Oiliúint FÁS
Eolas
Má tá tú dífhostaithe nó curtha as obair, nó má tá tú ag iarraidh do chuid scileanna a thabhairt suas chun dáta, nó do shlí beatha a athrú, tá réimse leathan cúrsaí FÁS ar fáil chun cuidiú leat. Níl an fad céanna ag aon chúrsa. Is féidir leo seasamh aon fhad ó 2 sheachtain go 104 seachtain ag brath ar an gclár san áit. Tá tú i dteideal dul ar chúrsa FÁS má tá tú dífhostaithe nó curtha as obair nó taobh amuigh d'oideachas lánaimseartha.
Tá na cúrsaí FÁS saor in aisce agus íocfar liúntas traenála leat i rith do chúrsa. Má tá tú ag freastal ar chúrsa oiliúna gairme trí FÁS, b'fhéidir go mbeadh tú in ann áit chúraim leanaí saor in aisce a fháil.
Ionaid Oiliúna Pobail FÁS
Má tá tú idir 16 agus 21 bliana d'aois agus gur fhág tú an scoil go luath gan aon chailíocht foirmealta, tugann an clár Ionaid Oiliúna Pobail FÁS deis duit feabhas a chur ar do chuid scileanna bunúsacha agus a bheith páirteach i dtraenáil gairmeach. Is í páirt don clár Youthreach an oiliúnt agus tá sí dírithe go mórmhór ag luath fhágálaí scoile idir 16 agus 21. I gcásanna áirithe is feidir le daoine óga suas le 25 páirt a ghlacadh.
Clár Oiliúna Náisiúnta FÁS
Má tá tú dífhostaithe agus tú ag iarraidh seans le traenála, taithí agus cáilíocht fhoirmiúil a fháil i gcinéal áirithe oibre, b'fhéidir go mbeadh an clár Oiliúnaitheachta FÁS oiriúnach duit. Tá na cláir oiliúna lánaimseartha. Ní thógann cuid díobh ach 20 seachtain le criochnú, cé go dtógann cuid eile 40 seachtain. Tosnaíonn tú ag traenáil in ionad traenála, áit a ndéanann tú forbairt ar scileanna sa réimse a phioc tú. Nuair a chríochnaíonn an chéad traenáil, bogann tú anonn is anall idir an láthair agus ionad oibre an fhostóra, ag cur le do chuid taithí agus ag gnóthú cleachtadh oibre. Nuair a chríochnaíonn tú an traenáil, gheobhaidh tú dámh ón CDBO, leibhéal Teastas nó Ardteastas.
Printíseacht
Má tá d'oideachas meánscoile críochnaithe agat, b'fhéidir go mbeadh suim agat páirt a ghlacadh i bprintíseach reachtúil. Tá printíseachtaí ar fáil i gceirdeanna ar nós innealltóireacht, foirgníocht, mótarach, leictreach,clódóireacht agus troscán. Beidh do phrintíseacht ag athrú gach ré seachtain idir traenáil ag an obair agus traenáil lasmuigh den obair ag ionad oibre an fhostóra. Déanfar na scileanna a d'fhoghlaim tú a mheas trí teisteanna inniúlachta ag an obair chomh maith le measúnú athraitheach lasmuigh den obair agus scrúduithe, má chríochnaíonn tú na measúcháin go rathúil, bronnfar Ard-Teastas CDBO ort.
Clár Socrúcháin Oibre
Soláthraíonn an Clár Socrúcháin Oibre taithí oibre 9 mí do chéimithe agus do dhaoine dífhostaithe eile. Má tá íocaíocht leasa sóisialaigh agat le 3 mhí anuas, is féidir go mbeidh tú in ann an íocaíocht a choimeád má aontaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí leis an socrú sin.
Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas
Chun iarratas a dhéanamh le áit a fháil ar chúrsa traenála FÁS, caithfidh tú clarú ar dtús le d'Oifig Séirbhíse Fostaíochta Áitiúil FÁS Cuirfear agallamh ort chun an cúrsa is fearr do do riachtanais a aimsiú. De bharr an brú atá ar chuid de na cúrsaí, b'fhéidir nach bhfaighfeá áit láithreach ar an gcúrsa is mian leat. Is féídir leat liosta cúrsaí traenála FÁS a fheiceáil ar líne.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.