JobBridge - Scéim Náisiúnta Intéirneachta
Réamhrá
Cuireann JobBridge, Scéim Náisiúnta Intéirneachta nua deiseanna thaithí oibre ar fáil do duine dífhostaithe. Thosaigh an scéim ar an 1 Iúil 2011 agus beidh sé oscailte suas go 30 Meitheamh 2013. Tá sé dírithe orthu siúd atá ag fáil íocaíocht dífhostaíochta nó atá ag síniú do chreidmheasanna ar feadh ar a laghad 3 mhí. Tairgfear intéirneacht do rannpháirtithe na scéime idir 6 agus 9 mí ar fhad le heagraíocht óstaigh. Faoin scéim seo, má ghlacann siad le hintéirneacht coinneoidh siad a n-íocaíocht leasa shóisialaigh agus gheobhaidh siad €50 sa bhreis in aghaidh na seachtaine. Tá an scéim riartha ag na seirbhísí fostaíochta FÁS atá aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012.
Athruithe i mBealtaine 2012: Ardófar an méid intéirneachtaí go dtí 6,000 agus ó 28 Bealtaine 2012, beidh daoine a fhaigheann Liúntas Míchumais nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora i dteideal iarratas ar intéirneacht a dhéanamh.
Rannpháirtithe
Cén chaoi a gcáilím don scéim?
Chun a bheith i dteideal áit a fháil ar Scéim Náisiúnta Intéirneachta, ní mór duit a bheith dífhostaithe agus:
- Ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist(SCP) nó Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) nó ag síniú do chreidmheasanna. Ní mor duit bheith ag fáil SCP nó LCP nó ag síniú do chreidmheasanna ar feadh iomlán 3 mhí* nó níos mó den 6 mhí imithe tharainn
*Ó 26 Meán Fómhair 2011 is féidir tréimhse ar bith caite ar an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas, SDOG, cúrsaí traenála FÁS/Fáilte Ireland, Youthreach, FIT, Scéimeanna Fostaíochta Pobail, Tús, Scéim Sóisialta Tuaithe, Scéim um Fhilleadh ar Obair, Tionscnamh Jabanna nó Postchúnamh Ioncaim a chur san áireamh le haghaidh teidlíochta JobBridge, má:
- Chríochnaigh tú na cláir seo
- Tá tú ag síniú arís ar an gClár Beo
- Tá tú ag fáil SCP, LCP nó ag síniú do chreidmheasanna díreach sula dtosaíonn tú JobBridge
Ó 28 Bealtaine 2012, beidh daoine a fhaigheann Liúntas Míchumais nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora i dteideal iarratas ar intéirneacht a dhéanamh.
Ní féidir leat tús a chur leis an intéirneacht go dtí go bhfuil do theidlíocht do JobBridge dearbhaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí – féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.
D’fhéadfadh intéirneachtaí a bheith ofráilte i réimse leathan earnálacha fostaíochta agus ceirdeanna in eagraíochtaí poiblí, príobháideacha agus pobail agus deonacha.
Cé chomh fada is a mhaireann an intéirneacht
Faoi Scéim Náisiúnta Intéirneachta is féidir leat obair mar intéirneach le heagraíocht óstaigh ó 6 mhí suas go 9 mí ar a mhéid.
Beidh an scéim oscailte ar feadh 2 bhliain agus glacfar le hiarratais ar intéirneachtaí go dtí deireadh mí an Mheitheamh 2013.
Is féidir leat tuilleadh sonraí a léamh sa liosta seo de cheisteanna coitianta d'intéirneachtaí (pdf).
An bhfuil mé i dteideal saoire le linn intéirneachta?
Tá tú i dteideal saoire poiblí agus 1.75 lá saoire bliantúil do gach mí intéirneachta. Má tá tú as láthair ón obair de bharr tinnis, leanfaidh tú d'íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil ar choinníoll go sásóidh tú riachtanais an polasaí saoire tinnis do chuideachta.
Eagraíochtaí óstaigh
Glaoitear eagraíochtaí óstaigh ar eagraíochtaí atá ag glacadh páirte sa scéim. Is féidir leo teacht ón earnáil phoiblí nó an earnáil phríobháideach nó ón earnáil phobail agus an earnáil dheonach. Ní mór d'fhostaí amháin, ar a laghad, a bheith fostaithe ag an eagraíocht óstaigh (EO) a oibríonn go lán-aimseartha ar feadh ar a laghad 30 uair an chloig sa tseachtain nó níos mó. Ní cheart go n-easáitíonn an intéirneacht áit fhostaí reatha.
Ní mór d’eagraíocht óstaigh a bheith ina heintiteas dleathach agus ní mór di a bheith géilliúlach do dhíotha sláinte agus sábháilteachta agus díotha dlíthiúla eile. Ní cháileoidh trádálaí aonair chun bheith eagraíocht óstaigh. Ó 15 Lúnasa 2011 beidh trádálaí aonair incháilithe chun bheith eagraíocht óstaigh (pdf)
Má theastaíonn seiceáil Gharda ní mór don eagraíocht óstaigh a chinntiú go ndéantar é seo. Clúdóidh árachas dhliteanais phoiblí na heagraíochta, agus árachas gluaisteán más ann dó, aon intéirneach ar an scéim.
Líon intéirneachtaí in eagraíocht óstaigh
Braitheann líon na n-intéirneachtaí gur féidir le heagraíocht óstaigh a thairiscint ar líon a fostaithe mar seo a leanas:
| Líon fostaithe lán-aimseartha | Líon áiteanna intéirneachtaí |
| 1-10 fostaí | 1 |
| 11-20 fostaí | 2 |
| 21-30 fostaí | 3 |
| Níos mó ná 30 fostaí | 20% den fhórsa oibre suas go dtí uasmhéid de 200, cibé acu is lú* |
*Caithfear le hoifigí brainse áitiúla ag eagraíochtaí náisiúnta mar eagraíochtaí aonair i gcomhthéacs Scéim Náisiúnta Intéirneachta
Má tá socrúcháin WPP ag HO chomh maith, tá teorainneacha ar líon comhcheangailte na n-intéirneachtaí agus rannpháirtithe WPP. Is féidir leat tuilleadh sonraí a léamh sa liosta seo de cheisteanna coitiant d'eagraíochtaí ostacha (pdf).
Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí: Ó 1 Eanáir 2012, Is féidir le heagraíochtaí óstaigh a fhostaíonn intéirneacht an Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí a úsáid. Díolmhaíonn an scéim seo fostóirí óna ndliteanas a gcion de ranníocaíochtaí ÁSPC i leith fhostaithe áirithe. Is féidir leo a fhostú ar dhuine cáilithe díreach as ceann de JobBridge seo nuair atá critéir 156 lá sásaithe.
Rátaí
Coinneoidh tú d’íocaíocht leasa shóisialaigh agus gheobhaidh tú íocaíocht bhreise de €50 in aghaidh na seachtaine. Coinneoidh tú aon sochair thánaisteacha atá agat freisin nuair a ghlacann tú le hintéirneacht.
Má tá leanaí cleithiúnaigh agat, íocfar Méadú um Leanbh Cáilithe duit ina iomlán má tá tú i dteideal Méadú um Duine Fásta Cháilithe nó más tuismitheoir aonair thú. Mura bhfuil tú i dteideal Méadú um Duine Fásta Cháilithe seans go bhfaighfí Méadú um Leanbh Cáilithe leath-ráta.
Íocaíocht leasa shóisialaigh: Más intéirneach thú, tugtar neamhaird ar an tréimhse a fhaigheann tú liúntas intéirneacht nuair a mheastar fad do theidlíocht íocaíocht cuardaitheora poist. Nuair críochnaíonn tú an intéirneacht, is féidir leat d'éileamh leasa shóisialaigh a atosú ag an bpointe a d'fhág tú é. Mar shampla, má fuair tú Sochar Cuardaitheora Poist agus bhí 90 lá fágtha de d'éileamh, nuair críochnóidh tú an intéirneacht, beidh teidlíocht 90 lá agat fós má atosann tú d'éileamh.
Conas iarratas a dhéanamh
Thosaigh an scéim ar an 1 Iúil 2011. Fógraítear intéirneachtaí ar jobbridge.ie, suíomh gréasáin Jobs Ireland agus oifigí áitiúla FÁS.
Más cuardaitheoir poist thú atá i dteideal na scéime is féidir leat seic a dhéanamh ar dheiseanna intéirneachta reatha ar jobbridge.ie. Nuair a thagann tú ar intéirneacht, cuireann tú isteach iarratas chuig an eagraíocht óstach de réir mar a dheirtear san fhógra. Má roghnaíonn an eagraíocht óstach thú tabhairt siad foirm cháilitheach duit agus beidh ar d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil é a stampáil duit. Ba cheart duit an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig d'oifig FÁS áitiúil, d’Oifig LES (Seirbhís Fostaíochta Áitiúla) nó JobBridge.
Ba cheart d'eagraíochtaí a bhfuil spéis acu intéirneacht a chur ar fáil clárú le Jobs Ireland mar eagraíochtaí óstacha. Má tá siad cláraithe cheana féin mar eagraíochtaí óstacha is féidir le a n-intéirneacht a fhógairt ar jobbridge.ie.
Tá eolas mionsonraithe maidir leis an scéim i dTreoirlínte Ginearálta do JobBridge, Scéim Náisiúnta na nIntéirneachtaí (SNI) (pdf).
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Má tá ceist agat, téigh i dteagmháil linn ar an bhfón trí Sheirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh 0761 07 4000, Luan go hAoine idir 9rn agus 9in, no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.