Maoiniú don oideachas

Eolas

Má tá post caillte agat, tá raon roghanna oideachais agus oiliúna ann do dhaoine dífhostaithe. Tá foinsí maoinithe difriúla ann do chúrsaí oideachais, scéimeanna áirithe a thugann liúntas oiliúna agus cinn eile a cheadaíonn duit d’íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil nuair atá cúrsaí oideachais ar leith á dhéanamh.

Deontais chothabhála do mhic léinn in oideachas tríú leibhéal

Má tá tú ag smaoineamh ar chúrsa oideachais tríú leibhéal a thosú nó más mian leat filleadh chun do chéim a chur i gcrích tá 4 phríomhscéim tacaíochta do mhic léinn ar fáil. Más mac léinn tí atá ag staidéar cúrsa faofa bunchéime nó iarchéime do chéad uair, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas faoi cheann de na scéimeanna a leanas: an Scéim Dheontais Ardoideachais, Scéim Scoláireachtaí na gCoistí GairmoideachaisScéim Deontas Cothabhálaan Tríú Leibhéal do Dhaoine faoi Oiliúint. Tá scéim deontais ann do mhic léinn os cionn 16 atá ag tosú cúrsa Iar-Ardteistiméireachta don chéad uair.

Is féidir tuilleadh eolais mionsonraithe ar an raon deontais agus cistí do mhic léinn i mbreisoideachas agus ardoideachas a fháil ar an láithreán gréasáin www.studentfinance.ie.

Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas

Má tá tú dífhostaithe, d’fhéadfá cúrsaí oideachais dara nó tríú leibhéal a dhéanamh tríd an scéim Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas. Íoctar ráta caighdeánach le rannpháirtithe na scéime nach ndéantar tástáil mhaoine air. Ó 2010 má thosaíonn tú cúrsa nua agus má fhaigheann tú Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas, ní bhfaighidh tú deontas cothabhála do mhic léinn. Áfach, ní bheidh aon tionchar ar aon teidlíocht a bheith agat chun díolúine ó tháillí choláiste nó muirear na seirbhísí mac léinn.

Tá an liúntas iníoctha do thréimhse an chúrsa. Má tharlaíonn sé go raibh íocaíocht do lucht cuardaigh fostaíochta á fháil agat roimhe seo, ní bhfaigheadh tú an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (LFO) i dtréimhse an tsamhraidh idir bhlianta acadúla. Chomh maith leis an íocaíocht sheachtainiúil, beidh tú i dteidealdon Liúntas Costais Oideachais bliantúil, atá iníoctha ag tús gach bliain acadúil.

Rogha Oideachais Páirtaimseartha

Má tá tú dífhostaithe, ceadaíonn Rogha Oideachais Páirtaimseartha duit do Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist a choinneáil agus freastal ar chúrsa páirtaimseartha lae/tráthnóna sa dóigh go mbeidh seans níos fearr agat le post a fháil. Leanfaidh tú le do ghnáthráta íocaíocht cuardaitheora poist a fháil. Caithfidh tú bheith ar fáil agus ag lorg oibre freisin. Ciallaíonn sé nach mór duit síniú isteach ag d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil .

Níl aon chritéir teidlíochta ar leith maidir le Rogha Oideachais Páirtaimseartha. Is féidir bheith aon aois agus dífhostaithe ar feadh tamall ar bith sula dtosóidh tú cúrsa oideachais páirtaimseartha.

Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha

Má tá tú ag fáil Liúntais Cuardaitheora Poist nó Sochair Chuardaitheora Poist tá tú ceadaithe faoin Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha d'íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil agus bheith ag freastal ar chúrsa nach bhfuil clúdaithe ag gnáth Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas, ar nós cúrsa forbartha pearsanta, cúrsa oideachais bhunúsaigh (mar shampla, ranganna litearthachta), cúrsa oiliúna ginearálta agus jabscileanna éagsúla. Leanfaidh tú le do ghnáthráta íocaíocht cuardaitheora poist a fháil.

Caithfidh tú critéir áirithe a shásamh chun bheith cáilithe i gcomhair Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha.

Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais

Má tá 21 bliain slánaithe agat, más dífhostaithe duit agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh faoi leith á bhfáil agat le sé mhí anuas ar a laghad, tig leat cur isteach ar an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG). Cuireann an réimse cúrsaí ar fáil le riachtanais oideachais agus oiliúna daoine dífhostaithe a shásamh. Ní bheidh aon táille i gceist leis an gcúrsa SDOG agus tabharfar íocaíocht duit a bheas cothrom leis an uasráta a ghabhann leis an íocaíocht leasa shóisialaigh atá agat faoi láthair.

Liúntas Oiliúna FÁS

Má tá cúrsa oiliúna FÁS á dhéanamh agat, níl aon táille don chúrsa agus íoctar liúntas oiliúna leat má tá tú i dteideal íocaíocht cáilithe mar shampla, Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist.

Last Updated: 02/06/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh Lóghlao 1890 777 121* no +353 (0) 21 452 1600, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. *Tabhair do d'aire gur féidir le soláthróirí seirbhíse éagsúla rátaí difriúla a ghearradh le haghaidh uimhreacha 1890.

Back To Top Ar ais go Barr an Leathanaigh