiontóir thú nach bhfuil curtha ón tSeirbhís Phromhaidh agus ag fáil SCP nó LCP ar feadh bliain amháin.
  • Atreoraithe ag an Tascfhórsa Drugaí.
  • Ag maireachtáil ar cheann de na hoileáin mhara.

Babhtáil chleithiúnaí

Má tá SCP, LCP nó Cúnamh Feirme á fháil agat is féidir leat d'incháilitheacht a aistriú chuig do chleithiúnaí aosaigh. Ní chaillfear liúntais ar bith má bhaineann duine leas as an mbabhtáil chéile mar déantar cúinsí a aistriú lena chéile, a chiallaíonn go bhfuil na liúntais a bheadh faighte ag iarratasóir na Fostaíochta Pobail aistrithe chuig a gcleithiúnaí aosaigh. Tá sé tábhachtach do chleithiúnaí aosaigh síniú do chreidmheasanna ag an oifig leasa shóisialaigh áitiúil chun teidlíochtaí pinsean a chosaint.

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Má fhaigheann tú Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (ITA), d'fhéadfá cuid do d'ITA a choimeád - féach ár mbileog oibre maidir le ITA agus Fostaíocht Pobail. Má fhaigheann tú íocaíochtaí míchumais d'fhéadfá cuid do d'íocaíocht a choimeád, braithfear é ar íocaíocht. Má fhaigheann tú Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Pháirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) d'fhéadfá cuid do d'íocaíocht a choimeád. Áfach, má fhaigheann tú Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Pháirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach), is féidir d'íocaíocht a choimeád. Ba chóir duit dul i dteagmháil le d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil chun do chúinsí ar leith a sheiceáil.

Tairbhí tánaisteacha

Coimeádfaidh tú do Chárta Leighis.

Coimeádfaidh tú na liúntais tánaisteacha ar fad a bhí tú ag fáil díreach roimh dhul ar aghaidh go dtí Fostaíocht Pobail ar chuntar go sásaítear na coinníollacha le haghaidh na liúntais seo.

Liúntais Cíosa: laghdófar an méid Liúntais Cíosa a fhaigheann tú, áfach.

Rataí

Íoctar ráta pá in aghaidh na huaire le rannpháirtithe sa dá chuid den Scéim Fostaíochta Pobail agus is iad a dtionscnóirí a shocraíonn é sin. Íocann na tionscnóirí pá in aghaidh na seachtaine leis na rannpháirtithe atá acu.

Cuireann FÁS deontais ar fáil d'fhostóirí pobail le cabhrú leo daoine a fhostú faoin scéim. Braitheann méid an deontais seo ar pháistí nó aosaigh chleithiúnacha a bheith ag na rannpháirtithe. Ní chuireann FÁS maoiniú ar fáil i gcás oibrithe sa Scéim Fostaíochta Pobail atá os cionn 65. Is iad seo leanas na deontais sheachtainiúla a íoctar faoi láthair agus iad bunaithe ar fhigiúr 19.5 uaireanta oibre a bheith déanta ag oibrí i scéim Fostaíochta Pobail:

Rataí ó Eanair 2011

Rátaí do Chatagóirí éagsúla Rannpháirtithe Ráta
Rannpháirtí gan aon duine cleithiúnach air nó uirthi €208
Rannpháirtí le duine fásta cleithiúnach air nó uirthi €332.80*
Gach leanbh cleithiúnach (lánráta) €29.80
Gach leanbh cleithiúnach (leathráta) €14.90

*Má áirítear méadú do dhuine incháilithe san íocaíocht den rannpháirtí ón Roinn Coimirce Sóisialaí, gheobhaidh sé nó í an ráta seachtainiúil FP do rannpháirtí le duine fásta cleithiúnach air nó uirthi.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat páirt a ghlacadh i Scéim Fhostaíochta Pobail déan teagmháil le d'oifig áitiúil FÁS chun dheiseanna fostaíochta faoin Scéim Fhostaíochta Pobail a fháil. Tá liostaí fostaíochta FÁS ar fáil ar an idirlín.

Ba chóir duit dul i dteagmháil le hardoifig FÁS má tá spéis ag d'eagraíocht nó ag do ghrúpa i nduine a fhostú faoin scéim.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déan teagmháil le d'oifig áitiúil FÁS

FÁS

Line 1:
Bosca Poist 456
Line 2:
27-33 Sráid Bhagóid Uacht
County:
Baile Átha Cliath 4
Country:
ÉIRE
Teil:
+353 (0)1 6070500
Fax:
+353 (0)1 6070600
Láithreán Gréasáin:
http://www.fas.ie
R-phost:
info@fas.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19/9/2011

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh