Traenáil agus oideachas leanúnach

Eolas

Tá a lán bealaigh chun leanacht ar aghaidh le do chuid oideachais agus do chuid traenála praiticiúil a fheabhsú, seachas dul trí chóras na scoile agus córas na gcoláistí.

Má tá tú dífhostaithe

Má tá tú dífhostaithe nó ag cuartú poist don chéad uair nó má tá tú ag athrú treo do shlí beatha, is féidir leat roghnú ón a lán cúrsaí oideachais agus cúrsaí traenála éagsúla atá maoinithe ag FÁS, an Coiste Gairmoideachais, na Ranna Rialtais agus eagraíochtaí eile. Tairiscíonn siad seo réimse leathan de chúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha. Mar sin, is féidir leat an ceann is fearr a oireann do do chuid riachtanais a roghnú.

Tá an-difríocht idir na cúrsaí éagsúla ó thaobh coinníollacha, cearta agus na liúntais traenála atá dhá dtairiscint. Mar sin, caithfidh tú sonraí gach cúrsa a sheiceaíl go cúramach.

Taobh amuigh de na cursaí atá liostáilte thíos, is féidir teacht ar oideachas má tá baint agat le grúpa óige, grúpa pobail, nó le haon sórt imeachtaí deonacha eile. Téigh chun cainte le comhordanóir an ghrúpa atá baint agat leis agus faigh aon eolas faoi dheiseanna oideachais agus traenála atá ar fáil taobh istigh den eagraíocht sin.

Scéim Deiseanna Gairmoiliúna (SDGO): Tugann SGDO deis duit filleadh ar an oideachas lánaimseartha más aosach dífhostaithe tú nó má tá sochair áirithe á bhfáil agat. Ceann de na haidhmeanna atá leis an scéim ná deiseanna oideachais agus oiliúna a thabhairt do dhaoine dífhostaithe a fhorbróidh a n-infhostaitheacht. Aidhm eile atá léi ná daoine a réiteach le dul i mbun fostaíochta íoctha nó i mbun deiseanna eile as a leanann fostaíocht íoctha.

Cúrsaí Oiliúna FÁS: Tugann Cúrsaí Oiliúna FÁS deis duit do scileanna a fhorbairt nó a uasghrádú sna hearnálacha tráchtála agus tionscail má tá tú dífhostaithe nó má briseadh as do phost tú mar gheall ar bheith iomarcach. Is féidir leat cúrsaí oiliúna FÁS ag FÁS a chuardach ar líne.

Oiliúint Urraithe FÁS: Tairiscíonn oilúint urraithe meascán de thraenáil laistigh den obair le fostóir agus traenáil lasmuigh den obair i Láthair Traenála FÁS má tá tú ag soláthar poist don chéad uair nó má tá tú dífhostaithe.

Cuireann Socrúcháin oibre FÁS taithí oibre ar fáil agus d’fhéadfá a bheith in ann d’íocaíochta leasa shóisialaigh a choinneáil.

Cuirfidh an Clár Ardoideachais Springboard 6,000 áiteanna ardoideachais do dhaoine dífhostaithe i 2011. Tá sé mar aidhm ag an gclár áiteanna a chur ar fáil do dhaoine a d'oibrigh san earnáil tógála, déantúsaíochta agus earnála eile den gheilleagar gur dócha nach dtiocfaidh ar ais go leibhéil réamh-mheathlú. Tosófar na cúrsaí i bhfómhair 2011. Faigh tuilleadh eolais mar gheall ar Springboard inár ndoiciméad ar áiteanna tríú leibhéal do dhaoine dífhostaithe.

Cuireann Skillnets Ltd ar chumas ghrúpaí de chuideachtaí san earnáil phríobháideach líonraí oiliúna a bhunú chun réimse clár atá creidiúnaithe agus/nó aitheanta ag an tionscal a sheachadadh.Sa chlár 2010, cuirfidh líonraí Skillnets roinnt oiliúna ar fáil do dhaoine cáilithe dífhostaithe. Má tá tú dífhostaithe ní íocfaidh tú as an oiliúint seo agus ní chuirfear isteach ar do shochair leasa shóisialaigh. Is féidir leat aimsigh cúrsaí oiliúna ar láithreán gréasáin Skillnets.

Youthreach: Má tá tú idir 15 agus 18 agus má d'fhág tú an scoil gan aon chailíochtaí foirmiúla, tá deiseanna ar fáil ó Youthreach bunoideachas, forbairt phearsanta, traenáil gairmiúil agus taithí oibre a fháil.

Eagraíochtaí rialtais eile: Tá réimsí leathan de chúrsaí áirithe curtha ar fáil ag eagraíochtaí Stáit mar Fáilte Ireland, Bord Iascaigh Mhara (BIM), Teagasc, Coillte, agus Comhairle Ceardaíochta na h-Éireann.

Tosóidh tionscnamh Rialtais Momemtum i 2013, a chuirfidh tionscadail saoroideachais agus oiliúna ar fáil do chuardaitheoirí fadtéarmacha poist (atá dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó níos mó). Cabhróidh Momentum leo scileanna a bhfuil éileamh orthu a fháil agus rochtain a fháil ar obair in earnálacha den gheilleagar ina bhfuil deiseanna ar phoist. Cuimseoidh oiliúint, taithí oibre agus tacaíocht.



MMTF (Modh Mear don Teicneolaíocht Faisnéise): Soláthraíonn an scéim oiliúint dhírithe sa teicneolaíocht faisnéise do dhaoine dífhostaithe i gceantar Bhaile Átha Cliath. Tá riarachán oifige, dearadh gréasáin agus ríomhchlárú, cumarsáid leathanbhanda agus cothabháil RP (Ríomhaire Pearsanta) i measc na gcúrsaí. Is féidir leat tuilleadh a fháil amach faoi chúrsaí oiliúna ar láithreán gréasáin MMTF.

Tosóidh tionscnamh Rialtais Momemtum i 2013, a chuirfidh tionscadail saoroideachais agus oiliúna ar fáil do chuardaitheoirí fadtéarmacha poist (atá dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó níos mó). Cabhróidh Momentum leo scileanna a bhfuil éileamh orthu a fháil agus rochtain a fháil ar obair in earnálacha den gheilleagar ina bhfuil deiseanna ar phoist. Cuimseoidh oiliúint, taithí oibre agus tacaíocht.



Ceardlanna an Roinn Dlí agus Cirt: Má tá tú ag teacht ar oideachas agus traenáil ón gcóras príosúin, nó in ionadan chóras priosúin d'fhéadfá cúrsa feiliúnach a fháil faoin gcóras seo a chuireann an Roinn Dlí agus Cirt, FÁS, agus na Coistí Gairmoideachais ar fáil.

Ranganna Oíche: Tá fáil ar deiseanna oideachasúla atá féinmhaoinithe trí ranganna oíche atá eagraithe ag an gCoiste Gairmoideachais áitiúil, Ionaid Traenála FÁS agus go leor de na coláistí agus ollscoileanna ar fud na tíre.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16/05/2013

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 8in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh